Is dóigh liom go raibh áthas orainn go léir go raibh am té ann nuair do chríochnaigh an tAire an oráid—nó níl fhios agam an ceart dom a rá gur óráid a thug sé uaidh mar, chun na fírinne a rá, cheap mé go raibh sé níos cosúla le seanamóir ná le óráid. Do réir dheallraimh, ceapann an tAire go raibh sé riachtanach an oiread sin ama a chaitheamh ag míniú na ceiste. O mo thaobh sa dhe, agus is maith liom giota cainté chomh maith le aon duine eile, d'fhéadfadh sé an méid a bhí le rá aige a rá laistigh d'am i bhfad níos lú ná mar a thóg sé. Ní hé díreach fad na hóráide an lucht a bheadh agam le fáil air ach a laghad eolais den chineál atá riachtanach ar ócáid mar seo a thug sé dúinn. Shílfeá ar an Aire gur rud nua ar fad é an rud seo faoi dhréineáil agus faoi mhíntírú na talún. Ní rud nua é. Is fada muid ag smaoineadh agus is fada muid ag fiosrú agus is fada muid ag pleanáil le go dtabharfaí scéimeanna chun cinn a chuirfeadh rath ar thalamh na tíre seo. Deirtear nach bhfuil mórán ar an saol atá nua agus is féidir liom a rá nár dhúirt an tAire inniu morán a bhí nua chomh fada is bhaineas le cuspóirí agus prionsabail dréineála agus míntírú na talún. Caithfidh go bhfuil a fhios aige féin chomh minic is a pléadh na ceisteanna sin na blianta roimh an gcogadh. Caithfidh go bhfuil eolas aige faoin gcoimisiún talmhaíochta a bhí ar bun díreach roimh an gcogadh agus caithfidh go bhfuil a fhios aige gurb ceist í seo a pléadh go mion agus a cíoradh go mion. Phléigh siad gach gné de dhréineáil agus míntírú na talún ach amháin nár chaith siad mórán ama ar scéimeanna cosúil le scéimeanna dréineála airtéirí. Caithfidh go bhfuil a fhios ag an Aire an méid ama a chaith an Coimisiún Dréineála ag plé na ceiste céanna. Dá ndéarfadh an tAire linn inniu, dá moladh an tAire dhúinn inniu, breathnú ar an gCoimisiún Dréineála agus ar an tuarascáil a foilsíodh sa bhliain 1940 agus breathnú ar chuid de na caibidil agus ar chuid de na haltanna—go háirithe alt 154 agus cúpla alt eile a leanas an t-alt sin—agus iad a léamh, agus an scéal d'fhágaint mar sin is é mo thuairim gur obair níos fearr a bheadh déanta aige ná mar rinne sé.
Phléadar an scéal, ní amháin ó thaobh geilleagair ach ó thaobh na sóisialachta. Mhíniódar an buntáiste a bheadh ann dá ndéantaí an dréineáil ar fud na tíre. Ní rud nua an cheist seo faoi dhréineáil. Ní dúirt an tAire inniu oiread is focal amháin a chur len ár gcuid eolais i dtaobh deacrachtaí na hoibre nó i dtaobh tairbhe na hoibre atá beartaithe.
Má tá daoine ann adéarfadh gur fhoghlaim siad a lán uaidh, caithfidh nach raibh mórán spéise a bhí acu san abhar sin na blianta atá caite.
Is maith liom go bhfuil an lá tagtha gur féidir dúinn rud éigin a dhéanamh leis na scéimeanna a bhí dá gceapadh againn le fada, a chur i ngníomh. Tá mé cinnte, marach an cogadh atá thart tosaí, agus marach na deacrachtaí a tháinig chun cinn de bharr an chogaidh sin, nach mbeimis ag fanacht go dtí inniu le haghaidh scéimeanna mar atá beartaithe. Ba cheart cothrom na Féinne a thabhairt in áit a bhfuil cothrom na Féinne tuillte. Is fíor a rá go ndearnadh cuid mhaith—d'ainneoin nár shásaigh sé muid—le blianta ar mhaithe le cúrsaí dréineála.
