Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 23 Oct 1997

Vol. 482 No. 2

Written Answers - Limistéir na Gaeltachta.

Derek McDowell

Question:

40 D'fhiafraigh Mr. McDowell den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an bhfuil sé i gceist aici Limistéir na Gaeltachta a athrú. [17405/97]

Mar a thug mé le fios i bhfreagra ar Cheist Dála Uimh. 212 ar 14 Deireadh Fómhair 1997 tá an obair atá déanta ag mo Roinn i ndáil le hathbhreithniú theorainneacha na Limistéar Gaeltachta, atá sonraithe sna hOrduithe Rialtais a rinneadh ó 1956 i leith, á scrúdú agam faoi láthair agus déanfar an cheist a mheas tuilleadh nuair a bheidh an scrúdú sin críochnaithe.

Top
Share