Bhíos ag tagairt do rudaí a thuit amach le cúpla bliain no trí chun tuarastal lucht oibre d'árdú agus annsin gur éirigh leis na feirmeoirí luacha torthaí a chur suas. Fuair siad 30/- an bharraille ar chruithneacht an uair sin. Tá siad ag fáil 50/- anois. D'árduigheadh an luach ar bhiatas agus de thairbhe sin árdóchar an luach ar phlúr agus ar shiúcre, agus táthar ag iarraidh breis air sin. Cé íocfas an piobaire sa deireadh? An pobal bocht. Is sórt cluiche pócair atá san obair seo. Scairteann dream aca a chúig, scairteann dream eile a deic, an chéad dream eile cúig-déag agus mar sin, ach sé donas an scéil nach iad na daoine is aoirde scairteas a dhíolas an dochar, ach muinntear na hEireann uilig.
Is dóigh liom féin go bhféadfadh na feirmeoirí b'fhéidir beagán níos mó a thabhairt do na hoibrightheoirí fá láthair, gan árdú ar bith fháil ar a dtoradh, nó ón Stát. Tá siad ag fáil luach maith ar a lán rudaí, ar chruithneacht, ar bhiatas, ar lín, ar olainn, agus ar mhóin má tá portach aca; agus níl a gcostas ag dul suas dá réir, óir gheibh siad cuid mhaith dá mbiadh, agus go minic adhbhar teineadh, gan costas, ach a saothrú. Is minic adeir siad, agus is fíor é, go dtig gach adhbhar cothuithe ón talamh. Tig, agus tá seilbh an tailimh ag na feirmeoirí. Ach tá taobh eile ar an sgéal. Is le muinntear na hÉireann an talamh agus tá siad i muinighin an tailimh le n-a mbeatha a thártháil. Má fágtar gann i mbiadh no i dteine sinn, geallaim daoibh go mbeidh raic ann agus go mbeidh malairt seilbhe ar an talamh. Mura mbainfidh na feirmeoirí adhbhar cothuithe ón talamh don phobal, bainfear an talamh díobh agus cuirfear bail úr ar an talmhaíocht. Céad bliain ó shoin nó suas le céad bliain ó shoin bhí gorta mór ins an tír seo, gorta a mhairbh níos mó daoine ná marbhuigheadh ins an domhanchogadh seo go fóill, gorta a chuir gráin ar an saol mór go dtí go raibh morán náisiún mar na Stáit Aontuithe agus fiú an Turkey ag cur biadh go dtí an tír seo, biadh nár shroich na daoine go minic. Cuireadh an mileán fán ghorta sin ar Riaghaltas Shasana agus ar na tighearnaí talmhan agus bé an ceart an mileán a chur ortha mar níor ghlac siad tuairim ar bith faoi mhuintear na hÉireann. Ach má thagann gorta anois go hEirinn, cé air a gcuirfear an mileán? Is dóigh liom fhéin go gcuirfear é b'fhéidir ar dtús ar an Riaghaltas ach ina dhiaidh sin beidh an mileán ar na feirmeoiri nár bhain siad go leor biadha ná teas ná rudaí eile as an talamh.
Má tá ciall ag na feirmeoirí, agus creidim go bhfuil, ciall cheannuighthe, tuigfidh siad gurb é a ndualgas go leor bidh a bhaint as an talamh leis sinn a chothú agus má cuireann siad, an rud ba cheart dóibh a dhéanamh, acraí go leor den talamh fé curaíocht le biadh do sholáthar don phobal, beidh cuid mhaith congnamh ag teastáil uatha ó lucht tuarastail agus caithfidh siad tuarastal réasúnta a thabhairt dóidh. Tá slí amháin ann gur féidir cúitiú a thabhairt do lucht oibre fán tuaith gan morán d'ualach do chur ar an Riaghaltas nó ar na feirmeoirí sé sin, acra no dhó de thalamh do thabhairt mar chon-acra do gach teaghlach den lucht oibre le saothrú dhóibh féin ar chíos réasúnta, cuir i gcás, an méid a chosann sé do na feirmeoirí iad fhéin, cúpla punt an acra, an suim is mó de. Fá lathair ní féidir le lucht oibre sin a fháil gan cíos i bhfad róthrom a dhíol air. I gContae na Midhe agus i gContae Tír Chonaill tá fhios agam go bhfuil fir obire a dteastuíonn con-acra uatha go gcaithfidh siad £7 an acra a thabhairt mar chíos. Níl sin ceart. Níl na feirmeoirí fhéin ag tabhairt a leath-oiread sin ar an talamh. Bhéarfaidh sin cúitiú mór do lucht oibre. D'fhéadfadh fear oibre go mbeadh teaghlach aige biadh go leor a sholathar dóibh, cúpla acra prátaí, no cúpla acra cruithneachtan no eornan agus d'fhéadfadh sé biadh do sholáthair dóibh an chuid is mó den am. Rud eile, bhéarfadh sé baile comhnuidhe seasamhach dó agus ní bheadh an fonn céanna air teacht isteach ins na bailte móra no imtheacht go Sasana no Alban no America. Sin rud nach cosnóchadh aon rud, no fiú aon rud, don tír agus chuirfeadh sé leis an bhiadh agus leis an ollmhaitheas as an talamh.
