Tá cosúlacht éigin idir mé féin agus an tAire. Bhí an beirt againn sa Dáil le céile fadó. Ní dóigh liom gur rugadh nó gur tugadh ceachtar againn sa Ghaeltacht, ach mar sin féin táimíd ag iarraidh spéis a chur ann. Aontaím le gach rud adúirt na Seanadóirí mar gheall ar an dea-obair atá á dhéanamh ag an Aire. Tá áthas orainn an an dtaobh seo den Teach go bhfuil an scéal mar sin. Measaim gurab í an Aireacht atá aige an ceann is deacra agus is tábhachtaí. Sé an obair atá idir lámha aige ná sabháil coirp agus anamna na tíre, mar adéarfá. Tá súil agam go n-éiróidh leis.
Nuair a bhrú na Sasanaigh isteach ins an tír seo cuireadh muintir na tíre seo siar go dtí an talamh bocht ar imeallbhord na hÉireann. Táimíd buíoch do na daoine ann a choinnigh beo an Ghaeilge agus cultúr na nGael. Ar an ábhar sin tá athas orm go bhfuil an tAire ag tabhairt breis airgid chun chuidiú le muintir na Gaeltachta—ó £6 mhilliún go dtí £10 mhilliún. Ní dhéarfainn gur leor é sin. Déarfainn gur suim beag í i gcomparáid leis an méid a caitear ins an tír ar fad. Nuair atá anam na tíre i gceist, is tábhachtach an rud é go mbeadh a dhóthain airgid ag an Aire chun chuidiú le muintir na Gaeltachta.
An chéad rud atá ag teastáil uatha ná obair ina bparóiste féin. Bhí na fadhbanna céanna againn i mo chontae féin. Bhí an talamh bocht. Ní raibh iascaireacht nó tacaíocht eile againn. Ní raibh an teanga againn, ach bhí na hamhráin agus an cultúr againn.
Do dhein gach Rialtas ó bhunú an Stáit iarracht chun an Ghaeilge a shábháil. Má theipeann ar sin, beidh deireadh leis an náisiún seo. D'éirigh le daoine sa Mhór-roinn agus ina lán áiteanna eile a dteangacha féin a shábháil. Ba mhór an náire dúinne má theipeann orainn ár dteanga féin a shábháil.
Ní féidir le daoine ón nGaeltacht dul go dtí na hollscoileanna mar ní bhíonn cuid acu—nílim ag trácht ar an ollscoil i nGaillimh anois—sásta na hábhair a dhéanamh tré Gaeilge. Ní bhíonn na téacsleabhair ar fáil. Ní cuirtear na múinteoirí ar fáil.
Ba chóir go mbeadh cuid den airgead breise seo á úsáid chun chabhrú leis na nuachtáin atá á fhoilsiú sa Ghaeltacht. Tá muintir na Gaeltachta bródúil as a nuachtáin féin a bheith acu.
Ní dóigh liom go gcloistear Radio na Gaeltachta ar fud na tíre. Ba mhaith liomsa dá mbeadh an tAire in ann Radio na Gaeltachta a leathnú amach ar fud na tíre. Tá caint anois mar gheall ar na cláracha BBC a thabhairt isteach sa chuid is mó den tír seo. Bheadh sé i bhfad níos fearr cláracha Radio na Gaeltachta agus Telefís Éireann a leathnú amach ar fud na tíre.
Is fíor gur dhein gach Rialtas sa tír seo iarracht chun an Ghaeilge a athbheochaint. Bhí aithne agam féin ar Risteard Ua Maolchatha. Thóg mé síos go Cabhán é uair amháin nuair a bhi feis ar siúl ann. Bhí áthas ar na daoine ann é a bheith i láthair. Bhí baint ag Pádraig Ó Fachtna agus Miceál Ó Cinnéide leis na ndaoine sa Ghaeltacht freisin. Níl sé ceart a rá nach ndearna na daoine sín a ndícheall ar mhaithe na Gaeltachta. Ach bhí obair deacair acu. Sa bhliain 1958 ní raibh morán fostaíochta ar fáil sa tír seo, ní hamháin sna Gaeltachtaí ach ar fud na tíre ar fad. Ach tá feabhas tagtha ar an scéal anois agus tá níos mó fostaíochta ar fáil.
