Tairgim:
Chun fáilte a chur roimh A Shoilse Francois Mitterrand, Uachtarán Phoblacht na Fraince, go hÉirinn agus d'fhonn a chuairt a aithint ar bhealach suntasach, go dtiocfaidh dhá Theach an Oireachtais le chéile i gcomhshuí i Seomra na Dála Dé hAoine, 26 Feabhra, 1988, agus go dtabharfar cuireadh d'Uachtarán Phoblacht na Fraince an comhshuí sin a aitheasc; gurb é an Ceann Comhairle a bheidh i gCeannas chun críocha an chomhshui sin; gurbh é a bheidh in imeachtaí an chomhshuí sin óráid ón gCeann Comhairle ag fáiltiú roimh an Uachtarán, aitheasc an Uachtaráin agus oráid ó Chathaoirleach an tSeanaid ag gabháil buíochais as an aitheasc; agus gurb é an t-am don chomhshuí sin 3 p.m.