Skip to main content
Normal View

Seanad Éireann debate -
Tuesday, 22 Jun 2010

Vol. 203 No. 8

Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2010: Second Stage (Resumed)

Question again proposed: "That the Bill be now read a Second Time."

Bhí mé ag éisteacht leis an méid a bhí le rá ag an Aire agus ag an Seanadóir Ó Murchú ó thaobh na dréachtstraitéise de. Is cóir dúinn sa Seanad an straitéis seo a phlé. Tá an comhchoiste ag obair ar an straitéis faoi láthair ach is maith an rud don Teach seo díospóireacht a bheith againn.

Tá sé níos deacra páirt a ghlacadh i ndíospóireacht as Gaeilge. Ní rud controversial í an straitéis seo ní gá leis an Cheannaire trí lá a chur i leataobh faoina choinne. Seans go bhfuil cúpla seachtain de dhíth chun an Bille a léamh agus argóint a ullmhú.

Níl ach rún amháin againn inniu, go gcuirfear siar an toghchán. Caithfimid sin a phlé mar tá sé soiléir nach bhfuil aon suim ag an Rialtas in aon toghchán — fothoghchán nó olltoghchán — agus is cóir go mbeidh na toghcháin sin againn. Seans go mbeidh toghchán ann freisin don phost uair mar mhéara Bhaile Átha Cliath, cé nach bhfuil cinnteacht ar bith faoi sin.

Maidir leis na toghcháin seo, tá dhá chúis an-láidir ar a son. Má táimid chun toghchán a chur siar, caithfidh cúis láidir a bheith ann. Tá daoine ag éisteacht go cúramach leis an díospóireacht agus ceapann an Rialtas nach mbeidh go leor ama ann an straitéis a ullmhú agus a fhoilsiú agus go gcaithfear, mar thoradh air sin, na toghcháin a chur siar. Tá sé déanach, áfach, níl ach ceithre mhí idir inniu agus mí Dheireadh Fómhair. Cén fáth gur fhan an tAire go dtí inniu chun an rún seo a chur os comhair an tSeanaid?

Seans, áfach, gur cheart an rud é mar adúirt an tAire go bhfuil tacaíocht traspháirtí ann don obair agus táimid go léir ag súil leis an dréachtstaitéis nua. Más gá na toghcháin seo a chur siar, is féidir sin a dhéanamh ach is prionsabal daonlathach é nuair atá dáta ann do thoghchán, caithfidh an toghchán sin a tharlú. Tá dáta leagtha síos don toghchán seo mar sin ní maith an rud é a chur siar.

Fanfaidh mé go dtí go gcloisfidh mé ón Aire mar tá rún agam agus ag Sinn Féin gur fearr dáta cinnte a chur síos do na toghcháin seo. Faoin mBille, cuirfear síneadh leis an tréimhse is faide idir toghchán don údarás ó chúig bliana go leith go dtí seacht mbliana go leith. Ba mhaith liom cinnteacht a fheiceáil, go mbeadh sé soiléir go mbeadh an toghchán ann agus dáta cinnte leagtha síos leis.

Aontaím leis na Seanadóirí a labhair sa díospóireacht thábhachtach seo faoin straitéis go ginearálta. Ba mhaith liom díospóireacht níos faide am éigin i ndiaidh an tsamhraidh. Gabhaim buíochas don Aire as bheith anseo agus cuirfidh mé suim sa mhéid atá le rá ag Seanadóirí eile.

Gabhaim leithscéal ach beidh mé ag caint as Béarla san diospóireacht seo. Given that my father was a native speaker and that my mother did her Árdteistiméaracht as Gaeilge, I do not even use the excuse that I was born in the United States to explain my continuing lack of confidence in using the Irish language. Like most people in this country, after an education for 13 years I can understand Irish in reading and hearing what others say, but the vital element of confidence in speaking in a debate such as this——

The Senator needs Fine Gael policy.

——is something towards which I am working. I very much admire Senator Alex White for the contribution he made, something to which I can only aspire at this stage. I hope I will be able to add mine in future debates in this House.