Maidir leis na deontais a tugtar do mhonarchain sa Ghaeltacht, ba chóir go mbeadh ainmneacha Gaeilge ar na hábhair a deintear ann. Ba chóir ainmneacha na monarcan a bheith scríofa suas i nGaeilge. Sílim go ndearna muintir na Gaeltachta an rud ceart nuair a scriosadar amach an Béarla ar na comharthaí bóthair. Ba cheart don Aire féachaint chuige go mbeadh na comharthaí bóthair i nGaeilge.
Tá i bhfad níos mó Gaeilge ag muintir na tíre seo anois ná mar a bhí 20 bliain ó shin. Ba cheart do RTE níos mó a dhéanamh ar son na Gaeilge. Níor aontaigh mé féin leis an socrú an triail béil a chur ar ceal. Sílim go bhfuil labhairt na Gaeilge an-thabhachtach ar fad, ní hamháin ins na scoileanna agus na hollscoileanna ach do na daoine féin. Nuair a théann daoine go dtí an Gearmaín nó an Fhrainc agus nuair nach mbíonn siad in ann a dteanga féin a labhairt bíonn brón orthu. Ba chóir go mbéadh seans ag muintir na hÉireann an Ghaeilge a fhoghlaim go mór mhór na daoine atá ag obair sa Ghaeltacht—gardaí, múinteoirí, státsheirbhísí agus eile. Níl sé níos deacra an Ghaeilge a fhoghlaim ná teanga ar bith eile. Sílim gur mhór an drochshampla é duine ar bith a admháil gur theip air sa scrúdú Gaeilge sna hollscoileanna. Is léir óna figiúirí a tugadh ón Roinn mar gheall ar na daoine a theip ortha sna scrúdaithe Gaeilge gur theip orthu sna hábhair eile comh maith.
Caithfidh mé tagairt a dhéanamh do na daoine ar a dtugtar an LFM. B'fhéidir go bhfuil siad ag neartú cúis na Gaeilge ach, im thuairimse, cúis náire do dhuine baint ar bith a bheith aige leo. Níl ann ach iarracht an teanga a bhrú faoi chos agus a rá nach bhfuil sa tír seo ach Sasanaigh. Ní mar sin atá sé.
Cé nach bhfuil pingin rua den suim breise seo ag dul go dtí Condae Cabháin nó na háiteanna mór thimpeall, táimid sásta glachadh leis an mBille. Tuigimid go bhfuil sé tábhtachtach do mhuintir na hÉireann uile.
Ba chóir go mbéadh dlú-bhaint ag an Aire le Comhaltas Ceoltóirí Éireann. Is dóigh liom nach bhfuil sé fuirist don Aire dul ó Thír Chonaill go dtí Ciarraí agus go dtí na hoileáin. Ach dá mbeadh sé in ann bheith i láthair ar na fleanna agus na feiseanna, bhéadh fáilte is fiche roimhe ag na daoine atá i mbun na himeachtaí sin, pé polaitíochta atá acu.
Tá a fhios agam go bhfuil an tionsclaíocht agus an Ghaeilge fite fuaite tré na chéile. Muna mbíonn na daoine ina gcónaí sa Ghaeltacht, ní bheidh an Ghaeilge ann. Má imíonn siad ón nGaeltacht beidh an Ghaeilge acu ceart go leor—tá mé cinnte de sin —ach gach teallach a théann amach as an nGaeltacht ní dóigh liom go gcabhraíonn sé leis an tír.
Ba mhaith liom cúpla focal a rá maidir leis na Coláistí Gaelacha atá ag obair sna Gaeltachtaí. Tá beagán eolais agam mar gheall ortha. Sílim go ndearna siad san am atá imithe thart sár-obair do mhuintir na hÉireann. Ins an Samhradh d'imigh a lán daoine go dtí na coláistí seo agus d'éirigh leo biseach agus feabhas a chur ar an nGaeilge a bhí acu. Ina theannta sin chuir siad aithne ar na daoine a bhí ina gcónaí sa Ghaeltacht. Do thuig siad na fadhbanna a bhí acu. D'foghlaim siad na rincí agus na hamhráin. Sa tslí sin do chuidigh an chuairt sin a thugadar ar an nGaeltacht go maith leo. Chomh maith leis sin chuidigh sé le muintir na tíre agus le muintir na Gaeltachta.
