Skip to main content
Normal View

Seanad Éireann debate -
Wednesday, 13 Mar 1991

Vol. 128 No. 1

Soláthar don Ghaeilge agus don Ghaeltacht: Tairiscint.

Tairgim:

Go molann Seanad Éireann Aire na Gaeltachta as an soláthar fial atá déanta ag an Rialtas don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i Vóta Roinn na Gaeltachta don bhliain reatha.

Is cúis áthais dom féin mar Aire Stáit a bhfuil cúraimí na Gaeilge agus na Gaeltachta orm labhairt anseo i Seanad Éireann inniu ar son na tairisceana seo.

Ba mhaith liom ar dtús tagairt a dhéanamh d'fhorbairt thábhachtach atá déanta sa Teach seo ó labhair mé anseo an uair dheireannach, sé sin, an córas aistriúcháin chomhuainigh atá anois ar fáil. Tá súil agam go dtabharfaidh an áis seo uchtach do Sheanadóirí an Ghaeilge a úsáid níos minicí feasta i ndíospóireachtaí an Tí. Tá a fhios ag an saol go bhfuil Gaeilge ar a dtoil ag cuid mhaith Seanadóirí agus táim cinnte go bhfuil i bhfad níos mó Gaeilge ag Seanadóirí eile ná mar a cheapann siad féin. Iarraim orthu uilig dea-shampla a thabhairt do phobal na tíre seo agus roinnt éigin Gaeilge a úsáid gach uair a labhraíonn siad anseo.

Tá breis agus £33 mhilliún á chur ar fáil ag an Rialtas i mbliana ar mhaithe leis an nGaeilge agus an nGaeltacht. Is airgead vótáilte £25.7 milliún den mhéid sin atá á cur ar fáil trí Vóta Roinn na Gaeltachta agus, anuas ar sin, íocfar airleacan £7.5 mhilliún díreach as an Státchiste le Údarás na Gaeltachta. Is méadú an-mhór é seo ar an soláthar iomlán — méadú de 40 faoin gcéad ar an tsuim a caitheadh anuraidh, rud a leiríonn thar aon rud eile dáiríreacht an Rialtais seo maidir le cur chun cinn na Gaeilge agus forbairt na Gaeltachta de.

Tá na figiúirí éagsúla le fáil i Leabhar na Meastachán agus ba mhaith liom an deis seo a thapú chun míniú a thabhairt ar na fíricí taobh thiar de chuid de na figiúirí sin. Mar áis do Sheanadóirí, pléifidh mé leo san ord ina bhfuil siad leagtha amach i Leabhar na Meastachán.

Tá deontais tógála agus deontais feabhsúcháin le fáil i gcónaí sa Ghaeltacht faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht) agus táim sásta gur leor an soláthar £1.2 mhilliún atá curtha ar fáil i mbliana chun freastal ar an scéim do thithe Gaeltachta.

Is cúis mhórtais domsa agus don Rialtas go raibh ar ár gcumas deontais fheabhsúcháin tithe a choinneáil ar siúl sa Ghaeltacht ó 1987 i leith, tráth a cuireadh deireadh leo sa chuid eile den tír. Bhí lúcháir orm i rith na bliana seo caite fosta a fhógairt go mbeadh deontas £2,300 ar fáil feasta chun díon tuí ar thithe ceanntuí a athnuachan.

Ar ndóigh, ní íocann mo Roinnse cuidiú ach i gcásanna ina mbíonn an Ghaeilge á labhairt mar ghnáthurlabhra ag teaghlach an iarratasóra. Bíonn deacrachtaí uaireanta faoin ngné seo den scéal i gceantair áirithe Ghaeltachta ach, murach an Ghaeilge, ní bheadh aon ghá le mo Roinnse, le hÚdarás na Gaeltachta ná le Bord na Gaeilge agus tuigfidh sibh go gcaithfear féachaint chuige gur ar Ghaeilgeoirí dáiríre a dhíreofar an cúnamh atá ar fáil faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht).

Tá méadú arís i mbliana ar an soláthar de bheagnach £1.9 milliún atá ar fáil do na scéimeanna feabhsúcháin sa Ghaeltacht a bhíonn á reachtáil ag mo Roinnse. Faoi na scéimeanna sin, tá cuidiú á thabhairt le fada chun bunstruchtúr na Gaeltachta a fhorbairt agus a fheabhsú agus táim cinnte de go bhfuil tionchar tábhachtach ag na scéimeanna sin ar an nGaeltacht. Tá feabhas curtha ar na saoráidí calaíochta sa Ghaeltacht agus tá go leor poist cruthaithe ag an infheistíocht sin. Is clár leanúnach a bhíonn i gceist anseo agus beifear ag leanúint de sa bhliain atá romhainn chun a chinntiú go bhfaighfidh muintir na Gaeltachta an tairbhe is fearr as mhaoin aiceanta na farraige. Ar ndóigh, cuirtear cuidiú ar fáil freisin chun scéimeanna uisce agus saoráidí séarachais a chur ar fáil agus téann sé sin go mór chun leasa na ndaoine. Ní bhíonn mo Roinn ag díriú ar fhorbairt eacnamaíochta na Gaeltachta amháin, áfach, agus d'fhonn cur le saol sóisialach na ndaoine, bíonn cuidiú ar fáil ar mhaithe le háiseanna caidrimh agus caithimh aimsire a fhorbairt.

Measaim féin go bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis na deontais a íoctar chun bóithre áise agus portaigh sa Ghaeltacht a fheabhsú. Is cuidiú í seo a fhreastalaíonn go díreach ar ghnáthphobal na Gaeltachta agus is mór an tairbhe atá bainte amach faoin scéim seo thar na blianta.

Is maith is eol dúinn uile go bhfuil tábhacht nach beag ag baint leis an gcomharaíocht i bhforbairt na Gaeltachta. D'fhonn freastal go príomha ar chainteoirí Gaeilge agus d'fhonn daoine eile a mhealladh ar ais i dtreo úsáid na Gaeilge, tá cuidiú fial curtha ar fáil do na comharchumainn Ghaeltachta ag Roinn na Gaeltachta agus ó Údarás na Gaeltachta. Íocfar deontais, idir caipiteal agus reatha, leis na comharchumainn Ghaeltachta ón Roinn arís i mbliana mar is maith mar a aithním cé chomh tábhachtach is atá an chuidiú sin do na comharchumainn agus is mian liom a chinntiú gur i dtreise a bheidh siad ag dul sna blianta atá romhainn.

Tugann Roinn na Gaeltachta deontais do choistí áitiúla d'fhonn saoráidí sóisialta agus taitneamhachtaí cosúil le hallaí, ionaid phobail, ionaid spóirt, páirceanna imeartha, agus mar sin de, a chur ar fáil. Cé go bhfuil teorainn leis an soláthar atá ar fáil chun freastal ar thograí dá leithéid, tá cuidiú nach beag tugtha ag mo Roinnse do thograí éagsúla ar fud na Gaeltachta agus tá na torthaí le feiceáil go forleathan anois.

Tá feidhm ag cuid de na scéimeanna a thagann faoin gceannteideal Scéimeanna Cultúrtha agus Sóisialta ar fud na tíre ar fad ach baineann cuid eile acu leis an nGaeltacht amháin. Is í scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge an scéim is tábhachtaí de na scéimeanna seo. Faoin scéim sin tugtar cuidiú do theaghlaigh Ghaeltachta a choinníonn foghlaimeoirí Gaeilge ar íostas fad a bhíonn siad ag freastal ar chúrsaí aitheanta Gaeilge sa Ghaeltacht. Soláthar £1.38 milliún atá ar fáil don scéim sa bhliain reatha agus rinne beagnach naoi mhíle déag dalta freastal anuraidh ar na cúrsaí a thagann faoin scéim. B'shin an líon ba mhó a rinne freastal ar na cúrsaí sin le blianta fada.

Tá lúcháir orm a rá go bhfuil caighdeán na Gaeilge ag feabhsú i gcónaí i beagnach gach coláiste agus tá a bhuíochas sin ag dul do lucht eagraithe na gcúrsaí. Tá áthas orm fosta a fheiceáil nach bhfuil leisce ar bith anois ar roinnt coláistí cloí go daingean leis na rialacha maidir le labhairt na Gaeilge le linn na gcúrsaí.

Tá cuidiú nach beag á cur ar fáil againn don nuachtán Anois agus do thréimhseacháin Ghaeilge eile. Is cúis díomá dom féin nach ndíoltar ach líon beag cóipeanna de Anois agus, mura mbeidh méadú suntasach sna figiúirí díolacháin, ní bheidh an dara rogha agam ach socruithe eile a dhéanamh. Tá scéim á reachtáil ag mo Roinnse chomh maith d'fhonn iriseoireacht áitiúil a fhorbairt sa Ghaeltacht trí phobail áitiúla a spreagadh chun irisí a fhoilsiú i nGaeilge.

