Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 8 Nov 2001

Vol. 543 No. 4

Other Questions. - Coimisiún faoin nGaeilge sa Ghaeltacht.

Michael D. Higgins

Question:

13 D'fhiafraigh Mr. M. Higgins den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cén dul chun cinn atá déanta le Coimisiún na Gaeltachta; cathain a bheidh an tuairisc aici; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [27161/01]

Bunaíodh An Coimisiúm faoin nGaeilge sa Ghaeltacht in Aibreán 2000 chun moltaí a dhéanamh don Rialtas maidir leis an nGaeilge a láidriú mar ghnáthurlabhra phobal na Gaeltachta.

Tuigim ó rúnaí an choimisiúin go bhfuil an taighde agus an comhairliú thart anois agus go bhfuil scrúdú déanta ag an gcoimisiún ar an réimse leathan eolais a cuireadh ar fáil dó. Tá obair ar siúl faoi láthair ar an tuarascáil féin agus tá sé mar sprioc ag an gcoimisiún an tuarascáil a chur faoi bhráid an Rialtais faoi dheireadh na bliana más féidir, nó go luath san athbhliain.

Fáiltím roimh an bhfreagra, sa mhéid go bhfuil gach seans ann anois go mbeidh an tuarascáil ag an Aire Stáit roimh deireadh na bliana.

An bhfuil sé beartaithe ag an Roinn go nglacfar le moltaí na tuarascála agus iad a chur os comhair an Rialtais agus a chur i bhfeidhm go luath?

Seo ceist don Rialtas féin, i dtús báire. Caithfidh an Rialtas an tuarascáil a fheiceáil ar dtús. Ag éirí as breithniú an Rialtais, cuirfidh mé moltaí na tuarascála i gcrích. Tá sé mar aidhm agam na moltaí a chur i bhfeidhm nuair atá siad agam.

An bhfuil sé ar intinn ag an Roinn an tuarascáil a fhoilsiú? Má tá, an bhfuil tuairim ag an Aire Stáit cén uair a déanfar sin?

Ní ceist dom-sa í sin ach oiread, ach ceist don Rialtas. Níl a fhios agam go fóill. Nuair atáthar ag caint faoi choimisiún chomh tábhachtach leis an gcoimisiún seo, is é mo thuairim go bhfoilseofar í. Ach is ceist don Rialtas í seo ar dtús.

Ó ceapadh í mar Aire Stáit an raibh cruinniú ag an Aire Stáit leis an gcoimisiún nó le haon bhall den choimisiún? Ar chuir an coimisiún réamh-thuairisc ar fáil a bhfuil na moltaí inti? An bhfuil aon dearcadh ag an Aire Stáit, ag an Rialtas nó ag an Roinn ar an méid a bhí sa réamh-thuairisc sin?

Bhí cruinniú amháin idir mé féin, Ard Rúnaí na Roinne agus an gcoimisiún. Ní bhfuair mé réamh-thuairisc. Níor iarr mé ceann ar an gcoimisiún ach oiread mar ní ceist dom-sa nó don Roinn í seo ach ceist atá faoi chúram an Rialtais. Caithfimid fanacht ar an Rialtas. Cuirfear an tuarascáil os comhair an Rialtais agus gheobhaidh mé féin í ina dhiaidh sin.

Top
Share