Ba mhaith liom go leanfadh na scéimeanna sin i bhfeidhm agus go bhféadfadh, b'fhéidir, iad a leathnú, ionas go mbeimid in ann níos mó daoine a chur ann ó bhliain go bliain. B'fhéidir go mbeadh an tAire sásta an deontas beag a bhíonn le fáil acu a árdú beagán, mar ní dóigh liom go bhfuil athrú ar na figiúirí sin le trí nó cheithre bliana anuas. Tá eolas orainn go léir go bhfuil an méid is féidir a cheannach le £1 an is i bhfad níos lú ná mar a bhí.
Tá súil agam nach bhfuil an ceart agam, ach tá sórt tuairim agam go bhfuil troid an-deacair ar fad ag an Aire b'fhéidir ina Rialtas féin chun a obair féin a chur chun tosaigh. Deirim gur éirigh go rí-mhaith leis. Tá a fhios agam go bhfuil daoine—ní hé amháin san Rialtas ach b'fhéidir i ngach Rialtas agus i ngach áit sa tír— nach bhfuil an muinín nó nach bhfuil an meas acu ar an nGaeilge gur chóir dóibh a bheith acu. Ar an ábhar sin bíonn obair an-deacair ar fad le déanamh ag Aire ar bith nó ag Rúnaí Párlaiminte go mbíonn baint aige le muintir na Gaeltachta.
Nuair a théann na daoine chun na Gaeltachta, chun na coláistí agus mar sin de ní hé amháin go mba cheart an Ghaeilge a bheith dhá labhairt ins na tithe ina bhfuil siad ar lóistín agus ins na siopaí, agus in oifig an phoist agus áiteanna mar sin, ach sílim gur rud an-thábhachtach ar fad na paidreacha. Ba chóir go mbeadh an t-eolas seo ag an gcléir fosta, is cuma ar Caitlicigh, Protastúnaigh nó Preispitéiráinaigh iad. Sílim gur cóir go gcuideodh na sagairt leis an Aire agus le muintir na Gaeltachta chun a bheith cinnte go mbeidh an tAifreann i nGaeilge agus go mbeidh na paidreacha i nGaeilge fosta. Ba chóir go mbeadh—agus sílim go bhfuil —na paidreacha i nGaeilge ag gach sagart sa tír seo agus ag gach ministéir. Bhíodar san ollscoil agus tá céim ollscoile acu. Níl a leithéid agam, ach mar sin féin measaim gur cóir go mbeadh na paidreacha acu. Ba chóir go dtabharfaidis an dea-shampla don aos óg nuair a théann siad thall don Ghaeltacht.
Ba mhaith liom tagairt a dhéanamh do mo chúige féin, Cúige Uladh. Uair éigin nuair a bhéas an tAire ag dul ag cuartaíocht ar fud na tíre agus é ag dul chun na nGaeltachtaí, go mór mhór Gaeltacht Thír Chonaill, Rann na Feirste agus áiteanna mar sin, b'fhéidir go mbeidh sé in ann cuairt a thabhairt ar Bhéal Feirste. Cuidíonn Comhaltas Uladh linne chun airgead a thabhairt do dhaoine dul go dtí na Gaeltachta. Ba mhaith an rud é dá mbeadh an tAire in ann aithne a chur orthu. Bhí an-aithne ag Pádraig Ó Fachtna orthu mar do chaith sé a lán ama sa Ghaeltacht Thír Chonaill. Tá mé cinnte go bhfuil an tAire atá againn anseo chun an rud céanna a dhéanamh. Téann a lán daoine ní hé amháin ó Bhéal Feirste ach óna bailtí móra eile sna Sé Contae chun na Gaeltachta gach Samhradh. Do chuireadh sé íonadh ort an méid acu go bhfuil an Ghaeilge go híontach maith ar fad acu. Níl mé á rá go bhféadfadh sinne, b'fhéidir, deontaisí nó aon rud mar sin a thabhairt dóibh ach ba cheart dúinn fáilte agus fiche a chur rompa agus aon áit ina dtéann siad ar fud na Gaeltachta ba chóir go mbeadh—tá mé cinnte go mbíonn ar aon chaoi—fáilte ag muintir na Gaeltachta rompa. Tá mé á labhairt mar seo chun go mbeadh fhios ag an Aire nach hé amháin go bhfuil an Ghaeilge beo sna Sé Contae is Fiche ach go bhfuil an Ghaeilge i gCúige Uladh fosta agus go bhfuil an-mheas ag na daoine ansin ní hé amháin ar an nGaeilge ach ar na hamhráin, ar an gcaint agus ar gach rud a bhaineann leis. Cuireann siad an-spéis ar fad ann.
