Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 20 Oct 1999

Vol. 509 No. 5

Written Answers. - Príobháidiú Coillte.

48. D'fhiafraigh

d'Aire na Mara agus Acmhainní Nádúrtha an mbeidh sé sásta Coillte a fhorbairt go buan mar chomhlacht poiblí agus gan í a phríobháidiú de bharr gur dhíol a lán feirmeoirí "talamh Coillte" leis an Stát ar phraghas an-íseal ar bhonn tírghrá ag glacadh leis go mbeadh sé i seilbh an Stáit go deo. [18688/99]

Thug an Plean Straitéiseach um fhorbairt na foraoiseachta, a foilsíodh i 1996, le fios go gcoinneofaí Coillte Teoranta in úinéireacht phoiblí sa mheántéarma, ach go soláthródh lánfhorbairt tráchtála na cuideachta réimse leathan roghanna úinéireachta don Rialtas sa todhcai.

Go luath i mbliana, cheap mé AIB Capital Markets agus Merrill Lynch International chun staidéar comhairliúcháin a dhéanamh chun na roghanna d'fhorbairt chorparáideach Choillte a mheas. Is éard atá sa staidéar ról Choillte a mheas maidir le cur le hearnáil foraoiseachta na hÉireann agus roghanna cuí a aithint agus a mheasúnú d'fhorbairt chorparáideach Choillte, lena n-áirítear comhaontas straitéiseach agus deiseanna scair-úinéireacta níos leithne. Táim ag súil le tuarascáil na gcomhairleoirí go luath.

Top
Share