Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 29 Jun 2023

Vol. 1041 No. 2

Saincheisteanna Tráthúla - Topical Issue Debate

Rachaimid ar aghaidh mar sin go dtí an chéad phíosa gnó eile, is é sin Topical Issues. I thank the Minister of State, Deputy O’Donovan, for being here. Tagann an chéad cheist ón Teachta Ó Cuív. Teastaíonn uaidh an gá ata ann go gcuirfear seirbhísí cuimsitheacha sláinte ar fáil ar an gCeathrú Rua a phlé.

An Ghaeltacht

Is é an Cheathrú Rua an baile is láidre Gaeltachta sa tír agus tá sé suite i gceartlár Ghaeltacht dheisceart Chonamara. Ar ndóigh, is baile an-tábhachtach é ó thaobh seirbhísí a chur ar fáil do Ghaeltacht Conamara. Le fada fada an lá, tá Áras Mhic Dara ann, aonad altranais pobail do shean daoine. Ar ndóigh, baineadh an-leas as thar na blianta. Le tamall anuas, tá leapacha folmha in Áras Mhic Dara agus is deacair a thuiscint cén fáth go bhfuil mar tá dóthain éileamh ar na leapacha ach is cosúil nach bhfuil na hailtirí ar fáil. Is ceist don HSE í a dhéanamh cinnte de go bhfuil foireann ar fáil le seirbhís a chur ar fáil. Bhí dhá leaba faoisimh ann freisin, nó respite mar a thugann siad air i mBéarla, do dhaoine a bhí le ligean amach as an ospidéal le go bhféadfaidís dul ar feadh b’fhéidir coicís faoisimh sa teach altranais. Chomh maith le sin, bhí seomra ann nach bhfuil in úsáid níos mó, áit a bhí leaba deireadh saoil mar a thug muintir Chonamara air an lá faoi dheireadh. Is é sin dá mbeadh duine ag fáil bháis go raibh seomra faoi leith ann agus go bhféadfadh na gaolta agus an teaghlach dul isteach ann agus a bheith in éineacht leis an duine a bheadh ag fáil bháis agus príobháideachas acu ag am mar sin.

An chéad rud atá mé ag ardú anseo inniu ar sheirbhísí na Ceathrún Rua ná céard atá an HSE chun a dhéanamh le cinnte a dhéanamh go bhfuil na leapacha seo ar fad ar fáil do phobal na Ceathrún Rua agus go dheisceart Chonamara uilig. Tá feidhm leis an seirbhís cúram lae. Fuair mé freagra ón HSE le gairid le rá nach raibh ach duine amháin ag éileamh na seirbhíse. Tá sé an-deacair a shamhlú nach mbeadh ach duine amháin ag iarraidh seirbhís lae i bpobal atá chomh tréan láidir ó thaobh daonra de leis an gCeathrú Rua. An féidir leis an Aire Stáit a rá liom inniu céard iad na céimeanna a thóg an HSE le cinntiú go raibh an t-eolas faoin seirbhís seo scaipthe ar an bpobal? Dúirt an dochtúir teaghlaigh an oíche faoi dheireadh nár dúradh dada leis siúd. An cheist atá agam ná an ndeachthas i dteagmháil leis na dochtúirí teaghlaigh le go bhféadfaidís a mholadh do dhaoine go raibh an tseirbhís ann agus ansin na hainmneacha a chur ar aghaidh? An ndeachthas, mar shampla, ar Raidió na Gaeltachta ar “Iris Aniar” nó ar cheann de na cláracha leis an scéal a scaipeadh maidir leis na seirbhísí seo? An ndeachthas ar TG4? Tá an t-ádh dearg orainn go bhfuil na meán seo ar fad ar fáil againn. Ar labhraíodh leis na hailtirí pobal? Ar labhraíodh leis na soláthróirí a chuireann soláthar cúram baile ar fáil? Dár ndóigh, tá a fhios acu siúd chuile dhuine a bhfuileadar ag tabhairt cúram baile dóibh agus dá mbeadh bileoga acu siúd d’fhéadfaidís an scéal a scaipeadh. Tá sé doiligh a thuiscint áfach cén fáth nach mbeadh ach duine amháin ag iarraidh seirbhís cúram lae. Ní amhlaidh atá in áiteanna eile i gConamara agus gan an pobal céanna a bheith acu ar chor ar bith. Tá folúntas ann le fada an lá do dhochtúir teaghlaigh agus arís níl an post á líonadh. Caithfimid breathnú ar cén fáth nach bhfuilimid in ann dochtúirí teaghlaigh a earcú sa Ghaeltacht nó amuigh faoin dtuath. Is iomaí áit ar fud na tíre nach féidir dochtúir teaghlaigh a earcú. Caithfear an struchtúr agus an íocaíocht agus cibé rud a chaithfear a dhéanamh a dhéanamh leis na dochtúirí teaghlaigh a mhealladh. Tá mé ag ceapadh go bhfuil mé as am.

