Skip to main content
Normal View

Údaráis Áitiúla

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 9 April 2025

Wednesday, 9 April 2025

Questions (146)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

146. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta cén líon fóirne ar fud na n-údarás áitiúil a bhfuil an Ghaeilge ar a gcumas acu, agus an bhféadfaidh sé miondealú a thabhairt de réir údarás áitiúil. [17678/25]

View answer

Written answers

Faoi Alt 159 den Acht Rialtais Áitiúil 2001, tá gach Príomhfheidhmeannach freagrach as na socruithe foirne agus eagrúcháin atá riachtanach chun tabhairt faoi fheidhmeanna an údaráis áitiúil a bhfuil sé/sí freagrach as.    Foráiltear le halt 63(3) den Acht Rialtais Áitiúil 2001, faoi réir an dlí, go bhfuil údarás áitiúil neamhspleách i gcomhlíonadh a fheidhmeanna.

Déanann mo Roinn maoirseacht ar phleanáil fórsa saothair d’earnáil an rialtais áitiúil, lena n-áirítear monatóireacht a dhéanamh ar leibhéil fostaíochta in earnáil an rialtais áitiúil. Chuige sin, bailíonn mo Roinn sonraí comhiomlána go ráithiúil ar an líon foirne i ngach údarás áitiúil ar bhonn coibhéis lánaimseartha.   Mar sin féin, ní bhailítear sonraí gráinneacha, ar nós líon na mball foirne a bhfuil scileanna Gaeilge acu agus dá bhrí sin níl siad ar fáil maidir le mo Roinn.  Bheadh an t-eolas ábhartha ar fáil ó gach údarás áitiúil.

Top
Share