Ar dtús, cuirimse fáilte roimh an Bhille seo. Freisin, ba mhaith liom mo bhuiochas a ghabháil don Aire os na rudaí a luaigh sé in a óráid fhéin. Ag an am chéanna, is dóigh liom gur cheart buíochas a ghabháil freisin do a lán daoine eile a bhí ag obair ar na comhairlí éagsúla a bhí ag féachaint isteach san gceist seo. Ar Chomhairle na Gaeilge atá mé ag smaoineamh. Tá sé dearmadtha agam anois ach is dóigh liom go raibh 30 daoine ar an gComhairle sin agus d'oibrigh siad go han dian. Tá mé ag smaoineamh—agus níl mé chun ainmneacha a lú—ar dhaoine cosúil le Con Murphy agus daoine nach maireann anois cosúil le Seán Ó Riada, agus an méid oibre a chuir siad isteach agus an méid tiomáint a dheineadar timpeall na tíre ar lorg tuairimí ó dhaoine sna Ghaeltachtaí uilig. Bhí an obair seo ar siúl acu go páirt-aimsearach. Deineadh an obair agus anois, mar a dúirt mé, tá an Bille seo os ár gcomhar, agus tá mé an-shásta faoi sin.
Anuas ar sin luaigh an tAire an tuarascáil "Gníomh don Ghaeltacht" agus ba mhaith liom mo bhuiochas a chur in iúl do dhaoine a tháinig isteach chun obair a dhéanamh ar an tuarascáil sin agus cuid acu nach raibh ar Chomhairle Gaeilge an uair sin—na daoine a thainig ó SFADCo atá mé ag smaoineamh orthu, daoine cosúil Paul Quigley, Tom Callanan agus Brendan O'Regan. An rud a bhí ag cur isteach orainn an uair sin ná conas d'fhéadfaimís polasaí forbartha agus polasaí teanga a chur le chéile, i dtreo is nach mbeadh ceann amháin ag brú isteach ar cheann eile. Is dóigh liom gur theaspain "Gniomh don Ghaeltacht" cúpla rudaí nua, cúpla polasaí nua a d'fheadfaí úsáid a bhaint astu. Ba mhaith liom iarraidh ar an Aire, dá bhféadfadh sé a dhéanamh, tar éis an Bhille a bheith rite, go mbeadh seminar de shaghas éigin faoi bhráid an Aire agus go mbeadh daoine mar sin ann agus a gcuid tuairimí d'fháil arís anois os rud é go bhfuil seacht mbliain nó mar sin imithe ó scriobhadh "Gníomh don Ghaeltacht". Tá athrú mór tagtha ar an nGaeltacht, ar an reigiún sin, ins an am sin. Cén saghas athraithe atá tagtha? Tá figiúirí maithe ann. Tá tuarascáil bhliantúil Ghaeltarra 1977 agam anseo agus tá mé ag féachaint ar na grafanna i gcomhar fostaíocht lán aimseartha. Téann an graf ó 750 go dtí nach mór 4,300 i 1977, agus tá a fhios agam fhéin anois go bhfuil nach mór míle eile le cur isteach ar sin, timpeall 700 nó mar sin. Dá bhrí sin tá beagainín nios mó ná 5,000 daoine lan-fhostaithe anois.
Is iontach an baint amach é sin nuair a smaoinítear go bhfuilimid ag deileáil le reigiún ina bhfuil timpeall 70,000 daoine, go rabhamar in ann an targéid sin a bhaint amach taobh isteach de deich bhliain, agus nuair a smaoinítear go raibh forbairt idir 1973 agus 1977 ó 2,500 go dtí, abraimís, 4,500, 'sé sin 2,000, agus gur tharla sé sin tríd an tréimhse ina rabhamar ag cailliúint fostaíocht ins an tír ina iomlán. Is maith an rud é an cheist a chur, cad na thaobh go bhféadfadh eagras cosúil le Gaeltarra Eireann an saghas rud sin a bhaint amach agus go raibh deacrachtaí eile sa tír? Ní dóigh liom go mba cheart an iomad ama a chaitheamh ar seo mar baineann sé le polasaí tionsclaíochta ina iomlán sa tír, ach ceapaim féin gur tharla sé mar go raibh daoine ag obair i nGaeltarra a bhí sáite san áit iad féin, a bhí ceangailte ón a gcroí leis an rud agus go rabhadar sásta an seans a thógáil.