Is trua liom nach é an scéim mhór náisiúnta dréineála airtéirí atámuid a dul a chur i ngníomh i láthair na huaire.
Tá súil agam go n-éireoidh leis an scéim agus guím go n-éireoidh léi. Ach ní thógfaidh an tAire, ná aon duine eile, orm má abraim go bhfuil mé in aimhreas nach bhfuilimid ag tabhairt faoin obair ar an mbealach is fearr. Mhinígh an Coimisiún Dréineála chomh riachtanach agus tá sé go dtosóimis ar na scéimeanna móra náisiúnta agus go n-oibreodh muid ó bhéala na n-abhann isteach. Tugaimid faoi deara an chabhair a fuair an tAire, i gcúrsaí féara na tíre, ó Mr. Holmes—a chuir ar ár leas sinn agus a mhol dúinn tosaí sna hinbhir agus oibriú uathu isteach.
Níl aon rud ráite ag an Aire inniu faoi céard is dóigh leis a tharlós nuair a tosnófar ar na mionscéimeanna míntireachain. Níor thug sé aon mheastachán dúinn, ná níor innis sé faoin méid atá déanta ag na hinnealltóirí. Níor mhínigh sé dhúinn go bhfuil sé sásta ina intinn nach bhfuil dochar ag teacht de bharr na hoibre. Cinnte, is féidir cuid mhaith a dhéanamh ar an gcuid istigh den tír; ach, ón eolas atá agamsa, bheadh muinín agam as an gCoimisiún Dréineála agus as an bhfiosrú a rinne Mr. Holmes, go bhfuil contabhairt ann cuid mhaith de thairbhe na scéime a chur ar neamhní de bharr faillí a dhéanamh sna scéimeanna móra dréineála.
Meabhraíonn sin dom an chaint a rinne an tAire i dtaobh an fheabha is atá súil aige a theacht ar chúrsaí feilméarachta agus ar chúrsaí táirgeachta nó cúrsaí soláthair. Tá mé a cheapadh go bhfuil an tAire ag dul amú go mór má cheapann sé go mbraitheann feabhas talmhaíochta agus ardú táirgthe sa tír seo ar scéimeanna dréineála, bídis beag nó bídis mór. Dá mba agamsa a bheadh, níl a fhios agam nach é adéarfainn gur ar an oideachas teicniciúl agus an oideachas ceardúil a bhraithinn. Más mian leis an Aire rath a bheith ar thionscail na talmhaíochta ar an mbealach ba mhaith linn go léir, téadh sé i gcomhairle maidin amáireach leis an Aire Oideachais agus an Aire Airgeadais agus cuireadh sé ina luí orthu chomh riachtanach agus atá sé go ngéillfear do na hiarratais atá curtha isteach go mion agus go minic ar scoileanna teicniciúla agus ceardscoileanna, ar mhúinteoirí tuaitheolaíochta, ar mhúinteoirí siúinéireachta, ar mhúinteoirí miotalóireachta agus ar mhúinteoirí tís, gan trácht ar mhúinteoirí eile.
Tá an obair seo go maith inti féin, agus creidim fein, agus creidim go diongmhálta é, agus ní inniu ná inné a tháinig an tuairim dom, go mbeidh faillí san obair seo go léir nó go n-ardaímíd caighdeán oideachais cheardúil, theicniciúil ar bhfeilméaraí.