Given my background — I have a parent who comes from a Gaeltacht area — I record my acknowledgment of the role Údarás na Gaeltachta has played since the 1970s. It is a form of local government which tries to combine recognising and enhancing the separate identity of Gaeltacht communities with its operations as a development authority for these communities. The extent to which it has been successful ought to be the subject of a wider debate in the House. It has been largely successful, but there have been times when its own standards have not been reached. I remember such an occasion when I was a member of the Commitee of Public Accounts when there was a question mark against sums of money being used in Galway areas directly outside the boundaries of the Gaeltacht community. The committee and the Comptroller and Auditor General addressed the matter at the time and one hopes this led to improved governance in Údarás na Gaeltachta.

We have seen some improvements. There has been an increase in the number of elected members to 17 which amounts to a majority. The fact that the number of seats in constituencies varies from one, two or three makes it difficult to ensure political representation is as wide as possible. The worst electoral performance of the Green Party, Comhaontas Glas, was in the last Údarás na Gaeltachta election in the Rath Cairn constituency in which our candidate received five votes. That was before we entered government. However, we should try to improve the position and hold elections to Údarás na Gaeltachta as a body.

The reason for the Bill is to provide for a two-year gap. My hope is that this will be a once-off act that will fit in with the Irish language strategy and that Údarás na Gaeltachta as a body will be better prepared to deal with the matter. That said, the purpose of the Bill, in its current form, is very narrow and only mentions the two-year extension of the electoral mandate. Perhaps the Minister of State might talk about the role of the three appointed members and whether they are considered to be elected members and open for reappointment. If that is the case and given the two-year extended period, it might be an opportunity for the Minister of State to ensure new blood goes in Údarás in the crossover period between mandates. I urge him to give this strong consideration.

Although there is a reluctance not to use the whip, there is an understanding, at least on this side of the House, that the strategy will have both cultural and economic benefits for Gaeltacht communities. Údarás na Gaeltachta should be encouraged to achieve this as a body. On these grounds I support the Bill.

Aontaím le cuspóirí an údaráis — forbairt an teanga agus forbairt eacnamaíoch agus sóisialta na Gaeltachta trí mheán na Gaeilge. Tá locht mhór sa Bhille seo, áfach, tá an Rialtas, agus Fianna Fáil go háirithe, ag úsáid na straitéise teanga mar leithscéal chun an toghchán a chur siar agus mar sin ní aontaím leis an mBille.

Chaill an Rialtas seans obair an údaráis a scrúdú ag an am seo. Mar is eol don Aire, tá an bord snip ag iarraidh Údarás na Gaeltachta a dhúnadh agus an obair sin a dhéanamh trí Enterprise Ireland.

Níor thug an tAire seans don phobal sa Ghaeltacht léirmheas a thabhairt ar an straitéis teanga trí mheán an toghcháin. Tá 90,000 daoine ina gcónaí sa Ghaeltacht agus sin seans scrúdú beo a dhéanamh ar an straitéis tríd an toghchán, níos fearr ná an 67 submissions a fuair an tAire, an Teachta Ó Cuív.

Teanga bheo atá ag teastáil uainn, mar a dúirt an Seanadóir Ó Murchú. Mar sin, is cúis náire dom agus do mhuintir na hÉireann go bhfuil Fianna Fáil ag dúnadh an dorais ar an bpróiseas daonlathach ag an am seo.

Tá lúcháir orm deis a bheith agam labhairt ar an mBille seo. Is duine de na comhaltaí mé a toghadh do bhord Údaras na Gaeltachta dhá uair, in 1999 agus arís in 2005. Gabhaim buíochas fosta do chomhaltaí Údarás na Gaeltachta, 17 acu atá tofa ag pobal na Gaeltachta agus tríúr ainmnithe ag an Aire, an cathaoirleach Liam Ó Cuinneagáin san áireamh. Gabhaim buíochas fosta d'fheidhmeannaigh an údaráis as an dea-obair atá ar siúl acu ó cheann ceann na bliana.

Dúradh liom am amháin gur fiú dul de réir moltaí an bhoird snip deireadh a chur le cúraimí fionntraíochta an údaráis ach ní aontaím leis sin. Cé go raibh polaiteoirí ag rá gur fiú an IDA a thabhairt isteach in áit an údaráis, ní aontaím ach oiread. Na ceantair atá faoi chúram Údarás na Gaeltachta, is iad na ceantair is iargúlta sa Stát. Dá mbeadh an réimse fostaíochta abhaineann leis na ceantair sin faoi chúram Enterprise Ireland nó an IDA, ní bheadh an fócas ceart ar na cúraimí sin. Dá bhrí sin, ní bheadh an méid fostaíochta céanna á chruthú sa Ghaeltacht.