Tá lúchair ar leith ormsa gur chinn an Rialtas ar mhéadú de 76 faoin gcéad a dhéanamh i mbliana ar an soláthar airgid atá ar fáil d'Údarás na Gaeltachta chun cabhrú leo tionscail sa Ghaeltacht a fhorbairt. Táim cinnte go mbeidh ar chumas an Údaráis an fhostaíocht i dtionscail éagsúla faoina scáth sa Ghaeltacht a chaomhnú agus a mhéadú dá bharr. Beidh beagnach £21.5 mhilliún san iomlán ar fáil don Údarás ón Stát i mbliana i gcomparáid le thart ar £13 mhilliún anuraidh. Is comhartha an-soiléir é sin den tacaíocht atá ann ón Rialtas don obair thábhachtach atá ar siúl ag an Údarás chun saol eacnamaíoch, sóisialta agus cultúrtha na Gaeltachta a fhorbairt agus a chur chun cinn. Bíonn an tÚdarás i gcoimhlint i gcónaí le h-eagrais fhorbartha Stáit eile sa tír seo chun tionsclóirí a mhealladh le tograí fiúntacha a lonnú sa Ghaeltacht a chuirfidh deiseanna fostaíochta breise ar fáil don phobal ansin agus aithníonn an Rialtas go maith na deacrachtaí bunúsacha a bhíonn le sárú acu.

Léiríonn torthaí na bliana 1990 gur éirigh leis an Údarás méadú a bhaint amach arís — don naoú bliain as a chéile — i líon na ndaoine a bhí fostaithe go lánaimseartha i dtionscail sa Ghaeltacht a fuair cuidiú uathu. Tuigim ón Údarás gur cruthaíodh suas le 1,000 post nua breise ar an dtalamh sa Ghaeltacht i rith na bliana seo caite agus, nuair a chuirtear an líon post a cailleadh sa bhliain sin san áireamh, feicfear go raibh glanmhéadú de 5 faoin gcéad ar an bhfostaíocht lánaimseartha. Tá moladh tuillte ag an Údarás dá bharr agus táim lánchinnte go mbeidh an eagraíocht ag brú ar aghaidh, le beannacht agus tacaíocht an Rialtais, lena gcuid tréan-iarrachtaí leanúnacha ar mhaithe le fostaíocht bhreise a chruthú do phobal na Gaeltachta sna blianta amach romhainn.

Tá béim ar leith á cur ag an Údarás le roinnt blianta anuas ar fhorbairt acmhainní nádúrtha na Gaeltachta agus tá ag éirí go maith leo san obair thábhachtach seo. Ghlac an tÚdarás ról ceannródaíochta i bhforbairt tionscail na feirmeoireachta éisc sa tír seo agus mar thoradh air sin is fíor a rá anois go dtagann breis is 50 faoin gcéad d'olltáirge náisiúnta na mbradán ó fheirmeacha atá lonnaithe sa Ghaeltacht gan trácht ar an bhfostaíocht fhiúntach atá á cur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta dá bharr. Aithnaíonn an tÚdarás go maith freisin na buntáistí atá le fáil ó fhorbairt tionscail ardtheicneolaíochta. Chuige sin tá dhá thionscal ar leith bunaithe acu sa Ghaeltacht atá ag baint úsáide as ardtheicneolaíocht agus modhanna nua-aimseartha teilecumarsáide. Agus an bhliain 1992 ag druidim níos cóngaraí dúinn, tá an tÚdarás ag díriú ar Mhargadh Comhaontaithe na hEorpa agus ar an leas a bheidh le fáil ag cuideachtaí sa Ghaeltacht ach iad a bheith ullamh agus eagraithe i gceart chun na deiseanna gnó a bheidh ann a ghlacadh. Le comhairle agus tacaíocht ón Údarás táim lánchinnte go mbeidh na tionscail Ghaeltachta réidh don dúshlán sin agus go n-éireoidh leo an tairbhe is fearr is féidir a fháil ón margadh leathan sin.

Is léir go raibh fadhb na himirce ag déanamh dochair mhóir don Ghaeltacht, agus don tír i gcoitinne le blianta beaga anuas, ach is féidir glacadh leis go leanfaidh an tÚdarás go fonnmhar leis na hiarrachtaí leanúnacha atá ar siúl acu i gcónaí chun tionscail fhiúntacha a aimsiú a chruthóidh fostaíocht bhreise sa Ghaeltacht agus, leis an soláthar méadaithe atá curtha ar fáil dóibh i mbliana, táim lánsásta go mbeidh an rath ar a gcuid iarrachtaí.

Is as Ciste na Gaeilge — fo-mhírcheann I den Vóta — a íoctar cuidiú le Bord na Gaeilge, le Bord na Leabhar Gaeilge agus leis na heagrais dheonacha Ghaeilge — Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Gael-Linn, Conradh na Gaeilge agus eagrais eile. Ar ndóigh, is as fáltais an chrannchuir náisiúnta a thagann an soláthar do Chiste na Gaeilge anois.

Soláthar £1.5 mhilliún atá ar fáil do Bhord na Gaeilge i mbliana agus tá dóchas agam go n-éireoidh leis an mbord obair fhiúntach a chur i gcrích i rith na bliana seo. Tá obair mhór le déanamh ag an mbord agus b'fhearr liom go ndíreodh siad a n-iarrachtaí ar na ceantair mhóra daonra, áiteann a bhfuil dul chun cinn déanta le blianta beaga anuas ó thaobh na Gaeilge de. Tréaslaím a gceapacháin leis na gcomhaltaí nua a ceapadh ar an mbord le déanaí agus táim cinte go rachaidh a mbuanna chun tairbhe don Ghaeilge.

Níl mé chun mórán a rá anseo inniu faoi cheist na teilifíse trí Ghaeilge. D'fhógair Aire na Gaeltachta — An Taoiseach, An Teachta Ó hEochaidh — ag an deireadh seachtaine go mbunófar an tseirbhís an bhliain seo chugainn agus, ar ndóigh, tá fáilte curtha roimh an fhógra sin. Bígí cinnte de go mbeidh go leor le rá agam faoin ábhar seo sna míonna amach romhainn.

Faoi mar a dúirt mé cheana, is tríd an gcrannchur náisiúnta a dhéantar airgeadú ar Chiste na Gaeilge as a gcuirtear cuidiú ar fáil do Bhord na Gaeilge agus do na heagrais dheonacha Ghaeilge. Anuas ar sin tá a lán tograí fiúntacha ar mhaithe leis an nGaeilge á gcur i gcrích le hairgead ón gcrannchur náisiúnta. Mar shampla, cuirfear tús i mbliana leis an obair ar an áras nua don Ghaeilge atá le tógáil i gColáiste na hOllscoile i nGaillimh le cúnamh de £1.2 mhilliún. Is buntáiste mór do chur chun cinn na Gaeilge an chuidiú seo as fáltais an chrannchuir a bheith ar fáil agus is áthas liom go bhfuil teacht againn ar an bhfoinse airgid sin — £4.9 milliún sa bhliain reatha, sé sin méadú de bheagnach 19 faoin gcéad ar an tsuim a caitheadh anuraidh.

Ní fhéadfaí a rá ach go bhfuil soláthar fial déanta ag an Rialtas i mbliana don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Faoi mar atá ráite agam cheana, tá soláthar na bliana seo 40 faoin gcéad níos airde ná an tsuim a caitheadh anuraidh. Nuair atá srianta i bhfeidhm i gcónaí ó thaobh caiteachais Stáit de, tuigfear go soiléir nach bhfuil sa tairiscint atá á plé anseo anocht ach lom-chlár na fírinne.

Ba mhaith liom a chur in iúl don Teach go gcuireann sé isteach go mór orm go bhfuil teidil na díospóireachta seo ar na monatoirí scríofa i mBéarla. Tá súil agam go ndéanfar é sin a cheartú.

Déanfaimid ár ndícheall an ceartú a chur i gcrích.

Shíl mé i dtosach báire nach mar seo a bheadh an cineál díospóireachta atá ar bun againn, nach mbeadh sé go huile agus go hiomlán faoin méid airgid atá a cur ar fáil do Roinn na Gaeltachta i leith réimsí éagsúla a bhaineann leis an Ghaeilge. Seo seachtain na Gaeilge agus is é an spiorad atá taobh thiar den rún seo ná go mbeimis ag breathrú orainn féin ó thaobh na Gaeilge agus go ndéanfaimis smaoineamh ar cá seasaimid uilig — agus tá mé ag caint faoi Chomhaltaí sa Teach seo agus sa Dáil agus daoine timpeall na tíre go léir. Má thugaimid anseo dea-shampla do dhaoine taobh amuigh, táimid ag déanamh rud cruthanta don Ghaeilge. Tá díomá orm go bhfuil an díospóireacht atá ar siúl againn bunaithe ar, mar a dúirt an tAire, an cúnamh fial ó thaobh airgid de atá curtha ar fáil, mar beidh mise in ann a chur in iúl nach bhfuil sé sin fíor i leith réimsí airithe a bhaineann le cur chun cinn na Gaeilge.

Ó tháinig mé isteach sa Seanad, feicim go bhfuil an-mheas ag go leor daoine — agus in a measc tusa, a Chathaoirligh — ar an teanga labhartha. Thug tú anchúnamh nuair a bhí an troid againn chun an córas aistriúcháin a sholáthar. Tháinig sé sin de bharr obair a bhí déanta ag Seanadóirí le blianta fada anuas sula dtáinig mise go dtí an Teach seo. Tharla gur chuireamar brú an-mhór ar siúl; bhí an dá thaobh den Teach trí chéile ach bhí na Comhaltaí báúil, agus bhí tú féin, a Chathaoirligh, i do cheannródaí le cinntiú go gcuirfí ár n-aidhm i gcrích. Is dá bharr sin go léir a d'éirigh linn an córas aistriúcháin a fháil. Is dul chun cinn mór é sin agus léargas é do mhuintir na hÉireann go bhfuilimid i ndáiríre agus go bhfuilimid ag déanamh rud praiticiúil ar son na Gaeilge. Cuirtear i leith lucht polaitíochta go minic nach bhfuil ach cur i gcéill i leith na Gaeilge agus b'fhéidir go bhfuil fáth leis sin agus b'fhéidir nach bhfuil. Ach sna Tithe seo caithfidh mé a rá go bhfaighim an-chomhoibriú ó chuile dhuine, ó Theachtaí Dála, ó Sheanadoírí, fiú amháin ó chuile dhuine atá ag obair anseo. Tá siad go léir cairdiúil agus báúil don Ghaeilge agus am ar bith a labhraímse leo nó nuair a bhím ag plé leo, feictear dom go bhfuil an Ghaeilge beo beathach thart timpeall Tithe an Oireachtais.