Mar is eol díbh—nó b'fhéidir nach bhfuil a fhios ag gach Seanadóir é— bíonn ar Ghaeltarra agus bhí ar Ghaeltarra, scaireanna a thógáil sna gnótha éagsúla gur chuireadar in-fheistiocht iontu. Sin saghas ceangail leo nuair a bhíonn siad ag cur airgid isteach. Mar gheall ar sin, ta baint acu le an-chuid mion-tionscail agus chomh-thionscail agus fo-thionscail. An rud a tharla agus iad ag obtair ar sin, d'fhoghlaimíodar conas gnó a chur ar siúl. Bhí eagsúlacht iontach ag baint leis an rud. Tá rudaí plus agus rudaí minus ag dul le sin ach ón éagsúlacht d'fhoghlaim oifigigh Ghaeltarra mar gheall ar ghnó agus ceapaim féin go raibh sé sin anthábhachtach agus anois go bhfuil siad ar leibhéal cheart agus i riocht ceart chun saghas take-off ceart a bheith acu anois. Is iontach an rud é go bhfuil an Bille seo um Udarás na Gaeltachta ag teacht ar aghaidh chun structúr ceart a chur ar fáil.
Caithfidh mé a rá nach bhfuil mé sásta le gach rud atá sa Bhille ach téann sé leis an 99 faoin gceád den rud ó mo thaobhsa de. Feicim an gnáth rud mar gheall ar Roinn na Seirbhíse Poiblí ag teacht isteach, ach tá súil agam nach gcuirfidh siad isteach ar an só-lúbthacht atá i nGealtarra, sna slionna a bhfuileadar ag baint úsáide as bainisteoirí oilte ó thaobh ghnó de. Tá mé ag cur an leid ar aghaidh go mb'fhéidir go mbeadh.
Duine eile a rinne togha obair o thaobh féachaint isteach ar an phatrún cultúrtha a bhí san Ghaeltacht ab ea an Dochtúir Ó Ceallaigh, a scríobh cúpla tuarascáileacha thar deich mbliain anuas nó mar sin, agus le déanaí bhí mé ag féachaint ar chuid desna rudaí a scríobh sí. Ceapaim go mbeadh sé úsáideach anois freisin a fháil amach an bhfeicfeadh sí an structúr agus an patrún cultúrtha céanna san reigiún sin tar éis an fhostaíocht atá ann anois a bheith ann. Cheapfainn féin go bhfuil saghas mothú nua ins an reigiún i measc na daoine os rud go bhfuil siad tar éis forbairt a bhaint amach ó thaobh cúrsaí eacnamaíochta de. Bheadh sé suimiúil a fháil amach an gceapfadh sí anois go mbeadh na deacrachtaí céanna ó thaobh meascadh idir na daoine lógánta agus na bainisteoirí a bheadh ag teacht isteach ó lasmuigh agus mar sin de. Mar is eol don Aire, bhí sí buartha mar gheall ar chúrsaí oideachais san Ghaeltacht, go m'bfhéidir nach raibh na muinteoirí oilte i gceart chun deileáil leis na saghas deacrachtaí a bheadh ann agus polasaí eacnamíochta ag brú isteach ar ghnáth seanchultúr stairiúil an réigiúin sin.