Tá thart ar 12,000 duine ag obair i gcliaint-chuideachtaí de chuid Údarás na Gaeltachta, agus thart ar 100 fostaithe san údarás féin. Glacaim go bhfuil athruithe i ndán don údarás, agus tá sin ag teacht chun cinn sna moltaí atá sa dréachtstraitéis agus sna cruinnuithe poilblí a reáchtáileadh. Cuirim fáilte roimhe sin, mar is cóir i gcónaí athruithe a dhéanamh a rachaidh chun sochar pobail, pobal na Gaeltachta sa chás seo. Má tá athruithe substaintiúil le teacht chun tosaigh, is fiú díospóireacht fhada a bheith againn orthu. Inniu táimid ag plé síneadh ama a chur le ham reatha an bhoird seo. Cé nach bhfuil tuairim phearsanta agam air seo — bhí mé ag súil le toghchán i mbliana, agus réidh leis — ní féidir ach dul de réir an méid atá ráite ag an Aire sa cháipéis, dá rachfaí ar aghaidh le toghchán i mbliana agus polasaithe úire ag teacht isteach, agus athruithe le déanamh ar an bhord, bheifí fágtha ansin le struchtúr nach mbeadh in ann feidhmiú. Caithfimid bheith cúramach agus glacadh leis an mholadh atá os comhair an Tí.

Ó thaobh na gcúraimí úire agus na moltaí a bheidh ag teacht chun tosaigh as obair an fhochoiste, tá sé tábhachtach go mbeidh díospóireacht fhada againn ar na hábhair sin nuair a bheidh an t-am ceart ann. Tá cúraimí fionntraíochta Údarás na Gaeltachta criticiúil do thodhchaí na Gaeltachta. Tá 12,000 ag obair i gcliaint-chuideachtaí de chuid an údaráis, agus má tá an t-údarás le hathrú go dtí údarás na Gaeilge, agus cúraimí breise ó thaobh chur chun cinn na Gaeilge ar fud an Stáit ann, tá sé tábhachtach go gcoinneofar na cúraimí sin agus nach mbeidh cliseadh orthu.

Tá taithí agus scileanna ag feidhmeannaigh an údaráis, i gcomhairle leis an Roinn, chun na spriocanna go léir atá sna polasaithe nua atá ag teacht chun tosaigh a chur i bhfeidhm agus an Ghaeilge a fhorbairt agus a neartú. Ag deireadh an lae, an príomh rud atá i gceist anseo ná an Ghaeltacht a láidriú. Tá sé tábhachtach go mbeimid in ann coinneáil leis an dea-obair atá ar siúl cuideachtaí a mhealladh, tacaíocht a chur ar fáil do ghnólachtaí agus daoine a choinneáil sa Ghaeltacht.

Cuirim fáilte roimh an chinneadh a rinne an Rialtas inniu — cead oifigiúil a thabhairt don airgead a bhí ceadaithe ag bord Údarás na Gaeltachta chun gur féidir 40 post nua a chruthú i bpáirc ghnó Ghaoth Dobhair i gcuideachta ansin agus gabhaim buíochas don Aire as sin a cheadú. Sin sampla den obair atá ar siúl, go bhfuil 40 post úr cruthaithe i nGaoth Dobhair, i nGaeltacht Dhún na nGall agus go mbeidh an chuideachta sin in ann earcaíocht a thosú agus in ann dul ar aghaidh leis an obair atá i gceist aici.

Caithfimid glacadh leis an treoir anseo, a bheith ciallmhar agus a bheith cinnte nach ndéanfaimid rud ar bith inniu a rachaidh i gcoinne na dea-oibre atá déanta ag an gcomhchoiste, ag na grúpaí pobail go léir a chur aighneachtaí isteach, agus go dtabharfaimid deis don bpróiseas sin leanúint ar aghaidh. Nuair a bheidh sin críochnaithe, agus an ról úr atá i ndán don údarás socraithe, is féidir linn ansin, chomh luath agus is féidir, toghchán a reáchtáil agus is féidir le pobal na Gaeltachta bord úr a thoghadh cibé am a bheidh an toghchán sin ar siúl.