Dul chun cinn eile a deineadh ná Seomra na Gaeilge a chur ar fáil. Rinneadh an beart sin d'aonturas le go bhféadfadh Teachtaí Dála agus Seanadóirí agus daoine eile teacht le chéile agus úsáid a bhaint as an teanga. Is oth liom a rá — agus tá súil agam go gcuirfidh an tAire Stáit faoi bhráid an Taoisigh agus Aire na Gaeltachta é seo — nach bhfuil úsáid dá laghad á baint as. Bhí mé ag iarraidh dul isteach ann inniu ach bhí glas ar an doras. Níl foireann ná áiseanna ar bith ann len é a chur ag obair. Bíodh is go raibh an intinn go maith agus go raibh go leor cainte nuair a hosclaíodh é, tá díomá orm nach bhfuil scéim níos simplí, níos praiticiúla le leanúint ar aghaidh leis an tús a deineadh sa Teach seo.

Tá dul chun cinn eile le feiceáil. Tá ranganna Gaeilge á reachtáil le haghaidh na gComhaltaí agus mar sin de. Is comhartha eile é sin go bhfuil suim sna Tithe sa Ghaeilge.

Ar an dtaobh eile den scéal, caithfimid uile a bheith aireach faoin Ghaeilge. Tá gráin agam go pearsanta ar Seachtain na Gaeilge, go dtugtar Seachtain na Gaeilge ar sheachtain amháin, am ar bith sa bhliain, bíodh go bhfuil Lá 'le Pádraig istigh ina lár, mar ní dóigh liomsa, mar dhuine a d'fhoghlaim an Ghaeilge, ar nós chuile dhuine eile, go mba chóir dúinn bheith ag ainmniú seachtain ar leith le Gaeilge a labhairt. Tá go leor daoine ann a cheapann, os rud é Seachtain na Gaeilge a bheith ann, go labhróidís Gaeilge amháin ar feadh cúpla lá agus ansin go ndéanfaí dearmad air an chuid eile den bhliain. Ba cheart dúinn uilig a bheith níos dílse don Gaeilge ar feadh na bliana go léir agus ní ar feadh Sheachtain na Gaeilge mar atá á fógairt faoi láthair. B'fhéidir nach mbeadh an díospóireacht seo ann anocht ach amháin gur chinn duine éigin go mba dheas an rud é go mbeadh díospóireacht againn os rud é gurb é seo ócáid Sheachtain na Gaeilge. Ba mhaith liom a cheapadh go mbeadh muid in ann díospóireacht a chur ar siúl trí Ghaeilge sa Teach seo seachtain ar bith sa bhliain agus ní le linn tréimhse amháin a dtugtar Seachtain na Gaeilge air.

Anois caithfidh mé filleadh ar an rún atá molta, go bhfuil soláthar fial airgid curtha ar fáil ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta don bhliain reatha. Ní aontaím leis sin, agus chuir sé iontas orm, dála an scéil, alt a bhí ag an Seanadóir Ó Cuív ar an Irish Times inar dhúirt sé go raibh an iomarca ar fad d'airgead na Roinne á chaitheamh ar riarachán agus luaigh sé go raibh £3 mhilliún á chaitheamh ag oifig Roinn na Gaeltachta, Bord na Gaeilge, Gael-Linn agus Conradh na Gaeilge, agus mar sin de, i mBaile Átha Cliath.

Más cur amú airgid agus más rud é nach bhfuil an t-airgead á chaitheamh i gceart ba chóir don Seanadóir nó do dhuine ar bith eile a chuireann ráiteas mar sin amach seasamh leis an ráiteas agus tacaíocht dá réir a thabhairt sa dóigh is go bhféadfaí deireadh a chur leis, nó é a ghearradh nó rud éigin níos fearr a dhéanamh leis. Luaigh sé san alt céanna go raibh solúbthacht i bhfad níos fearr ag Roinn na Gaeltachta i leith deontais agus airgead a dháileadh ná mar atá ag Údarás na Gaeltachta agus go gceapann sé gurb iad riarthóirí Roinn na Gaeltachta na riarthóirí is éifeachtaí sa tír. Má bhí áibhéil riamh ann, tá mé ag ceapadh gur cuid den áibhéil é sin. Is beag riar atá le déanamh ag Roinn na Gaeltachta ar an méid airgid a bhíonn acu. Dúirt sé rud in aghaidh Údarás na Gaeltachta nach bhféadfainn glacadh leis ar chor ar bith, go gcosnaíonn sé 50p in aghaidh chuile phunt le haghaidh riaracháin agus gur indictment é sin, rud uafásach, ar Údarás na Gaeltachta. Caithfidh go bhfuil dearmad déanta aige go bhfuil luach thart ar £60 milliúin d'fhoirgnimh agus chuile shórt eile ag Údarás na Gaeltachta agus go gcaithfear é sin a mhaoiniú agus a bhainistiú agus ní dhéantar é sin gan caiteachas airgid.

Níl sé fíor go gcaitear 50p in aghaidh chuile phunt ar riarachán ar chor ar bith. Sa bhliain 1989 chaith an tÚdarás £18 milliún ar fad agus as sin caitheadh £3.6 mhilliún ar riarachán, sin 20 faoin gcéad, agus i bhfad níos lú ná an 50 faoin gcéad a luaigh an Seanadóir. Ó thaobh airgead na bliana seo le haghaidh Údarás na Gaeltachta, fuair an tÚdarás deontas caipitil £9.4 mhilliún sa bhliain 1990 agus i mbliana fuair siad £12.6 mhilliún agus déarfá go bhfuil ardú mór airgid ansin. Ach fuair tionscal amháin i nDún na nGall, atá ag cur cuid mhaith fostaíochta ar fáil, £3.2 mhilliún de sin, agus nuair a bhaineann tú sin den iomlán feicfidh tú gurb é an t-airgead céanna atá ann, £9.4 mhilliún, atá le fáil le haghaidh dheontas caipitil do ghnáthimeachtaí Údarás na Gaeltachta. Nuair a chuirtear san áireamh go bhfuil treoir ón Roinn gan dul thar £6.2 mhilliún i 1991 agus go raibh £5 mhilliún glanta cheana féin sul má bhí deireadh na bliana 1990 ann, fágann sé sin nach bhfuil ag Údarás na Gaeltachta le caitheamh i mbliana ach £1.2 mhilliún.

Más moladh don Údarás atá ann de bharr a bhfuil curtha i gcrích acu mar atá ráite ag an Aire Stáit ina óráid, cén chaoi a bhféadfadh Údarás na Gaeltachta bheith i mbarr a réime agus gan ach £1.2 mhilliún ar fáil acu, sé sin gan airgead deontais don bhliain seo. Tógaimis ceist airleacain ansin, i 1990 arís bhí £4.6 mhilliún i gceist, bhí meastacháin istigh le haghaidh £14 mhilliún agus fuair siad £7.5 milliún ón Stát, ardú 100 faoin gcéid beagnach. Ach caithfidh tú a chur san áireamh ansin, as an £7.5 mhilliún, go bhfuil £2.5 mhilliún ag dul do Rubber Motor Teo. agus £2 mhilliún do thionscal a bhí ar bun an bhliain roimhe sin. Má bhaineann tú é sin den iomlán níl fágtha ach £3 mhilliún agus as an £3 mhilliún sin caithfidh tú scaireanna a thógáil agus chomh maith leis sin, a bheith ag plé le gnáth-thógáil monarchana, athchóiriú monarchana, tógáil réamh-mhonarchana agus caiteachas ar eastáit tionsclaíochta, rud a fhágann, go bunúsach, nach bhfuil fágtha, dáiríre, i gciste Údarás na Gaeltachta le haghaidh obair na bliana seo ach £1.5 mhilliún d'airleacain nuair a bhaintear airgead scaireanna amach; fiú amháin, den £1.5 mhilliún atá ann tá £600,000 de sin imithe cheana féin agus tá sé uilig imithe go Dún na nGall, agus níl mé a rá gur drochrud é a bheith imithe ansin. Tá £400,000 le haghaidh Snáth Chill Chártha agus £200,000 le haghaidh Éadach Chonamara, sin £600,000 as an £1.5 mhilliún caite cheana féin le scaireanna a chur isteach in aon chomhlacht a bheidh ann i rith na bliana.

