I understand that translation is available today and am delighted that is the case. I intend reading the opening statement in Irish and will answer questions raised as we go through the Votes in the language they are asked. I thank the Chair and the various spokespersons for the interactive way this process is being dealt with and hope it leads to a better process than in the past.
Tá áthas orm Meastacháin 2008 de Vóta 27 don Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta a chur i láthair.
Beidh a fhios ag comhaltaí an choiste go bhfoilseoidh na Ranna Stáit a gcuid ráitis bhliantiúla aschurtha don dara uair i mbliana le cur faoi bhraid choistí an Oireachtais. Ciallaíonn sé seo, ar ndóigh, go bhfuil tuairisciú ar a bhfuil bainte amach i leith na spriocanna a cuireadh faoi bhráid don bhliain seo caite san áireamh sna ráitis agus tá mé ag tnuth leis an gceist sin a phlé leis an gcoiste. Chuir mo Roinn nóta eolais ar an sean chruth ar fáil don choiste freisin agus, go deimhin, reachtáileadh seisiún eolais leis na príomh urlabhraithe ón bhFreasúra chomh maith. Sna cúinsí sin, níl i gceist agam ach ráiteas gairid a dhéanamh anois, d'fhonn níos mó ama a fhágáil le breithniú cúramach a dhéanamh ar na Meastacháin, mar aon leis na clár-réimsi, na haschuir agus mar sin de.
Tá sé i gceist agam tagairt beacht a dhéanamh do roinnt réimse eochrach chaiteachais a bhfuil fhreagracht dhíreach orm fhéin astu - réimsí atá anois, ar ndóigh, leagtha amach sa dóigh céanna sna Meastacháin Athbhreithnithe do 2008. Ansin, scaoilfidh mé le mo comhghleacaí, an tAire Stáit, an Teachta Pádraig Ó Ciardha, a labharfaidh faoi ghnéithe áirithe den chlár forbairt pobal, mar aon leis an gclár i leith mí-úsáid drugaí. Deileálfaidh sé freisin le Vóta 24, a bhaineann le hOifig Choimisinéirí na hÉireann um Thabhartais agus Tiomnachtaí Carthanacha.
Maidir le clár 1, forbairt pobal, tá €183.083 milliún, no 36% d'acmhainní mo Roinne, á leithdháileadh don réimse seo i 2008. San áireamh ansin tá €55.074 milliún leithdháilte don chlár sheirbhísí phobail, mar aon le cistíocht d'fhonn chomhordú ar scéimeanna forbartha áitiúla agus pobail, ar a dtugtar an próiseas comhtháitithe, a fheabhsú. Tá soláthar freisin do chlár giarála RAPID de chuid mo Roinne-se, a dhíríonn ar na limistéir cathrach is mó faoi míbhuntáiste sa tír, agus d'airgead ó chiste na gcuntas díomhaoin chun dul i ngleic le fadhbanna eacnamaíochta agus sóisialta.
Maidir le clár 3, forbairt tuaithe, tá iomlán €109.634 milliún leithdháilte i 2008 d'fhonn réimse tacaí agus clár infheistíochta a sholáthair, a bhfuil sé mar aidhm acu tacú le pobail tuaithe agus iad a chothú. San áireamh ansin tá maoiniú de €21.183 milliún do CLÁR chun tógáil ar an dul chun cinn a rinneadh go dtí seo in athbheochan limistéar tuaithe, mar aon le soláthar méadaithe sa réimse a bhaineann le caitheamh aimsire faoin dtuath, rud a éascóidh roinnt tograí suntasacha siúláin i 2008. Tá soláthar €7 milliún do LEADER, clár náisiúnta forbartha tuaithe, atá le dúnadh i 2008, mar aon le €16 milliún don chlár nua forbairt tuaithe 2007-2013, a bhfuiltear ag súil len é a fhógairt sa tréimhse amach romhainn, faoi réir dhul chun cinn a bheith bainte amach leis an bpróiseas comhtháitithe. Tá leithdháileadh iomlán €50.323 milliún á dhéanamh don scéim shoisialta tuaithe, a chuirfidh ar chumas na scéime seo, atá an-rathúil go deo, leanúint ar aghaidh i 2008. Tá soláthar déanta faoin gclár-theideal seo freisin do Choimisiún Forbartha an larthair agus ciste infheistíochta an íarthair.