Is deas go bhfuil díospóireacht ar siúl sa Teach seo faoi reachtaíocht a bhaineann leis an Ghaeltacht. Ar an drochuair, ní bheidh mé ag tabhairt tacaíochta don reachtaíocht sin. Tá sé scanallach go bhfuil mé anseo le trí bliana ag iarraidh reachaíochta ar ábhair éagsúla a bhaineann leis an nGaeilge agus leis an Ghaeltacht agus gurbh é seo an chéad Bhille a tháinig isteach go dtí an Teach — ag iarraidh toghchán agus daonlathas a chur siar. Ní bheidh mé ag tacú dá leithéid leasaithe d'Acht Údarás na Gaeltachta.

Tá a fhios againn uilig go bhfuil eagla an domhain ar an Rialtas roimh thoghcháin. Feicfimid sin leis an mBille atá romhainn agus leis na fothoghcháin i nDún na nGall Thiar-Theas, i bPort Láirge agus i mBaile Atha Cliath. Dá mbeadh seans ag an Rialtas an t-olltoghchán a chur siar, bheadh leithscéal eile á chur os ár gcomhair ag rá nár cheart an t-olltoghchán a bheith againn cionn is go mbeadh rudaí beaga le déanamh.

Tháinig an tAire agus daoine eile isteach sa Teach seo agus tá siad ag úsáid na Gaeilge agus na straitéise 20 bliain chun na toghcháin seo a chur siar. Ní ceart sin ar chor ar bith. Dúirt an tAire ina óráid gur maith an rud é go bhfuil comhoibriú idir na páirtithe polaitiúla uile ar an gcomhchoiste. Luaigh mé féin sin ar dtús mar má táimid le straitéis 20 bliain a shocrú agus a chur i bhfeidhm, caithfimid cinntiú go bhfuil na páirtithe uile ar bord leis na polasaithe. Níl a fhios againn cén uair a bheidh athrú Rialtais ann agus seans go mbeidh Fine Gael, Páirtí an Lucht Oibre nó páirtí eile i gceannas an chéad uair eile. Tá polasaí ag Fine Gael atá contráilte don straitéis ó thaobh oideachais de agus ó thaobh na Gaeilge mar ábhar éigeantach don ardteist de. Caithfimid bheith cinnte agus sinn ag tosú leis an obair seo go bhfuil gach duine ar bord.

Ní cúis sin, áfach, na toghcháin seo a chur siar. Is ceart na toghcháin a bheith againn mar is daonlathas sin, agus is ceart go mbeidh siad againn ní hamháin anois ach, i ndáiríre, i mí Aibreáin seo caite. Bhímis in ann na toghcháin a bheith againn i mí Aibreáin 2009 ach níor ghlac an Rialtas an cinneadh sin. Tá deacrachtaí ó thaobh na straitéise de agus ó thaobh cheist Údarás na Gaeltachta de. Níl sin soiléir.

Is ball den chomhchoiste mé agus tá mé ag freastal ar an fhochoiste ar a bhfuil an Seanadóir Ó Murchú mar chathaoirleach. Rinne muid uile obair mhór ar an tuairisc atá le cur os comhair an chomhchoiste an tseachtain seo chugainn. Pointe áirithe a tháinig aníos arís agus arís eile ná ceist an údaráis. Mar atá ráite ag an Seanadóir Ó Domhnaill, caithfimid sin a phlé. Ní hamháin go gcaithfidh na páirtithe polaitiúla uile a bheith ar bord leis ach caithfidh pobal na Gaeltachta agus an pobal uile a bheith ar bord fosta.

Ní bheidh an reachtaíocht maidir le hÚdarás na Gaeltachta nó le húdarás na Gaeilge réidh againn taobh istigh den tréimhse atá leagtha síos againn anseo. Tá mé ag gearán sa Teach seo faoi thoghcháin do bhoird iascaigh réigiúnaigh a cuireadh siar bliain i ndiaidh bliana. Cúig bliana anois a cuireadh siar na toghcháin sin. An bhfuilimid ag dul i ndá bliana eile amach anseo Bille eile a thabhairt isteach chun leasú a dhéanamh don Bhille leasaithe ag cur bliana eile leis, ag cur daonlathais siar arís? Sin an fáth nach bhfuilim sásta glacadh leis seo, ba cheart go mbeadh na toghcháin ann agus baill nua tofa do bhord Údarás na Gaeltachta.

