Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 3 Jun 1999

Vol. 506 No. 1

Other Questions. - Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge.

Proinsias De Rossa

Question:

7 D'fhiafraigh Proinsias De Rossa den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an mbeidh aon mhéadú i mbliana ar líon na dteaghlach sa Ghaeltacht a thógfaidh foghlaimeoirí i mbliana; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina leith.. [14659/99]

Faoi mar is eol don Teachta, íocann mo Roinnse deontas faoi scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge le teaghlaigh Ghaeltachta a choinníonn foghlaimeoirí Gaeilge ar iostas, le linn dóibh a bheith ag freastal ar chúrsaí aitheanta sna coláistí Gaeilge samhraidh sa Ghaeltacht. Ón eolas atá ar fáil dom ó stiúrthóirí áitiúla mo Roinne atá i dteagmháil go rialta leis na teaghlaigh, creidim nach mbeidh aon athrú sonrach ar an líon teaghlach a choinneoidh foghlaimeoirí Gaeilge i gcomparáid le 1998.

De réir mar is eol don Aire Stáit, níl aon athrú ar na huimhreacha i mbliana. An bhfuil iarracht á dhéanamh ag an Roinn uimhir na dteaghlach a bheas ag coinneail foghlaimeoirí a méadú i mbliana? Má tá, an dóigh leis an Aire Stáit gur féidir cur le huimhir na dteaghlach? An bhfuil go leor teaghlach ann a bhéadh sásta foghlaimeoirí a thógáil isteach agus conas atá an scéim ag obair, i gcoitinne?

Sa bhliain 1995, bhí 735 teaghlach ag coinneáil Gaeilgeoirí. Laghdaigh an uimhir sin go dtí 718 sa bhliain 1996, go dtí 697 sa bhliain 1997 agus mhéadaigh sé arís go dtí 730 sa bhliain 1998. San iomlán, tá an figiúir ag fanacht seasmhach go maith. Tá scrúdú cuimsitheach á dhéanamh ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán agus ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta ar staid na gcoláistí Gaeilge. Tá seo ar bun ó bhí an t-iar Aire ina Aire agus tá súil agam gur gairid go mbeimíd in ann na moltaí deireannach a chur faoi bhráid an phobail. Tá roinnt comhphlé fós ar bun idir an dá Roinn. Tá seo pléite leis na coláistí Gaeilge agus is sa gcomhthéacs sin a bheimíd ag déanamh na hathraithe is cuí ar chóras na gcoláistí Gaeilge, a bhfuil gá le hathraithe a dhéanamh air. Tá súil agam go mbeidh na hathruithe seo i bhfeidhm don bhliain 2000.

Tá obair iontach á dhéanamh ag na coláistí Gaeilge ag mealladh daoine chun na Gaeltachta le heolas a chur ar shaol na Gaeltachta agus ar an teanga. Tá an t-éileamh sin seasmhach, muna bhfuil sé ag dul i méid. An bhfuil sé ar intinn ag an Aire Stáit aon ardú táille a thabhairt do na mná tithe i mbliana thar an méid a bhí le fáil acu anuraidh? Dá mbéadh airgead fiúntach i gceist, bheadh sé níos fusa mná tithe a fháil sa Ghaeltacht chun freastal ar an éileamh seo.

Bhíodh nós ann arduithe a chur i bhfeidhm gach trí nó ceithre bliana. D'ardaigh mé na táillí anuraidh ó £4 go dtí £4.40, trí bliana tar éis don iar-Aire iad a árdú. Bhreathnaigh mé ar an gceist i mbliana agus sílim gurb fhearr an tuarascáil atá á réiteach a fhoilsiú agus breathnú ar íocaíocht na mban sa gcomhthéacs sin. Má déantar sin, b'fhearr an seans obair chuimsitheach a dhéanamh seachas an obair a dhéanamh píosa ar phíosa. Níl i gceist go mbeidh árdú i mbliana ach breathnófar ar an gceist i gcomhthéacs an tuarascála atá á réiteach. Beidh bearna dhá bliain ón árdú deiridh. Sin an tréimhse is giorra ariamh idir árdaithe substaintiúla.

Mair a chapaill agus gheobhair féar.

Sin mar a bhí faoin Rialtas deiridh nuair a bhí bearna cúig nó sé bliana idir árdaithe. Tá mise ag caint faoi dhá bhliain.

Níl aon ganntanas airgid ann.

Top
Share