Tá ceist amháin don Aire. San alt seo táimíd ag tabhairt £4 mhilliún de bhreis do Ghaeltarra Éireann. Trí bliana ó shin, i 1971, thug muid £4 mhilliún dóibh agus tá sé sin uilig ídithe anois. An bhfuil aon smaoineamh ag an Aire cé chomh fada is a rachaidh sé sul a mbeidh sé ag teacht ar ais chun a thuilleadh airgid a fháil? An £4 mhilliún seo cé chomh fada agus a leanfaidh sé?
An Bille um Thionscail na Gaeltachta (Leasú), 1974 (Bille Airgid Deimhnithe): Céim an Choiste agus na Céimeanna Deiridh. Gaeltacht Industries (Amendment) Bill, 1974 (Certified Money Bill): Committee and Final Stages.
Beidh forálacha airgeadais sa Bhille nua chomh maith, sé sin, an Bille a bhaineann le údarás nua na Gaeltachta. Beidh forálacha airgeadais sa Bhille sin.
Ní shin a bhí i gceist agam. Táimíd ag tabhairt £4 mhilliún de bhreis chun tionscail nua a bhunú. Bhfuil fhios ag an Aire cé chomh fada agus a leanfhaidh é sin sul a mbeidh a thuilleadh airgid ag teastáil chun tionscail—níl mé ag caint faoin scéim nua a bhéas aige i gceann cúpla mí— díreach faoi cheist na dtionscail seo. An £4 mhilliún a thug muid i 1971 thóg sé sin trí bliana chun é chaitheamh. An cheapann sé go mbeidh trí bliana eile ag teastáil sula mbeidh breis airgid ag teastáil, nó b'fhéidir dhá bhliain?
Bhí sé ar intinn agam tagairt a dhéanamh do cheisteanna airgid sa Bhille seo ach, níor luaigh aon Seanadóir an cheist sin. Is é atá i gceist anseo ná £4 mhilliún breise a chur ar fáil do Ghaeltarra Éireann. B'féidir nach gcaithfear an £4 mhilliún idir Meitheamh agus Mí na Nollag. B'fhéidir nach gcaithfear an £4 mhilliún púnt. Ach mar sin féin, b'fhearr liomsa dá mbeadh go leór airgid ar fáil do Ghaeltarra agus gan bheith ag teacht ar ais arís go dtí an Dáil agus an Seanad chun airgead breise a fháil. An chuid den £4 mhilliun seo a bheidh fágtha i ndeireadh na bliana beidh sé ar fáil don údarás.
Cuireadh agus aontaíodh an cheist.