Níl fhios agam an bhféadfadh an tAire rud ar bith a dhéanamh leis na nuachtáin. Is cuma an é Scéala Éireann nó an Irish Independent nó aon cheann acu, tá siad go léir ciontach sa mhéid seo nach dtugann siad dóthain spáis don Ghaeilge. Caithfidh mé admháil go bhfuil níos mó spás san Irish Times don Ghaeilge ná mar atá i bpáipéar ar bith des na páipéirí laethúla atá ag dul mór thimpeall na tíre anseo. Molaim an Irish Times mar gheall air sin. Pé páipéar a chuireann rudaí i gcló i nGaeilge tá siad ag cuidiú leis an obair atá á dhéanamh ag an Aire agus tá siad ag cuidiú leis an troid atá idir lámha againn chun an Ghaeilge a shábháil. Ní bheadh sé ró-dheacair dóibh an dáta agus cúpla rudaí mar sin a chur ar bharr an pháipéir mar thosnú. Fiú amháin na páipéirí atá amuigh ins na contaethe faoin dtuaith tig leo sin cuidiú leis an Aire san dea obair atá ar siúl aige.
Seo obair dúinn go léir agus ní ceart go bhfágfaí rud mar seo don Aire, do Phádraig ó Fachtna nó Mícheál Ó Ceit nó d'aon duine eile mar sin. Tá fadhbanna deacra le réiteach acu—talamh bocht ins na ceantair ina bhfuil siad, margadh a fháil don iasc, an tionsclaíocht a chur ar aghaidh. Ba chóir dúinn cuidiú leo na rudaí a dheineann siad ins na Gaeltachtaí cuidiú leo. Fiú amháin an tAire Gnóthaí Eachtracha, ba chóir go mbeadh focal ina chluais ag Aire na Gaeltachta ionas nuair a bheadh sé thar lear go mbeadh sé ag iarraidh margaí d'fháil do na rudaí a déantar ins an nGaeltacht. Tá fhios againn féin go bhfuil na rudaí a déantar ansin chomh maith le earraí ar bith a déantar in aon áit. Dúirt an Seanadóir Ó Buachalla, go ndéanfaidh Dia trócaire air, a bhí ina Chathaoirleach sa Teach seo uair amháin, go bhfaca sé ceann de na hearraí sin a rinneadh in Árainn thall i gCeanada. Ceannaíodh in Árainn é ar £4 agus bhí siad ag fáil £96 i gCeanada. Níl a fhios agam cé fuair an difríocht ach ní dóigh liom gur muintir na Gaeltachta a fuair é cor ar bith.
Ba chóir go mbeadh sinne nach bhfuil ina gcónaí sa Ghaeltacht— daoine nach raibh sa Ghaeltacht riamh—sásta a lán de na rudaí atá déanta in ár dtír féin, más rud é go bhfuil siad comh maith leis na rudaí a thagann isteach, a cheannach. Cuireann sé díomá orm nuair a fheicim daoine fiú amháin ag dul isteach ins na títhe ól agus iad ag iarraidh ól gan cheist mar gheall ar "Paddy" nó biotála mar sin. Sé Scotch nó rud eile mar sin a thagann isteach a bheidh acu.
Ní hé sin an tslí chun cabhrú leis an Aire nó ní hé sin an tslí chun chuidiú le muintir na hÉireann nó le muintir na Gaeltachta. Más Gael sinne cor ar bith, ba chóir go mbeimis sásta cuidiú leis na rudaí a dhéantar in ár dtír féin.
Bhí mé i gContae Corcaigh cúpla uair agus do chuir siad ionadh orm agus áthas chroí orm chomh dílis agus a bhí muintir Corcaigh maidir le gach rud i rinneadh in gContae Corcaigh. D'óladar stout le Murphy, d'óladar "Paddy", agus pé rud ar bith a rinneadh i gCorcaigh agus rud ar bith a rinneadh in Éirinn, ceapann siad nach bhfuil rud níos fearr san domhain. Sin an sprid ba cheart a bheith againne agus sin an tslí is fearr, im thuairimse, go mbeimíd in ann cuidiú leis an Aire óg seo chun cúis na Gaeltachta a chur chun cinn níos fearr.