Skip to main content
Normal View

Seanad Éireann debate -
Wednesday, 9 Apr 2014

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge: Statements (Resumed)

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit arís chuig an Seanad chun labhairt ar an ábhar tábhachtach seo - an straitéis 20 bliain don Ghaeilge. Tá mé cinnte go bhfuil an tAire Stáit seo ag tabhairt an-bhéim agus tosaíocht ard don Ghaeilge, agus gach a mbaineann leis an teanga, chun í a chur chun tosaigh ar chlár an Rialtais. Tá mé cinnte freisin go dtiocfaidh leathnú ar úsáid na teanga sa Teach seo, sa Teach eile agus sa tír ar fad. Is fíor a rá ní hamháin go bhfuil an Ghaeilge mar theanga oifigiúil na tíre seo, ach freisin go bhfuil sí an teanga is aosta san Eoraip. Ba cheart dúinn go léir ár ndícheall a dhéanamh í a chur chun cinn. Tá an t-ádh linn, agus leis an teanga, go bhfuil an tAire Stáit seo, a bhfuil an teanga go flúirseach agus go nádúrtha aige, i gceannas ar pholasaithe an Rialtais i leith na Gaeilge. Tá tuiscint faoi leith aige ar an nGaeilge. Is iontach an rud é go bhfuil sé ag obair linn chun ár dteanga dhúchais a chur chun cinn. Ní hí an Ghaeilge mo theanga dhúchais, ach is teanga dhúchais an tAire Stáit í.

Tá beagnach gach rud clúdaithe sa straitéis 20 bliain, ina measc an t-oideachas, an Ghaeltacht, an teaghlach, seirbhísí poiblí, na meáin agus reachtaíocht. Tá moltaí iontacha sa straitéis chun an teanga a choimeád beo. Caithfimid iad a mholadh agus - níos tábhachtaí - a lán oibre a dhéanamh chun iad a chur chun cinn. Tá na moltaí beaga sa straitéis chomh tábhachtach leis na moltaí móra. Tá Coimisinéir Teanga nua againn. Chuir mé fáilte roimh an gcoimisinéir breá sin cheana féin. Ba mhaith liom focal nó dhó a rá faoi na príomhspriocanna sa straitéis atá le baint amach thar thréimhse scór bliain. Tá sé mar aidhm sa straitéis go mbeidh eolas ag 2 mhilliún duine ar an nGaeilge agus go mbeidh ardú ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge go dtí 250,000 duine. De réir torthaí daonáireamh 2011, ina raibh 1.77 milliún duine in aois a trí bliana nó níos sine in ann an Ghaeilge a labhairt - chuir siad é sin síos ar an bpáipéar, ar aon nós - i gcomparáid le 1.66 milliún sa bhliain 2006. Is léir, dá bhrí sin, go bhfuil dul chun cinn maidir leis na spriocanna atá leagtha síos sa straitéis á bhaint amach. Is léir, áfach, go bhfuil go leor oibre fós le déanamh.

Tá a fhios ag gach éinne go bhfuil an modh oideachais an-tábhachtach nuair atá foghlaim teanga nó aon saghas foghlama eile ar siúl. Molaim an t-athbhreithniú atá déanta ar an gcuraclam le déanaí. Tá athrú déanta agus tá béim ar an bhfocal labhartha anois. Baineann 40% de na marcanna leis an teanga labhartha anois. Tuigim go rachaidh sé sin suas go 50% i gceann cúpla bliain. Is dóigh liom go bhfuil sé sin ar an gclár. Ceapaim go bhfuil i bhfad níos mó le déanamh mar gheall ar an mhodh múinte. Fágann a lán daltaí an scoil le blas uafásach ina mbéal mar gheall ar an gcaoi ina fhoghlaim siad a gcuid Gaeilge. B'fhéidir nach bhfuil formhór na ndaoine in ann níos mó ná cúpla abairt a chur le chéile - níl a fhios agam. Caithfear an teanga a dhéanamh tarraingteach do na daltaí. Ba cheart dúinn smaoineamh ar dhaltaí a spreagadh. Tá caighdeán traenála na múinteoirí sa teanga an-tábhachtach freisin. Tá múinteoirí iontacha i ngach ábhar ag déanamh an-obair sna scoileanna. Ba mhaith liom aontú leis na múinteoirí a deireann go bhfuil obair dheacair á dhéanamh acu. B'fhéidir go bhfuil líon beag de mhúinteoirí nach bhfuil grá don teanga nó suim sa teanga acu. Tá sé an-tábhachtach go mbeadh grá agus suim acu siúd atá ag múineadh na Gaeilge.

Ní fhéadfainn caint faoin teanga gan labhairt ar na gaelscoileanna agus an obair iontach atá ar siúl iontu. Tuigim go bhfuil cuid acu fós lonnaithe i bhfoirgnimh le caighdeán an-íseal ar fad. Is cinnte go bhfuil caighdeán oideachais an-ard sna gaelscoileanna. B'fhéidir go mbeidh an tAire Stáit in ann a chur ina luí ar an Aire Oideachais agus Scileanna go bhfuil a lán oibre le déanamh ar ghaelscoileanna áirithe. Tá sé ráite ag na Náisiúin Aontaithe go bhfuil leath de na 6,700 teanga sa domhan i ndainséir dul in éag. Caithfimid a chinntiú nach mbeidh an Ghaeilge ina measc. Tá a lán oibre le déanamh i ngach réimse den ábhar seo, ach níl go leor ama fágtha agam chun cur síos a dhéanamh orthu.

