Trí seachtaine ó shin bhí mé anseo nuair a bhí an tAire ina shuí san áit ina bhfuil sé anocht agus muid ag plé fá 50 post a cailleadh ar an eastát tionscail i nGaoth Dobhair. Trí seachtaine ina dhiaidh sin, fógraíodh inniu go bhfuil tionscal eile ar an eastát ag cailleadh 35 post ón Aoine seo chugainn. Is dócha go ndéarfaidh an tAire gur postanna sealadacha a bhí iontu agus tá sin fíor. Ar an lámh eile, tá 35 ag obair ar eastát inniu agus ní bheidh siad ag obair i gceann seachtaine agus cíallaíonn sin go mbeidh 85 ar fad amach as obair i dtrí seachtaine agus an Nollaig ag bualadh linn. Caidé an sórt Nollag a bheas ag na teaghlaigh sin agus na haithreacha agus máthracha dífhostaithe agus an brú ar bhíonn ar thuismitheoirí ag an am seo den bhliain? Ní fhéadfadh sé tarlú ag am níos measa.
Cuirfidh an 35 seo agus an 50 trí seachtaine ó shin go mór leis an bhrú dífhostaíochta atá i gceantair Ghaoth Dobhair, Cloch Cheann Fhaola agus na Rossan mar tagann na daoine seo atá ag obair san eastát as na trí pharóiste sin. Ní amháin i nGaoth Dobhair atá seo ag tarlú. I bparóiste Chloch Cheann Fhaola, áit ina bhfuil an difhostaíocht imithe i méad go mór, tá monarchan folamh ann. Bhí mé ag éisteacht le ball Údaráis na Gaeltachta inné ar an raidió ag insint go bhfuil na comhraití a bhí ag dul ar aghaidh idir an údarás agus dream éigin maidir le tionscal a chur isteach ar an Chaiseal i nGort a' Choirce ag cur isteach go mór air agus go bhfuil an tóin i ndiaidh titim as na cainteanna sin. Monarchan atá ansin le 20 bliain agus níor éirigh leis an údarás, ná dream ar bith eile, tionscal buan a chur isteach ann.
Tá an rud céanna sna Rossan agus gach páirt eile de Ghaeltacht Thír Chonaill. Nuair a thiocfas tuairisc chinn bhliana an údaráis amach, beidh níos lú ag obair i dtionscal an údaráis i dTír Chonaill ná a bhí anuraidh agus arú anuraidh. Tá na figiúirí ansin. Dúirt an tAire féin é trí seachtaine ó shin go bhfuil 400 níos lú ag obair an eastát i nGaoth Dobhair anois ná mar a bhí arú anuraidh. Insíonn sin scéal.
An eagla mhór atá orm ná gur beag dóchais atá againn go dtiocfaidh feabhas ar an scéal sa bhliain úr. Foilsíodh na Meastacháin seachtain ó shin agus ceann de na rudaí a chuir isteach orainn agus ar éifeacht an údaráis ná go bhfuil titim de 22% ar shólathar airgidis chaipitil Údarás na Gaeltachta.
Bhí titim ó €32 milliún sa bhliain le monarchain nua agus fostaíocht a mhealleadh isteach do no Gaeltachta go dtí €25 milliún. Bhí díospóireacht ag Údaras na Gaeltachta i nGaillimh, i ndáilcheantar an Aire é féin, ag an deireadh seachtaine seo caite agus tuigeann na baill uilig go mbeidh seo mar chúis mhór deacrachtaí don údarás sa bhliain amach romhainn. Chuir an t-iarAire Stáit grúpa ar bun agus tá sé ag scrúdú cúrsaí ar láthair na huaire. Tá muid ag súil le scéal uaidh ach mí i ndiaidh míosa tá postanna á gcailleadh agus gan aon cheann le cur ina n-áit. Caide a déarfaimid leis an 35 a scaoileadh as a bpost iad inniu? Cá bhfuil siad chun fostaíochta a fhail? An mbeidh sé le fáil sa Ghaeltacht nó an gcaithfidh siad an Ghaeltacht a fhágáil? Níl na postanna ansin.
Tá géarchéim ann. Níl fonn ormsa theacht isteach anseo achan mhí agus a bheith ag tabhairt amach fá tuilleadh postanna a cailleadh. Ba bhreá liom seans a bheith agam theacht isteach anseo agus moladh a thabhairt as postanna úra a cruthaíodh ach is fada ó bhí deis agam sin a dhéanamh. Tá súil agam go rachaidh an tAire, agus an t-údarás agus na háisinteachta go léir isteach chun leighis a fháil ar na deacrachtaí móra dífhostaíochta ata ar fud na Gaeltachta i dTír Chonaill, go mór mhór ar an eastát tionscail i nGaoth Dobhair.