Tuarascáil Nuashonrú ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht ó 2006 go 2011: Díospóireacht

Vice Chairman

Tá ateangaireacht chomhuaineach ar fáil do chomhaltaí má tá sé ag teastáil uathu. A simultaneous interpretation service is available and, if they wish to avail of it, members should use the headsets provided. Táimid anseo inniu chun an tuarascáil Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht: 2006 - 2011 a phlé. Cuirim i gcuimhne do gach duine a nguthán a mhúchadh anois.

Ó Údarás na Gaeltachta, cuirim fáilte roimh Mr. Steve Ó Cúláin, príomhfheidhmeannach an údaráis, Ms Anna Ní Ghallachair agus Ms Máire Ní Mhainín. Ó Chonradh na Gaeilge, cuirim fáilte roimh Mr. Julian de Spáinn agus roimh Mr. Peadar Mac Fhlannachadha, leas-rúnaí an chonartha. Cuirim fáilte roimh Sorcha Ní Chéilleachair ó Tuismitheoirí na Gaeltachta agus roimh Nóra Ní Loingsigh ó Gaelscoileanna Teoranta chomh maith. Gabhaim mo bhuíochas leo go léir as bheith i láthair anseo inniu.

Ba mhaith liom a chur ar ard na bhfinnéithe go bhfuil, de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh 2009, finnéithe faoi chosaint ag lán-phribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don fhochoiste seo. Má ordaíonn an fochoiste dóibh, ámh, éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann an finné dá tabhairt, níl an finné i dteideal dá éis sin ach pribhléid cáilithe i leith na fianaise acu. Ordaítear dóibh nach dtabharfar ach fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear dóibh an cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, duine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina ainm, ina hainm nó ina n-ainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom na finnéithe a chur ar an eolas go ndéanfar na ráitis tionscnaimh a chuirtear faoi bhráid an fhochoiste a fhoilsiú ar shuíomh ghréasáin an fhochoiste tar éis an chruinnithe seo. Meabhraítear do chomhaltaí an chleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe nó le hoifigeach ina ainm nó ina hainm nó ar shlí ina bhféadfaí iad a aithint.

Iarraim ar an Uas. Ó Cúláin a ráiteas a dhéanamh mar sheoladh.

Mr. Steve Ó Cúláin

Gabhaim buíochas leis an bhfochoiste as ucht cuireadh a thabhairt dúinn teacht anseo inniu le plé a dhéanamh ar an nuashonrú ar an staidéar cuimsitheach teangeolaíoch ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht ó 2006 go dtí 2011 a foilsíodh i mí na Bealtaine seo caite. Tabharfaidh mé léargas don fhochoiste ar an gcomhthéacs nó ar an gcúlra as ar eascair an tuarascáil taighde.

Díríodh aird i dtuarascáil Choimisiún na Gaeltachta i 2002 ar an easpa taighde a bhí ar fáil maidir le húsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht agus moladh suirbhé cuimsitheach teangeolaíoch a dhéanamh. Aithníodh an riachtanas a bhain le faisnéis theangeolaíoch a chur ar fáil don Stát mar chuid de phróiseas athbhreithnithe ar stádas na Gaeltachta. Maidir leis an staidéar cuimsitheach teangeolaíoch ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht a dheineadh sa bhliain 2007, i 2004 bhronn an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta conradh taighde ar Acadamh na hollscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, i gcomhar leis an Institiúid Náisiúnta um Anailís Réigiúnach agus Spásúil, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad. B'é an phríomhaidhm a bhí leis an gconradh taighde ná anailís agus faisnéis a chur ar fáil a thugfadh léargas chomh cruinn agus ab fhéidir ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht chomhaimseartha. Baineadh leas as trí fhoinse staitistiúla go príomha don taighde agus iadsan daonáireamh na hÉireann 1911–2002, scéim labhairt na Gaeilge de chuid na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus suirbhé cainníochtúil ar dhearcadh, chumas agus iompar teanga daoine óga.