Ba mhaith liom fáilte a chur roimh an Aire Stáit agus an t-oifigeach, Séamas Mac Giolla Chomhaill, atá in éineacht leis tráthnóna. Nuair a bhíonn an t-ábhar tábhachtach seo á phlé sa Dáil nó sa Seanad, is minic nach nglacann mórán Baill an Oireachtais páirt sa díospóireacht. Ní hé sin le rá nach bhfuil suim acu san ábhar, áfach. Is cinnte go bhfuil suim acu agus ag pobal na tíre - ní hamháin na daoine atá in ann an teanga a labhairt, ach na daoine go bhfuil meas acu ar an teanga fosta - sa Ghaeilge. Tá sé soiléir, daonáireamh i ndiaidh daonáirimh, go bhfuil suim ag pobal na tíre i dtaca leis an nGaeilge a choinneáil láidir, a choinneáil beo agus a fhorbairt mar theanga náisiúnta oifigiúil na tíre.

Tá go leor le bheith dearfach faoi agus muid anseo inniu. Tá cúpla milliún duine sa náisiún seo in ann an teanga a labhairt - tá cumas Gaeilge de shaghas éigin acu. Tá 93% den daonra ó Dheas go bhfuil tuigmheáil acu, nó atá ábalta an Ghaeilge a labhairt. Tá os cionn 200 gaelscoil ar fud na tíre ag tacú le daoine óga a spreagadh chun an Ghaeilge a labhairt. Cuireann na gaelscoileanna deiseanna ar fáil in áiteanna taobh amuigh den Ghaeltacht leis an nGaeilge a neartú agus a fhorbairt. Níl aon dabht ná go bhfuil go leor rudaí maithe ag tarlú, ar nós na hoibre atá ar siúl ag an Roinn leis an nGaeilge a neartú agus a chur chun cinn.

Agus muid ag caint ar chúrsaí Gaeilge, tá sé tábhachtach tagairt a dhéanamh don mhéid atá tarlaithe le roinnt bheag ama anuas. Tá mé ag smaoineamh go háirithe ar an gcinneadh mór a rinne an t-iar-choimisinéir Seán Ó Cuirreáin, a thagann ó Chontae Dhún na nGall. Níos luaithe i mbliana - i mí Feabhra seo caite - d'fhógair sé go raibh sé i gceist aige éirí as a phost. Bhí meas ag daoine ar Sheán Ó Cuirreáin mar dhuine cumasach a d'oibrigh go díograiseach ón uair a ceapadh é mar choimisinéir níos mó ná deich mbliana ó shin leis an nGaeilge a chosaint ag gach leibhéal sa chóras Stáit. Rinne sé an-obair ar son phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Is mór an trua go raibh ar Sheán Ó Cuirreáin cinneadh a dhéanamh éirí as, de bhrí go raibh sé den tuairim nach raibh go leor á dhéanamh chun an Ghaeilge a chur chun cinn, go háirithe sa Státchóras. Nuair a thug sé óráid ag an bhfochoiste Oireachtais atá ag plé le cúrsaí Gaeilge ar 23 Eanáir i mbliana, dúirt sé go raibh cuid mhaith oibre déanta ach go raibh i bhfad níos mó le déanamh. Cheap an t-iar-choimisinéir, i ndáiríre, nach raibh go leor tiomantais ann an obair a dhéanamh agus na spriocanna a bhaint amach.

Ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl ar an taifead don iar-choimisinéir, Seán Ó Cuirreáin. Ba mhaith liom fosta glacadh leis an deis seo comhghairdeas a dhéanamh leis an gcoimisinéir úr atá ceaptha, Rónán Ó Domhnaill. Ós rud é go bhfuil lánchumas aige, beidh sé in ann an jab a dhéanamh go hiontach. Caithfidh an tacaíocht chuí a bheith ar fáil, áfach. Tá lúcháir orm go bhfuil U-turn déanta ag an Rialtas agus nach bhfuil sé i gceist anois Oifig an Choimisinéara Teanga a chónascadh le hOifig an Ombudsman. Measaim gur buntáiste mór é sin. Tá sé tábhachtach go mbeidh Oifig an Choimisinéara Teanga lonnaithe sa Ghaeltacht. Tuigim anois gur sin mar a bheidh. Cuirim fáilte roimh an gcinneadh sin.

Is dóigh liom gurb í an fhadhb is mó atá ag pobal na tíre seo anois ná nach bhfuil seirbhísí Gaeilge ar fáil dóibh nuair atá siad ag iarraidh a gcuid gnó a dhéanamh leis an gcóras Stáit. Tá an fhadhb seo againn san Oireachtas, fiú. Chuir duine éigin ceist orm le gairid faoi úsáid na Gaeilge san Oireachtas agus ag leibhéal an Rialtais go ginearálta. Tá sé deacair teacht ar leagan Gaeilge de na Billí go léir atá foilsithe anseo. Tá na Billí go léir foilsithe i mBéarla. B'fhéidir go dtiocfaidh leagan Gaeilge chun cinn agus b'fhéidir nach dtiocfaidh.

Má táimid dáiríre faoin Stát agus faoin Ghaeilge, ba chóir na Billí go léir a thagann ón Ard-Aighne nó ón Rialtas a fhoilsiú sa chéad teanga oifigiúil - an Ghaeilge. Níl a fhios agam cén fáth nach bhfuil sé sin ag tarlú. Chruthódh sé go leor jabanna sa Státchóras chomh maith. B'fhéidir go mbeidh an tAire Stáit in ann freagra a thabhairt dúinn tráthnóna ar an mbuncheist sin. Ba chóir go mbeadh sé sin ag tarlú. Níl a fhios agam cén fáth nach bhfuil sé ag tarlú. Tá sé fíordheacair aistriúcháin oifigiúil a fháil ar aon Bhille nuair atá a leithéid á lorg.

