I want to begin in English. I have a background in sport and I am aware of the tremendous contribution that RTE, TG4, Radio na Gaeltachta and local radio stations have made to the growth of the GAA. Names like Brian Carthy and Micháel Ó Hehir are known throughout Ireland and beyond. I have also been impressed with the work of RTE in competing with the BBC, as this State has a population of about 4 million, while the BBC has a market of 55 million people. The GAA and minority sports have depended on RTE and other broadcasters for their growth. The language also depends on them.
Táim chun tagairt spesialta a dhéanamh do chuid a dó, cabadail 24: aidhmeanna éagsúla an údaráis. Tá sé an-tábhachtach go mbeidh teangacha éagsúla aitheanta sa Bhille craolacháin, agus is iontach an rud é go bhfuil líon mór teangacha sa tír seo, toisc an staid eacnamaíochta atá againn. Tá muintir an domhain ag teacht go h-Éirinn anois. Fadó, bhíomar ag dul as an tír, ach anois tá siad ag teacht. Tá sé tábhachtach go mbeidh teangacha éagsúla aitheanta.
An bhfuil gá chur leis an gcabadail seo, ionas go mbeidh stádas speisialta ag ár dteanga Gaeilge? Sin mo cheist. Táimid tar éis bheith ag coimhlint agus troid ionas go mbeidh stádas speisialta ag an Ghaeilge san Eoraip. Beidh sé aitheanta ag Údarás Craolacháin na hÉireann.
Tá ceist ghairid eile agam. Ar cheart go mbeadh sé mar aidhm ag an údarás nua coimirce faoi leith a thabhairt don Ghaeilge ionas is go mbeidh fás agus forbairt ag an teanga sa tslí chéanna is go raibh muintir spóirt ag brath ar na húdaráis éagsúla a bhí againn? Aontaíonn beagnach gach éinne go bhfuil sé riachtanach go mbeidh fás agus forbairt ag an teanga, ach an bhfuil sé riachtanach é a leagadh síos sa Bhille seo go mbeidh sé mar aidhm aige coimirce speisialta a thabhairt don Ghaeilge?
An gá tagairt speisialta a chur isteach sa Bhille do Raidió na Gaeltachta? Bíonn neart cainteoirí agus daoine nach cainteoirí iad ach a bhfuil suim acu sa Ghaeilge ag brath ar Raidió na Gaeltachta. Bíonn an-chuid daoine ag brath ar Raidió na Gaeltachta do chraolacháin agus cluichí éagsúla spóirt. An gá stádas speisialta a thabhairt do Raidió na Gaeltachta sa Bhille seo?
Is é an cheist dheireannach atá agam ná an bhfuil sé riachtanach é a bheith mar aidhm ag na craoltóirí éagsúla ar fud na tíre cuid dá n-obair a bheith as Gaeilge? Chabhródh sé sin go mór le stádas na Gaeilge, ach éistim leis na craoltóirí éagsúla go minic, agus is fíorbheagán a bhíonn ar siúl as Gaeilge. Sin iad na ceisteanna atá agam.