Táimid ag glacadh leis sin, ach níl sé ceart a rá go bhfuil an Roinn fial, ar aon nós níl sé fial le hÚdarás na Gaeltachta. Thar aon chuid eile den Státchóras atá faoi Roinn na Gaeltachta, tá Údarás na Gaeltachta, dar liomsa, ina sheoid agus ba chóir go mbeadh tacaíocht an-láidir le fáil acu. Tá torthaí bainte amach ag an Údarás, mar atá ráite ag an Aire Stáit féin. Tá 1,000 post cruthaithe ag an Údarás i 1990, sin comhlachtaí a fhaigheann tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta. Mhéadaigh sé seo an fhostaíocht lánaimseartha iomlán 5 faoin gcéad go dtí 5,587, agus seo an naoú bliain as a chéile gur tharla méadú ar fhostaíocht sa Ghaeltacht. Mar sin, ní thuigim cén chaoi a bhféadfaí a rá gur indictment é ar Údarás na Gaeltachta an chaoi a bhfuil siad ag caitheamh a gcuid airgid.

Tá glanmhéid cánach 25 faoin gcéad tugtha i gcás fhiacha 1980 agus shroich líon na bpost seasmhach 1,898, sin méadú 11 faoin gcéad geall leis ar líon iomlán na bliana roimhe sin. Ar ndóigh, cruthaíodh 1,000 post, cailleadh 746 ach, mar sin féin, bhí méadú 5 faoin gcéad san iomlán. Ceadaíodh 270 tionscnamh, idir mhór agus bheag, i rith na bliana agus tá 1,146 phost ansin. Ceithre mhilliún punt déag d'airgead Stáit atá ann. Chomh maith leis sin tá an earnáil phríobháideach ag cur isteach £36 mhilliún, agus, mar mheán, £11,000 le post a chur ar fáil. Léiríonn sé sin go han-soiléir do dhuine ar bith a bhfuil fonn air éisteacht, go bhfuil anobair go deo ar bun ag Údarás na Gaeltachta, agus aon chúnamh a fuair siad nach airgead amú a bhí ann agus go bhfuil sé cruthaithe acu go bhfuil na poist curtha ar fáil acu. Tá sé cruthaithe acu, níos fearr ná an IDA ná aon chóras Stáit eile, agus nuair a chuirtear san áireamh cé chomh hiargúlta is atá a limistéar feidhmiúcháin, na deacrachtaí agus na coinníollacha oibre a bhaineann le saothair Údarás na Gaeltachta maidir le jabanna a chur ar fáil, is geall le míorúilt é go bhfuil siad chomh héifeachtach sin.

Dá mhéad tacaíocht a thugann an Stát dóibh is amhlaidh is fearr é maidir le buaine mhuintir na Gaeltachta, ó thaobh maireachtála de, ó thaobh na Gaeilge de agus ó thaobh shlánú na Gaeilge de. Os ag caint air sin atá mé, is ábhar an-mhór imní do bhord Údarás na Gaeltachta é an síorchreimeadh atá á dhéanamh ar an nGaeilge sa Ghaeltacht. Tá cloiste agam go ndearna Bord na Gaeilge suirbhéireacht le deireanas agus go bhfuil siad ag diúltú an tsuirbhéireacht sin a fhoilsiú, mar tá sé chomh soiléir sin sa suirbhé go bhfuil a ré caite ag an Ghaeilge sa Ghaeltacht. Tá mé féin ag rá sin le blianta fada anuas, go bhfuil a ré caite. Tá neart Gaeilge sa Ghaeltacht cinnte; tá sí agam féin agus ag mo chlann, ag chuile dhuine timpeall an bhaile, ach gabh siar go dtí aon cheann de na scoileanna náisiúnta agus is é an Béarla atá á labhairt i ngach uile cheann acu gan eisceacht. Sin bás na Gaeilge sna Gaeltachtaí.

Sin é an fáth go bhfuil an-imní orm. Táimid ag cur béime air sin chomh maith le hiarrachtaí a dhéanamh an Ghaeilge a thabhairt linn. An t-airgead atá á fháil ag Údarás na Gaeltachta tá sé á chaitheamh ar an dóigh cheart, agus níor chóir a rá nach bhfuil sé á chaitheamh i gceart. Níor chóir a rá nach bhfuil luach an airgid faighte ag an Stát ó thaobh Údarás na Gaeltachta de. Tá sé sin le feiceáil, tá na figiúirí ann le é a chrúthú, agus is amhlaidh an scéal ní amháin inniu agus inné ach le blianta fada anuas, ó aimsir Ghaeltarra Éireann, agus mar sin de. Mar sin, nuair a chloisim go leor dá bhfuil ráite ag an Aire Stáit, is deas é le haghaidh na Gaeilge, is maith ann é, is maith an rud atá ráite aige faoi a Roinn féin agus faoin Udarás ach, ag deireadh an lae, is í an teanga labhartha atá sa chomhaireamh, agus tá díomá orm nach ann do theilifís Ghaeltachta. Chomh luath agus a bheidh sé sin ar bun againn tá seans éigin ann go mbeimid in ann an dé a choinneáil sa teanga ar feadh, b'fhéidir, glúine eile le deis a thabhairt don ghlúin sin í a phiocadh suas. Feicim go bhfuil an Cathaoirleach ag éirí mífhoighneach liom. Críochnóidh mé ach arís molaim na hiarrachtaí go léir atá á ndéanamh sa Teach seo chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus tá súil agam go leanfar leis seo.

Ba mhaith liom ar dtús moladh a thabhairt don Aire Stáit as an obair atá sé ag déanamh ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta. An díospóireacht seo atá ar bun faoi Sheachtain na Gaeilge, sílim go mba thráthúil é gur fhógair an Taoiseach ag Ard-Fheis Fhianna Fáil Dé Sathairn seo caite go mbeidh teilifís na Gaeltachta againn an bhliain seo chugainn. Creidim, má tá aon ní amháin ag teastáil ón nGaeltacht, is í an teilifís í. Creidim gurb í seo an chéim is mó a bheas tógtha ar son na Gaeilge ó cuireadh Raidió na Gaeltachta ar bun sna seachtóidí.

Tá i gceist agam labhairt go ginearálta faoin nGaeilge, faoin nGaeltacht, agus, ar ndóigh, i ngeall nach bhfuil againn ach scór nóiméad ní bheidh mé in ann tagairt a dhéanamh ach do roinnt ábhar. Molaim, i dtosach, an rún atá faoi bhráid an Tí seo. Níl aon amhras, dá mbeadh slánú na Gaeilge i ndán ach breis airgid a chaitheamh, bheadh sé cinntithe anois. Tháinig méadú fíor-shuntasach; bliain ar tháinig 4 faoin gcéad, de mhéadú ar na Meastacháin Rialtais ar fad, tháinig méadú 17 faon gcéad ar Mheastachán Roinn na Gaeltachta, agus ní beag sin. Ar ndóigh, caithfimid a admháil nach le hairgead amháin a shábhálfar an Ghaeilge.

Ba mhaith liom tagairt a dhéanamh don Ghaeilge sa Ghaeltacht, don Údarás agus do Roinn na Gaeltachta. Rinne an Seanadóir Ó Foighil tagairt don méid a dúirt mé agus a raibh tuairisc air — ní alt a scríobh mé ach tuairisc — ar cheann de na páipéir laethúla le gairid. Séard a bhí mé a rá ná go gcaithfear, arís agus arís eile, scrúdú a dhéanamh ar pholasaithe na Gaeilge. Na rudaí a bhí feiliúnach sna caogaidí agus sna seascaidí tá cuid de na scéimeanna sin nach bhfuil feiliúnach do shaol an lae inniu. I gcás na Gaeltachta, caithfimid breathnú as an nua ar ról na Roinne agus ar ról an Údaráis.

Mar bhainisteoir comharchumainn is minic a chuala mé bainisteoirí comharchumainn ag gearán faoin mbealach a ndéanann an tÚdarás plé leo. Is minic a chuala mé muintir na Gaeltachta ag gearán faoi easpa pholasaí teanga an Údaráis. Is minic a chuala mé an gearán nár dhírigh an tÚdarás níos mó iarrachtaí (agus glacaimse leis go bhfuil athrú áirithe polasaí ann anois) ar pholasaithe forbartha a bheadh bunaithe ar acmhainn na teanga í féin. Mar shampla, is le gairid amháin a cuireadh Telegael agus a leithéid ar bun le fístéipeanna a chur ar fáil. Níl mé sásta ach oiread go bhfuil ceangal sách dlúth idir muintir riaracháin an Údaráis agus pobal na Gaeltachta. Sin a deir na daoine liom, sin mo thaithí féin.

Caithfear, níos mó agus níos mó, dul i gcomhairle leis an bpobal féin nuair a bheas pleananna forbartha do na ceantair á réiteach. Freisin, mholfainn d'Údarás na Gaeltachta pleanáil go cuimsitheach le féachaint chuige go mbeidh áit lárnach ag an nGaeilge in aon fhorbairt atá ar bun sa Ghaeltacht. Níl mise ag iarraidh go mbeidh cumhachtaí, mar shampla, turasóireachta, ar láimh amháin, ag Údarás na Gaeltachta agus, ar an láimh eile, ag Bord Fáilte sa Ghaeltacht. Má tá locht ar bith ann, ó thaobh an dreama atá ag iarraidh obair a dhéanamh ar an talamh, is é go bhfuil an iomarca áisíneachtaí ag titim thar a chéile, ag cur dreamanna amú le hobair agus le hiarratais. Níl éinne atá gafa le cúrsaí forbartha nár mhaith leo an rud sin ar fad a fheiceáil simplithe. Ach, cinnte, dearfa, i gcás na Gaeltachta, aon fhoras Stáit atá ag obair sa Ghaeltacht, caithfidh blas Gaeltachta, blas Gaeilge a bheith ar a gcuid oibre.