Tá cóip den straitéis 20 bliain don Ghaeilge os mo chomhair amach. Rinne muid plé ar an straitéis ag cruinniú comhchoiste le gairid. Tá go leor rudaí maithe sa straitéis. Mar atá ráite ag an gCoimisinéir Teanga agus go leor daoine eile atá tar éis labhairt faoin straitéis, tá an straitéis ceart go leor, ach níl ann ach straitéis. Caithfear í a chur i bhfeidhm. Tá go leor den straitéis nach bhfuil á chur i bhfeidhm. Tá géarghá ann í a chur i bhfeidhm.

Tá sé mar pholasaí ag an Rialtas na pleananna teanga áitiúla, atá á gcur le chéile sna ceantair éagsúla, a chur i bhfeidhm trí Údarás na Gaeltachta. Cé go bhfuil sé mar dhualgas ag na pobail éagsúla an Ghaeilge a chosaint agus a neartú sna ceantair sin mar pháirt de cur chuige an Rialtais, níl tacaíocht airgid ar fáil chun an obair speisialta a bhaineann leis an bpleanáil seo a dhéanamh. Tá a fhios agam go bhfuil ról comhairleach ag Údarás na Gaeltachta sa chomhthéacs seo, ach ní hionann sin agus a rá go bhfuil aird á thabhairt ar an saineolas atá ag na coistí pobail. Ba chóir go mbeadh an tacaíocht fhiúntach atá riachtanach ar fáil do na coistí sin.

Tá a fhios agam go bhfuil mé thar am. Tá súil agam gur féidir linn díospóireachtaí eile a eagrú amach anseo. Níl oiread Seanadóirí i gcónaí ag iarraidh labhairt ar chúrsaí Gaeilge anseo. Níl mé ag ardú aon cheist faoi sin, seachas a rá go mb'fhéidir gurbh fiú dúinn am éigin seisiún oscailte a bheith againn faoin straitéis sa Teach seo. B'fhéidir gur cheart dúinn dul tríd an straitéis líne ar líne, agus cibé am atá á lorg ag Seanadóirí a chur ar fáil. Ba chóir dúinn lá amháin a chaitheamh ag plé leis an straitéis agus ag dul tríd na pointí éagsúla. Ba cheart go mbeadh deis ag Seanadóirí ceisteanna a chur ar an Aire Stáit. Measaim go mbeadh sé sin ina bhuntáiste don Aire Stáit, do na Seanadóirí agus do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Ba mhaith liom rud amháin eile a rá. Measaim gur botún agus lá dubh atá ann ós rud é nach mbeidh aon airgead ar fáil as seo amach do Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, eagraíocht a d'oibrigh go díograiseach don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do phobal na tíre seo thar na blianta. Tá an t-airgead gearrtha astu anois. Más féidir teacht ar fhoinse Stáit don eagraíocht sin, molaim don Aire Stáit é sin a dhéanamh. Tá obair iontach ar siúl ag an eagraíocht sin. Tá tábhacht faoi leith ag baint leis sin ó thaobh moltaí na straitéise agus todhchaí na teanga.

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit. Táimid buíoch gur tháinig sé ar ais leis an díospóireacht seo a chríochnú. An féidir liom rud éigin a dheimhniú? I just want to confirm how much time I have.

I think those who spoke during the first part of this debate last month were given eight minutes.

I understand the time limit in question applied to group spokespersons. I will give the Senator some leeway.

Go raibh maith agat. Tá neart le rá agam.

Senator Cáit Keane spoke for ten minutes.

I had a few more things to say.

Tá roinnt rudaí tarlaithe ón am ar chuir muid an díospóireacht seo ar athló. Is dócha gurb é an príomhrud ná gur éirigh le Comharchumann Mhic Dara ar an gCeathrú Rua príomhdhuais Glór na nGael a bhaint amach ag ócáid an-taitneamhach a bhí ann le déanaí. Ba mhaith liom tréaslú le muintir an Cheathrú Rua agus le chuile dhuine a bhuaigh duaiseanna Glór na nGael. Bhí an-ócáid ann. Tá an-obair ar bun ar fud na tíre ag na dreamanna ar fad atá ag plé leis sin.

Tá Rónán Ó Domhnaill ceaptha mar Choimisinéir Teanga. Guímid gach rath air ina chuid oibre. Mar a dúradh roimhe seo, táimid thar a bheith buíoch de Sheán Ó Cuirreáin as ucht an obair a rinne sé. Ó shin i leith, tá cinn an Bhille a dhéanfaidh leasú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 foilsithe. Déanfaidh mé tagairt dóibh sin ar ball beag chomh maith céanna. Ní theastaíonn uaim dul isteach go mion sa straitéis ós rud é go bhfuil mé sásta - mar a thagair an Seanadóir Ó Domhnaill - go ndéanfaidh an fochoiste Oireachtais scrúdú líne ar líne ar dhul chun cinn na straitéise. B'fhéidir go ndíreoidh mé ar na réimsí níos leithne ó thaobh polasaithe de, srl.

