Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 12 Apr 1994

Vol. 441 No. 1

Written Answers. - Scéim Labhairt na Gaeilge.

Helen Keogh

Question:

38 D'fhiafraigh Ms Keogh den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cén céatadán de na scoláirí scoile sna Ceantair Ghaeltachta a bhfuil iarratas déanta acu faoi scéim Labhairt na Gaeilge agus an gcuirfeadh sé in iúl an bhfuil sé sásta le líon na n-iarratas atá faighte le linn na scéime seo.

Donegal South-West): Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar cheist eile maidir leis an ábhar seo ar 15 Nollaig 1993 (Uimh. 13).

Is le teaghlaigh cáilithe sa Ghaeltacht a íoctar an deontas faoin scéim agus, mar sin, níl sé indéanta céatadán mar atá á lorg ag an Teachta a dhéanamh amach.

Is ag an Roinn Oideachais atá eolas faoi líon na ndaltaí atá ag freastal ar scoileanna Gaeltachta.

Top
Share