Níl aon éadóchas orm i dtaobh na ndaoine sin. Ní hionann an scéal inniu agus an scéal mar bhí. Is cuimhin liom nuair nár thairbhe nó nar chiallmhar labhairt le feilméara i dtaobh oideachais. Tá a fhios agam anois go bhfuil fir—agus ní hiad na daoine óga amháin, ach daoine nach féidir daoine óga a thabhairt orthu—agus fonn mór orthu teacht ag lorg eolais i dtaobh feilméarachta teicniciúla. Is féidir liom é seo a rá mar dhearbhadh: is mó áit tríd an tír a dtéim féin ag tabhairt léachtaí ar ábhair a bhaineas le tionscail talmhaíochta agus tionscail tuaithe agus an moladh is mó is féidir a thabhairt ná go mba deacair dom dul isteach sna scoileanna le a mbíonn de dhaoine bailithe istigh romham. Tá dúil mhór ag na fir anois san oideachas. Bíodh an scéim seo ann, agus bíódh an oiread toradh air agus is mhaith linn, ach ná bíodh dul amú orainn—ní eíreoidh linn go ró-mhaith mura dtugaimid aghaidh ar an bpointe boise ar oideachas na ndaoine a bheas ag obair faoin tuaith.
Is trua liom nár cheap an tAire—go haírithe anseo sa tSeanad, an áit a mbeimis ag súil le eolas níos doimhne na mar is gnáthach linn a fháil go minic, go haírithe le gairid—roinnt figiúirí a thabhairt dúinn maidir leis an mbeartas atá aige i leith an Bhille.
Ba mhaith liom dá bhfeadfadh sé a insint dúinn go réasúnta, cruinn nó coibhneasach, cé mhéid acra atá súil aige a dréineálfar faoin scéim. Ba mhaith liom dá n-insíodh sé dhúinn céard é an meán-chostas an t-acra. Bhí caint anseo cheana faoi naoi n-acra agus £140 agus £27 a bhaint de mar gheall ar seo nó ar siúd, ach is é an rud ba mhaith liomsa, an rud ba mhaith linn ar fad, go simplódh an tAire an scéal agus go n-inseodh sé dhúinn cé mhéad acra ar dóigh leis go mbeidh éileamh ar chabhair uaidh lena dhréineáil. Céard é an meán-chostas an t-acra a bheas ann? Beidh £36 curtha in áirithe le haghaidh na hoibre; beidh £12 le chur suas ag an bhfeilméara féin; seasfaidh an Stát £24 eile nó dhá dtrian eile. An dóigh leis an Aire, ón eolas atá aige ar scéimeanna den tsórt seo a tríáladh cheana, go mbeidh sé i ndon an obair a dhéanamh ar an airgead sin? Nuair a bheas áireamh déanta aige ar a gcostas, ba mhaith liom go dtabharfadh sé léargas dúinn ar an bhfeabhas a cuirfear ar an talamh. Mar shompla, an t-eolas ar mhaith liom leide dhe a fháil uaidh cé mhéad beithíoch sa mbreis a iomprós gach acra de thoradh an fheabhais? Cé mhéad céad meáchain cruithneachtan, arbhair, fataí nó rútaí a gheofas muid de thoradh na scéime. Níl mé ag iarraidh ceangal a chur ar an Aire go n-inseodh sé go dtí an céad meáchain é, ach ba mhaith linn go n-inseodh sé dhúinn céard is dóigh leis a bheas againn de thoradh na hoibre ar fad. Bfhéidir nach miste má mheabhraím don Aire gur mhaith liom go mbeadh leide eolais nó léargas le fáil ar na ceisteanna sin. Tiúrfadh sé faoi deara sa tuarascáil a fuair sé ar chúrsaí féir is dréineála sa tír tar éis ar cuireadh d'fheabhas ar an talamh in aice na Bearbha gur ar éigin a bhain na feilméaraí aon leas as an talamh a feabhsaíodh dá bharr. Admhaítear gur feabhsaíodh an talamh, ach is cosúil nár mheas