Tá mé ag ceapadh go bhfuilimíd tagtha ag stáid stairiúil is stair na tíre agus go bhfuilimid ag feiceáil rud ag tarlú anocht atá thar a bheith náireach, ó thaobh iompar an Rialtais maidir leis an mBille atá sé ag brú tríd an Seanad agus leis na fiacha atá sé ag cur anuas ar chosmhuintir na tíre.
Ba chóir go mbeadh náire. go deimhin, ar na Seanadóirí atá tar éis vótáil ar son an ruda seo. Táimid ag breathnú ar na fiacha atá ag dul a bheith ann maidir leis an athrú seo ó NAMA go dtí an IBRC. Táimid ag cur ina choinne seo agus táimid ag iarraidh ceisteanna a árdú faoi cá dtiocfaidh na fiacha seo ag deireadh thiar thall. Ní ionann an scríobh síos seo agus na fiacha a aistriú. Níl aon díscríobh faighte ag an Rialtas. Ba mhaith linn míniú i bhfad níos fearr a fháil. Ní hionann morgáiste agus fiacha den chineál seo. Ní hionann an nóta gealltanais seo a athrú isteach i mbannaí na tíre.
Go bunúsach, táimid i gcoinne an chaoi a bhfuil an t-Aire ag tabhairt faoi seo.