Ba mhaith liom a fháil amach an bhfuil athrú tar éis titim amach. An bunaidhm—tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh na aidhmeanna a bhaineann leis na háisínteachtaí éagsúla a bhíonn ag obair san Ghaeltacht sa treo chéanna. Mar a deirtear i mBéarla go mbeadh saghas "congruence of aims" agus nach mbeadh áisínteacht amháin ag cur isteach ar áisínteachtaí eile. Tá súil agam go bhfuil an freagra againn anois san Udarás, go mbeadh daoine tofa óna réigiúin ar an mbord agus go mbeadh daoine ar an mbord freisin a mbeadh scileanna forbartha eacnamaíochta, b'fhéidir, acu. Ní dóigh liom go mbéinn go hiomlán ar thaobh mo chomh-Sheanadóir féin a bhí ag labhairt anois. Dúirt sé go mba cheart níos mó daoine ó Dhún na nGall a bheith ann. Sin rud amháin. Ach má tá daoine ó Dhún na nGall ag dul ann, bíodh go mbeadh siad oilte ón taobh forbartha de, tá sé riachtanach go mbeadh siad in ann a scileanna a chur ag obair ó taobh an bun-aidhm—agus aontaím go bhfuil cuid mhaith aidhmeanna ann ach an bun-aidhm ná lán-fhostaíocht a chur ar fáil sna Gaeltachtaí ar mhaith le muintir na Gaeltachta—i dtreo agus go mbeadh caighdeán maireachtála Ghaeltachta ar aon leibhéal leis an chuid eile den tír, go mbeadh forbairt leanúnach ann gan spreagadh ón Stát, go mbeadh sé ag eitilt ar a sciatháin féin agus go mbeadh an pump primeálta, mar a dearfá, agus go dtabharfadh an fhorbairt sin seans do chainteoirí Gaeilge fanacht in a gceanntair dhúchais i dtreo is go mbeadh an saol oiriúnach le haghaidh slánú agus forbairt na Gaeilge. Sin é an saghas bunaidhm atá ar súil.
Ag an am céanna, ag féachaint ar seo caithfimid a admháil go bhfuil deacrachtaí ag aon dream atá ag iarraidh na haidhmeanna sin a bhaint amach agus go gcaithimid i mBlá Cliath, go gcaithfidh an Rialtas agus go gcaithfidh na hAirí eacnamúla sa Rialtas a thuiscint go bhfuil deactrachtaí ann agus bheith tuisceanach nuair a bhíonn aonad anseo agus ansúd i dtrioblóid. Smaoinigh anois ar chuid des na deactrachtaí sin, na deachtrachtaí suíomh a bhaineann leis an rud. Tá an chuid is mó acu suite i bhfad ó chathracha agus bailtí móra, i bhfad ó sheirbhísí riachtanacha, tacaíochta agus cothabhála i bhfad ó áiteanna shóisialta, oideachais agus sláinte. Sin an chéad rud—an suíomh. An tarna rud agus an rud atá ag cur isteach go huafásach ar an obair atá ar súil acu ná an bunsraith nó an infrastructúir. Tá an córas cumarsáide agus an córas iompair an-lochtach. Is minic a bhíonn seirbhísí uisce agus séarachais in easnamh. Níl tithíocht oiriúnach i gach slí, ach arís caithimid a admháil go bhfuil sé ag dul i bhfeabhas agus tá sé ag dul i bhfeabhas os rud é go bhfuil cúrsaí eacnamaíochta ag dul i bhfeabhas. Aontaím le sin, ach sa tús, má bhíonn monarcha ag dul ar aghaidh in áit iargúlta bhí na deacrachtaí sin ann. Tá an córas telefón go dona ar fad. Táimid go léir bréan de bheith ag cur síos ar seo, agus chualamar le déanaí go raibh aon rud amháin a bhí ag baint úsáid as líntí i gcóir computers, go rabhadar ag imeacht ón iarthar mar gheall ar sin. Níl na bóithre go hiontach ó thaobh gnáth iompair agus caithimid a rá nach bhfuil bóthair iarainn ag dul go dtí na háiteanna. An triú rud, ach amháin b'fhéidir i gcúrsaí iascaireachta níl saibhreas lógánta ag baint leis na háiteacha ó thaobh tionsclaíochta de. Rud eile, níl tradisiún fostaíochta i monarchana ag baint leis an chuid is mó de na réigiúin sin. Anuas ar sin bíonn an gnáth saghas rud a bhaineann leis an reigiún, cúrsaí aimsire.