Tá a fhios go maith ag an Aire Stáit go bhfuil pobal na Gaeilge an-chlamhsánach leis. Bhí agóid an-mhór taobh amuigh de na geataí anseo roinnt seachtainí ó shin. Bhí 10,000 duine amuigh ar an mbóthar agus iad "dearg le fearg". Tá agóid eile ar an ábhar céanna beartaithe go luath - i gceann cúpla lá - i mBéal Feirste. Bhí agóid mhór thiar i gConamara ó thaobh dúnadh Oifig an Choimisinéara Teanga. Fáiltím roimh Oifig an Choimisinéara Teanga a bheith ag fanacht neamhspleách agus lonnaithe sa Ghaeltacht. Is maith an rud é go raibh an tAire Stáit sásta éisteacht leis an bpobal ar an gceist sin.

Ní fhéadfainn a rá go bhfuil mé chomh sásta céanna maidir leis an méid atá le feiceáil ó thaobh Acht na dTeangacha Oifigiúla. Tá cinn an Bhille agus na haighneachtaí le feiceáil anios. Is deacair a thuiscint cén fáth ar thóg sé dhá bhliain ar an Rialtas an méid seo a fhoilsiú. Is beag breise atá i gcinn an Bhille leasaitheach ná mar atá san Acht mar a sheasann sé. ar liom, tá formhór na 13 cinn ag lagú an Achta. B'fhéidir go gcuireann cinn Uimh. 6, Uimh. 9 maidir le hainmneacha agus seoltaí poist Gaeilge agus Uimh. 13 feabhas beag ar chúrsaí ó thaobh na Gaeilge de.

Tá sé soiléir ó na haighneachtaí a cuireadh isteach go bhfuil éileamh ag an bpobal maidir le seirbhísí iomlán trí Ghaeilge a sholáthar do shaoránaigh gan cheist gan choinníoll nuair atá a leithéid á lorg. Ba cheart na seirbhísí céanna a chur ar fáil sna ceantair Ghaeltachta do phobal labhartha na Gaeilge, arís gan cheist gan choinníoll. Ní fheicim go ndéanfaidh an leasú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla aon tacú nó aon láidriú ar an gceist sin beag ná mór; seachas sin, is dóigh liom go ndéanfaidh sé lagú ar chúrsaí.

Tá an-amhras orm maidir leis na scéimeanna teanga. D'admhaigh an tAire Stáit ag an bhfochoiste go bhfuil backlog mór ann ó thaobh na scéimeanna teanga a dhaingniú sa Roinn. Is léir go bhfuil 75% dóibh imithe in éag. Má leanann oifigigh na Roinne ar aghaidh iad a dhaingniú chomh sciobtha is atá siad ag bogadh chun cinn i mbliana - dúradh linn go raibh deich gcinn nó 11 cheann ann ag an am sin - tógfaidh sé 40 bliain dóibh an méid atá ag seasamh amach a thabhairt suas chun dáta.

Bhí an chuid is mó de na haighneachtaí ó thaobh Acht na dTeangacha Oifigiúla a tháinig ó na gnáthdhaoine agus na heagrais phobail ag iarraidh an reachtaíocht a láidriú, ach tá aiféala orm a rá gur a mhalairt a bhí i gceist i gcás na n-aighneachtaí a tháinig ó leithéidí an Roinn Oideachais agus Scileanna agus an Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta. Is mór an náire é gurb i mBéarla a cuireadh na haighneachtaí sin isteach, in ainneoin gur ag caint faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla a bhíomar. Bhí na Ranna Stáit sin ag iarraidh lagú nó cúngú a dhéanamh ar chúrsaí. Sílim gurb é sin bun agus barr na faidhbe, i ndáiríre.

Tá an tAire Stáit fabhrach don Ghaeilge, agus deirtear linn go bhfuil cuid mhaith Airí agus Teachtaí fabhrach don teanga. Ní bhraithim go bhfuil tacaíocht na Ranna Stáit eile aige - beag ná mór - ó thaobh gníomh a dhéanamh ar son na Gaeilge, áfach. Ba mhaith liom sampla a thabhairt mar léiriú ar sin. Sa bhliain 2012, chuir an Roinn atá freagrach as daoine a fhostú le dul ag obair sa Státseirbhís fógra sna páipéir ag lorg oibrithe le haghaidh na Státseirbhíse. Cé go bhfuilimid ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn sa Státseirbhís, bhí an fógra iomlán i mBéarla go huile is go hiomlán.

Bhain an fógra le "temporary contracts for clerical officers" agus iad ag earcú fostaithe don Státseirbhís. Ní raibh tagairt dá laghad ó thaobh na Gaeilge de san fhógra, cé go bhfuil scéim i bhfeidhm ag an Roinn chéanna maidir le daoine a fhostú. Tá sé ráite ag an Rialtas go bhfuil siad ag iarraidh daoine le Gaeilge a thabhairt isteach sa Státseirbhís. Conas a tharlóidh sé sin nuair nach bhfuil Ranna Rialtais fiú ag fógairt i nGaeilge mar ba chóir dóibh a dhéanamh? Níl siad ag lorg daoine le Gaeilge sna hiarratais sin. Sílim go léiríonn sé sin cuid de na deacrachtaí atá againn. Níl tacaíocht na Ranna Stáit éagsúla ag an Aire Stáit.

