Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 13 May 2003

Vol. 566 No. 3

Written Answers. - Departmental Programmes.

Eamon Gilmore

Question:

453 D'fhiafraigh Mr. Gilmore den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil an tAire in ann limistéar cheantar CLÁR a leathnú i gContae Dhún na nGall. [12750/03]

Sa Chlár Comhaontaithe don Rialtas, tugadh le fios go leanfaí le CLÁR agus go ndéanfaí breithniú maidir le ceantair bhreise a thabhairt san áireamh i bhfianaise thorthaí Dhaonáireamh 2002. Ag éirí as an anailís ar na torthaí sin, ghlac an Rialtas le moltaí uaim maidir le ceantair bhreise áirithe a chur san áireamh i gCLÁR, rud a dfhógair mé ar 17 Eanair seo caite. Sna cúinsí sin, tuigfidh an Teachta nach mbeadh ar mo chumas aon cheantar eile i nDún na nGall, ná go deimhin in aon chuid eile den tír, a áireamh i gCLÁR ag an bpointe seo.

Top
Share