Ba é an rud ba shimplí le déanamh ná deireadh a chur leis an gcoincheap den triú rannóg sa sraith ceadúcháin. Faoi láthair, is gá cead an Rialtais, cead an Aire agus cead an údaráis chun rud a cheadú. Ag glacadh leis go bhfágfar na trí sraith ann, ní raibh mise sásta, ar na cúiseanna maithe atá luaithe ag an Teachta Ó Cionnigh, go bhfanfaí le córas místuama maidir le cead an Aire mar tá sé mall agus mar nach bhfuil mórán smachta ag an Aire — agus tuigfidh an cathaoirleach é seo mar bhí sé féin ina Aire — ar cé chomh sciobtha a fhaightear freagraí ar ais ó na Ranna Stáit. Má thagann comhairle dhiúltach ar ais maidir le cinneadh an údaráis, caithfear dul ar ais go dtí an t-údarás agus bíonn sé deacair réiteach a fháil idir na baill a bhí le haghaidh ruda agus iad siúd a bhí ag comhairliú ina aghaidh.
Faoi láthair tá cead ag an údarás togra a cheadú suas go dtí £1.6 mhilliún — méadaíodh é sin ó tháinig mise isteach mar Aire — gan dul ag éinne. Idir £1. 6 mhilliún agus £2.4 mhilliún caithfidh siad cead an Aire a fháil agus os a chionn sin tá cead an Rialtais i gceist. Táimid ag fágáil na trí sraithe ann agus fágfar rudaí mar atá go dtí go n-áthraítear na figiúirí. Faoi láthair níl aon chumhacht ag an mbord maidir le tograí idir £1.6 mhilliún agus £2.4 mhilliún; ceadaíonn siad é ach caithfidh sé dul go dtí an Aire agus go dtí na Ranna Stáit eile. Mura dtoilíonn an t-Aire é, níl aon leigheas ag an údarás air. Ar bhealach cuireann sé sin an t-Aire, nach bhfuil ag plé leis an rud ó lá go lá, i spota atá beagáinín áiféiseach. In áit an phróiséis sin, tá an coiste meastóireachta á bhunú laistigh den údarás, ar féidir leis an t-údarás é a ghairm agus a thabharfaidh réamhbhreithiúnas ar rud. Ina dhiaidh sin, gabhfaidh sé ag bord an údaráis agus má cheadaítear ansin é, an lá ina dhiaidh sin is féidir an litir ceadúcháin a chur amach.
Má bhreathnaítear ar an gcoiste meastóireachta, feicfear cé go mbeidh tuairim á lorg ó na heagraíochtaí taobh amuigh, a lorgaítear a dtuairim go hindíreach faoin gcóras atá ann faoi láthair, agus beidh orthu teacht i láthair an údaráis. Beidh coiste ann ar a mbeidh comhaltaí, príomhfheidhmeannach agus cathaoirleach an údaráis, agus beidh siad ag déanamh cáis ar a shon nó ag déanamh meastóireacht air más rud é atá á chur ar aghaidh ag an údarás. Beidh tuairim na ndaoine eile ar fáil, pléifear é agus déanfar an cinneadh.
Mar mhalairt ar an gcóras atá ann faoi láthair, tá na buntáistí seo leis, sé sin, luas ag déanamh an chinnidh agus i bhfad níos mó tionchair ag baill an údaráis agus ag an údarás go ginearálta ar na cinntí. Faoi láthair tógtar go hiomlán amach as a gcuid lámha é nuair a chuirtear ar aghaidh go dtí an tAire é. Má cheadaíonn an coiste meastóireacht e, ní bheidh le déanamh ach é a chur faoi bhráid an bhoird agus ar aghaidh leis ansin má cheadaítear é. Is feabhas mór é seo ar an rud atá ann. An t-aon rogha a d'fhéadfaí a mholadh ná deireadh a chur le haon ionchur ar thograí idir £1.6 mhilliún agus £2.4 mhilliún, mar atá ann faoi láthair.
Maidir leis na tograí os cionn £2.4 mhilliún, beidh an coiste meastóireachta tar éis breithiúnas a thabhairt orthu siúd agus nuair a thagann siad faoi bhráíd an Rialtais beidh cuid mhaith de na tuairimí ó na heagraíochtaí seo ar fáil cheana féin ionas go mbeidh an próiséas i bhfad níos simplí más féidir a rá go bhfuil Enterprise Ireland agus dreamanna eile tar éis breathnú air agus nach bhfeiceann siad aon fhadhb leis. Ní bheidh an mhoilleadóireacht a bhí ann go dtí seo ann a thuilleadh.
Ó tháinig mé isteach mar Aire Stáit, scaoil mé go leor de na cúing a bhí ann, mar shampla comhlachtaí a tharrtháil. D'fhéadfaí a bheith ag fanacht sé mhí le pacáiste tarrthála agus bhíodh an comhlacht ag dul síos i bpoll portaigh an fhad is a bhí sé á tharrtháil. Chuir mé deireadh leis an rud sin ar fad mar ní raibh aon chiall leis. D'fhéadfaí an comhlacht a chailleadh fad a bhí an cinneadh á dhéanamh.
Is dóigh liom go bhfuil míthuiscint an-mhór ar an údarás faoin gcoiste meastóireachta, agus ar an bpobal agus ní bhaineann sé seo ach le tograí atá os cionn na teorainneach atá ann faoi láthair. Níl na teorainneacha sonraithe sa mBille mar athraítear iad ó am go chéile, ach is suas a athraítear iad. Ní bhaineann sé seo ach leis an dornán beag tograí os cionn £1.6 mhilliún a cheadaíonn an t-údarás. Níl aon say ag Enterprise Ireland i rud ar bith seachas tograí aonáránacha os cionn £1.6 mhilliún.