Anuas ar an obair staitistiúil tugadh faoi na nithe seo a leanas: taighde cáilíochtúil i measc tuismitheoirí Gaeltachta, taighde ar na hiarratais phleanála sna ceantair Ghaeltachta thar tréimhse cúig bliana roimhe sin, taighde ar iompar teanga gnólachtaí Gaeltachta, sraith grúpaí fócais ar théamaí éagsúla sna ceantair Ghaeltachta ba láidre, sraith cruinnithe poiblí sna ceantair ar léirigh a gcuid sonraí san anailís fhaisnéisiúil go raibh siad níos leochailí ó thaobh úsáid na Gaeilge de, agus taighde cartlainne ar an machnamh agus ar an bplé ba chionsiocair le bunú Roinn na Gaeltachta i 1956.

Nocht torthaí an staidéir bagairtí soiléire d’inmharthanacht na Gaeilge mar theanga theaghlaigh agus phobail sa Ghaeltacht. Thug an fhaisnéis léargas ar staid éigeandála teanga sa Ghaeltacht. Dar leis an staidéar, ba é 67% an tairseach chinniúnach maidir le líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge. Roinneadh an Ghaeltacht i gcatagóirí A, B agus C ag brath ar an gcéatadán de chainteoirí laethúla Gaeilge. I gcatagóir A bhí os cionn 67% den daonra ina gcainteoirí laethúla Gaeilge. Bhí 24 toghroinn ceantair i gceist anseo. Sna toghranna sin bhí seasmhacht áirithe sna haoisghrúpaí ar fad, seachas iompar teanga na n-óg. I gcatagóir B bhí idir 44% agus 66% den daonra ina gcainteoirí laethúla Gaeilge. Bhí 20 toghroinn ceantair i gceist anseo. Sna toghranna sin bhí Gaeilge le sonrú fós iontu ach bhí an Béarla in uachtar. I gcatagóir C bhí faoi bhun 44% den daonra ina gcainteoirí laethúla Gaeilge. Bhí 111 toghroinn ceantair i gceist anseo agus i measc na n-aoisghrúpaí scoile den chuid is mó a bhí an Ghaeilge á labhairt.

Léiríodh sa staidéar cuimsitheach teangeolaíoch go raibh Gaeilge fós ina teanga phobail, ach faoi bhagairt an iompaithe teanga, i gcatagóir A, ach go raibh pobail Gaeilge bunaithe ar ghréasáin i gcatagóir B agus i gcatagóir C. Ba é tátal lom shuirbhé na ndaoine óga ná nach raibh ach idir 15 agus 20 bliain fágtha mar shaolré ag an nGaeilge mar theanga theaghlaigh agus phobail sa chuid is láidre den Ghaeltacht.

I measc na moltaí a rinneadh san staidéar cuimsitheach teangeolaíoch bhí moltaí a bhain leis an gcóras oideachais sa Ghaeltacht. Moladh go mbunófaí seirbhísí tacaíochta teaghlaigh i ngach ceantar Gaeltachta agus go ndéanfaí leasuithe ar scéim labhairt na Gaeilge. Bhí moltaí i leith seirbhísí don óige sa Ghaeltacht agus go ndéanfaí leasuithe ar struchtúr bhord Údarás na Gaeltachta. Moladh go ndéanfaí forbairt ar acmhainní daonna le daoine a chumasú i réimse oibre na pleanála teanga agus go ndéanfaí athleagan amach ar chuid de na toghranna Gaeltachta chomh maith.

Dhearbhaigh an Rialtas a thacaíocht d’fhorbairt agus do chaomhnú na Gaeilge agus na Gaeltachta i ráiteas an Rialtais i leith na Gaeilge a foilsíodh i 2006 agus fógraíodh go gcuirfí straitéis 20 bliain don Ghaeilge le chéile bunaithe ar na cuspóirí a leagadh amach sa ráiteas. Bhí tacaíocht traspháirtí ag an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 nuair a foilsíodh í i mí na Nollag 2010. Cuireann an straitéis cur chuige iomlánaíoch, comhtháite i ndáil leis an nGaeilge a chur chun cinn - cur chuige a luíonn le dea-chleachtas idirnáisiúnta. Leag an straitéis síos an creat-pholasaí ar a bunaíodh Acht na Gaeltachta 2012.

Tá dhá phríomhaidhm leis an Acht agus iadsan sainmhíniú nua a leagan síos don Ghaeltacht agus leasuithe a dhéanamh ar struchtúr agus ar fheidhmeanna Údarás na Gaeltachta. Faoi Acht na Gaeltachta 2012, beidh an Ghaeltacht bunaithe feasta ar chritéir theangeolaíochta seachas ar limistéir thíreolaíochta mar a bhí go dtí seo. Tá an phleanáil teanga ag leibhéal an phobail lárnach do phróiseas an tsainmhínithe nua don Ghaeltacht.

