Is cúis áthais dom go bhfuil a leithéid de spéis nochtaithe ag an Teachta i ndáil leis an sraith seimineáir atá idir lámha agam le tamall anuas .i. Athnuachan Tuaithe: Cur chuige comhtháite i ndáil le seirbhísí poiblí a sholáthar.
Táim thar a bheith sásta leis an trí Chomhdháil a reachtáileadh cheana féin i Ros Comáin. Sligeach agus Gaillimh. Tuigim go bhfuil sé tábhachtach dul i gomhairle le dreamanna áirithe chun an cur chuige is oiriúnaí a aimsiú i ndáil le seirbhísí poiblí a sholáthar do cheantair lagdhaonracha agus is cuid lárnach iad na seimineáir seo san gcomhthéacs sin. Is é mo thuairim gur éirigh go geal leo agus bhain mise ach go háirithe agus gach duine a rinne freastal orthu tairbhe as an eolas agus as na tuairimí a scaipeadh ann. Reachtáilfear an cheathrú seimineár i mBaile na hInse, Contae an Chláir, 24 Meitheamh.
Bhí an seimineár a reachtáileadh le déanaí i nGaillimh dírithe go príomha ar na limisteír Ghaeltachta agus chuige sin cuireadh fógraí dátheangacha sna nuachtáin roimh ré. Ina theannta sin, seoladh cuireadh, i nGaeilge, móide cur síos dátheangach amach chuig na rannpháirtithe. Cuireadh foirm chlárúcháin amach i mBearla freisin inar ndearnadh tagairt don gcóras aistriúcháin a bheadh le fáil ag an seimineár.
Is go hiomlán trí mhéan na Gaeilge a reachtáileadh an seimineár, cé gur tugadh oráid amháin trí Bhéarla toisc gur tháinig rannpháirtí amháin ón mBreatain Bheag. Chuir an córas aistriúcháin go mór leis agus táim an-bhuíoch do Bhord na Gaeilge as an gcóras sin a chur ar fáil dúinn. Murach an córas sin, ní bheadh deis ag rannpháirtithe nach raibh an Ghaeilge ar a dtoil acu páirt a ghlacadh san seimineár.
Baineadh feidhm as foirm chlárúcháin i mBéarla i ndáil leis na seimineáir go léir. Glacaim leis gur trí thimpiste nár cuireadh foirm chlárúcháin i nGaeilge amach leis an mbrósúir dátheangach, ach é sin ráite, d'éirigh thar barr leis an seimineár i nGaillimh agus ní dóigh liom go raibh drochthionchar dá laghad ag an mionbhotúin seo ar dhea-thorthaí na comhdhála.