Is cúis áthais dom inniu an díospóireacht a oscailt sa Seanad ar an mBille seo. Is é cuspóir ginearálta an Bille comhionannas a chothú don Ghaeilge agus don Bhéarla mar theangacha oifigiúla an Stáit agus foráil a dhéanamh maidir le cearta teanga an tsaoránaigh ina chaidreamh nó ina caidreamh leis an Stát.
Tá sé mar bhunaidhm pholasaí ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán "An meath ar úsáid na Gaeilge mar phríomh-mheán cumarsáide sa Ghaeltacht a fhreaschur agus úsáid na Gaeilge sa chuid eile den tír a leathnú." I ráiteas straitéiseach na Roinne don tréimhse 2001-2004 tá ocht gcúspóir straitéiseach luaite le feidhm a thabhairt don bhunaidhm seo, ina measc: leanúint d'fhorbairt teanga, shósialta, fhisiciúil agus eacnamaíochta na Gaeltachta a chur chun cinn; tacaíocht reachtúil a thabhairt do stádas Bunreachtúil na Gaeilge; an Ghaeilge a chur chun cinn lasmuigh den Ghaeltacht; agus tacú leis an Fhoras Teanga, a fheidhmíonn ar bhonn uile Éireannach. Feidhmítear réimse leathan de scéimeanna agus gníomhartha tacaíochta leis na cuspóirí seo a thabhairt i gcrích. Tá lúcháir orm a rá go bhfuil cuid mhór bainte amach le roinnt blianta anuas leis an Ghaeilge a cothú agus le feabhas a chur ar bhunstruchtúr na Gaeltachta i gcoitinne.
Tá dea-thoil don Ghaeilge le feiceáil go forleathan. Tá comharthaí dóchais ann don Ghaeilge cheana féin – tá an fás leanunach i líon na Gaelscoileanna, obair cheannródaíochta TG4 agus Raidió na Gaeltachta, obair forbartha na Roinne, Údaras na Gaeltachta agus An Fhorais Teanga, ina n-ábhair spreagtha. Taobh amuigh den Bhunreacht, áfach, níl aon reachtaíocht ann chun cearta lucht na Gaeilge a chinntiú. Mar gheall ar an easpa reachtaíochta seo, bionn sé deacair ó am go chéile a chur ina luí ar eagrais Stáit go bhfuil cearta ag pobal na hÉireann maidir le seirbhís trí Ghaeilge a fháil. In ionad cothrom na féinne a thabhairt do lucht na Gaeilge, bídís on nGaeltacht no bídís lasmuigh di a roghnaíonn an Ghaeilge a úsáid mar a bpríomhtheanga labhartha, tá an meon ann seirbhísí a chur ar fáil trí Bhearla amháin. Nil mórán amhrais faoi ach go bhfuil neamh-aird a tabhairt go forleathan ar na treoirlínte neamhreachtúla a réitigh Bord na Gaeilge, mar a bhi, i 1993 maidir le seirbhísí Stáit a chur ar fáil trí Ghaeilge.
Is léir nar éirigh agus nach n-éireoidh le tionscnamh deonach nó le treoirlínte deonacha gan aon phleanáil shonrach taobh thiar dóibh bunaithe ar na riachtanais éagsula. Sna cúinsí uilig glactar leis anois go bhfuil gá le hathrú ó threoirlínte neamhreachtúla go dtí córas foirmiúil reachtúil. Glactar leis go forleathan nach mbeidh an t-aitheantas ceart ag an Ghaeilge go dtí go mbeidh aitheantas cuí aici sa Státchóras agus sa saol poiblí. Is mar gheall ar sin gur chinn an Rialtas go raibh gá le reachtaíocht agus go bhfuil Bille na dTeangacha Oifigiúla (Comhionannas), 2002 á chur faoi bhráid an tSeanaid inniu. Creidim gurb é an Bille seo ceann de na rudaí is tabhachtaí don Ghaeilge le fada an lá. Ar ball beidh deis agaibh bhur gcuid tuairimí a chur in iúl agus tá mé ag tnúth go mor le cloisteáil uaibh.
