Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 25 agus 36 le chéile.
I ráiteas a d'eisigh Údarás na Gaeltachta ag deireadh mí Eanáir maidir le torthaí na bliana 1995 léirítear
—gur cruthaíodh 1,251 phost nua lánaimseartha sa bhliain sin i dtionscail sa Ghaeltacht a fuair cúnamh ón eagraíocht;
—gur thug an meadú post seo an fhostaíocht i gcomhlachtaí a fuair cúnamh ón Údarás go buicphointe 6,835 post; agus.
—gurb é £9,600 an meánchostas deontais in aghaidh an phoist sa bhliain sin.
Thainig méadú 646 ar líon iomlán na bpost seasúrach chomh maith go dtí buaicleibhéal nua — 3,940.
Maidir le hathbhreithniú ar chaiteachas an údaráis ar fhostaíocht a chruthú bíonn athbhreithniú den chineál sin ar siúl go leanúnach ag an Údarás féin agus ag mo Roinnse chun cur leis an éifeachtúlacht i gcoitinne agus chun deiseanna nua fostaíochta a thapú.
Táim sásta go bhfuil a dhualgas maidir le fostaíocht a chruthú sa Ghaeltacht á chomhlíonadh ag an Údarás — rud a léirítear leis na torthaí fiúntacha atá á mbaint amach that na blianta.