Ba mhaith liom buíochas a ghabháil as deis a thabhairt dom an t-ábhar seo a thógáil ar an athló. Ba mhaith liom fosta buíochas a ghabháil leis an Aire Stáit a bhfuil suim agus tuiscint aige ar an gceist seo.
Is dócha go bhféadfadh duine a rá go mbeidh deireadh le ré an eastáit tionscail i nGaobh Dobhair nuair a dhúnfar tionscal atá lonnaithe ar an eastát le 25 bliana agus nuair a chaillfidh 50 duine a bpostanna seachtain na Nollag.
Is tionscal é seo a thug fostaíocht ó bunaíodh é i 1972. Bhí uair amháin ann agus bhí suas le 100 duine fostaithe sa tionscal sin. Le roinnt blianta anuas bhí deacrachtaí acu. Bhí táirgí ag teacht isteach ón taobh amuigh go dtí an tír agus bhí postanna á gcailliúint go dtí i láthair na huaire go bhfuil 50 duine ansin.
Bhí táirgeadh íontach speisialta agus íontach suimiúil á chur ar fáil acu, sé sin málaí plaisteacha do chomhlachtaí móra siopadóireachta na tíre seo cosúil le Dunnes Stores, Superquinn, Quinnsworth, Penneys, Aer Rianta agus comhlachtaí eile Stáit. Caithfidh mé a rá go raibh na daoine a bhí fostaithe ansin íontach bródúil as an obair a bhí ar siúl acu. D'fhéadfainn a rá chomh maith éinne as an ceantar a bhí ag iarraidh poist sna blianta thart bhí fonn orthu fostaíocht a fháil i Europlast. Bhí coinníollacha maithe oibre ann, tionscal breá folláin ansin agus tuarastal maith. Ón aithne agus ón eolas a bhí agam féin orthu, bhí sé cosúil le teaghlach mór sona sásta. Ach anois táimid ag an staid go bhfuil an tionscal sin ag teacht go dtí deireadh a ré.
Mar a dúirt mé beidh Europlast ag dúnadh a ndóirse i ndiaidh 25 bliana ar 19 Nollag. Beidh 50 oibrí a thug seirbhís fhada agus dílseacht as cuimse don tionscal ag cailleadh a slí beatha. Fir is ea an chuid is mó acu sin agus dualgaisí teaghlaigh agus freagrachtaí morgáistí ar go leor acu.
Is iad seo an buíon oibrithe a d'fhan leis an tionscal go deireadh, a thug an dílseacht is láidre agus an tseirbhís is faide. Beidh siad ag cailleadh a slí beatha, a modh maireachtála seachtain roimh Fhéile mhór na Nollag. Is truamhéilleach an bronntanas Nollag atá á bhronnadh orthu.
Tá sé de dhualgas orainn uilig a bheith fial agus flaithiúil leo, aitheantas a thabhairt dóibh ar an méid atá déanta acu i rith na mblianta. Ní leor ar chor ar bith íocaíochtaí iomarcaíochta reachtúla a thabhairt dóibh. Is ionann sin agus cúpla míle punt a thabhairt do dhuine taréis breis agus fiche bliain oibre. Cé eile sa tír a ghlacfadh le suim dá leithéid? Daoine as an chomhlacht a d'éireodh as blianta anuas nuair a deineadh ath-structúr cheana air bhí a cheithre nó a chúig oiread airgid le fáil. An gcaithfimid píonós a chur ar na daoine a d'fhan leis an chomhlacht go deireadh? Ag cruinniú seachtain ó shin leag na hoibrithe síos coinniollacha íocaíocha iomarcaíochta fíor-réasúnta a rabhadar sásta glacadh leo.
Ó tharla gur seo an tionscal deiridh sa tír gur le hÚdarás na Gaeltachta é, go bhfuil úinéireacht iomlán ag an Údarás air, sílim gur chóir don Údarás a bheith flaithiúil leo mar ní bheidh cás mar seo rompú go deo arís.
Táim fosta ag iarraidh ar an Aire Stáit agus tuigeann sé cad é atá ag dul ar aghaidh. Bhuail sé leis na hoibrithe, chas sé orm féin agus le hionadaithe poiblí eile agus phlé muid an scéal. Tá fhios agam go dtuigeann sé an cás go maith. Iarraim ar an Aire Stáit agus ar an chomhlacht féin gach dícheall a dhéanamh a bheith flaithiúil ag an am seo.
Tuigim go bhfuil na hacmhainní agus an t-airgead ansin, ach an toil a bheith ann, é a dháileadh amach go fiúntach. Cé go mbeidh deireadh le fostaíocht ann seachtain na Nollag ar a laghad níor cheart dúinn a bheith fuar nó teann nó gortach go speisialta le linn séasúr na féile.
Mar sin mar fhocal scoir, iarraim ar an Aire agus ar an Údarás agus ar an chomhlacht gach dícheall a dhéanamh caitheamh go flaithiúil agus go flúirseach leis na hoibrithe mar níl geallúint ar bith tugtha dóibh go mbeidh fostaíocht le fáil acu nuair a thiocfaidh an comhlacht nua isteach. Tá lúcháir orm go bhfuil comhlacht nua ag teacht isteach ach mar sin féin ba chóir dúinn a bheith flaitiúil agus aitheantas a thabhairt do na daoine a thug seirbhís chomh fada agus chomh dílis sin do Europlast.