na feilméaraí gur bhfiú dóibh airgead a chaitheamh leis an talamh sin le súil go bhfaighidís breis torthaí dá bharr. D'fhéadfainn féin míniú a thabhairt air b'fhéidir, ach nuair a léigh mé é chuir sé íonadh orm. Tá muinín agam as na feilméaraí, nuair a níonn siad rud tá údar acu leis. Is minic a d'fiafraigh mé d'fheilméara tuige nár chuir sé leasú ar a chuid talún agus d'fhreagair sé "ní íocfadh sé mé." Is minic d'fiafraigh mé d'fheilméara tuige nár chuir sé síol ina chuid talún "ní íocfadh sé mé." Is minic a d'fiafraigh mé d'fheilméara tuige nach ndéanfadh sé dréineáil ar a chuid talún "ní íocfadh sé mé." Níl ann ach bealach an fheilméara le rá go bhfuil an "law of diminishing returns" i bhfeidhm chomh fada is bhaineas lena chuid talún. An bhfuil scéimeanna ceaptha amach—ní scéimeanna gairide ach scéimeanna fada— scéimeanna go bhfuil a dtéarmaí sáthach fada go mbeidh a fhios ag an bhfeilméara go mbeidh ioncam de thoradh an airgid agus an tsaothair má thugann sé faoin talamh a shaothrú tar éis a feabhsuithe faoin scéim seo? Ní leor a rá go bhfuil scéim againn gur cinnte don tráchtáil idir sinn féin agus Sasana go ceann trí nó cheithre bliana. Dúirt mé anseo sa tSeanad seachtain nó coicís ó shoin nach duine mé a mba gheal leis go dtarlódh aon rud do chúrsaí tráchtála nó geilleagair Shasana, ach ba cheart dúinn cuimhneamh orainn féin agus níl mé sasta go mbeidh cúrsaí tráchtála Shasana chomh híontach sna blianta atá romhainn agus a cheapas daoine áirithe. Bfhéidir go bhfuil mé éadóchasach faoin scéal, bhféidir go bhfuil níos mó ná éadóchas ann. Ar chaoi ar bith, níl an deis agam meastachán a dhéanamh ar cheist mar sin a bhíos ag an Aire, agus ba mhaith liom go dtiúrfadh an tAire léargas dúinn ar an gcuma is dóigh leis a bheas ar an margadh sin na blianta atá rómhainn, ionas go mbeimid i ndon a shocrú an bhfuilmid ar an mbealach ceart ag tabhairt faoin scéal seo ar chor ar bith.
Ba mhaith liom fios a bheith agam ar an meán-chostas an t-acra faoin scéim agus dá réir sin cé mhéad breise a cuirfear ar thorthúlacht agus táirgiúlacht na talún de bharr na scéime go léir. Thaitnigh sé liom nuair a mheabhraigh sé dhúinn, cuma cén feabhas a chuirfear ar an talamh, nach mbeidh aon ardú dá ghearradh ar na feilméaraí maidir le rátaí. Dúirt sé nach ndeanfaí ardú rátaí ach os cionn a choirp. Deir an tAire rudaí agus dearmadann sé arís iad. Níl a fhios agam nár dhúirt sé cheana nach ndeanfaí rud áirithe ach os cionn a choirp agus rinneadh an rud ina dhiaidh sin. Athraíonn an tAire a intinn. Tá cead ag daoine a n-intinn d'athrú anois agus arís, ach ní thaitníonn liom chomh minic agus a athráios. an tAire a intinn os comhair na tíre. Ar chaoi ar bith, beidh sé cláraithe ar imeachtaí an tSeanaid nach ngearrfar ardú rátaí ar na feilméaraí agus nach méadófar luacháil na bhfeilm de bharr na scéime, má thuigim i gceart é agus taitníonn sé sin liom.
Tá an oiread le rá faoin rud seo ar fad gur doiligh na pointí a mheasaim a bheith fíor-thábhachthach a phiocadh amach, ach má mheabhraím ceann eile don Aire agus don tSeanad beidh mé sásta.
