Donegal South-West): Is é an aidhm atá ag mo Roinnse ná go mbeidh áiseanna oiriúnacha calaíochta ar Thoraigh a luaithe is féidir chun freastal ar riachtanais na seirbhíse farantóireachta chuig an oileán agus ar riachtanais phobal an oileáin i gcoitinne. Chuige sin tá deontas breise lánchostais (anuas ar chúnamh de £43,600 a íocadh cheana i leith suirbhéanna agus staidéir éagsúla) nach rachaidh thar £150,000 ceadaithe agam le cúpla mí anuas chun a chumasú do Roinn na Mara suirbhéanna riachtanacha breise, i.e., suirbhé hídreagrafach móide tástáil suímh, a dhéanamh ar an láthair i mbliana. Tá gá leis an obair sin chun a chumasú do Roinn na Mara pleananna agus meastachán costais a ullmhú. Breithneofar an cheist tuilleadh nuair a bheidh na pleananna agus an meastachán costais sin ar fáil. Tuigim go bhfuil Roinn na Mara tar éis comhairleoir a cheapadh le déanaí chun dul i mbun na suirbhéanna breise.