Tá. Go raibh maith agat a Theachta. Glaoim ar an Aire Stáit anois.

Gabhaim buíochas leis an Teachta Ó Cuív. Tá freagra na ceiste agam ón Aire Sláinte, an Teachta Donnelly. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Teachta as ucht deis a thabhairt don Aire an t-eolas is déanaí a chur ar fáil don Teach maidir le seirbhísí sláinte ar an gCeathrú Rua i gCo na Gaillimhe agus go háirithe maidir le hionad altranais phobal Áras Mhic Dara. Ba mhaith liom a dheimhniú leis an Teachta Ó Cuív go bhfuil an tAire Stáit, Deputy Butler tiomanta d’oibriú taobh le cúram sláinte pobal an iarthar i bhfeidhmeannach na seirbhísí sláinte lena chinntiú go mbeidh teacht acu siúd a bhfuil seirbhísí sláinte ag teastáil uathu, ina bpobal féin. Is príomh-thosaíocht é don Roinn Sláinte tacú le níos mó daoine chun go mbeidh siad ábalta maireachtáil go neamhspleách ina gcuid tithe agus ina gcuid pobal féin le daonnacht agus le neamhspleáchas chomh fada agus is féidir i gcomhréir le fís Sláintecare i dtaobh an cúram ceart a fháil san áit ceart agus ag an am ceart.

Tá gairmithe in ionaid lae in ann cur go mór leis an sprioc sin trí thacaíocht, comhairle agus caidreamh sóisialta a chur ar fáil do dhaoine a mbeadh na rudaí seo oiriúnach dóibh ar chúiseanna éagsúla. I mbuiséid 2023, bhí ríméad ar an tAire Stáit, an Teachta Butler, maoiniú breis is €2 mhilliún a fháil le cur i dtreo tús a chur arís le seirbhísí cúram lae chomh maith le €2.1 milliún a fháil le haghaidh seirbhísí cúram lae pobal atá dírithe go sonrach ar neartú. Tá an fheidhmeannacht ag cur tús le seirbhísí cúram lae i mbealach chomh tapaigh agus chomh sábháilte is gur féidir. Is tosaíocht é sin i gcónaí ag an Rialtas agus tá monatóireacht gníomhach á dhéanamh ar an dul chun cinn ina leith. Ba mhaith liom a dheimhniú go bhfuil an fheidhmeannacht tugtha do sheirbhís cúram lae a chur ar fáil in Áras Mhic Dara a bheidh ábalta cúram a chur ar fáil do idir ocht agus deich duine. Tá láthair san ionad seo chun an tseirbhís seo a chur ar fáil. Tá sé curtha in iúl ag an bhfeidhmeannacht go mbeidh ochtar ar a laghad ag teastáil sula mbeifear ábalta tús a chur arís leis an seirbhís seo. Go dtí seo, níor léirigh ach duine amháin spéis sa tseirbhís cúram lae. Idir an dá linn, tá seirbhís cúram lae pobal á chur ar fáil sa cheantar i dTearmann Éanna.

Leanfaidh an tAire Stáit, an Teachta Butler, ar aghaidh agus beidh sí i dteagmháil leis an bpríomhoifigeach i gcúram sláinte pobail an iarthair faoin ábhar seo.

As the Deputy will be aware, there are particular challenges at the moment in securing the nursing staff required to match all service requirements. A number of our geographically remote rural health service facilities have experienced challenges in recruiting staff. Such challenges can impact bed capacity and have forced us at times to take difficult decisions to close beds. The Minister has been informed that a number of beds in Áras Mhic Dara are closed due to staffing issues. However, she has also been assured that when adequate staffing is available, these beds will be reopened. The HSE has advised that a rolling recruitment campaign is ongoing and officials have been asked to monitor the position and advise of any developments.

Primary care centres play a key role in delivering a reformed health service. A national prioritisation exercise to review primary care centre locations was undertaken in 2012 by the primary care division of the HSE. Primary care centres were prioritised on the basis of service need, availability of appropriate existing facilities and the level of deprivation in each area. Any reconfiguration or new locations identified since the rankings were produced in 2012 have been determined locally in line with the needs of local communities.

At present, there are no plans for the delivery of a primary care centre in An Cheathrú Rua. However, ten primary care centres are operational in County Galway, with a further one currently in construction in Portumna which is due to be completed in the fourth quarter of next year.

Is é an chéad rud ar mhaith liom a dhéanamh ná mapa nó léarscáil a cheannach agus a chur ar fáil don té a scríobh an fhreagra seo. Níl a fhios agam an bhfuil barúil ar bith acu cé chomh fada is atá Port Omna ón gCeathrú Rua. Bheadh sé cosúil lena rá le duine i mBaile Átha Cliath go raibh ionad príomhúil á oscailt i mBaile Átha Luain ach go mbeadh sé níos éasca dul ó Bhaile Átha Cliath go Baile Átha Luain ná mar atá sé dul ón gCeathrú Rua go Port Omna.

