Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 26 Oct 1995

Vol. 457 No. 6

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Scéim na mBóithre Áise.

Liam Fitzgerald

Question:

10 D'fhiafraigh Mr. L. Fitzgerald den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cé na critéir a úsáidtear leis na bóithre a roghnú go gcuirfear caoi orthu faoi Scéim na mBóithre Áise. [15815/95]

Seán Doherty

Question:

13 D'fhiafraigh Mr. Doherty den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cé na critéir a úsáidtear leis na bóithre a roghnú go gcuirfear caoi orthu faoi Scéim na mBóithre Áise. [15813/95]

John Ellis

Question:

21 D'fhiafraigh Mr. Ellis den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cé na critéir a úsáidtear leis na bóithre a roghnú go gcuirfear caoi orthu faoi Scéim na mBóithre Áise. [15814/95]

Éamon Ó Cuív

Question:

42 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cé na critéir a úsáidtear leis na bóithre a roghnú go gcuirfear caoi orthu faoi Scéim na mBóithre Áise. [15811/95]

Noel Davern

Question:

48 D'fhiafraigh Mr. Davern den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cé na critéir a úsáidtear leis na bóithre a roghnú go gcuirfear caoi orthu faoi Scéim na mBóithre Áise. [15812/95]

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 10, 13, 21, 42 agus 48 le chéile.

Faoi mar a cuireadh in iúl don Teach mar fhreagra ar Cheist Uimh. 14 ar an 26 Aibreán 1995 roinntear an tsuim a bhíonn le dáileadh ag mo Roinnse le haghaidh bóithre a fheabhsú agus a dheisiú sa Ghaeltacht de réir daonra ar na contaetha ina bhfuil limistéir Ghaeltachta. Déantar socruithe ar leith i gcás Chontae na Mí agus Contae Phort Láirge — contaetha ina bhfuil ceantair bheaga Gaeltachta.

Is ar bhóithre áise go príomha a chaitear soláthar mo Roinne le haghaidh bóithre. Chun a bheith cáilithe le haghaidh cúnaimh, ní mór do bhóthar áise a bheith ag freastal de ghnáth ar dhá theach cónaithe ar a laghad nó ar dheich líon tí i gcás bóthair phortaigh nó i gcás bóthair chuig gabháltas talún. Bíonn ar iarratasóirí foirm iarratais a chomhlánú agus scrúdaíonn foireann áitiúil mo Roinne na hiarratais féachaint an bhfuil siad cáilithe le haghaidh cúnaimh. Os rud é gur suim theoranta airgid a bhíonn ar fáil in aghaidh na bliana le caitheamh ar bhóithre, ní féidir cúnamh a cheadú i leith gach bóthair cháilithe. Bíonn roghanna le déanamh mar sin idir iarratais cháilithe.

Seo a leanas na critéir a thógtar san áireamh agus bóithre cáilithe á roghnú: tábhacht an bhóthair don cheantar; staid na Gaeilge; riachtanas na hoibre; agus costas na hoibre.

Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis an Aire as an bhfreagra cuimsitheach agus glacaim leis gur cuireadh cuid den eolas seo ar fáil dúinn cheana. Mhínigh sé an plé tairbheach a rinneamar ar scéim na mbóithre áise níos luaithe. Tá ceist amháin agam ar an Aire Stáit. Má tá sé i gceist aige scéim na mbóithre áise a fhógairt an bhliain seo chugainn mar a bhí pléite anseo, an bhfuil sé i gceist aige na critéir seo a fhoilsiú in éineacht le haon fhógra a bheadh á dhéanamh faoi scéim na mbóithre áise, ionas go mbeadh a fhios ag an bpobal i gcoitinne cad iad na critéir mar go dtí seo, is minic nach raibh an t-eolas sin acu.

Aontáim leis an Teachta. Beidh na critéir seo á fhoilsiú.

Glacaim leis go mba chóir na hiarratais go léir a liostáil ar bhonn cosúil le priority listings sa mhéid is go gcomhlíoníonn siad na coinníollacha atá leagtha síos de réir mar atá curtha os comhair na Dála ag na Aire inniu. Ba chóir go bhfoilseofaí an liosta sin ionas go mbeidh a fhios ag daoine cá raibh a n-iarratas ar an liosta agus go mbeadh siad in ann meastachán a dhéanamh ar cén fad a thógadh sé sula mbeadh an deontas á chur ar fáil chun a mbóthar siúd a dheisiú. An nglacadh an Aire Stáit leis go bhfuil córas den saghas sin ann faoin scéim LIS cheana féin ach go bhfuil imní ar dhaoine go mbíonn ceist pholaitíochta ann nuair a roghnáitear na bóithre a gheobhaidh deontais, agus nach bhfuil scéim na mbóithre áise á reachtáil go féaráilte ó thaobh gach aon duine a chuireann iarratas isteach.

Is iad tuairimí na stiúrthóirí áitiúla a ghlactar, agus déanann na stiúrthóirí áitiúla an rogha sa scéim a thosaigh mise i mbliana. Táim sásta go ndearna siad jab iontach.

Mar chéad chéim, socraíodh suim airgid do gach contae Gaeltachta as an soláthar a bhí ar fáil. Bhí an tsuim sin bunaithe ar an daonra sa limistéar Gaeltachta sa chontae.

Mar fhreagra ar an gceist a thóg an Teachta Molloy, táim sásta leis an liosta a thug na stiúrthóirí dom. D'iarr mé orthu dul i gcomhairle leis an innealtóir as an gcomhairle chontae i dtaobh thábhacht na mbóithre sin agus chuir siad liosta ar fáil.

An bhfuil an tAire sásta an liosta a fhoilsiú roimh ré gach bliain ionas go mbeidh a fhios ag an bpobal, agus go háirithe ag na daoine a chur iarratais isteach, cén áit a bhfuil a n-iarratas ar an liosta, dála an chórais atá i bhfeidhm ag na comhairlí contae faoin scéim LIS. Is ceist dhíreach, shimplí í sin.

Ba mhaith liom go mbeadh an scéim nua soiléir agus déanfaidh mé scrúdú ar an moladh atá déanta ag an Teachta.

An bhfuil a fhios ag an Aire Stáit, ó tháinig an Rainbow Coalition i gcumhacht, nár cuireadh é seo i gcrích fós. Tá an-bhuíochas ag dul don Aire Stáit ach bheinn ag súil go ndéanfadh an tAire féin é mar phléamar é seo sa Dáil cheana, bliain nó dhó ó shin, ach níl sé déanta fós. Chun go mbeadh an rud oscailte, sofheicthe, go mbeadh gach duine sásta go raibh sé féaráilte, ba chóir an liosta a fhoilsiú de réir mar a thagann na hiarratais isteach agus a dhéantar iad a mheas sa Roinn.

Tá mé ag éisteacht leis an Teachta agus déanfaidh mé an moladh sin a scrúdú.

Top
Share