Tá sé ráite ag an duine a bhí i gceannas ar an Roinn roimh an Aire, an Teachta Ó Cuív, go raibh sé ar intinn deireadh a chur leis an dual mandate, nach mbeadh cead ag comhairleoir contae ná Seanadóir ná Teachta Dála bheith mar bhall ar bhord Údarás na Gaeltachta. Is rud maith é sin agus seans go mbeidh sin sa reachtaíocht úr mar is polasaí maith é. Is féidir linn, áfach, an toghchán a reáchtáil anois. Má éiríonn leis an Rialtas an reachtaíocht a thabhairt isteach le bord úr a chruthú, a choinneoidh na cúraimí agus an fhoireann atá aige anois, agus a ghlacfaidh cúraimí ar fud an Stáit, is féidir deireadh a chur leis an bhord sin. Ar a laghad, táimid ag caint faoi dhá bhliain.

Táim tinn tuirseach ag caint faoi straitéis bunaithe ar an staidéar teangeolaíochta ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht. Trí bliana ó shin a cuireadh an staidéar sin faoi bhráid an Rialtais.

Chosnaigh sé chor a bheith leath-mhilliún euro agus bhí dhá bhliain de dhíth chun an staidéar a chur le chéile ar dtús báire. Ach go dtí seo, fiú leis an straitéis sin ann, níor cuireadh Bille ar bith os comhair an Tí seo ná os comhair an Tí Íochtair le ceann de na moltaí a thabhairt isteach. Níor tháinig Bille ar bith ó thaobh oideachais de, ó thaobh na Ranna de, ó thaobh béime a chur ar theaghlaigh de nó ó thaobh tacacíochta a thaibhairt do na háiseanna Gaeltachta de. Níor tháinig aon rud isteach go dtí an Teach seo.

Bhí an tuarascáil ar thábla an Taoisigh go dtí gur tháinig an stráitéis 20 bliain amach. Cuirim fáilte roimh an stráitéis 20 bliain, ach deirim arís inniu, ag an bpointe seo, nach bhfuil sé láidir go leor. Tá cuid mhór rudaí iontacha maithe ann, ach tá cúpla laige ann. Le cuidiú Dé, leis an obair atá á déanamh ag an fho-choiste agus ag an gcomhchoiste, agus má ghlacann an tAire leis na moltaí sin, is féidir straitéis fhíormhaith a bheith againn atá ag dul chun tosaigh, atá ag tabhairt aghaidhe ar na fadhbanna sa Ghaeltacht agus fosta ag tabhairt tacaíochta don Ghaeilge taobh amuigh den cheantar sin.

Tá go leor ráite faoin díospóireacht a bhí againn agus daoine ag tabhairt a moltaí isteach agus is maith sin. Ní dhéanfaidh sé aon difríocht, áfach, mura bhfuilimid sásta ní hamháin éisteacht leo ach na moltaí sin a ghlacadh.

Tá mé ag dul ar ais chuig an bpointe seo: tá an Bille seo ag iarraidh daonlathais a chur siar. Ní cóir don Aire úsáid a bhaint as an Ghaeltacht agus an Ghaeilge. Má dhéanann sé sin, tá sé, a pháirtí agus a Rialtas ag úsáid na Gaeilge mar chleas polaitiúil. Níl fáth dá laghad nach féidir na toghcháin a reáchtáil anois, ná i mí Mheán Fómhair, ná i mí Dheireadh Fómhair, sula mbeidh an spriocdháta sa reachtaíocht thuas, go mbeidh bord úr ansin.

Táimid ag cailleadh airgid. Tá níos lú airgid ag dul isteach go dtí bord Údarás na Gaeltachta bliain i ndiaidh bliana. Má amharcaimid ar bhuiséad na bliana seo, bhí 75% den airgead a bhí ceadaithe ag an Rialtas do bhord Údarás na Gaeltachta ceadaithe cheana féin ag an bord sin chuig gnólachtaí. Cuirim fáilte roimh an airgead breise atá curtha ar fáil ach tá fadhbanna móra fostaíochta sa Ghaeltacht. Tá daoine ag éirí as a gcuid post ar bhord an údaráis agus níl na poist sin á líonadh arís — tá líon na bpost ag laghdú freisin.