Tugann Acht na Gaeltachta 2012 feidhm reachtúil d'Údarás na Gaeltachta maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 sa Ghaeltacht. Tugann an tAcht feidhm reachtúil don phróiseas pleanála teanga faoina mbeidh pleananna teanga á n-ullmhú ag leibhéal an phobail i gceantair a bhféadfaí aitheantas a thabhairt dóibh faoin Acht mar limistéir pleanála teanga Ghaeltachta, mar bhailte seirbhíse Gaeltachta nó mar líonraí Gaeilge. Tá 26 limistéar pleanála teanga Gaeltachta aitheanta. Go dáta tá fógra oifigiúil déanta i gcás 18 limistéar pleanála teanga a chuireann tús oifigiúil leis an bpróiseas le plean teanga a ullmhú agus conarthaí sínithe le ceanneagraíochtaí i gcás 13 limistéar de na limistéir sin.

Tá bunús reachtúil leis na pleananna teanga a aontófar leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. Le cinntiú go mbeadh bunús eolaíoch leis an taighde ar a mbunófar pleananna teanga sna limistéir pleanála teanga, chinn Údarás na Gaeltachta conradh a bhronnadh ar údair an staidéar cuimsitheach teangeolaíoch le hathnuachan a dhéanamh ar na príomhfhoinsí staitistiúla a bhain leis an staidéar a foilsíodh i 2007. B'é a bhí i gceist ná na torthaí ar na ceisteanna teanga sa daonáireamh a bhain leis an nGaeltacht do na tréimhsí 2006 agus 2011 agus na torthaí a bhaineann le scéim labhairt na Gaeilge do na tréimhsí céanna a thabhairt suas chun dáta. Ba aidhm don taighde é bonn comhaimseartha staitistiúil a bheith ar fáil maidir le cúinsí sochtheangeolaíochta na Gaeltachta, athruithe i bpróifíl teanga na gceantar éagsúla ó 2002 a bhí mar bhonn staitistiúil an staidéir cuimsitheach teangeolaíoch a léiriú agus bonn faisnéise a bheith ar fáil do na pobail le pleananna teanga a ullmhú. Is fiú a mheabhrú nárbh ionann scóip an taighde seo agus an buntaighde a foilsíodh i 2007. Bronnadh an conradh i mí Bealtaine 2013 agus foilsíodh an tuarascáil taighde i mí Bealtaine 2015.

Léiríodh sa nuashonrú go bhfuil an creimeadh atá á dhéanamh ar bhonn sóisialta na Gaeilge sa Ghaeltacht ag titim amach ag ráta níos tapúla ná mar a bhí á thuar sa staidéar de 2007. De réir na treochta reatha atá á nochtadh san fhaisnéis nuashonraithe, ní bheidh an Ghaeilge á labhairt mar theanga cheannasach phobail in aon limistéir de chuid na Gaeltachta faoi cheann roinnt bheag blianta gan pleanáil teanga éifeachtach. Is é sin pleanáil chomhtháite. As na 155 toghroinn atá sa Ghaeltacht léiríonn an taighde nua go bhfuil laghdú tagtha ar líon na dtoghrann i gcatagóir A ó 24 go dtí 21, méadú tagtha ar líon na dtoghrann i gcatagóir B ó 20 go dtí 26 agus laghdú tagtha ar líon na dtoghrann i gcatagóir C ó 111 go dtí 108.

De réir an taighde ar phatrúin labhartha na Gaeilge i measc aos óg na Gaeltachta, níl fágtha sa tír ach aon cheantar láidir Gaeltachta amháin mar atá Ros an Mhíl i gContae na Gaillimhe. Maítear sa tuarascáil nach bhfuil an Ghaeltacht, mar atá sí, inmharthana, más pobal urlabhra Gaeilge a shamhlaítear leis an nGaeltacht agus gurb ionann an patrún labhartha teanga sa Ghaeltacht. Is é sin an Ghaeilge seasmhach i measc an aoisghrúpa is sine amháin agus réamhspléachadh ar an mbás teanga.