Mar sin, d'fheicfinn mar a tharla leis na SES schemes go mbeadh cás ann go mbeadh gníomhaireacht Ghaeltachta ag Údarás na Gaeltachta nó ag dream mar iad thar ceann Ranna nó bhoird Stáit i bhfeidhmiú a gcuid polasaithe ar an talamh sa Ghaeltacht. Tá sé seo thar a bheith tábhachtach i gcás na tuarasóireachta, mar feictear dom nach bhfuil polasaí Gaeilge ar bith ag Bord Fáilte. Feictear dom nach bhfuil béim dá laghad acu ar an acmhainn a bhaineann, ó thaobh tuarasóireachta de, leis an nGaeltacht agus leis na nGaeilge. Ní fheicim aon chláir acu le daoine ón iasacht a thabhairt anall mar go bhfuil Gaeltacht againn agus, cinnte, tá an t-éileamh sin ann, go mórmhór ó ollscoileanna thar sáile.

D'fheicfinn an rud céanna le FÁS. Ní heol dom cén chaoi a oibríonn FÁS agus rannóga traenála an Údaráis i dteannta a chéile agus tá mé 17 mbliana ag plé leis an dá dhream. Feictear domsa go mba cheart gur faoi FÁS a bheadh ceapadh polasaí ach gur faoin Údarás a bheidh feidhmiú agus riaradh an pholosaí sin ó lá go lá sa Ghaeltacht, ó thaobh cúrsaí traenála de. Maidir leis na cláracha nua atá ag teacht isteach — an clár Leader: Integrated Rural Development — creidim go mba cheart iadsan a eagrú sa Ghaeltacht ar bhonn Gaeltachta. Creidim gur idir an Roinn agus an tÚdarás a ba cheart na scéimeanna sin a oibriú. Ní fheicim go bhfuil sé ciallmhar ná réasúnta go mbeadh Roinn na Gaeltachta ag íoc deontaisí riaracháin le bainisteoirí Ghaeltachta agus go mbeadh dream eile riaracháin áitiúil á chur isteach ag dream eile Stáit, ag an am gcéanna. Go minic, nuair a chuireann dreamanna ó thaobh amuigh den Ghaeltacht daoine isteach sa Ghaeltacht, ní cuirtear aon bhéim ar an dtábhacht go mbeidh Gaeilge ag an té a cheaptar. Ba bhreá liomsa, nuair a bheas an t-athstructúrú á dhéanamh ar chúrsaí rialtais áitiúil, go dtabharfar aitheantas don Ghaeltacht san athstructúrú sin. Ba chóir a chinntiú go dtabharfar aitheantas don Ghaeltacht mar aonad nó mar aonaid, go háirithe ó thaobh riarachán laethúil de.

Ba mhaith liom tagairt a dhéanamh anois do Roinn na Gaeltachta. Ní dóigh liom go bhféadfaí a sárú d'fháil ó thaobh riaracháin de, agus tá mé ag plé leis an Roinn le fada. Deireann daoine eile a bhíonn ag plé leis an Roinn seo go bhfuil an-éifeacht leis an bhfoireann bheag sa Roinn agus go bhfuil simplíocht ag baint leis an cineál iarratais a chaithfear a chur chucu agus leis na coinníolacha a leagtar síos nuair a cheadaítear deontais. I gcás comharchumainn de chuid Roinn na Gaeltachta, scríobhtar na coinníolacha ag gabháil le ceadú deontas ar leathanach amháin páipéir. Bíonn suas le scór leathanacha de choinníolacha ag gabháil leis an deontais is lú ó Údarás na Gaeltachta. Ag deireach an lae, thabharfadh sé seo le fios gur lú an loiceadh ar dheontais agus ar choinníolacha deontas ag Roinn na Gaeltachta, ó thaobh loiceadh sa ghnáthchiall nó ó thaobh daoine ag tabhairt droim láimhe dóibh, mar go bhfuil ceangal dílseachta ag daoine leis an Roinn mar go dtuigtear go gcaitear go cothrom leo.

Molaim scéim chomharchumainn Roinn na Gaeltachta. Is é an scéim seo, thar aon scéim eile, a thionscnaigh forbairt sna ceantair bheaga Gaeltachta. Murach an scéim sin ní bheadh comharchumann i mo cheantar féin. Murach an comharchumann ní bheimis in ann iarratais a chur chuig an Roinn nó chuig an Údarás ar son rud ar bith. Ba í an scéim agus an deontas reachtála a chuir ar chumas daoine an comharchumann a bhunú. Cén fhorbairt a bheadh ann in Inis Meáin, in Inis Oírr, in Árainn Mhór, ar Oileán Chléire, i gCorca Dhuibhne, Cois Fharraige nó i nDún na nGall murach scéim chomharchumainn Roinn na Gaeltachta? B'fhéidir go bhfuil sé in am dúinn athbhreithniú a dhéanamh ar an scéim sin agus cuid de na téarmaí a athrú. Tá mé féin ag moladh, le fada, go gcuirfí deireadh leis na deontais chaipitil agus go mbunófaí an cúnamh ar fad ar phleanáil Ghaeilge agus ar dheontais reachtála. Fós féin, ba iontach éifeachtach an scéim sin ar bheagán caiteachais airgid.

Bheadh go leor de na pobail Ghaeltachta marbh murach an cúnamh a tugadh do mhuiroibreacha. Ba mhaith liom moladh speisialta a thabhairt don chúnamh fial a tugadh do mhuintir Inis Meáin anuraidh. B'shin ceann de na scéimeanna is mó a chuaigh chun sochair muintir an oileáin ariamh. Caitheadh go tuisceanach leis na daoine agus íocadh go scioptha iad. Tá a fhios agam gur thug an scéim sin an-misneach do mhuintir an oileáin bhig sin atá ar cheann de na Gaeltachtaí is Gaelaí dá bhfuil sa tír.

Ní mór breathnú freisin ar scéim na mná tí. Is é an scéim seo a choimeádann an Ghaeilge beo sna Gaeltachtaí, cé gur beag a chaitear air. Is é seo an t-aon scéim eacnamaíochta ar féidir a rá ina taobh, nach féidir greim a fháil ar an airgead mura bhfuil Gaeilge á labhairt sa teach ina bhfuil na páistí ar saoire. Is é seo an scéim thionsclaíoch is fairsinge agus is scaipthí sa Ghaeltacht agus gur féidir a rá faoi go dtreisíonn sé go mór leis an nGaeilge. Molaim an Roinn go mór as an scéim sin.

Creidim, in ainneoin atá ráite agam, go bhfuil sé in am dúinn breathnú ar chuid de scéimeanna na Roinne. Luaigh an tAire an t-airgead atá á chaitheamh ar Anois agus an easpa díolaíochta atá air. Luaigh sé freisin scéim Bord na Leabhar Gaeilge. Ní mór breathnú as an nua ar na scéimeanna seo. Cuireadh alltacht agus uafás orm le deireanaí nuair a chuaigh mé ag cuardú fístéipeanna le bheith agam don choláiste Gaeilge i mbliana. Ní raibh mé ábalta teacht ar sholáthar ceart fístéipeanna do na coláistí Gaeilge. Is cosúil nach bhfuil a leithéid ar fáil ach oiread do mheánscoileanna nó do bhunscoileanna na tíre. Má táimid ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun tosaigh, caithfear é seo a dhéanamh ar bhealach thaitneamhach nua-aimseartha. Is minic a smaoiním ar an mhaitheas a dhéanfadh sé dá mbeadh a leithéid de Mickey Mouse nó Donald Duck ar fáil trí Ghaeilge le taispeáint lá fliuch i mbunscoileanna na tíre ag am an bhriseadh. Bheadh an-tarraingt aige sin ar pháistí. D'fhoghlaim mo pháistí féin Béarla ó bheith ag breathnú ar chláracha cartúin ar an teilifís. Más féidir Béarla a fhoghlaim uathu, dob fhéidir Gaeilge a fhoghlaim uathu freisin.

Maidir le ceist na Gaeilge i measc an phobail, measaim gurb é an cinneadh a ba thábhtachtaí ná an cinneadh a déanadh faoi theilifís na Gaeltachta.

Tá sé in am dúinn athbhreithniú a dhéanamh ar na heagraíochtaí Gaeilge ar fad. Ní leor a rá go bhfuil siad ann agus nach féidir iad a scrúdú mar dá ndéanfaí é sin go bhféadfaí a rá go raibh an scrúdaitheoir ina n-éadan agus in éadan na Gaeilge. Baineann an fhadhb seo le gluaiseacht na Gaeilge le fada an lá. Má deirtear rud ar bith futhu, cuireann na heagraíochtaí amach a gcuid spicí ar nós gráinneoige, agus diúltaíonn siad breathnú ar an gcás. Níl aon amhras ormsa ná go bhfuil an iomarca eagraíochtaí Gaeilge ann agus go bhfuil an iomarca airgid á chaitheamh orthu i leith riaracháin, go háirithe i mBaile Átha Cliath.

Is minic nach dtuigim cén ról, ann féin, atá ag Bord na Gaeilge. Tháinig an bord faoi bhráid Comhchoiste an Oireachtais agus nuair a bhí deireadh ráite, ní fhaca mé céard a bhí ar bun ach nach bhféadfadh dream eile a bhí ann rompu a dheánamh chomh maith céanna. B'fhéidir nach dtuigim an cás go baileach agus muna dtuigim, fáilteoidh mé roimh eolas ar an gceist.

