Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis an Aire Stáit as ucht teacht agus éisteacht leis an gcás seo. Sílim go bhfuil fhios ag an Aire agus ag an Aire Stáit go díreach cé mar a sheasann cúrsaí. Go dtí seo ní bliain mhaith a bhí ann don Ghaeltacht. Dhein mé scrúdú beag ar na Meastacháin le gairid agus fuair mé amach go raibh ardú cúig faoin gcéad — nó ocht faoin gcéad go hiomlán — ar Mheastacháin na Roinne. Nuair a rinne mé dian staidéar ar na Meastacháin ansin fuair mé amach go raibh ardú naoí faoin gcéad ar Ealaín agus Cultúr, cúig faoin gcéad ar Oidhreacht, go raibh ardú 15 faoin gcéad ag baint le craoladh agus scannánaíocht agus nuair a bhaineann tú Teilifís na Gaeilge as sin go bhfuil fós cúig faoin gcéad d'ardú ó thaobh scannánaíochta de. Is ionann sin agus ardaithe suntasacha do ghnéithe den Roinn a bhaineann le ceantair taobh amuigh den Ghaeltacht nó le gnéithe taobh amuigh den Ghaeilge. Nuair a dhein mé scrúdú ar ghnéithe na Gaeltachta agus na Gaeilge fuair mé amach go raibh laghdú 14 faoin gcéad ar airgead na Gaeilge agus na Gaeltachta i mbliana.
Nuair a bhriseann tú é seo íos feiceann tú go bhfuil laghdú 13 faoin gcéad ar an méid airgid a cuireadh i leataobh le haghaidh tithíochta sa Ghaeltacht agus seacht faoin gcéad ar na scéimeanna cultúir agus sóisialta, 17 faoin gcéad don Údarás agus an t-aon mhéadú a tháinig i mbliana ná sé faoin gcéad ar Scéimeanna Feabhsúcháin sa Ghaeltacht. Ach caithfear cuimhneamh go bhfuil bunáite an ardaithe sin ann i ngeall ar an ardú a tugadh i lár an tsamhraidh anuraidh do na comharchumainn Gaeltachta — ardú a bhí ag dul dóibh le blianta fada. Mar sin ar gach mír Gaeltachta tá gearradh siar nuair atá méadaithe sna míreanna eile ar fad i Meastacháin na Roinne.
Ar an gcéad lá den mhí seo d'fhógair an tAire i bpreas ráiteas a d'eisigh sé go raibh deireadh á chur aige le deontas na ndóirse agus na bhfuinneoga sa Ghaeltacht. Ba aisteach an lá a roghnaíodh leis an bhfógra seo a dhéanamh. Cad a chiallaíonn seo? Cé bheidh thíos leis? Daoine óga na Gaeltachta, daoine ar ioncam íseal go dtarlaíonn gur leo a gcuid tithe féin, rud atá thar a bheith coitianta faoin tuath in Éirinn agus go mór mhór sa Ghaeltacht. Tugadh faoiseamh do na sean daoine ach má tugadh féin tá gá le leasú maidir leis an gcaoi a oibríonn scéim na Roinne i dtaca leis an Scheme For Housing Aid for the Elderly agus an Essential Repairs Grant.
Anois tá trí scéim do na sean daoine agus níl tada do na daoine óga.
Tá an Ghaeltacht thiar leis an gcinneadh seo a shábháilfidh £200,000 san iomlán ar an Roinn. Cinnteoidh sé go bhfuil dochar nach beag déanta don dream sin sa Ghaeltacht atá tar éis gnótha a fhorbairt agus fostaíocht a chur ar fáil bunaithe ar an deontas seo a bheith ar fáil. Déanfaidh sé dochar do thionscal na tógála sa Ghaeltacht. Níl aon amhras faoi sin. Agus caithfidh an tAire cuimhneamh go mbíonn ar dhuine a bheith cláraithe le go mbainfidh sé tairbhe as an scéim seo. Agus nílimid ag caint ar dheontas mór. Naoi gcéad punt an t-uas deontas le dóirse agus fuinneoga. Má bhí rud ar bith le déanamh leis an scéim seo bhí se thar am go leathnófaí é amach go dtí an Ghalltacht seachas é a ghearradh siar sa Ghaeltacht.
Muna raibh an buille sin trom go leor do phobal na Gaeltachta fuair muid scéal lá na cáináisnéise nach bhfuil i gceist oiread agus pingin rua a chaitheamh i mblianna ar Sceim na mBóithre Aise. Fuair Contae na Gaillimhe £85,000 ón Roinn anuraidh faoin scéim seo. Chuir Comhairle Chontae na Gaillimhe punt ar phunt leis an scéim, rud a chiallaigh go raibh suas le £160,000 in aghaidh na bliana leis an bhfadhb ollmhór atá againn leis na bóithre beaga áise sa Ghaeltacht. Tá an t-airgead sin curtha ar ceal anois. Le blianta beaga anuas bhí dul chun cinn nach beag á dhéanamh maidir leis na bóithre áise. Dúirt feidhmiúchán amháin de chuid an chomhairle chontae liom le gairid dá mbeadh an scéim ann ar feadh cúig bliana eile go mbeadh bunáite na faidhbe réitithe. Tá caint ag an Aire maidir le scéim eile. Faoi mar atá an scéal i gContae na Gaillimhe faoi láthair tá moill cúig bliana le hiarratais faoin scéim sin. Cé dhéanfaidh na bóithre portaigh anois? Cé dhéanfaidh na bóithre isteach go dtí tithe nach bhfuil aon bhóthar ag dul isteach chucu cheana féin? Is léir go bhfuil Roinn na Gaeltachta ag tarraingt siar as na scéimeanna seo ar fad.
Tá sé gceist ag an Aire an t-airgead seo a chaitheamh ar chéibheanna. Tá £80,000 d'airgead na comhairle chontae caillte anois ag an nGaeltacht ach thairis sin freisin tá fhios ag an Aire go maith nach ndéanfadh ceithre scór míle punt tada do chéibheanna mar atá le déanamh sa Ghaeltacht. Is léir nach bhfuil an Roinn dáiríre faoin nGaeltacht mar cheantar a thuilleadh, go bhfuil siad ag tarraingt siar as an nGaeltacht agus dairíre dá mbéadh macántacht ar bith ag baint leis an gcúram anois ó thaobh an Rialtais seo d'athreoidís ainm na Roinne on Roinn Ealaín, Cultúir agus Gaeltachta go dtí an Roinn Ealaín, Cultúir agus Gaeilge agus déarfaidís le muintir na Gaeltachta nach ann doíbh níos mó chomh fada agus a bhaineann sé leis an Rialtas seo.