Is rud fíor-mhaith é Údarás na Gaeltachta. An rud atá de dhíth orainn anois ná bord úr a thoghadh. Ba cheart go mbeadh díospóireacht againn faoin dóigh is fearr an stráitéis a chur chun cinn anseo agus cad iad na cúraimí nua a thabharfaí do bhord Údarás na Gaeltachta. Is féidir an díospóireacht sin a bheith againn ach níl fáth dá laghad nach féidir toghcháin a bheith againn taobh istigh de thrí seachtaine agus nach gceapfar bord úr go dtí an lá a bheidh an reachtaíocht ag dul tríd an Teach seo le bord úr a chruthú le cúraimí úire. Ag amharc ar an leasú atá agam os comhair an Tí seo anocht, bheadh an deis agus an chumhacht ag an Aire a rá leis an bhord go mbeadh críoch lena théarma, go mbeadh bord úr ag teacht isteach faoi reachtaíocht úr a cheapfadh Tithe an Oireachtais.

Cuirim fáilte roimh an Aire. Bunaíodh Údarás na Gaeltachta sa bhliain 1980. Tá an ghníomhaireacht Stáit seo freagrach as forbairt eacnamaíochta, sóisialta agus cultúrtha na Gaeltachta. Is é caomhnú agus láidriú na Gaeilge mar theanga bheo, le cois í a thabhairt mar oidhreacht don chéad ghlúin eile, an bunchuspóir atá le polasaí Údarás na Gaeltachta. Déanann bord rialaithe ar a bhfuil 20 comhalta, 17 acu tofa go daonlathach ag muintir na Gaeltachta, agus foireann 113 duine, sainchúram forbartha na gníomhaireachta a chur i bhfeidhm.

I join Members in welcoming the Minister in seeing all Stages of this short Bill through the House. Its primary purpose is to extend the term of the intervals of the election of the board of Údarás na Gaeltachta from five years and six months to seven years and six months. It also affords us an opportunity to reflect on the work done by the body in the Gaeltacht areas and the crucial role it continues to play in developing the economic and social life of the Gaeltacht.

The Bill forms part of the wider review by the Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs of the powers and functions of Údarás na Gaeltacha which was initiated in 2006. The functions of Údarás na Gaeltachta are broadly divided into the economic and the socio-cultural. In the economic area, there can be no doubting the enormous contribution made to the life of the Gaeltacht. Údarás na Gaeltachta is deservedly given much credit for the economic improvement of the Gaeltacht in recent years. There is an appreciation of the link between this employment and the reduction of work related emigration and maintaining viable communities in many Gaeltacht areas. It is evident overall from the analysis that the public is happy with Údarás na Gaeltachta as far as this aspect of its duties is concerned.

In general, a positive view of Údarás na Gaeltachta emerges from the 67 submissions. The occasional submission is extremely negative, but any criticism is aimed at improving the organisation. Údarás na Gaeltachta is currently seen as the most central organisation to Gaeltacht life. It is given credit for the part it played in the economic development of the Gaeltacht and greatly enhancing the standard of living and the social life of the Gaeltacht in the past 25 years. It is true to say the public is not entirely satisfied with the efforts of the údarás to preserve the Irish language and promote it as a community language in the Gaeltacht. However, it is evident that Údarás na Gaeltachta is hampered by statutory restrictions in regard to taking effective action in this area.

Údarás na Gaeltachta has little influence in certain areas that are fundamental to the passing on of the language from generation to generation, for example, through education. It is evident that the public sees the development of the Gaeltacht as a multifaceted process, with economic, social, cultural and linguistic life interwoven and, therefore, it must be undertaken in an integrated manner. Members of the public are aware that there are many organisations operating in the Gaeltacht that are not fulfilling their statutory obligations in regard to the Gaeltacht. Confidence is being placed in Údarás na Gaeltachta and it is hoped it will be given the powers and resources to enable it to undertake the development of the Gaeltacht in a comprehensive and coordinated manner.

There is a dichotomy between the economic functions of Údarás na Gaeltachta which are carried out to the satisfaction of the wider public and are considered pivotal to the economic life of the Gaeltacht regions and what I have termed the socio-cultural aspects of the brief of Údarás na Gaeltachta. According to its publicity material, all of the organisation's activities have the preservation and promotion of the Irish language at their core. Údarás na Gaeltachta collaborates with individuals, community groups and companies which embrace Irish and provide the everyday settings in which the language flourishes.

Údarás na Gaeltachta also works in close partnership with community groups to administer social employment schemes, manage youth clubs and preschool groups and enhance the social infrastructure through activities such as the provision of assistance for the elderly and the disadvantaged. In continuing the good work of his predecessor, Deputy Ó Cuív, the Minister might look at the impact that social employment schemes have made in various villages, towns and cities. The Minister is conscious of the need for the Government to focus on job creation in general and all Ministers involved in this area are focusing their activities to try to reduce significantly the unacceptable level of unemployment.