Is Bille réasúnta gearr é – 33 mír atá ann san iomlán. Ba mhaith liom anois léargas a thabhairt ar na príomhfhordlácha atá ann ina n-ord de réir riar na n-alt. Mar is iondúil sa reachtaíocht, "sé alt 1 a leagann amach gearrtheideal agus tosach feidhme an Bhille. Leagtar amach anseo freisin go meastar go mbeidh an tAcht i bhfeidhm go hiomlán tráth nach déanaí ná trí bliana tar éis é a rith. "Sé alt 2 an foráil míniúcháin. Tá miniú le fáil ann ar "na Teangacha Oifigiúla" maraon le sainmhínithe ar théarmaí eile a úsáidtear sa Bhille. Deanann alt 3 foráil go n-íocfar aon chaiteachais a bhaineann le riaradh an Achta as airgead a chuirfidh an tOireachtas ar fáil, le toiliú an Aire Airgeadais.
Tugann alt 4 an chumhacht don Aire, le toiliú an Aire Airgeadais, rialacháin a dheanamh i ndáil le fordlácha an Achta. Leagtar amach ann go bhféadfaidh ceachtar Teach den Oireachtas Rialacháin a dhéanfar faoin Acht, a neamhniú laistigh de 21 lá suí ach, i gcúinsí áirithe beidh gá le rún ó Thithe an Oireachtais chun dul ar aghaidh. Baineann alt 5 le cearta comhaltaí an Oireachtais ceachtar de na teangacha oifigiúla a úsáid i dTithe an Oireachtais. Baineann alt 6 le foilsiú Achtanna go comhuaineach sa dá theanga oifigiúil.
Baineann alt 7 le cearta an duine a rogha teanga oifigiúil a úsáid in imeachtaí dlíthiúla. Leagtar amach ann freisin go bhfuil an ceart ag duine éisteacht a fháil sa teanga oifigiúil is rogha leis nó leí. Baineann alt 8 le cearta an duine cumarsáid a dhéanamh le comhlacht poiblí agus seirbhísí a fháil uaidh i gceachtar de na teangacha oifigiúla i gcomhréir le haon scéim atá i bhfeidhm faoi alt 15. Leagann alt 9 dualgas ar chomhlachtaí poiblí a chinntiú gur féidir le daoine cumarsáid a dhéanamh leo agus seirbhísí a fháil uathu i gceachtar de na teangacha oifigiúla i gcomhréir le aon scéim atá i bhfeidhm faoi alt 15.
Forálann alt 10 go bhfuil dualgas ar chomhlachtaí poiblí a chinntiú go núsáidtear na teangacha oifigiúla ar stáiseanóireacht, ar chomharthaí agus ar fhograí, i gcomhréir le haon scéim atá i bhfeidhm faoi alt 15. Leagann alt 11 dualgas ar chomhlachtaí poiblí, ar chomhlachtaí Stáit iad freisin, doiciméid áirithe ar díol spéise iad don phobal, mar shampla, tograí polasaithe, tuarascálacha bliantúla, ráitis straitéise a fhoilsiú go comhuaineach sa dá theanga oifigiúil.
Baineann alt 12 le cead a thabhairt don Aire treoirlínte chun cuidiú le comhlachtaí poiblí scéim a ullmhú agus a eisiúint. Leagtar amach ann na nósanna imeachta chun na treoirlínte sin a tharraingt suas, lena n-áirítear próiseas comhchomhairle. Déanfar cóip de na treoirlínte ceadaithe a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas. Is féidir na treoirlínte a leasú ó am go ham. Leagann alt 13 dualgas ar chomhlachtaí poiblí dréacht-scéim reachtuil ina dtabharfar sonraí maidir leis na seirbhísí a chuirfidh siad ar fáil trí Ghaeilge a ullmhú. Is é tús an phróisis ná iarratas oifigiúil ón Aire chuig comhlacht poiblí ag iarraidh air dréacht-scéim a ullmhú agus a chur faoi bhraid an Aire laistigh de thréimhse shonrach ama (nach déanaí na 6 mhí ó dháta an iarratais).