Fágann sé sin dúshláin. Aithníonn Údarás na Gaeltachta go dtugann an fhaisnéis atá sa tuarascáil léargas ar na dúshláin mhóra atá ann do phobal na Gaeltachta agus do na heagraíochtaí Stáit araon. Léiríonn staitisticí an daonáirimh, a ndéantar cur síos orthu sa tuarascáil, an cúngú atá tagtha ar labhairt na Gaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht, go háirithe sna ceantair is láidre Gaeltachta.

Ón bplé atá ag Údarás na Gaeltachta le pobal na Gaeltachta atá i mbun pleananna teanga a réiteach mar chuid den phróiseas pleanála teanga, tá siad fuinniúil i mbun oibre i ndul i ngleic leis na dúshláin atá rompu lena dtodhchaí mar phobal teanga a chinntiú. In ainneoin a dhuairce na faisnéise, feictear dóibh go bhfuil todhchaí i ndán dóibh mar phobal agus fonn orthu aghaidh a thabhairt ar cheisteanna crua faoin iompar teanga atá i réim i measc a bpobail féin. Is fiú suntas a thabhairt chomh maith go léiríonn an nuashonrú gluaiseacht áirithe i líon na dtoghrann ag bogadh ó chatagóir C go catagóir B. Seo toradh, b’fhéidir, ar fhoilsiú na chéad tuarascála i 2007 agus a spreag gníomh.

Mr. Peadar Mac Fhlannchadha

Gabhaim mo bhuíochas leis an gcoiste as an deis seo labhairt ar an tuarascáil seo. Bhí miondealú ag an Uasal Ó Cúláin agus níl sé i gceist agam féin dul ag plé faoi seach chomh mion sa tuarascáil féin ach le rá go bhfáiltimid roimhe. Fáiltimid roimh aon duine a chuireann eolas cáinníochtúil ar fáil faoi staid na Gaeilge sa Ghaeltacht. D'fhéadfaí a rá gur beag eolas breise atá againn sa tuarascáil seo seachas go bhfuil ráta theip na Gaeilge ag méadú. Tá an bonn faisnéis mar an gcéanna. Mar a léirigh an chéad staidéar, léiríonn an ceann seo an phráinn a bhaineann leis an scéal seo agus nach bhfuil ach tréimhse ghairid againn chun an Ghaeltacht mar atá sé fé láthair a shábháil.

Eascraíonn roinnt ceisteanna as an staidéar. An bhfuil sé indéanta an Ghaeltacht a shábháil? Cén cur chuige atá ag teastáil? Tá ceist ann maidir le toil an phobail agus leis an toil pholaitiúil. Céard atá le déanamh má táimid chun teacht aniar a bheith againn? Ó thaobh an bhfuil sé indéanta an Ghaeltacht a shábháil, sin an cheist mhór nach bhfuil a fhios ag aon duine againn fé láthair an freagra. Caithfimid a chur san áireamh go bhfuilimid ag caint faoi phróiseas a thosaigh siar roimh aimsir an Ghorta Mhóir ó thaobh creimeadh na Gaeilge sa Ghaeltacht agus sa tír. Tá pleanáil teanga aitheanta go forleathan ó thaobh tabhairt faoin fhadhb seo. Caithfear aitheantas a thabhairt don obair atá déanta ag Údarás na Gaeltachta agus ag mo chomhghleacaithe anseo ach go háirithe agus ag roinnt de na hollscoileanna, ach in ainneoin seo, tá sé fíor le rá go bhfuil easpa saineolas fós ann ó thaobh an cur chuige maidir le pleanáil teanga agus maidir le céard atá ag teastáil ó thaobh cabhair leis na pobail an Ghaeilge a shábháil ina gceantair fhéin. Níl aon phaca eolais gur féidir linn a thabhairt don phobal ag rá A, B, C agus D a dhéanamh agus go mbeidh dul chun cinn déanta. Caithfear aitheantas a thabhairt don obair atá á déanamh ag Údarás na Gaeltachta, ach nílimid ag an bpointe sin fós. Tá sé ráite i gcúpla áit anois ach tá gá le tacaíocht 360°. Tá gá tacaíocht a bheith ar fáil i ngach uile ghné den tsochaí a bhfuil an pobal ag plé leis.