Bhí cruinniú ar an gCeathrú Rua le déanaí maidir le cúrsaí oideachais Gaeltachta, eagraithe ag dream a bhí ag plé le hEagraíocht na Scoileanna Gaeltachta roimhe seo. Chuir sé iontas orm go raibh duine d'fheidhmeannaigh an Aire Stáit tar éis litir a chur chuig an gcruinniú sin ag rá nach bhféadfadh sí freastal ar an gcruinniú. Dúirt an duine seo, atá ag plé go han-ard sa Roinn maidir leis an straitéis 20 bliain don Ghaeilge, ní hamháin nach raibh sí in ann freastal, ach freisin nár bhain cúrsaí oideachais Gaeltachta leis an gcúram a bhí aici. Chuir sé sin an-iontas orm, ós rud é go bhfuil tagairtí do chúrsaí oideachais fite fuaite sa straitéis 20 bliain don Ghaeilge.

Tá an ceart ag an Seanadóir Keane sa mhéid a dúirt sí mar gheall ar na gaelscoileanna. Labhraíonn sí go minic faoi chúrsaí oideachais agus cé chomh maith is atá rudaí ag dul chun cinn. Má tá feidhmeannaigh de chuid an Aire Stáit, nó de chuid na Roinne, ag rá nach mbaineann cúrsaí oideachais Gaeltachta nó cúrsaí gaelscolaíochta lena gcúram, tá fadhb an-mhór againn. Sílim gur admhaigh an tAire Stáit é sin ag an gcruinniú den fhochoiste ar an straitéis 20 bliain a bhí againn thíos an staighre le déanaí. Dúirt sé go bhfuil an fhreagracht air i leith cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta amháin, agus an méid atá ag tarlú ina Roinn. Ní fhaca sé go raibh freagracht ar bith air maidir leis na Ranna eile. Is ceap magaidh é sin.

Tá an tAire Stáit freagrach as an straitéis 20 bliain, atá fite fuaite leis na Ranna eile. Muna bhfuil an tAire Stáit ag brú agus ag tiomáint na Gaeilge chun cinn lena chuid chomh-Airí, go háirithe i gcomhthéacs cúrsaí oideachais, cúrsaí fostaíochta, cúrsaí leasa shóisialaigh agus cúrsaí sláinte, cé atá chun é a dhéanamh? Tá dreamanna éagsúla sna hearnálacha seo ar fad ag cur seirbhísí ar fáil do phobal na Gaeilge. Tá faitíos orm nach bhfuil an t-ábhar seo á thiomáint sách láidir ag an Aire Stáit. Tá imní orm nach bhfuil tacaíocht iomlán Rialtais aige, in ainneoin go mbíonn cruinnithe ann agus mar sin de.

Is mór an trua é gur bhain an tAire Stáit maoiniú ó Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta, a bhí ag déanamh fíorobair a bhfuil tábhacht faoi leith ag baint leis. Sílim nach bhfuil tuiscint ag leibhéal an Rialtais maidir leis an difríocht idir ghaelscolaíocht agus oideachas Gaeltachta. Tá riachtanais bhreise i gceist i gcás duine a bhfuil Gaeilge líofa aige nó aici cheana féin agus atá ag lorg oideachais trí mheán na Gaeilge. Ní hionann a bheith ag múineadh na Gaeilge do fhoghlaimeoir i scoil atá tar éis bheith ag feidhmiú i mBéarla agus oideachas trí mheán na Gaeilge sna hábhair iomláin a chur ar fáil do dhaoine óga a bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu. Tá curaclam breise agus fócas difriúil ag teastáil. Níl an Rialtas ag díriú ar sin.

Tá eagraíochtaí ar nós Tuismitheoirí na Gaeltachta ag déanamh sár-obair ar an talamh maidir le cur chun cinn na Gaeilge i measc an phobail. Níl leath dóthain maoiniú á chur ar fáil dá leithéidí sin. Tá sé fíorthábhachtach go gcuireadh an tAire Stáit breis maoinithe agus breis tacaíochta ar fáil dá leithéidí.

Cá bhfuilimid ag dul, i ndáiríre, leis an rud seo? Tá tagairt déanta ag mo chomhghleacaí, an Seanadóir Ó Domhnaill, do Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge. Tá atheagar á dhéanamh ar na heagrais bunmhaoinithe. Ní bheidh fágtha ach sé eagraíocht bunmhaoinithe as an 19 eagraíocht atá ann faoi láthair. Tá ceist faoi leith ann maidir le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, atá luaite cheana féin. De réir mar is cosúil, tá an eagraíocht sin le scor. An bhfuil an tAire Stáit in ann a dheimhniú go n-íocfar iomarcaíocht reachtúil leo siúd ar fad a chaillfidh a bpoist de bharr cur i bhfeidhm an mhúnla nua maoinithe? Muna bhfuil na hacmhainní cuí ag na heagrais chun na híocaíochtaí sin a dhéanamh, an gcinnteoidh an tAire Stáit go dtacóidh Foras na Gaeilge leis na híocaíochtaí iomarcaíochta sin?

Cén fáth a bhfuil deireadh á chur le seirbhísí nuachta agus eolais gaelport.com nuair nach bhfuil aon chinneadh déanta maidir le céard a thiocfaidh i gcomharbacht air? Dar le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, tá an-rath ag baint le seirbhísí gaelport.com. Caithfidh mé a rá go bhfuil go leor daoine á n-úsáid. Tá an t-éileamh ar an tseirbhís ag dul ó neart go neart. Faigheann an láithreán gréasáin sin breis is 1 milliún amas sa bhliain. Tá 7,000 síntiúsóir cláraithe dá ríomhirisí. Is iomaí duais agus gradam atá bainte amach ag gaelport.com le blianta.

