A dhaoine uaisle, tá mé fíorbhuíoch díbh as an gcuireadh a thabhairt dom a bheith anseo inniu chun labhairt libh faoina thábhachtaí atá sé meabhairshláinte na n-og a chosaint.
Aithníonn an Rialtas gurb é atá i gceist le meabhairshláinte ná staid áineasa ina dtagann gach aoinne chun a chumais féin, sa tslí gur féidir leis déileáil le gnáthbhrúnna an tsaoil, gur féidir leis obair go táirgiúil is go torthúil, is gur féidir leis cur lena phobal féin.
Dá bhrí san creidimse go bhfuil sé ríthábhachtach meabhairshláinte na n-óg a chosaint le deimhniú go bhfuil aos óg na hÉireann inniúil a mianach féin a bhaint amach, is deileáil leis na brúnna laethúla a gcastar orthu.
Táim cinnte go n-aontódh baill den gCoiste go bhfuil ionchur na n-óg lárnach i ndul chun cinn an phobail. Tá samplaí den dea-obair a dhéanann aos óg na hÉireann chun meabhairshláinte a chosaint, le feiscint in obair agus in fheachtais Chomhairle na nÓg, Foróige, SpunOut, HeadStrong, Youthwork Ireland agus grúpaí eile nach iad. Tá ardmholadh tuillte ag na heagrais seo mar gurb iadsan a chinntíonn go mbíonn rath ar an dea-obair a dhéantar. Ach ní leor feachtais mar seo i ndáiríre leo féin, tá gá le tacaíocht ón Rialtas agus ó bhaill an Oireachtais. Mar sin iarraim ar bhaill den gcoiste seo, tacú le hiarratas na n-óg agus tathaint ar an Rialtas seirbhísí agus eolas a chur ar fáil do dhaoine óga.
Féachaimís ar Chomhairle na n-Óg mar shampla, eagraíocht ina bhfuilimse páirteach. Mar fheidhmeannach náisiúnta do Chomhairle na nÓg Phort Láirge, is féidir liom a dhearbhú daoibh go bhfuil aos óg na hÉireann as aon réigiún is triocha tar éis meabhairshláinte a roghnú mar thopaic gur gá tosaíocht a thabhairt di ag Dáil na nÓg 2013. Is é sin le rá gur chinn Comhairle na nÓg, guth oifigiúil na hóige, díriú ar mheabhairshláinte mar go dtuigeann daoine óga a thábhachtaí agus atá sé meabhairshláinte na n-óg a chosaint.
I staidéar a foilsíodh sa leabhar The Spirit Level cruthaítear go dtéann éagothroime eacnamaíochta i bhfeidhm go mór ar mheabhairshláinte an duine óig. In Éirinn, tá an 20% is saibhre den daonra, thart ar sé huaire níos saibhre ná an 20% is boichte. Aontóidh sibh liom nach féidir neamhaird a dhéanamh ar an bpointe seo. Is í an éagothroime seo is cúis le cuid mhaith de na fadhbanna meabhairshláinte in Éirinn agus os rud é go bhfuil an Rialtas freagrach as an éagothroime seo, caithfidh sé gach iarracht a dhéanamh comhionannas eacnamaíochta a chur chun cinn sa tsochaí agus gach tacaíocht a sholáthar, chun meabhairshláinte na n-óg a chosaint.
Mí Aibreáin seo caite d’fhreastal mé ar sheoladh chreatlach an pholasaí náisiúnta do dhaoine óga is do pháistí 2014-2020, Better Outcomes and Brighter Futures, agus is ansin a fuair mé go leor den eolas atá á roinnt agam libhse anseo inniu. Ag an ócáid sin fuair daoine óga geallúintí ón Rialtas agus ó Ranna Stáit éagsúla go gcuirfí i bhfeidhm na moltaí a bhí luaite chun feabhas a chur ar chórais éagsúla.
Thug mé faoi ndeara go raibh an líon ard déagóirí a bhí á bhféinghortú agus ag cur lámh ina mbás féin ag tiomáint an pholasaí úd. Fáiltíodh go mór roimh gheallúint an Rialtais go mbeadh teacht ag daoine óga, go háirithe iadsan atá idir 16 agus 17 mbliana d’aois, ar sheirbhísí meabhairshláinte. Níl go leor tacaíochta ar fáil sna scoileanna agus creideann go leor de na daltaí nach bhfuil ag éiri leis an gclár OSPS. Tá gá go mbéadh cabhair cheart ó dhaoine oilte ar fáil i scoileanna chun meabhairshláinte na n-óg a chosaint.
Iarraimid oraibh go gcuirfear ionaid eolais agus tacaíochta mar atá in JIGSAW ar fáil ar fud na tíre. Tá ag éirí go hiontach leosan ach faraor nach bhfuil go leor dá leithéid ann. Creidim go réiteofaí cuid mhaith de na fadhbanna dá mbeadh rochtain ag daoine óga ar sheirbhísí meabhairshláinte.
Chas mise 17 mbliana inné agus tuigim go dtagann fadhbanna meabharshláinte chun cinn sna déaga déanacha. Agus sinn ag iarraidh ár bhféiniúlacht féin a dhaingniú, is minic go n-éirímid buartha faoinár gcairdis, ár gcaidrimh, ár dteaghlaigh, ár ngnéaschlaonadh agus fiú amháin faoinár bhféiníomhá agus ár dtodhchaí. Ní nach ionadh mar san go dtagann 75% d’fhadbanna meabhairshláinte chun cinn sna blianta idir 16 agus 20. I gcásanna áirithe déantar an-damáiste do mheabhairshláinte agus do shláinte an déagóra nuair a théann an duine óg i muinín na ndrugaí agus an alcóil chun éalú ón lionndubhachas.
Céiliúradh 25 bliain de Chomhdháil na Náisiún Aontatithe ar Chearta an Linbh mí na Samhna seo caite agus baineann gach ceann de na cearta sin le meabhairshláinte, ar shlí amháin nó ar shlí eile. Má táthar chun na cearta sin a chur i gcrích in Éirinn, mar a deirtear go bhfuil, caithfear tosaíocht phráinneach a dhéanamh de mheabhairshláinte na n-óg agus í a chosaint.
Caithfidh an Rialtas teacht chun tuisceana ar na gnéithe a chuireann meabhairshláinte dhiúltach chun cinn i measc na hóige agus caithfear polasaí dearfach agus gníomhach a chur i bhfeidhm chun aos óg na tíre a chumasú chun fadhbanna meabhairshláinte a aithint, a admháil agus a shárú le tacaíocht.
Mar sin a bhaill den Oireachtas, ná bímís faillíoch i dtaobh chearta an linbh a chur i gcrích do gach duine óg sa tír seo. Tugaigí aire, aird agus fuinneamh chun meabhairshláinte an aosa óig a chosaint trí eolas, feasacht, cuimsiú sóisialta, comhionannas agus tacaíocht a chur chun cinn. Tá todhchaí na tíre seo, gur geal linn ar fad, ag brath ar bhur gcuidne iarrachtaí, ár meabhairshláinte a chosaint.
Go raibh míle maith agaibh.