Ní thuigim cén chaoi go bhfuil na hionaid altranais phríobháideacha i gConamara in ann an fhoireann a fháil ach níl an HSE in ann é sin a dhéanamh. Is é sin an leithscéal céanna ar an gClochán, ach tá ionad altranais difriúla i gConamara agus tá siad ag feidhmiú i gceart agus go hiomlán.

Is é an dara rud ba mhaith liom a lua ná go bhfuil folúntas ann, mar a dúirt mé, maidir le dochtúir teaghlaigh ach is é an rud eile atá ag teastáil ná ionad príomhúil. Tá an tAire Stáit ag rá nach bhfuil aon phleananna ag an HSE ach is dócha go bhfuil sé sin bunaithe ar an daonra. An bhfuil a fhios ag an Aire Stáit cé mhéad duine a cuireadh san áireamh le cé chomh scaipthe is atá na ceantair siar ó Leitir Mealláin, atá thiar i gceantar na nOileán, mar is eol don Aire Stáit, agus chomh fada ansin leis an Spidéal? Tá píosa maith i gceist ansin agus tá cuid eile de Chonamara ann, agus ceapann an HSE nach fiú ionad príomhúil dóibh. Go minic is í an fhadhb atá ann sna cásanna seo ná easpa critéar.

Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis an Aire Stáit, an Teachta Butler. Bhí mé ag caint léi aréir agus gheall sí dom go dtiocfadh sí go Conamara, agus beidh mé an-sásta nuair a thiocfaidh sí. Taispeánfaidh mé ar an talamh na féidearthachtaí atá ann ach, chomh maith leis sin, na heasnaimh ollmhóra atá ann i láthair na huaire maidir le seirbhísí sláinte, ní hamháin ar an gCeathrú Rua ach go ginearálta i gConamara.

Is the Minster of State well enough to respond?

I suggest that, in light of the fact that the other two Deputies whose Topical Issues have been selected are not present, we defer the Topical Issue Debate at this stage.

No, I want to continue. Tuigim cé chomh mór is atá Contae na Gaillimhe mar is as an gcontae sin do m’athair agus mo bhean chéile, ach níl le déanamh agamsa anseo ach freagra na Roinne a chur os comhair na Dála. Arís, gabhaim mo bhuíochas leis an Teachta Ó Cuív as an gceist seo a ardú.

Leis an gciste breise a fuair an tAire Stáit, an Teachta Butler, i mbuiséad 2023 i gcomhair seirbhísí cúram leighis, beidh níos mó seandaoine in ann teacht ar sheirbhísí a thacaíonn leo fanacht ina gcónaí go neamhspleách ina dtithe féin agus ina bpobail féin chomh fada agus is féidir. Thug an fheidhmeannacht dearbhú go bhfuil sí fós tiomanta do sheirbhísí cúraim lae a sholáthar in aonad altranais pobail Áras Mhic Dara agus, nuair a fhaightear dóthain altraí, go n-osclófaí san aonad sin seirbhís cúraim lae gan mhoill. Is eol dom nach bhfuil roinnt leapacha in Áras Mhic Dara ar fáil faoi láthair mar gheall ar chúrsaí foirne, agus tugadh dearbhuithe nuair a bheidh dóthain foirne ann go gcuirfí na leapacha sin ar fáil. Thug an fheidhmeannacht le fios go bhfuil feachtas leanúnach earcaíochta ar siúl maidir leis seo.

Maidir le hionad cúraim phríomhúil, níl aon phleananna ann faoi láthair chun ionad cúraim phríomhúil a sholáthar ar an gCeathrú Rua. Tá deich n-ionad cúraim phríomhúla ag feidhmiú i gContae na Gaillimhe faoi láthair agus ceann eile á thógáil cheana féin. Ba mhaith liom a dheimhniú go bhfuil na seirbhísí sláinte seo a leanas ar fáil ar an gCeathrú Rua faoi láthair: fisiteiripe, altranais sláinte poiblí, síceolaíocht, teiripe urlabhra agus teanga, agus araile. Ba mhaith liom a athdheimhniú freisin go bhfuil an Rialtas tiomanta le bheith ag obair in éineacht le cúram sláinte pobail an iarthair de chuid an HSE le gur féidir leo siúd a dteastaíonn uathu rochtain a fháil ar sheirbhísí sláinte ar an gCeathrú Rua leas a bhaint as na seirbhísí seo laistigh den phobal.

De bharr nach bhfuil an beirt eile a bhfuil Saincheisteanna Tráthúla roghnaithe acu anseo, táim chun deireadh a chur leis an bpíosa ghnó seo.

Cuireadh an Dáil ar athló ar 3.38 p.m. go dtí 2 p.m., Dé Máirt, an 4 Iúil 2023.
The Dáil adjourned at 3.38 p.m. until 2 p.m. on Tuesday, 4 July 2023.
Top
Share