Is léir, dá bhrí sin, leis an atheagar ar fad atá á dhéanamh, go bhfuilimid ag cailliúint cuid de na rudaí is luachmhaire atá againn. Nílim muiníneach go bhfuil an tAire Stáit ag brú na Gaeilge ar aghaidh sách láidir. Níl muinín agam as an straitéis 20 bliain don teanga. Bainfimid ó chéile é nuair a bheidh sé á phlé againn thíos ag an bhfochoiste. Sílim go bhfuil athmhachnamh iomlán á dhéanamh ar cá bhfuilimid ag dul ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta de. Tá súil agam go mbeidh an tAire Stáit in ann díriú in athuair i bhfad níos díograisí agus níos láidre ar chur chun cinn na Gaeilge. Ba cheart dúinn éirí as an gcur i gcéill, mar a thug Seán Ó Cuirreáin air agus é ag éirí as, maidir le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta.

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na Seanadóirí a ghlac páirt agus a léirigh a gcuid tuairimí le linn na díospóireachta seo ar an straitéis 20 bliain don Ghaeilge. Níl amhras ar bith ach go raibh díospóireacht an-bhríomhar agus an-tairbheach againn. Díreoidh mé ar dtús ar roinnt de na pointí suntasacha a ardaíodh lena linn, agus ina dhiaidh sin déarfaidh mé cúpla focal faoin athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, a foilsíodh an tseachtain seo caite.

Luaigh an Seanadóir Ó Murchú agus an Seanadóir Moran na deacrachtaí a bhíonn ag daoine a dteastaíonn uathu a gcuid gnó a dhéanamh leis an Stát trí Ghaeilge. Cé go mbíonn deacrachtaí ann, ní miste a aithint go bhfuil an Státchóras ag déanamh a dhíchill chun seirbhísí i nGaeilge a sholáthar don phobal. Tá céimeanna éagsúla idir lámha chun cumas an Státchórais a fheabhsú sa réimse seo. Mar shampla, tá comhaontú seirbhíse sínithe ag mo Roinn leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe chun oiliúint sa Ghaeilge agus tástáil inniúlachta a sholáthar don Státseirbhís. Is é aidhm an chomhaontaithe seo ná tacú le Státseirbhísigh chun a gcuid inniúlachta sa Ghaeilge a fhorbairt agus cur le cumas na Státseirbhíse maidir le seirbhísí i nGaeilge a chur ar fáil don phobal. Tá an comhaontú seo tábhachtach i gcomhthéacs Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus an straitéis 20 bliain.

Is fiú a nótáil chomh maith, mar a dúirt mé ag tús na díospóireachta, gur thóg an Rialtas cinneadh i mí Dheireadh Fómhair 2013 go gcaithfidh Ranna Rialtais sainaithint a dhéanamh ar phoist agus ar réimsí oibre ina dteastaíonn oifigigh le Gaeilge mar chuid den phróiseas pleanála don fhórsa oibre sa Státseirbhís. Beidh an próiseas seo lárnach chun a chinntiú go ndéanfar foráil dhóthanach i gcomórtas earcaíochta amach anseo do cheapacháin i bpoist ina dteastaíonn oifigigh le Gaeilge. Ina theannta sin, sonrófar na poist sin ina dteastaíonn Gaeilge sna scéimeanna teanga faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 amach anseo.

Luaigh an Seanadóir Uí Mhóráin an gá a chonaic sí leis an scéim nua Gaeltachta - an scéim seirbhísí réamhscoile agus iarscoile, a d'fhógair mé sa Teach seo ar an 12 Márta - a leathnú amach don chuid eile den tír. Is í aidhm na scéime ná tacú le teaghlaigh Ghaeltachta chun a bpáistí a thógáil le Gaeilge. Ní miste a nótáil go bhfuil scéimeanna éagsúla á reáchtáil ag Foras na Gaeilge ar bhonn uile-oileáin chun tacaíocht a thabhairt do theaghlaigh atá ag tógáil a bpáistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht. Faoin chóras nua maoinithe atá á chur i bhfeidhm ag Foras na Gaeilge faoi láthair, tá mé ag súil go mbeidh freastal níos fearr ná riamh á dhéanamh ar an bpobal ag na heagraíochtaí ceannais atá roghnaithe chun tosaíochtaí straitéiseacha a sheachadadh ó cheann ceann na tíre.

D'ardaigh an Seanadóir Mac Conghail dhá cheist an lá faoi dheireadh, ceann amháin faoi chóras monatóireachta don straitéis 20 bliain don Ghaeilge agus ceann eile faoin choiste chomhairleach faoin straitéis. Is ar mo Roinn atá an fhreagracht uileghabhálach an straitéis a chomhordú agus a chur i bhfeidhm i gcomhar le réimse mór páirtithe leasmhara. Déanann mo Roinn monatóireacht leanúnach ar chur i bhfeidhm na straitéise i gcomhpháirtíocht leis na páirtithe leasmhara sin. Tá an coiste comhairleach bunaithe agam i gcomhthéacs an róil chomhordaithe atá ag mo Roinn maidir le cur i bhfeidhm na straitéise. Bhí an chéad chruinniú den choiste comhairleach, atá ag feidhmiú faoi mo chathaoirleacht, ar an 2 Aibreán. Táim ag súil go dtabharfaidh bunú an choiste chomhairligh deis do na heagraíochtaí ábhartha Gaeilge agus Gaeltachta plé a dhéanamh le mo Roinn maidir leis an dóigh is fearr chun an straitéis agus an próiseas pleanála teanga a chur i bhfeidhm. Tá mé ag súil chomh maith go gcothóidh an coiste comhairleach comhoibriú agus comhthuiscint níos fearr idir na páirtithe éagsúla, i dtaca leis an straitéis agus próiseas pleanála teanga.