Ní dóigh liom gur baineadh úsáid cheart as tréanáil, ní amháin tréanáil i scileanna teicneolaíochta ach tréanáil scileanna bainistíochta. Caithimid a admháil, os rud é go bhfuil na deacrachtaí sin go léir ag baint le pé aonad atá á chur ar bun, go mbíonn bainisteorí agus teicneoirí i bhfad níos fearr ag tastáil chun cur suas leis na deacrachtaí i deannta a chéile agus dul ar agaidh. Arís caithfidh mé a rá go bhfuil feabhas ag teacht ar sin agus go bhfuil níos mo suime agus go bhfuil saghas tarrthaileachta ann i mbainisteoirí oilte agus i mbainisteoirí go bhfuil scil acu ag dul siar agus fonn orthu dul ag obair in áit cosúil leis an nGaeltacht agus sna monarchana atá á chur ar bun ag Gaeltarra Éireann.
Dúirt an tAire ina óráid go bhfuil cumhachtaí aige nach bhfuil spelled out ins an mBille, ach go mbeadh sé in ann rudaí a dhéanamh, agus glacaim go raibh sé ag smaoineamh ar an mbunsraith nuair a bhí sé ag caint mar gheall ar na cumhachtaí seo. Ceann de na deacrachtaí a chonaiceamar i gComhairle na Gaeilge nuair a bhíomar ag féachaínt isteach ar seo ná ar chonstaici nach raibh Gaeltarra in ann a shárú, constaicí a bhain le leictreachas, uisce agus mar sin de. Ba mhaith liom go leathnódh an tAire beagáinín ar a dúirt sé, go mbeadh sé sásta na cumhachtaí sin a thabhairt don Udarás dá mba gá iad chun aonad a chur ar aghaidh agus nach mbeadh sé ceangailte le deacrachtaí eagrasúil ó Roinn go Roinn.
Is cuimhin liom agus mé ar thuras go dtí Arann ocht mbliana ó shin nó mar sin, go raibh an córas teileafóin go huafásach. Chun glaoigh ar dhochtúir ar Inis Mhóir ó Inis Mheán, bhí ar an leide leictreonach dul ó Inis Mheán go Contae an Chláir, ó Chontae an Chláir go Luimneach, ó Luimneach go dtí Inis, ó Inis suas go dtí Gaillimh, ó Ghaillimh amach go dtí Indreabhán, ó Indreabhán amach arís go dtí Inis Mór, agus b'ionann sin agus a rá nach raibh an rud ag obair ach amháin deich faoin gcéad den am. Níl ansin ach sampla, agus níl mé ach ag cur síos ar chúpla bliain ó shin. Ba mhaith liom go mbeadh an cumhacht ag an Udarás an sreang sin díreach—agus an rud a bhí ag teastáil an uair sin ná radio link beag ó oileán amháin go dtí an t-oileán eile—a dhéanamh iad féin nó é a thabhairt go dtí dream éigin muna mbeadh an Roinn Phoist agus Teileagrafa in ann é a dhéanamh, dá mba rud é nach mbeadh an ESB sásta é a dhéanamh agus mar sin de.
Sin rud mór anseo, agus tá súil agam go bhfuil sé socraithe ins an mBille. Feicim go bhfuil an cumhacht ann ach tá súil agam go bhféadfar é a chur ag obair. Sin an rud.