I make a plea for the social employment schemes. As Údarás na Gaeltachta is a sponsor of such schemes, I hope the Minister can convince the Minister for Finance to provide the necessary funding, because it is far better that people who are being paid to do nothing are given a bit of dignity to get up in the morning and do something. Any initiatives in this area could be budget neutral and not create further financial impositions on an already shaky public purse.

I am glad to have this opportunity to congratulate members of the board of Údarás na Gaeltachta on the good work they continue to do on behalf of the people of the Gaeltacht regions. Although I come from a non-Gaeltacht region, I have a deep love and affection for the Irish language. I wish that I could speak it better. I live in County Leitrim and I am closely involved with my colleagues in County Donegal and very aware of the good work they are doing, especially Senator Ó Domhnaill and Senator Doherty.

The level of satisfaction with the work of Údarás na Gaeltachta can be seen from the analysis of submissions from the public relating to the review of powers and functions of the body. I wish the Minister well in this context and in his wider brief as a Minister coming into a very exciting and innovative Department.

Prior to calling on the Minister, I must point out to the House that we must move to No. 3 at 6.15 p.m.

Beidh mé chomh tapaidh agus is féidir liom. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an gCathaoirleach agus na Seanadóirí go léir a ghlac páirt sa díospóireacht seo. Mar chainteoirí eile, gabhaim buíochas le baill an údaráis — tá cuid acu anseo — agus leis an fhoireann lánaimseartha atá ag an údarás.

Ba mhaith liom cúpla pointe a dhéanamh. Labhróidh mé ar na leasuithe i dtosach. Tuigim an fáth a bhfuil Seanadóirí an Lucht Oibre ag iarraidh an Bhille a leasú. Mar atá ráite agam, tá leasuithe maidir le cumhachtaí, feidhmeanna agus struchtúr Údarás na Gaeltachta á mheas faoi láthair i gcomhthéacs na moltaí atá sa dréachtstraitéis 20 bliain don Ghaeilge. Nuair a bheidh an próiseas sin críochnaithe, tá sé i gceist agam Bille eile a chur faoi bhráid na dTithe agus fillfimid ar an gceist. Maidir leis an tréimhse ama, beidh sé feiliúnach toghchán an údaráis a eagrú ag an am sin. Is fiú nótáil chomh maith gurb é seacht mbliana go leith an túsmhéid ama atá molta sa Bhille, ach go bhféadfaí i gcónaí na toghcháin seo a reáchtáil tar éis ceithre bliana de thréimhse feidhme bhord an údaráis. Dá bhrí sin, níl sé i gceist agam glacadh leis an leasú.

Tá leasú eile curtha síos ag an Seanadóir Ó Dochartaigh. Is í aidhm an Bhille seo ná síneadh a chur le tréimhse oifige bord reatha Údarás na Gaeltachta, chun a chinntiú go mbeidh leanúnachas ann le linn tréimhse thar a bheith cinniúnach don eagraíocht nuair a bheidh leasuithe maidir le cumhachtaí, feidhmeanna agus struchtúr an údaráis á mheas. Sa reachtaíocht atá i bhfeidhm cheana féin, tugtar tréimhse ceithre bliana ar a laghad do bhaill tofa an údaráis. Ní shílim go mbeadh sé caoi go mbeadh an chumhacht ag an Aire é sin a laghdú go dtí bliain amháin, mar atá molta ag Sinn Féin. Sa reachtaíocht atá ann cheana féin, is é cúig bliana go leith an tréimhse is faide idir toghcháin an bhoird. Dá nglacfaí leis an leasú atá molta ag an Seanadóir, bheadh athrú substaintiúil déanta ar an mBille, rud a chuirfeadh comhartha ceiste ar bhallraíocht na mbaill tofa tar éis 2 Deireadh Fómhair seo chugainn. Tá sé mar aidhm agam reachtaíocht maidir le Údarás na Gaeltachta a ullmhú chomh luath agus atá an straitéis 20 bliain faofa ag an Rialtas. Dá bhrí sin, níl sé i gceist agam glacadh leis an leasú.

