Catherine Connolly
Question:953. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán maidir le Ceist Pharlaiminte Uimh. 14 ar an 30 Bealtaine 2024, an dtabharfaidh sí soiléiriú ar an obair athbhreithnithe atá déanta ag Údarás na Gaeltachta i ndáil leis na córais agus leis an gcur chuige atá i ngníomh ag an Údarás chun tacú le cur chun cinn na Gaeilge sna cliantchuideachtaí agus i ndáil leis na bealaí ina ndéantar an t-ábhar a bhaineann leo a riar; an dtabharfaidh sí soiléiriú ar stádas na scéime píolótaí; cé mhéad cliantchuideachta atá ag glacadh páirte sa scéim; an dtabharfaidh sí soiléiriú ar na téarmaí tagartha don scéim; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [33124/24]
View answer