Pé rud a bhí le rá agamsa ar an rud seo tá sé ráite cheana in áiteacha eile. Cosúil leis an Seanadóir Whitaker, tháinig mé isteach chun fáilte a chur roimh an Aire seo a rabhamar ag feitheamh le fada. Ba mhaith liom tréaslú leis an Aire go bhfuil sé anois ag tabhairt an Bhille seo ar aghaidh, go bhfuil an Bille um Bord na Gaeilge curtha ar aghaidh aige. Tá na bunclochanna ann anois i gcomhair polasaí cheart theanga agus polasaí forbartha i gcomhair na Gaeltachta a bhaint amach. Ba mhaith liom tréaslú leis freisin go ndeachaigh sé i bhfad níos fuide ná mar a bhí beartaithe nuair a bhíomar ag smaoineamh ar an structur daonlathach i gcomhair an rud seo, agus gur phioc sé uimhir i gcomhair an taobh toghcháin de atá níos mó ná an méid a bheadh aige féin. Taispeánann sé sin go dtuigeann sé na deacrachtaí, agus ní nach ionadh os rud é gur tháinig sé ón Ghaeltacht é féin.
Tá súil agam go bhfuil deireadh tagtha leis an imirce ón nGaeltacht. Tá súil agam go bhfuil deireadh freisin leis an easaontas idir na daoine a bhfuil Gaeilge na Gaeltachta acu agus Gaeilge Bhaile Átha Cliath acu, go bhfuil muintir na Gaeltachta anois níos tuisceanaí ar na deacrachtaí a bhíonn ag daoine cosúil liom féin a bheith ag labhairt Gaeilge, agus go mbeimid ag obair guailleann le ghuailleann i gcomhair na bunaidhmeanna céanna. Is é rud a fuair an Dochtúir Ó Cheallaigh amach nuair a bhí sí ag obair ná go gceapann muintir na Gaeltachta—agus tá cuid mhaith de seo le feiceáil ins na fadhbanna i lár cathrach a bhíonn agam anseo—go bhfuil saghas zero sum ar fáil—the theory of limited good, agus aon rud a bhíonn ar fáil i gcomhair dream amháin go bhfuil siad á thógáil ó dhream eile, agus mar gheall ar sin go mbíonn easaontas ann. Tá súil agam go bhfuil sé sin ag imeacht agus go dtuigeann na daoine cad tá ar siúl. Tá na tithe maisithe chomh néata sin anois, mar is féidir a fheiceáil agus tú ag dul timpeall na tíre; tá na monarchana á dtógáil agus níl siad ag brú isteach ar an timpeallacht. Is féidir dul thar na Forbacha anois agus timpeall an Spidéil agus gan a fhios a bheith agat go bhfuil tionsclaíocht mór ar siúl thar an horizon.
Ceapaim go bhfuil rud éigin eile le déanamh ag an Údarás, go gcaithfidís saghas re-establishment ar Ghaeilge a dhéanamh i gcuid desna monarchana agus cuid desna tionscail atá bunaithe. Mar gheall ar an togra atá ar siúl le déanaí ar RTE ag Bord na Gaeilge, "that this is part of what we are", ba cheart don saghas smaoinimh sin an Ghaeltacht agus an Galltacht a chomhshnaidhm le chéile. "It's part of what we are" i mBaile Atha Cliath, i Luimneach nó áit ar bith mar sin ach tá sé níos mó agus níos furasta le feiceáil ó thaobh mhuintir na Gaeltachta de agus go dtógaimis ar sin san todhchaí freisin. Tá an seans againn agus caithimid a rá gurb é seo an seans deireannach. Uaireanta ceapaim go mb'fhéidir go gcaithfimid i bhfad níos mó a dhéanamh ón dtaobh sin de leis na ceantair atá fágtha, atá an-saibhir ó thaobh labhairt na Gaeilge de agus ó thaobh méid labhairt na Gaeilge de. Tá mé ag smaoineamh arís ar áiteanna cosúil le Oileáin Árainn.