Níl mé ag iarraidh an dallamullóg a chur ar éinne nó feidhmiú na straitéise a chur ar an méar fhada. Mar a thuigim é, tabharfaidh an Bille seo seans don bhord reatha leanúint lena chuid oibre tábhachtach, agus seans dúinn reachtaíocht chuimsitheach a ullmhú. Dá bhrí sin, níl sé praiticiúil labhairt mar gheall ar thoghchán a reachtáil faoi láthair. Tá súil agam go mbeidh deis againn go leor díospóireachtaí a bheith againn ar an straitéis. Déanfaimid trácht freisin ar conas pleananna teanga a chur le chéile, mar a dúirt roinnt daoine anseo. Cinnteoidh an Bille gur féidir dáta a shocrú don toghchán aon am sa tréimhse dhá bhliain amach romhainn. Mar atá ráite, caithfear impleachtaí móra na straitéise a thógáil san áireamh.

Labhair an Seanadóir Healy Eames mar ghall ar chomhairliúcháin. Mar a dúirt an Seanadóir Ó Murchú, bhuail an fochoiste le breis is 30 grúpa. Thug baill an choiste cuairt ar an Ghaeltacht freisin. Aithnímid an ról tábhachtach atá ag an bpobal i gcaomhnú agus múineadh na Gaeilge. Níl an Rialtas ag iarraidh an daonlathais a chur siar. Aithnímid gurb í an straitéis an rud is tábhachtaí atá ag tarlú chun todhchaí na Gaeilge a chinntiú. Tá sé riachtanach go gcuirifimid na struchtúir chearta in áit le haghaidh na blianta atá amach romhainn. D'iarr an Seanadóir Boyle mar gheall ar na tréimhsí ainmnithe. Le déanaí, ainmníodh Liam Ó Cuinneagáin, Cathy Ní Ghoill agus Treasa Uí Lorcáin go cheann trí bliana eile, go dtí 18 Aibreán 2013.

Mar a dúirt mé níos luaithe, tá áthas orm an deis seo a thapú chun an Bille seo a thabhairt os comhair an Tí. Is Bille an-ghairid é. Nuair atáimid tar éis é a achtú, beimid in ann an t-am agus an fuinneamh caoi a thabhairt don obair tábhachtach maidir le leasuithe substaintiúla a dhéanamh ar chumhachtaí, feidhmeanna agus struchtúr Údarás na Gaeltachta. Tuigeann Seanadóirí nach féidir liom amscála cruinn a chur ar an bpróiseas. Tá mé dóchasach go mbeidh dul chun cinn suntasach déanta ina leith sna míonna amach romhainn agus go mbeidh mé ar ais anseo libh le Bille níos cuimsí ina dhiadh sin.

Question put.
The Seanad divided: Tá, 24; Níl, 18.

  • Boyle, Dan.
  • Brady, Martin.
  • Butler, Larry.
  • Carroll, James.
  • Carty, John.
  • Cassidy, Donie.
  • Corrigan, Maria.
  • Daly, Mark.
  • Ellis, John.
  • Feeney, Geraldine.
  • MacSharry, Marc.
  • McDonald, Lisa.
  • Mooney, Paschal.
  • Ó Brolcháin, Niall.
  • Ó Domhnaill, Brian.
  • Ó Murchú, Labhrás.
  • O’Donovan, Denis.
  • O’Malley, Fiona.
  • O’Sullivan, Ned.
  • Ormonde, Ann.
  • Quinn, Feargal.
  • Walsh, Jim.
  • White, Mary M.
  • Wilson, Diarmuid.

Níl

  • Bradford, Paul.
  • Burke, Paddy.
  • Buttimer, Jerry.
  • Cannon, Ciaran.
  • Coffey, Paudie.
  • Coghlan, Paul.
  • Cummins, Maurice.
  • Doherty, Pearse.
  • Fitzgerald, Frances.
  • Healy Eames, Fidelma.
  • McCarthy, Michael.
  • McFadden, Nicky.
  • Norris, David.
  • O’Toole, Joe.
  • Phelan, John Paul.
  • Prendergast, Phil.
  • Ryan, Brendan.
  • White, Alex.
Tellers: Tá, Senators Niall Ó Brolcháin and Diarmuid Wilson; Níl, Senators Maurice Cummins and Pearse Doherty.
Question declared carried.

When is it proposed to take Committee Stage?

It is proposed to take it now. I ask for Senators' agreement to an extension of time to allow our deliberations on the Bill to be brought to a conclusion before taking statements on innovation and job creation.

Is that agreed? Agreed.

Top
Share