Baineann alt 14 leis na nósanna imeachta a bheidh le leanúint ag comhlachtaí poiblí maidir le hullmhú dréacht-scéime, lena n-áirítear próiseas comhchomhairle poiblí. Cinnteofar sa dréacht-scéim go mbeidh dóthain daoine ar fáil chun seirbhís a chur ar fáil trí Ghaeilge agus cinnteofar freisin go bhfreastalófar ar aon riachtanais ar leith a bhaineann le seirbhísí trí Ghaeilge a chur ar fáil sa Ghaeltacht. Baineann alt 15 leis na nósanna imeachta a bheidh le leanúint ag an Aire roimh dréacht-scéim a dheimhniú. Tar éis an dréacht-scéim a dheimhniú leis an gcomhlacht poiblí lena mbaineann sé, cuirfidh an tAire cóip den scéim ar aghaidh chuig Coimisinéir na dTeangacha oifigiúla. Fanfaidh scéim i bhfeidhm ar feadh tréimhse trí bliana de ghnáth. Tugann alt 16 an chumhacht don Aire athbhreithniú tréimhsiúil ar scéimeanna a iarraidh.
Tugann alt 17 an chumhacht don Aire scéim a leasú i gcás go dtiocfaidh aon athrú ar fheidhmeanna nó ar chúinsí comhlachta phoiblí. Tugann alt 18 an chumhacht don Aire aon teip, diúltú nó neamhábaltacht scéim a ullmhú, a thuairisciú do Thithe an Oireachtais. Leagann alt 19 dualgas ar chomhlacht poiblí scéim a bheidh ceadaithe faoin Acht a chur i bhfeidhim. Forálann sé leis nach mbeidh raon na scéime ina theorainn ar an gcomhlacht poiblí ó thaobh na mbeart a ghlacann sé chun seirbhísí a chur ar fáil sa Ghaeilge. Forálann alt 20 nach féidir le comhlacht poiblí aon chostas a ghearradh ar dhuine de thoradh aon dhualgas a thitfidh ar an gcomhlacht poiblí sin faoin Acht.
Baineann alt 21 le bunú Oifig Choimisinéir na dTeangacha Oifigiúla. Beidh an coimisinéir neamhspleách i gcomhlíonadh a fheidhmeanna nó a feidhmeanna agus ceapfaidh an tUachtarán é nó í.
Baineann alt 22 le feidhmeanna an Choimisinéara. Chomh maith le monatóireacht a dhéanamh ar chomhlíonadh an Achta ag comhlachtaí poiblí, beidh de chead ag an gCoimisinéir fiosrúcháin a dhéanamh agus comhairle nó cúnamh a chur ar fáil do chomhlachtaí poiblí agus don phobal.
Baineann alt 23 le cumhachtaí an Choimisinéara ó thaobh a fheidhmeanna nó a feidhmeanna faoin Acht a chur i gcrích. Leagann sé síos, mar shampla, go bhfuil de chumhacht ag an gCoimisinéar dualgas a chur ar dhuine faisnéis nó taifid a sholáthar agus leagtar amach ann an pionós a chuirfear ar dhuine nach ndéanann amhlaidh.
Baineann alt 24 leis na nósanna imeachta a bheidh le leanúint nuair a bheidh fiosrúcháin a dheanamh ag an gCoimisinéir. Leagtar síos in alt 25 nach feidir leis an gCoimisinéir gearán is ábhar d'imeachtaí dlíthiúla sibhialta a fhiosrú, mura rud é gur cuí déanamh amhlaidh de bharr cúinse speisialta. Leagtar síos in alt 26 nach feidir faisnéis a gheobhaidh an Coimisinéir i mbun a c(h)uid dhualgas a úsáid ach amháin chun na críche sin.