Measaim gur Roinn na Gaeltachta amháin a ba chóir a bheith i mbun deontas Stáit a íoc ar imeachtaí Ghaeilge leasmuigh den Ghaeltacht, agus go mba chóir don Roinn iad a íoc go díreach le Gaelscoileanna agus le heagraíochtaí eile. Ní fheicim ciall ná réasún le bheith ag cur airgid ón Roinn ar aghaidh go dtí an Bord agus ón mbord ar aghaidh go dtí eagraíochtaí eile. Caithfear féachaint ar na fíor-riachtanais atá ann, ní ar chothú eagraíochtaí ar mhaithe le heagraíochtaí. Tá obair na Gaeilge agus na Gaeltachta ró-phráinneach. Mar sin féin, tá borradh ó thaobh na Gaeilge i measc an phobail, agus admhaím é sin, agus tá go leor den chreidiúint sin ag dul do na Gaelscoileanna agus do Ghlór na nGael. Agus ó thaobh Ghaeilgeoirí na tíre de, caithfear go leor den fhorbairt ar an nGaeilge a bhunú ar an dá ghluaiseacht sin. Caithfear díriú ar a gcuid riachtanas agus an t-airgead atá ann a dhíriú, níos mó sa treo sin. I gcás an phobail go ginearálta ní mór féachaint chuige go bhfuil ionad beag ag chuile eagraíocht Stáit in a mbeidh ar a gcumas cáipéisí a aistriú agus seirbhís a chur ar fáil i nGaeilge do phobal na Gaeilge. Tá sé sin déanta, mar shampla, ag an dream cánach. Tá sé déanta ag Bord Telecom agus molaim iad, ach caithfear leanúint leis an pholasaí sin agus é a chur ar fáil gan dua gan stró.

Tá go leor eile gur mhaith liom a rá agus a cheapaim go mb'fhiú a rá, ach, ar ndóigh, ceal ama, ní bheidh deis agam na hábhair sin a phlé anois. Ach ag deireadh, ba mhaith liom moladh eile a dhéanamh, go ndéanfadh RTÉ cinneadh go gcuirfí ar fáil, go mór mhór nuair a bheidh an Dáil agus an Seanad á dteilifísiú, clár seachtainiúil i nGaeilge de na sleachta as díospóireachtaí an tSeanaid agus na Dála. Tá mé cinnte, dá ndéanfaí sin, go dtiocfadh méadú 300 faoin gcéad ar úsáid na Gaeilge sa dá Theach, agus gurbh shin an bealach ba phraiticiúla a d'fhéadfadh RTÉ, i gcomhar le Tithe an Oireachtais, úsáid na Gaeilge in dhá Theach an Oireachtais a chur chun cinn i mbliana.

Is rún amaideach é seo, dar liomsa, rún gan bhrí, rún nach bhfuil taobh thiar de ach plámás. Níl i seachtain na Gaeilge ach gnás folamh. Deir an rún "go molann Seanad Éireann Aire na Gaeltachta as an soláthar fial atá déanta ag an Rialtas don Ghaeilge agus don Ghaeltacht". Má tá sé fíor, má tá siad tar éis caitheamh go fial agus go flaithiúil leis an teanga náisiúnta agus an Ghaeltacht, níl ansin ach an dualgas atá air. Níl aon mholadh tuillte aige dá bharr. Is é fírinne an scéil nach bhfuil faic na ngrás déanta ag an Rialtas seo ná ag Fianna Fáil, ó tháinig siad ar ais i gcumhacht i 1987, chun an Ghaeilge a chothú. Dúirt an Seanadóir Ó Foighil go bhfuil dul ar aghaidh áirithe déanta sa tír, ó thaobh na teanga de, agus thagair an Seanadóir Ó Cuív d'eagraíochtaí ar nós Gaelscoileanna agus Glór na nGael. Ach, is don phobal atá an chreidiúint ag dul agus ní don Rialtas. Is grúpaí deonacha, tuismitheoirí agus na gnáthdhaoine, atá ag cur na Gaeilge ar aghaidh i láthair na huaire gan aon bhuíochas don Rialtas. Is iad Fianna Fáil a mhaíonn gurb iadsan caomhnóirí na teanga — aidhm de dhá mhóraidhm náisiúnta is ea athbheochan na teanga. Luach lárnach is ea athbheochan na Gaeilge, mar dhea, ach, mo léan, níl fianaise ar bith go gcreideann siad gurb amhlaidh atá.

Tá stádas na Gaeilge an-lag sa saol poiblí, agus ní dhéanfainn aon idirdhealú idir saol na ndaoine, fiú saol na ndaoine sa Ghalltacht — tá ag éirí níos fearr leis an teanga sa Ghalltacht i láthair na huaire ná sa Ghaeltacht — ach dhéanfainn idirdhealú idir saol na ngnáthdhaoine agus an saol poiblí, an saol polaitiúil, agus tá stádas na Gaeilge lag sa saol polaitiúil. Anocht, ar feadh tamaill mhaith, ní raibh ach fotheidil Bhéarla ar an scáileán teilifíse, item No. 4. Nuair a tháinig an tAire Stáit isteach sa Teach seo cuireadh fáilte roimhe trí Bhéarla ag an gCathaoirleach, agus is é an leagan Béarla den rún a léigh an Cathaoirleach amach. Bheifeá ag súil go mbeadh Fianna Fáil chun tosaigh ag iarraidh Alt a hOcht de Bhunreacht na hEireann a chomhlíonadh, os í an Ghaeilge an teanga náisiúnta, is í an phríomhtheanga oifigiúil í. Ach níl sé le thabhairt faoi deara go dtógann siad an chlasáil sin í ndáiríre. Sa Seanad anseo, níos mó ná uair amháin, chuir siad daoine ar aghaidh chun oifigí a líonadh, an Chathaoir agus oifigí eile, nach raibh ach ar bheagán Gaeilge nó nach raibh aon Ghaeilge acu. I mo thuairimse, is comhartha drochmheasa é sin ar a ndearcadh ar an nGaeilge.

B'éigean don Seanadóir Ó Foighil cás cúirte a bhagairt ar an Rialtas sar ar ghéilleadar dó, sar ar thugadar dó a cheart bunreachtúil trí chóras aistriúcháin a chur ar fáil. Ní hionann agus fadó, is fíorbheagán cainteoirí Fhianna Fáil anois a bhfuil fiú an cúpla focal acu. Tá sé sin, is trua liom a rá, le tabhairt faoi deara. Níl ach an dornán anois a bhacann fiú leis an gcúpla focal. Tá fáinne airgid, an bhfuil a fhios agaibh, ag bean chéile Ambasadóir na Breataine sa tír seo, an Bantiarna Fenn, agus déarfainn go bhfuil níos mó Gaeilge aici siúd ná mar atá ag an-chuid de dhaoine Fhianna Fáil. B'fhéidir go n-éireoidh le hathbheochan na Gaeilge thall i Sasana. Thug an Taoiseach óráid fhada uaidh ag an Ard-Fheis ag deireadh na seachtaine seo caite ach bhí sé suimiúil nach raibh ach cúpla alt suarach aige trí Ghaeilge. Ó bhliain go bliain laghdaítear ar an méid Gaeilge atá le cloisteáil ar ócáidí poiblí mar sin. Thug sé agallamh don chlár "This Week" agus bhí sé ag plé cheist na teilifíse, is é sin teilifís Ghaeilge nó teilifís na Gaeltachta, agus ba léir ón méid a dúirt sé, agus ba léir ón dearcadh a bhí aige, go gceapann sé anois nach bhfuil sa teanga ach meán chun dream beag a shásamh, rinne sé tagairt do Ghaeilgeoirí faoi mar a dhéanfadh naimhde na teanga fadó, ag tabhairt le tuiscint nach bhfuil iontu ach dream beag agus caithfear iad a shásamh ar shlí éigin.

Bheadh sé i bhfad níos fearr dá mbeadh sé de mhacántacht ag an Taoiseach a rá go bhfuil an cluiche caillte nó an cluiche imeartha ó thaobh Fhianna Fáil de. Maidir le comhpháirtí an Rialtais, na Progressive Democrats, cén tionchar atá acu siúd ar dhearcadh nó ar pholasaí an Rialtais? Bhí mé ag breathnú ar an dréacht atá acu de Bhunreacht na hEireann, agus is léir go bhfuil céim síos tugtha acu don teanga, fiú sa Bhunreacht sin, cé go bhfuil an dá leagan ann. Níor chuala mé riamh aon bhall de na Progressive Democrats a bheith díograiseach faoin teanga náisiúnta. Ní foláir go bhfuil sé sin i gceist mar thionchar ar plolasaí an Rialtais chomh maith. Ach is é an masla is mó atá tugtha ag an Rialtas, ag Fianna Fáil, don Ghaeilge, agus is masla a thosaigh cúpla bliain ó shin, agus maireann sé fós, ná nach bhfuil an Taoiseach sásta aon Aire faoi leith a cheapadh don Ghaeltacht. Ann féin, is céim síos tubaisteach don teanga é siúd nach bhfuil aon Aire ag bord an Rialtais le gradam lán-Aire, seachas Aire sóisearach, Aire Stáit. Is rud scannalach é sin, dar liom. Bhí Aire na Gaeilge sa chéad Dáil agus i mblianta tosaigh na réabhlóide, agus táimid ag cúlú siar ó shin i leith.