Tiocfaidh, do réir mar thuigimse, an t-airgead le haghaidh na scéimeanna seo as iasachtaí na Stát Aontaithe. Is iasachtaí atá muid le fáil ó na Stáit Aontaithe agus sílim nach bhféadfadh an Seanad cuimhneamh ar sin sáthach minic nó cuimhneamh air sáthach dian. Ní deontais atá muid a fháil ó na Stait Aontaithe ach iasacht dolaeirí agus tá muid ag dul na dolaeirí sin a úsáid, cuid mhaith acu, le haghaidh scéimeanna dréineála mar atá i gceist sa mBille agus scéimeanna míntíriú. Céard atá muid ag dul a dhéanamh ar ball leis an mbreis tairgiúlachta a gheobhas muid de bharr an Bhille seo? Cá bhfuil an margadh ina gcóir siúd do réir an léargais atá againn faoi lathair?
Tá an tAire féin ceanúil ar mhargadh Shasana. Go deimhin, níl móran de rogha aige ina lán cásanna. An bhreis tairgiúlachta mar sin a bheas ann de bharr na hoibre seo, rachaidh sé isteach ar mhargadh Shasana. An bhreis a bheas ann cuirfear ar fáil é de bharr dolaeirí atá muid le fáil ar iasacht ó na Stáit Aontaithe. Nach ionann sin agus a rá go mbeimid ag úsáid na ndolaeirí a gheobhas muid ó Mheiriceá le cuidiú le Sasana? Bhfuil aon mhargadh déanta againn le Sasana go bhfaighimid na dolaeirí a bheas riachtanach ar ball le Meiriceá a íoc ar ais? Labhair an tAire ar an scéal. Níl mé a rá go raibh sé ag iarraidh dallamullóg a chur orainn ach níor mhínigh sé an scéal go hiomlán dúinn. Tá muid ag fáil na hiasachta sin ó Mheiriceá agus ba mhaith liom a fhiafraí anois cén áit a ngeobha muid na dolaeirí nuair a thiosfas lá na reicneála le dolaeirí Mheiriceá a íoc ar ais. Ní haon chabhair don tSeanad a rá go bhfuil airgead á chur isteach i gciste faoi leith sa mBanc Ceannais.
Ní haon chabhair a rá gurb é an bealach is fearr a d'fhéadfadh muintir na hÉireann airgead a chaitheamh é a chaitheamh ar thalamh na hÉirinn, go háirithe ós rud é go mbeidh orainn ar ball na fiacha sin a íoc ar ais arís leis na Stáit Aontaithe. Cén áit a bhfaighimid na dolaeirí? Má breathnaíonn an tAire ar chúrsaí tráchtála le blianta fada, tiúrfaidh sé faoi deara go bhfuil fuílleach na tráchtála idir sinne agus na Stáit Aontaithe go láidir inár gcoinnibh. An dóigh leis an difríocht a bheas ann go bhfaighimid é as an tionscail cuartaíochta, an tourist trade? Gheobhaimid roinnt as, ach an bhfaighimid an oiread agus a chuirfeas ar ár gcumas na Stáit Aontaithe a íoc ar ais san aon airgead amháin a theastaíos uathu, dolaeirí, nó an bhfeictear dó go mbeidh ar ár gcumas toradh déantóireachta a chur amach go dtí tiortha eile agus go bhfaighimid dá bharr sin dolaeirí a chuirfeas ar ár gcumas na fiacha seo a íoc ar ais?