Baineann alt 27 leis na nósanna imeachta a bheidh le leanúint i ndáil le tuarascálacha ar thoradh fiosrúcháin ag an gCoimisinéir. Beidh de chead ag an gCoimisinéir moltaí a dhéanamh í dtuarascálacha den sórt sin agus, mura gcuirfidh an comhlacht poiblí na moltaí sin i bhfeidhm, féadfaidh an coimisinéir tuarascáil maidir leis sin a thabhairt do Thithe an Oireachtais.
Tugann alt 28 an chumhacht don Aire amach anseo, le toiliú an Aire Airgeadais, scéim cúitimh a thabhairt isteach a bheidh le riaradh ag an gcoimisinéir, sa chás go dteipeann ar chomhlacht poiblí foralácha an Achta a chomhlíonadh. Leagtar síos in alt 29 gur féidir achomhairc a dhéanamh chuig an Ard Chúirt, ar phointe dlí, i gcoinne cinntí de chuid an choimisinéara. Tugann alt 30 an chumhacht don choimisinéir tráchtaireachtaí ar fheidhm phraiticiúil agus ar oibriú an Achta a ullmhú, d'fhonn cuidiú le comhlachtaí poiblí agus leis an bpobal.
Leagann alt 31 dualgas ar an gcoimisinéir tuarascáil bhliantúil a ullmhú maidir lena ghníomhaíochtaí nó lena gníomhaiochtaí gach bliain agus ní mór dó nó di an tuarascáil sin a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais. Féadfaidh an coimisinéir freisin, más cuí leis nó léi déanamh amhlaidh ar mhaithe le leas an phobail, tuarascáil a fhoilsiú i ndáil le haon fiosrúchán a bheidh déanta aige nó aici nó i ndáil le haon fheidhm eile a bheidh comhlíonta aige nó aici faoin Acht.
Forálann alt 32 nach ndéanann forálacha an Achta aon difear do chumhachtaí an Ombudsman. Forálann alt 33 nach dtabharfaidh an tAcht aon cheart do dhuine cás dlí a thógáil in aghaidh comhlacht poiblí dá dteipfeadh air a dhualgas maidir le scéim reachtúil a chomhlíonadh faoin Acht. Forálann sé freisin nach mbeidh aon chás dlí ann, in aon chúirt i gcoinne an choimisinéara nó bhaill dá fhoirne i leith aon ghnó a bheidh déanta acu de mheon macánta.
Sa Chéad Sceideal, leagtar amach na comhlachtaí a bheidh ina gcomhlachtaí poiblí chun críocha an Achta. Leagtar amach ann freisin an nós imeachta i gcás ina mbeifear ag iarraidh scóip an Achta a leathnú amach anseo chuig earnálacha den gheilleagar, seachas an earnáil phoiblí, atá ag soláthar seirbhísí go díreach don phobal (e.g. bainc-thráchtála, gníomhaireachtaí eile a thugann iasachtaí, cuideachtaí árachais, cuideachtaí iompair, soláthraithe cúraim sláinte, cuideachtaí teileachumarsáide). D'fhéadfadh sé go leathnófar an scóip chuig cuideachtaí a chuireann seirbhísí atá comhchosúil leis na seirbhísí a chuireann comhlachtaí poiblí ar fáil nó chuig comhlacht a bhí, tráth theacht i bhfeidhm an Achta seo, ina chomhlacht poiblí ach a rinneadh príobhadú air ina dhiaidh. D'fhéadfadh sé go leathnófar í freisin chuig comhlachtaí a fhaigheann airgead go díreach ó Aire den Rialtas nó ó Roinn nó go díreach ón bPriomh-Chiste más rud é nach lú ná 50% de chaiteachas reatha comhlachta i mbliain áirithe an méid a fhaightear.
Sa Dara Sceideal, leagtar amach foralácha a bhaineann le hoifig Choimisinéir na dTeangacha Oifigiúla. Ba mhaith liom iarraidh ar an Seanad tacaíocht a thabhairt don Bhille seo, atá fíor thábhachtach do chothú na Gaeilge sa Gaeltacht agus go deimhin ar fud na tíre. De bharr seo molaim an Bille seo don Teach.