Ba mhaith liom díriú ar chinneadh an Rialtais an tseachtain seo caite an t-athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a fhoilsiú agus Bille dár teideal Bille na dteangacha oifigiúla (leasú) 2014 a dhréachtú chun leasú a dhéanamh ar an Acht. Eascraíonn an cinneadh seo as an ghealltanas a tugadh i gclár an Rialtais go ndéanfaí athbhreithniú ar an reachtaíocht chun a chinntiú go mbainfear an leas is fearr as caiteachas ar an teanga chun í a fhorbairt agus chun a chinntiú go bhforchuirtear dualgas go cuí de réir éilimh ó shaoránaigh. Is í an phríomhaidhm atá ag an Bhille ná an tAcht teanga a leasú chun a chinntiú go leanfaidh sé de bheith ina thacaíocht éifeachtach do gach duine ar mian leis nó léi seirbhísí d'ardchaighdeán i nGaeilge a bhaint amach. Tá Acht na dTeangacha Oifigiúla an-tábhachtach do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. Tá sé tráthúil go ndéanfaí leasuithe cuí air tar éis dó a bheith i bhfeidhm le os cionn deich mbliana.

Fáiltím chomh maith roimh chinneadh an Rialtais nach bhfuil sé i gceist Oifig an Choimisinéara Teanga a chónascadh le hOifig an Ombudsman. Tar éis tuilleadh breithnithe a dhéanamh ar an chónascadh a bhí beartaithe, agus ag tógáil san áireamh torthaí an phróisis chomhairliúcháin phoiblí a léirigh tacaíocht láidir d'Oifig an Choimisinéara Teanga a choinneáil mar oifig iomlán neamhspleách, tá cinneadh déanta ag an Rialtas gan dul ar aghaidh leis an chónascadh a bhí beartaithe. Tuigtear dom go bhfuil fáilte curtha ag an gCoimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, roimh chinneadh an Rialtais ar an mbonn gur cinneadh ciallmhar praiticiúil atá ann, dar leis, a chosnaíonn neamhspleáchas Oifig an Choimisinéara Teanga.

Ba mhaith liom díriú sna nóiméid atá fágtha agam ar phríomh-fhorálacha Bille na dteangacha oifigiúla (leasú) 2014. Fanfaidh an riachtanas doiciméid shonraithe a bhfuil tábhacht leo, ar nós tuarascálacha bliantúla, cuntais iniúchta agus ráitis straitéise, a fhoilsiú go dátheangach, ach beidh solúbthacht ann maidir le doiciméid ina bhfuil tograí beartais phoiblí á chur ar fáil sa dá theanga oifigiúla. Méadófar tréimhse na scéimeanna teanga ó trí bliana go seacht mbliana. Tabharfaidh sé seo deis níos fearr do chomhlachtaí poiblí a gcuid tosaíochtaí a aithint agus a eagrú chun feabhas a chur de réir a chéile ar sheirbhísí trí Ghaeilge a sholáthar don phobal. Ina theannta sin, sonrófar i scéimeanna teanga na poist ina bhfuil gá le hinniúlacht sa Ghaeilge. Táthar ag beartú foráil nua faoin Acht Teanga a chiallóidh gur féidir le daoine an leagan Gaeilge nó Béarla dá n-ainmneacha agus dá seoltaí a úsáid, cibé acu is mian leo, agus iad i mbun cumarsáide le comhlachtaí poiblí.

Táthar ag beartú foráil ghinearálta a thabhairt isteach chun comhlachtaí poiblí a thabhairt faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 in áit an chórais atá ann faoi láthair faoina gcaitear sceideal na gcomhlachtaí poiblí faoin Acht a nuashonrú de réir mar a athraíonn stádas na gcomhlachtaí poiblí. Táthar ag beartú fáil réidh leis an tagairt don Choimisiún Logainmneacha san Acht Teanga. Tá an leasú seo riachtanach i bhfianaise chinneadh an Rialtais deireadh a chur leis an gcoimisiún faoin phlean um athchóiriú na seirbhíse poiblí. Tá coiste saineolaithe, a oibríonn ar bhonn pro bono agus atá ceaptha ar bhonn riaracháin, curtha in áit an choimisiúin cheana féin. Tá cinn an Bhille curtha faoi bhráid an Chomhchoiste um Chomhshaol, Chultúr agus an Ghaeltacht i gcomhréir le polasaí an Rialtais. Tá mé ag súil leis an bplé a bheidh ar bun i dTithe an Oireachtais agus an Bille seo ag dul tríd an phróiseas reachtaíochta.

Rinne an Rialtas cinneadh chomh maith an tseachtain seo caite roinnt tionscnamh polasaí a fhorbairt ar mhaithe le seirbhísí i nGaeilge ón Stát a fheabhsú. Déanfaidh mé cur síos ar na príomhchinn acu sin. Tá sé i gceist bearta réamhghníomhacha a thionscnamh chun an cohórt de dhátheangaigh fheidhmiúla sa Státseirbhís a mhéadú thar thréimhse ama. Cuimsíonn na bearta seo gnóthaí earcaíochta agus oiliúna. Tá réamhobair ar bun ag mo Roinn cheana féin chun seirbhís chomhroinnte aistriúcháin a bhunú chun freastal ar riachtanais Ranna agus oifigí Rialtais. Tá sé mar phlean deasc lárnach um sheirbhís do chustaiméirí a bhunú chun soláthar feabhsaithe seirbhísí i nGaeilge a chinntiú don phobal. Tá réamhobair ar bun ag mo Roinn chuige seo chomh maith.