I ndeireadh cúise, an bhfuil an oiread sin dóchais ag an Aire go mbeidh an oiréad sin feabhais tagtha ar chúrsaí tráchtála Shasana taobh istigh de trí nó cheithre bliana go mbeidh, ní amháin dolaeirí aici lena bealach féin a íoc ach go mbeidh siad sásta an punt a dhéanamh inaistrithe ar dolaeirí ionas go mbeimid ábalta an riar a bheas uainn d'fháil agus na fiacha a bheas orainn a íoc ar ais? Tá daoine sa tír ag caint air sin. Labhair le duine ar bith faoi agus dearfaidh sé leat: "Tá a fhios agam céard a tharlós. Nuair a thiocfas an lá, ní bheidh tada le híoc. Nuair thiocfas an lá, maithfear na fiacha dhúinn nó caithfear na fiacha a mhaitheamh dhúinn." B'fhéidir sin. Má tá aon tuiscint mar sin ann, agus ní chreidim go bhfuil, ba cheart go mbeadh a fhios againn é, ach muna bhfuil, má tá muid ar an aigne go bhfuil dualgas morálta orainn na fiacha seo a íoc ar ais, idir prionsiopal agus ús, ansin caithfimid anois, an t-am atá ann, ár n-aigne a dhéanamh suas ar cén chaoi ar féidir dúinn an táirgaíocht a fheabhsú sa tslí go mbeidh dolaeirí le fáil againn. Caithfimid ár n-aigne a dhéanamh suas faoi cén chaoi a bhfaighimid na dolaeirí sin, bíodh siad sin le fáil de bharr socruithe trádála le tíortha seachas Sasana nó de bharr socruithe a dhéanfeas muid le Sasana de bharr na cabhrach atá muid a thabhairt di faoi láthair.
Ba mhaith liom go n-inseodh an tAire dhúinn céard díreach is dóigh leis i dtaobh an scéil sin go léir. Ní hé go dteastaíonn uaim go n-abródh sé linn go mba mhaith leis go mbeadh an scéal mar seo nó go mbeadh an scéal mar siúd. Tá comhairleoirí aige, agus tá i mease ár seirbhíseach ardfhir atá chomh heolasach agus chomh cliste le haon tseirbhísigh sa domhan. Tá taidhleoirí againn thar sáile agus támaid ag fáil eolais ar chúrsaí tráchtála agus ar chúrsaí airgeadais an domhan. Tá figiúirí agus tuairiscí sa Roinn Airgeadais, sa Roinn Tráchtála, sa Roinn Talmhaíochta agus uile an oiread agus ba cheart go mbeadh ar chumas an Aire meastachán réasúnta cruinn do thabhairt dúinn i dtaobh na ceiste seo atá mé tar éis a lua. Tá má ar aon-intinn le duine adúirt gurb é ár ndualgas an t-ualach a éadroimiú ar dhaoine an oiread agus is féidir, ach ba mhaith liom tuairim níos fearr a bheith agam ná már atá ar cé mhéad saothair, ar cén deis saothruithe sa mbreis a bheas ag duine de thoradh na scéimeanna seo a cuirfear ar bun faoin mBille.
Mar shampla, an Vóta a thug an tAire isteach an lá cheana sa Dáil —dá mbeadh cead agam tagairt a dhéanamh dhó—ní thaitníonn an chosúlacht atá air liom. Do réir mar fheicim féin an meastachán sin, caithfeúr trí ceathrúna den mhilliún punt ar oifigigh, ar chostas taistil agus ar mheaisíní. Feicim go bhfuil £50,000 curtha síos le haghaidh fógraíochta. Níl aon locht agam air, ach feicim ansin nach mbeidh ach impeall le ceathrú cuid an Vóta ag dul do na feilméaraí i riocht deontas. Tá súil agam nach sampla an meastachán sin ar chaitheamh an airgid ar an scéim fré chéile. Tá súil agam go mbeidh i bhfad níos mó den airgead seo ag dul do na feilméaraí iad féin ná mar is dóigh liom do réir an Vóta seo atá os comhair na Dála faoi láthair—trí ceathrúna ag dul ar ghléasra, costas taistil agus mar sin de agus timpeall le ceathrú cuid ag dul do na feilméaraí.