Tá go maith, bíodh an Taoiseach ina Aire Gaeltachta, agus más amhlaidh atá, ba chóir dó na dualgais sin a chomhlíonadh. Cá bhfuil sé anocht? Cad ina thaobh nach bhfuil sé anseo, agus i mbun an rúin sa Teach seo anocht? An bhfuil sé róghnóthach in áit éigin eile? An bhfuil aon ní níos gnóthaí ná gnó na teanga Gaeilge? Is rud uafásach é, dar liom, nach labhraíonn sé féin an Ghaeilge ach go fíorannamh agus, go bhfóire Dia orainn, droch-Ghaeilge ansin. Tríd is tríd, mar sin, níl sa rún seo ach cur i gcéill; cuireann sé déistean orm agus táim chun cur ina aghaidh go tréan.

Ba mhaith liom ar dtús fáilte a chur roimh an Aire Stáit go dtí an Teach seo. Caithfidh mé freisin mo bhuíochas agus mo chomhghairdeas a ghabháil leis toisc a mhéad airgid a thug sé don Ghaeilge, do mhuintir na Gaeltachta agus d'Údarás na Gaeltachta i mbliana. Is ait an rud é ach bíonn gearán ann i gcónaí ag na daoine ar an taobh eile den Teach seo. Caithfidh muid féachaint ar record Fhianna Fáil i leith na Gaeilge. Cé a bhunaigh Údarás na Gaeltachta, cé a chuir Raidió na Gaeltachta ar siúl, cé a chuir Bord na Gaeilge ar siúl — an ndearna an Comhrialtas nó na daoine ar an taobh eile den Teach? Ar bhunaigh siad aon rud riamh i dtaobh na Gaeilge? Bhíodar ann ó 1974 go dtí 1978. Cad a rinne siad? Ní dhearna siad faic i dtaobh na Gaeilge. Bhí siad ann arís ó 1983 go 1986 agus an t-aon rud a rinne siad ná caint san aer. Táimid anois tar éis fógra a fháil ón Taoiseach go bhfuil sé chun teilifís do mhuintir na Gaeltachta a chur ar siúl. Ní haon mhasla é ón Taoiseach gan a bheith anseo anocht. Tá fear chomh maith anseo ó Dhún na nGall agus tá fáilte roimhe.

Aontaím leis an tairiscint atá romhainn. I mbliana thug Rialtas Fhianna Fáil méadú mór ar an airgead don Ghaeltacht, níos mó ná £26 mhilliún, i gcomparáid le £16 mhilliún anuraidh. Thugamar deontas dúbalta d'Údarás na Gaeltachta, beagnach £23 mhilliún. Faoi mar a dúirt Aire na Gaeltachta, an Taoiseach é féin, "Is í an Ghaeilge croí-lár ár n-oidhreachta, an tseoid is luachmhaire agus an comhartha is suntasaí ar ár náisiúntacht". Ag an deireadh seachtaine, d'fhógair an tAire go mbunófar teilifís na Gaeltachta an bhliain seo chugainn. Tá a fhios againn go léir cé chomh tábhachtach is atá na meáin chumarsáide. Ní fada ó tháinig an teilifís isteach sa Teach seo. Is ar RTÉ a bhíonn na craoltaí faoi láthair, ach an bhliain seo chugainn beidh muid in ann freastal i gceart ar an nGaeltacht, áit arb as dom féin, agus níl fáth ar bith nach mbeidh ár gcuid gnó sa Teach seo trí Ghaeilge. Tá an córas aistriúcháin againn anois agus caithim arís buíochas a ghabháil leis an Aire mar is é sin a thug an córas aistriúcháin sin dúinn. Bhí mé ag éisteacht leis an Seanadóir Ó Foighil ar feadh tamaill ansin ag caint as Gaeilge, agus bhí sé ag éisteacht leis an gcóras aistriúcháin; ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis na daoine a bhí ag déanamh an aistriúcháin. Níl a fhios agam cá bhfuil siad, ach tá siad ag éisteacht.

Mar is eol do Sheanadóirí tá cúrsaí Gaeilge le tosú ag an Státchóras, Bord na Gaeilge, ar 9 Aibreáin, agus is iad GaelLinn a bheidh i gceannas. Beidh sé ar siúl trí lá sa tseachtain, Dé Máirt, Dé Céadaoin agus Déardaoin, agus mairfidh siad uair a chloig, ag tosú 9.30 ar maidin, agus arís ar a sé a chlog tráthnóna. Níl leithscéal ag éinne gan freastal ar na cúrsaí. Má úsáideann gach aon duine againn beagáinín níos mó Gaeilge beidh muid in ann ár ndúchas a shábháil, agus go mórmhór sa bhliain 1992 é a thaispeáint don domhan. Chomh maith leis sin, tá an seomra speisialta curtha ar fáil ina bhfuil taifeadáin ar fáil as Gaeilge. Mar chuid den ullmhúchán le haghaidh na bliana seo chugainn, is é Rialtas Fhianna Fáil a thug isteach clárphlátaá nua doghluaisteáin — plataí dhátheangacha a thaispeánann ainm an chontae, i nGaeilge agus i mBéarla, chomh maith le hainm an Chomhphobail. Bhí an-áthas orm an chéad cheann a fheiceáil roimh an Nollaig ag an Aire Comhshaoil, an Teachta Flynn.

Bunaíodh Bord na Gaeilge faoi Rialtas Fhianna Fáil sa bhliain 1978. Is córas Stáit iad rud a ndéanann an-chuid daoine dearmad de. Is í aidhm an bhoird an dátheangachas a chur ar aghaidh ar fud na tíre, go mbeadh an Ghaeilge mar phríomhtheanga sa Ghaeltacht agus béim ar leith uirthi in áiteanna eile mar theanga thráthúil. Ní chuireann sé isteach ar aon duine an dá theanga a bheith aige. Chun an fhírinne a rá is dóigh liom féin go gcabhraíonn sé go mór nuair a bhíonn duine ag iarraidh teanga eile a fhoghlaim — cibé acu Fraincís, Arabais nó aon teanga eile. Mar chid den obair seo chuir Bord na Gaeilge roinnt féilte seachtaine agus deireadh seachtaine ar siúl. Chuir siad dhá fhístéip ar fáil. Beidh siad ag reachtáil Fonn '91 i mBaile Átha Cliath, comórtas d'amhráin nuachumtha i nGaeilge. Tá comórtais á n-eagrú ag lucht gnó, ollmhargaá agus óstáin.

Is é Bord na Gaeilge a bhunaigh ÁIS, an comhlacht mór díolacháin do leabhair Ghaeilge. An bhliain seo caite dhíol ÁIS leabhair le 350 siopa sa tír seo agus d'fhreastail seo ar dhá thír déag thar lear. Tá tuairim is 2,500 teideal á láimhseáil ag AIS. Tugann an córas Stáit seo, Bord na Gaeilge, deontais do Chomhar na Múinteoirí Gaeilge agus cabhair eile oideachais; bíonn said párteach sa Chomhchoiste Réamhscolaíochta freisin. Tá rannóg speisialta ag an mbord chun plé le cearta daoine agus tá fáilte roimh chách an tseirbhís seo a úsáid chun cabhair a fháil trí Ghaeilge. Le tamall anuas tá tuiscint ag lucht gnó ar thábhacht na Gaeilge, rud atá soiléir ón méadú a tháinig ar fhógraíocht trí Ghaeilge. Roimhe seo is minic a bhí clú an fanatic ar daoine a d'úsáid an Ghaeilge, ach anois tá sé soiléir, ní amháin do lucht na siopaí agus na gnóthaí beaga ach don tionsclóir gur rud indíolta í an Gaeilge: Feargal Quinn, Tim agus Denis O'Mahony agus Marks and Dpencer ina measc. Tá gradam bunaithe acu a chuirfidh an Ghaeilge chun cinn go rialta, ní amháin ar chursaí gailf agus ag lóin. Tá iarracht á déanamh acu. Tuigeann gnáth-mhuintir na hÉireann tábhacht na Gaeilge. Tá os cionn 225 naíscoil agus breis is 50 Gaelscoil sa tír anois. Ní bhíonn mórán Gaeilge ag tuismitheoirí na leanaí seo go minic ach tá siad ag déanamh iarrachta.

Bhíodh faitíos ar dhaoine uaireanta an Ghaeilge a usáid ar eagla go mbeadh an lipéad "fanatic" á chur orthu. Buíochas le Dia tá an lá sin thart. Táimid sna nóchaidí anois. Tá dúil ag pobal na tíre inár dteanga féin, an Ghaeilge. Is sinn-ne ionadaithe an phobail, béal na ndaoine. Nach ceart dúinn an iarracht chéanna a dhéanamh? Chuir sé brón orm nuair a thug an Teachta John Bruton, ceannaire Fhine Gael, ísliú chéime don Ghaeilge leis an mbinse tosaigh a d'ainmnigh sé le déanaí. Cuir sin i gcomparáid leanár gceannaire féin, An Taoiseach, Cathal Ó hEochaidh, atá ina Aire Gaeltachta é féin.

Is í seo seachtain na Gaeilge. Tosnóimis inniu. Cuirimis go lé le chéile faoi mar a dhein Fianna Fáil ar son na Gaeilge. Aontaím leis an rún, a Chathaoirligh.