Ba mhaith liom arís cúpla focal a rá mar gheall ar chomhpháirtíocht ó thaobh obair an Údaráis de. B'fhéidir nach bhfuil a fhios ag gach éinne, ach i 1970 ní raibh páirtíocht ag Gaeltarra ach i ndeich gcomhlachtaí agus ag rith suas go dtí 1974 bhí siad ag brú ar 50 comhlachtaí agus i 1975 bhí siad imithe suas go dtí nach mór 70 comhlachtaí. D'fhéadfadh go bhféadfaimís a ghlacadh anois go bhfuil siad ag brú ar 100 comhlachtaí. Sin é an leibhéal comhpháirtiochta atá bainte amach acu agus tá réim fada ag na tionscail go bhfuil infheistiú acu iontu. Infheistíocht neamhghnáthach atá ann—garradóireacht, feirmeoireacht, turasóireacht, déantúsaíocht agus tionscail seirbhísí de gach cineál. Tá siad i dtrí óstáin. Tá rudaí an-shuimiúil á dhéanamh i bhfíodóireacht, i slí go bhfuil cuid mhaith den infheistíocht agus na hearraí atá i gceist ceangailte le tionsclaíocht san Iodáil agus d'fhéadfaí ceist a chur, cad na thaobh an Iodáil: sin ceann des na tíortha atá i dtrioblóid ó thaobh an EEC de, agus b'fhéidir go bhféadfaí é a thuiscint níos furasta dá mbeadh a fhios ag gach éinne go labhrann an príomh-oifigeach Iodáilís go han-líofa. B'fhéidir go bhfuil ceacht éigin aige ins an bpíosa sin. Tá baint acu freisin le cúrsaí iascaireachta ach níl siad ag gearradh trasna ar Bord Iascaigh Mhara agus áiteacha eile. Tá siad i gcúrsaí plaisteacha freisin.
Ag tógáil an méid sin go léir san áireamh, sé mo thuairim—níl na figiúirí go beacht agam anois—nach rabhadar ceangailte ach le timpeall leath-dosaen nó mar sin comhlachtaí a chuaigh as gnó. Tá sé an-shuimiúil freisin féachaint ar na figiúirí a bhaineann leis sin. Nuair a oibrítear amach cad a chosnódh sé aonad mar sin a choinneáil ar oscailt i gcomparáid leis na daoine a bheadh ann a cur ar ais ar an dole agus na deacrachtaí sóisialta a bhaineann leis an saghas rud sin, ní ionadh é go ndéanann Gaeltarra iarracht mór le haonad a choinneáil ar oscailt. B'fhéidir freisin go bhfuil ceacht éigin ann i gcóir áisínteachtaí cosúil le IBA, go mb'fhéidir ó thaobh airgead Stáit de, go bhfuil polasaí ag Gaeltarra a d'fhéadfaí a chur ag obair in áiteacha eile sa tír.
Ba mhaith liom sa deireadh a mholadh don Aire go mb'fhéidir go bhféadfadh sé saghas aonaid nó approach piolóiteach, pilot scheme, a chur ar fáil sa slí go bhféadfadh Gaeltarra daoine a chur ag obair in aonaid bheaga, small businesses, ina mbeadh duine amháin nó cúpla duine nó fear agus a bhean nó deartháireacha, agus an tuarastal a íoc ina iomlán agus nár gá scaireanna a thógáil agus go mb'fhéidir go bhféadfaí an tuarastal ina iomlán a bheith socraithe ins an chéad bhliain agus b'fhéidir leath de agus ceathrú de ins na bliana ina dhiaidh sin agus sa slí sin go bhféadfaí ní hé amháin infheistíocht a chur isteach in innill agus meaisíní agus mar sin de, ach go bhféadfaí infheistíocht a chur isteach i ndaoine.
Cuireadh an díospóireacht ar athló.