Tá sé i gceist ag an Rialtas a chinntiú go bhfuil an Ghaeilge á húsáid go barréifeachtach ar chomharthaí tráchta bóthair. Tá obair ar bun ag an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt chuige seo. Táimid chun a chinntiú go n-úsáidtear an Ghaeilge in ainmneacha comhlachtaí nua poiblí atá á mbunú, cosúil le hUisce Éireann. Beidh oifigigh mo Roinne ag obair as lámha a chéile leis na páirtithe leasmhara ábhartha sna míonna amach romhainn chun na tionscnaimh seo a chur i gcrích. Níl amhras ar bith ach go bhfuil feabhas tagtha ar sholáthar sheirbhísí an Stáit do phobal labhartha na Gaeilge mar gheall ar Acht na dTeangacha Oifigiúla. Is í an aidhm atá leis an reachtaíocht nua, agus leis na tionscnaimh nua polasaí, ná leanúint ag tógáil ar an dúshraith mhaith atá leagtha síos le breis agus deich mbliana anuas.

Ba mhaith liom tagairt do chuid de na pointí a rinneadh anseo tráthnóna. D'ardaigh an Seanadóir Ó Domhnaill ceist aistriúcháin na mBillí. Is fíor nach gcuirtear gach Bille ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla ag an am céanna. Foilsíodh na Billí a raibh baint díreach agam leo - Bille na Gaeltachta 2012 agus an Bille um Choimisiún Thithe an Oireachtais (Leasú) 2012 - go hiomlán i nGaeilge. Aontaím leis an Seanadóir gur féidir feabhas a chur ar an ábhar seo. Luaigh an Seanadóir an straitéis 20 bliain fosta. Mar a dúirt an Seanadóir Ó Clochartaigh, beidh an straitéis á plé againn ag an bhfochoiste.

Aithním go bhfuil obair mhór déanta ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge le blianta fada. Bhí aithne agus eolas agam ar obair na comhdhála i gcónaí. Thug mé cuairt orthu go minic i Sráid na bhFíníní, sular aistrigh siad go dtí Sráid Chill Dara, nuair a bhíodh an t-uisce ag teacht isteach tríd an díon orthu. Ar ndóigh, is cinneadh de chuid Fhoras na Gaeilge atá i gceist anseo. Tá sé bunaithe ar an gcinneadh a rinne an Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas sé cinn as an 19 eagraíocht a bhí sa tír a roghnú mar eagraíochtaí ceannais. Ar ndóigh, ní bheidh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge mar cheann de na heagraíochtaí sin. Tá lúcháir orm go bhfuil ionadaíocht ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ar an gcoiste comhairleach a chur mé le chéile seachtain ó shin. Bhí ionadaí ón gcomhdháil ag an gcéad chruinniú.

Tá na scéimeanna teanga ag dul ar aghaidh. Tá méadú curtha ar oifig na scéimeanna teanga. Is dul chun cinn é go mbeidh an oifig lonnaithe in aon áit amháin anois. Sílim go bhfuil oifigigh bhreise ceaptha le déileáil le scéimeanna breise. Tá níos mó acu ag teacht amach anois ná mar a bhí le roinnt blianta anuas. Tá go leor oibre le déanamh. Tá foireann iomlán ar láthair amháin ag plé leis na scéimeanna anois. Léiríonn sé sin go dtuigeann muid an gá atá leo. Ba cheart dúinn iad a fhoilsiú chomh maith agus is féidir. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil arís le gach duine a labhair.

Chuir mé ceist faoi chúrsaí iomarcaíochta na hoibrithe i gComhdháil Náisiúnta na Gaeilge

Ar ndóigh, beidh an cheist sin á plé ag Foras na Gaeilge agus ag na heagraíochtaí ceannais. Tá mé cinnte go gcloífidh siad leis na dlíthe a bhaineann le cúrsaí iomarcaíochta, más rud é go n-éiríonn ceist iomarcaíochta sa socrú atá déanta.

An bhfuil aon rud le rá ag an Aire Stáit faoin suíomh gréasáin gaelport.com, atá le himeacht de bharr na socruithe atá déanta?

Is dócha nach bhfuil aon fáth nach bhféadfadh sé sin dul ar aghaidh. Tá oifigí ansin go fóill. D'fhéadfadh sé dul ar aghaidh ar bhonn deonach. Tá mé cinnte go mbeidh na heagraíochtaí ceannais ag amharc sa phlé a bheidh ar siúl acu ar na féidearthachtaí atá ann leanúint le seirbhís mar sin.

Labhair mé freisin mar gheall ar fhógra i mBéarla a chuir an Státseirbhís amach.

Ní fhaca mé an fógra sin. Aontaím leis an Seanadóir gur chóir go mbeadh a leithéid d'fhógraí dátheangach. Is dócha go mbeidh fógra ag dul amach san am amach romhainn ag cuardach oifigigh feidhmiúcháin sa tseirbhís phoiblí agus go mbeidh painéal curtha le chéile de dhaoine a bhfuil inniúlacht agus cumas Gaeilge acu. Nuair a bheidh na folúntais sin á bhfógairt, tá mé cinnte go mbeidh an fógra dátheangach.

An bhfuil an tAire Stáit sásta go mbeidh daoine le Gaeilge á lorg?

There is no provision for questions at the end of the debate. When is it proposed to sit again?

Ar 10.30 maidin amárach.

Top
Share