Ar dtús caithfidh mé a rá nach bhfuil an Ghaeilge go ró-mhaith agam mar tá mé as cleachtadh le blianta. Mar sin féin, os rud é gurb í seo seachtain na Gaeilge, déanfaidh mé iarracht. Ní aontaím leis an rún. Dar liomsa tá gá i bhfad níos mó airgid a chaitheamh sa Ghaeltacht leis an teanga agus an Ghaeltacht féin a fhorbairt.

Tá go leor deacrachtaí le sárú sa Ghaeltacht. Tá na daoine óga, go mór-mhór, ag imeacht ón nGaeltacht agus nuair a imíonn siad tógann siad leo cultúr ansaibhir. Is mór an trua é nach bhfilleann mórán de na daoine sin thar n-ais go buan. Cé go bhfilleann cuid acu ar laetheannta saoire is cúis bhróin domsa go bhfuil an scéal mar atá. Tá an-chuid daoine sa Ghaeltacht dífhostaithe mar tá go leor le déanamh fós le tionscail a fhorbairt inti. Tá deacrachtaí eile ag baint leis an infrastructure. Bhí go leor le rá ag an Seanadóir Ó Cuív go speisialta maidir leis an gcóras teileafóin sa Ghaeltacht agus maidir le costas an chórais go háirithe do thionsclaíocht sa Ghaeltacht. Dar liomsa bhí go leor den cheart ag an Seanadóir Ó Cuív nuair a labhair sé ar na hábhair sin. Tá go leor deacrachtaí ag baint le bóithre na Gaeltachta, na bóithre beaga go mór-mhór ar a bhfuil an t-uafás pot-holes.

Bhí cúpla rud le rá ag an Seanadóir Fitzgerald mar gheall ar na "fanatics".

Níl siad chomh forleathan nó chomh fanaticiúil is a bhí siad. Is rud an-mhaith é sin mar dhein siadsan a lán damáiste don teanga tríd na blianta.

Maidir leis an teanga féin, níl an scéal ró-mhaith. Tá an-chuid daoine as cleachtadh cosúil liomsa agus tá moladh ag dul do Bhord na Gaeilge agus daoine mar sin atá ag déanamh iarrachta deiseanna a thabhairt do dhaoine atá as cleachtadh a gcuid Gaeilge a fheabhsú. Cuirim fáilte roimh an obair atá á déanamh ag an mbord ón dtaobh sin de. Níl na daoine ag labhairt na teanga chomh forleathan is a bhí siad. Ní rud maith é sin ar chor ar bith. Cuirimse fáilte roimh seachtain na Gaeilge agus tá súil agam go n-éireoidh léi.

Ba mhaith liomsa ar dtús fáilte a chur roimh an Aire, an Teachta Gallagher agus á rá go n-aontaím leis an rún atá os ár gcomhair. Déanaim comhgháirdeas leis an Seanadóir Pat Upton as an sár-iarracht a rinne sé an Ghaeilge a labhairt sa Teach anocht. Ní aontaím leis ach mar sin féin tréaslaim leis as ucht an méid a bhí le rá aige.

Rinne an Seanadóir Murphy tagairt do phlámás an Rialtais i leith an rúin seo agus athbheochan na Gaeilge. I mo thuairimse is daoine diagasúla cosúil leis an Seanadóir Murphy, daoine atá cinnte go bhfuil siad níos fearr na éinne eile sa tír, agus a bhfuil gearán acu faoi gach aon ní, a dhéanann níos mó damáiste do ahtbheochan na Gaeilge ná aon duine eile. Bhí sé ag caint faoi dhaoine nach bhfuil mórán Gaeilge acu a bhí á gcur ar aghaidh ag Fianna Fáil do phostanna éagsúla. Níl aon rud cearr leis sin, i mo thuairimse. Éinne a bhfuil spéis aige sa Ghaeilge, ba cheart gach aon chabhair a thabhairt dó chun an Ghaeilge a labhairt agus chun a shuim sa Ghaeilge agus san athbheochan a spreagadh.

Dúirt an Seanadóir, ar an gcéad dul síos, go raibh labhairt na Gaeilge ag imeacht ó na daoine agus, ar an dtaobh eile den scéal, dúirt sé go raibh athbheochan na Gaeilge ag dul ar aghaidh in áiteanna éagsúla. Ní fhéadfadh sin a bheith ag tarlú, áfach, gan cabhair a fháil ón Rialtas i bhfoirm deontais agus araoile chun an Ghaeilge a chur chun cinn.

Gach uair a labhraíonn an Seanadóir Murphy tugann sé masla don Taoiseach. Cibé rud a dheineann an Taoiseach níl sé ceart i dtuairim an tSeanadora. Is uafásach an scéal é go bhfuil sé ag teacht isteach anseo ag déanamh gearáin agus ag déanamh damáiste do athbheochan na Gaeilge. Tá seisean cinnte gur cheart go mbeadh an Ghaeilge go líofa ag gach éinne chun í a labhairt ar an gcéad dul síos. Ní hé sin an bealach chun an Ghaeilge a chur ar aghaidh in aon chor. Caithfimid gach iarracht a dhéanamh na daoine a mhealladh chun an Ghaeilge a labhairt. Tá daoine a bhfuil an-spéis acu sa Ghaeilge ach nach bhfuil ar a gcumas í a labhairt. Mar sin féin, tá siad sásta iarracht a dhéanamh agus molann siad dá gcuid páistí féin an teanga a labhairt. Tá mise i mo bhall de ghrúpa stiúrtha a bhunaigh an Rialtas roinnt blianta ó shin chun an Ghaeilge a chothú tríd an chóras rialtais áitiúil. Caithfidh mé a rá go bhfuil an-dul chun cinn déanta ag an ngrúpa sin. Tá an-chabhair ar fáil againn, ní amháin ón Rialtas, ach ó Bhord na Gaeilge, Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus eagraíochtaí eile mar iad. Chomh mhaith leis sin, is fíor go bhfuil borradh agus feabhas tagtha ar athbheochan na Gaeilge ó bunaíodh na Gaelscoileanna.

Ba mhór an onóir dúinn féin i Borrisokane nuair a thug an tAire Stáit, an Teachta Gallagher, cuairt ar an mbaile chun teastas agus boinn a bhronnadh ar thuismitheoirí agus dhaltaí a bhí ag freastal ar ranganna Gaeilge. Bhí slua mór i láthair ag an mbronnadh an oíche sin. Creidim go bhfuil níos mó suime sa Ghaeilge faoi láthair ná mar a bhí riamh. Cén fáth go bhfuil sé seo amhlaidh? Níorbh fhéidir, dar liomsa, é a dhéanamh gan an chabhair a bhí le fáil ón Rialtas. Tá an-spéis ag an bpobal sna hiarrachtaí atá ar siúl, ar nós an tionscnaimh atá ar siúl againn féin le cúpla bliain anuas, "Tiobraid Árann ag labhairt". Léiríonn sé seo uilig cad is féidir a dhéanamh agus léiríonn sé chomh maith go bhfuil an-spéis ag na daoine ina bhfuil ar siúl chun an teanga náisiúnta a chur chun cinn.

Tréaslaím arís don Aire Stáit, don Taoiseach agus do Roinn na Gaeltachta as a bhfuil á dhéanamh acu, agus is mór an onóir dom cuidiú leis an rún.

Mr. Farrell

Déanaim comhghairdeas leis an Aire Stáit as an obair atá á déanamh aige chun ár dteanga dhúchais a neartú. Is dócha gur chuala na Seanadóirí an seanfhocal. "Is fearr Gaeilge briste ná Béarla cliste". Níl ach Gaeilge bhriste agamsa ach tá áthas orm go bhfuil níos mó Gaeilge in úsáid anois. Cluinim Gaeilge á labhairt ar na páirceanna imeartha gailf, rud a thugann le fios go bhfuil dul chun cinn déanta. Sílim go bhfuil níos mó Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht ná laistigh. Nuair a chuala mé an Seanadóir Ó Foighil ag rá go bhfuil an Ghaeilge ag dul i laige sa Ghaeltacht níor chuir sé mórán iontais orm mar tá sí ag dul i laige ansin le blianta fada anois. Nach mór an trua nach féidir leis an Aire deontas a thabhairt do thionsclóirí lasmuigh den Ghaeltacht a bheadh sásta monarcha a thógáil lasmuigh den Ghaeltacht agus gan ach fostaithe le Gaeilge bheith ag obair ann. Dá ndéanfaí a leithéid sin chuirfeadh sé feabhas mór ar an scéal. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le Bord na Gaeilge, mar sílim gurb iad an grúpa is mó agus is gníomhaí maidir leis an teanga a chur chun cinn. Is cá an bord a bhí taobh thiar de fhochoistí a bhunú sna comhairlí contae agus is iad na comhairleoirí féin atá ag brú na Gaeilge ar aghaidh. Bíonn cúrsaí Gaeilge ar siúl ag a lán comhairlí contae faoi láthair. Sa fochoiste againn féin i Sligeach tá cúrsa Gaeilge beartaithe don mhí seo chugainn agus bainfidh mé úsáid as. Mar fhocal scoir, déanaim comhghairdeas arís leis an Aire Stáit agus leo siúd a chuir an rún seo os ár gcomhair anocht.

Cuireadh agus aontaíodh an cheist.

Acting Chairman

When is it proposed to sit again?

At 10.30 a.m. tomorrow.

Sitting suspended at 10.15 p.m. and resumed at 10.20 p.m.
Top
Share