Cuirim an moladh sin agus na tuairimi seo fá bhráid an Riaghaltais agus fá bhráid lucht oibre, cibé ar bith is fiú iad.
Ní fheadar an bhfuil tuilleadh moladh agam ach amháin tagairt do rud a chuala mé annseo i mBaile Átha Cliath Dé Domhaigh seo caithte ar an sráid. I gContae na Midhe tá Gaeltacht nua ann agus tá tuairim trí scór feirmeoiri ins an áit sin. Tá teaghlach i ngach áit aca san agus iad ag fás agus tá go leor lucht oibre aca fhéin agus níos mó ná go leor, ach má theastúionn uatha tuilleadh tailimh a fháil le saothrú caithfidh siad suas le £7 sa bhliain an t-acra a thabhairt air sin. Téigheann siad amach agus chíonn siad mór-thimpall ortha na mílte acra ina luighe bán. An talamh sin níl aon mhaith ann d'aoinne ach don fheirmeoir ar leis é. Ní dhíolann sé tuarastal. Níl air ach cúram a thabhairt do na buláin agus má gheibheann sé profit cuireann sé ina phóca é. Níl aon tairbhe don tír ann. Deirtear go bhfuil 3,000,000 acra d'ithir na hEireann atá intreabhtha agus nach treabhtar. Tá sé ina luighe bán faoi fhéir agus faoi na buláin agus na caoirigh agus na ba. Tá fhios againn go léir nach bhfuil morán maith annsin don tír. Tá an seachtú cuid den tír atá intreabhtha faoi curraíocht. Tá beagnach a leath den tír ina luighe bán agus tá 7,000,000 eile nach bhfuil intreabhtha ach gur féidir úsáid a bhaint as ag baint mona, ag cur crainn agus rudai mar sin agus níl faic á dhéanamh leis. Is mór an náire é.
Tá sé i n-am dúinn smaointiú ar an rud is fearr a dhéanamh don tír seo agus é dhéanamh, agus cibé ar bith duine a gcuirfidh sé as dó é a chur a leath-taobh agus smaointiú ar mhaitheas an phobail go léir.
Seo é an rud a chuala mé Dé Domhnaigh. Tá tuairim leath na feirmeoirí ins an Gaedhealtacht go bhfuil aimsir le sparáil ag na teaghlaigh agus go bhfuil siad ag cloisint bolscaireacht mór go bhfuil cruithneacht ag teastáil uainn sa tír. Bhí tuairim aca go nglacfadh siad ocht n-acra gach teaghlach agus go gcuirfidís cruithneach annsin, sé sin os cionn 400 acra a bheadh fé chruithneacht agus, abair,. ceithre míle barraille cruithneachtan. Bheadh siad sásta sin a ghlacadh ón talamh bán a bhí ina luighe annsin thart timpall ortha, ach é fháil ar chíos réasúnta, agus ní bhfuighidís é. Beidh an tír an méid sin goirid de chruithneachtain i mbliana mar gheall air sin. Tá iongantas orm fhéin. Ní thuigim cén fáth nár glacadh seilbh ar chuid den talamh bán sin agus é thabhairt do lucht oibre a bhí fonnmhar é oibriú agus cruithneacht do chur ann.
Tá rud amháin eile a chuala mé annseo indiu. Chualamar ologón ó na feirmeoirí i dtaobh na droch-aimsire a bhí aca fé lathair. Scéal o professors é agus ní chreidim é. Ní chreidim Professor Murphy no professor ar bith eile nuair deir sé go bhfuil droch-aimsear ag na feirmeoirí fé lathair. Má tá, is ortha féin atá an locht. Tá ceist cile ann. Cén luach atá ar an talamh? Má theastuíonn feirm uaim-se cé mhéid a chaitheas mé thabhairt air? Luaidh mé cheanna féin an cíos ar fiú an talamh i gContae na Midhe—£7 an acra. Is mór an méid sin agus níos mó ná a leath de sin gheibh an feirmeoir in aisce é. Níl sé ag díol £2 an acra agus £4 no £5 fágtha aige go dtig leis cur ina phóca. Léigh mé ins an bpáipéar tá tamall ó shoin fá luacha roinnt feirme a díoladh le goirid agus siad na luachanna a fuair siad ortha, ó £30 go dtí £60 an t-acra. Anois, más féidir nach bhfuighidh feirmeoir ach £50 ins an bhliain as a saothar, cad chuige nach ndíolfadh sé an fheirm sin ar, abair, £5 an t-acra? Measaim go dtig le na feoirmeoirí níos mó tuarastal a thabhairt dá lucht oibre agus go mba cheart dóibh an cheist sin do scrúdú go cúramach.