Maidir le clár 4, forbairt na Gaeltachta agus na n-oileán, tá leithdháileadh €105.483 milliún chun tacú le pobail na Gaeltachta agus na n-oileán. Cuimsítear ansin soláthar ar mhaithe le raon scéimeanna sóisialta, cultúrtha agus feabhsú infrastruchtúr sa Ghaeltacht, ar a n-áirítear cláir suntasacha teanga-lárnaithe. Leis an leithdháileadh méadaithe €33 milliún d'fhorbairt oileánda, beifear in ann dul ar aghaidh le roinnt mór-thograí infrastruchtúr, ar a n-áiríitear togra €40 milliún do phiara Chill Rónáin, Árainn, an togra oileánda is mó ariamh i stair an Stáit. Maidir le hÚdarás na Gaeltachta, tá leithdháileadh iomlán €40.155 milliún, ar a n-áirítear €17.655 milliún do riarachán agus cláir reatha, agus €22.5 milliún do chláir caipitil, 20% ar a laghad de nach mór a chaitheamh ar thograí teanga-lárnaithe. Ar ndóigh, bhí deis ag an gcoiste le déanaí réimse leathan ábhar a phlé maidir leis an Údarás agus cúrsaí fostaíochta sa Ghaeltacht.
Tá €7.397 milliún á dhíriú i 2008 ar chlár 5, an Ghaeilge a chur chun cinn agus a chothú d'fhonn tacú le húsáid na Gaeilge ar fud na tíre. San áireamh ansin tá soláthar le haghaidh Ciste na Gaeilge, An Coimisinéir Teanga agus an tionscnamh um ardscileanna Gaeilge, a fhéachann le cabhrú le soláthar luathaithe do chúrsaí áirithe Ghaeilge sa 3ú leibhéal le freastal ar riachtanais ag teacht as aitheantas an AE ar an Ghaeilge mar theanga oibre iomlán.
Maidir le clár 6, Comhoibriú Thuaidh-Theas, tá leithdháileadh €66.372 milliún chun tacú leis an dá chomhlacht forfheidhmithe Thuaidh-Theas, An Foras Teanga, atá comhdhéanta d'Fhoras na Gaeilge agus Bord na hUltaise, agus Uiscebhealaí Éireann. Tá soláthar freisin do na bearta ábhartha sa chlár PEACE II, ata ag teacht chun deiridh i mbliana.
Ar deireadh, b'fhéidir go mba mhaith le comhaltaí a thabhairt faoi ndeara go bhfuil meicníocht a bhaineann leis na forchostais riaracháin a chur i leith na gclar feidhmiúcháin ar bhonn pro rata luaite i gclár 7, seirbhísí tacaíochta corporáideacha.
Mar a dúirt me ag an tús, beidh me lán-sásta breis eolais a thabhairt do chomhaltaí ar aon mhír gur mian leo san, chomh fada agus a bhaineann sé leis an soláthar sa Mheastachán nó an tuairisciú ar na haschuir sa ráiteas bliantúil aschurtha. Idir an dá linn, scaoilfidh mé le mo chomhghleacaí, an tAire Stáit, an Teachta Pádraig Ó Ciardha. Ar deireadh, b'fhéidir go mba mhaith le comhaltaí a thabhairt faoi ndeara go bhfuil meicníocht a bhaineann leis na forchostais riaracháin a chur i leith na gclár feidhmiúcháin ar bhonn pro rata luaite i gclár 7 - seirbhísí tacaíochta corporáideacha. Mar a dúirt mé ag an dtús, beidh me lán sásta breis eolais a thabhairt do chomhaltaí ar aon mhír gur mian leo, chomh fada agus a bhaineann sé leis an soláthar sa Mheastachán nó an tuairisciú ar na haschuir sa ráiteas bliantúil aschurtha. Idir an dá linn, scaoilfidh mé le mo chomhghleacaí, an tAire Stáit, an Teachta Pat Carey.