Maidir le toil an phobail, is é mo thuairim agus tuairim na heagraíochta ná gurb é toil an phobail agus an phobail Ghaeltachta ach go háirid ná go mairfidh an Ghaeilge beo ina gceantair. Bheadh an tuairim sin ag athrú ag brath ar an gcatagóir atá i gceist. Fiú lasmuigh den Ghaeltacht, léiríonn an taighde atá déanta againn féin níos túisce sa bhliain go bhfuil formhór mór an phobail i bhfábhar na Gaeilge agus ag iarraidh go mairfidh sí beo. Ó thaobh toil an phobail Gaeltachta agus na heagraíochtaí Gaeltachta atá ag plé le seo, tá brú ar an toil sin. Ní hamadáin iad pobail na Gaeltachta. Feictear dóibhsean gurb é an rud atá ag tarlú ná go bhfuil an tír ag rá leo leanúint ar aghaidh ag labhairt na Gaeilge eatarthu féin ach gan a bheith ag súil go ndéanfaidh muide rud ar bith ar a son nó go gcuirfí an Stát seirbhís ar fáil dóibh tré Ghaeilge. Ar nós mo chomhghleacaithe in Údarás na Gaeltachta, bímse ag plé le pobail Ghaeltachta ar fud na tíre. Níor mhothaigh mé riamh an leibhéal frustrachais agus soiniciúlachta a bhaineann leis na pobail sin fé láthair ó thaobh céard tá ag tarlú ó thaobh pleanáil teanga agus an brú a mhothaíonn siad. Tá sé suntasach ar fud na tíre.

B'fhéidir ceann de na cúiseanna de sin ná an toil pholaitiúil. An bhfuil an toil pholatiúil sa tír seo chun tabhairt faoi cheisteanna Gaeltachta agus an Ghaeilge a shábháil? An lom-freagra atá agam ar sin ná "Níl". Dar le Conradh na Gaeilge níl an toil pholaitiúil ann mar a sheasann rudaí fé láthair. Caithfear breathnú ar an gcur chuige ar an bpleanáil teanga go dáta. Go bunúsach, an rud a fheictear domsa agus do na pobail ná gur bronnadh an freagracht seo as an straitéis 20 bliain don Ghaeilge agus as an bplean Gaeltachta ar an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, gur chaith an Roinn an freagracht ar ais ar Údarás na Gaeltachta ag rá leis an údarás é seo a dhéanamh nó go mbainfeadh an Roinn an t-airgead den údarás agus gur amhlaidh gur chaith an-údarás an rud ar aghaidh ar na pobail Ghaeltachta ag rá leo dul i mbun pleanáil teanga nó bainfear airgead dóibh.

Sin an tuiscint atá ag na pobail Ghaeltachta fud fad na tíre. Ba dhroch-chúis a bhí i gceist sa chás sin.

Ó thaobh an toil pholaitiúil de, tá easpa ceannaireachta sa tír ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta. Sampla de seo ná nach bhfuil Aire Gaeltachta buan againn agus, de bharr sin, nach bhfuil guth ag pobal na Gaeltachta agus pobal na Gaeilge ag bord an Rialtais. Tá sé le feiceáil sa sceanach atá déanta i maoiniú Údarás na Gaeltachta agus maoiniú Fhoras na Gaeilge. Tá na figiúirí seo curtha ar fáil cheana féin sa cháipéis Infheistíocht sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht ó 2016 ar aghaidh - An Cás le haghaidh Maoinithe Bhreise a foilsíodh Conradh na Gaeilge. Ní hamháin nach bhfuil an gearradh siar i gcomhréir leis an ngearradh siar atá déanta ag aon leibhéal eile nó d'aon ghrúpa eile sa tír ach leanadh leis an ngearradh siar sin sa bhuiséad an tseachtain seo caite, ach go háirithe maidir le cúrsaí pleanáil teanga. Mar sin, táimid ag dul ar ais agus ag rá le pobal na Gaeltachta go gcaithfidh siad rudaí áirithe a dhéanamh ach níl aon tacaíocht bhreise á chur ar fáil ag aon leibhéal. Le bheith féaráilte, caithfear aitheantas a thabhairt don obair atá ar siúl le píosa anuas ag an Roinn Oideachais agus Scileanna maidir le polasaí Gaeltachta. Tá an pobal thar a bheith sásta leis an obair sin go dtí seo ach nílimid tagtha go dtí an chnámh spairne agus é sin, an mbeidh maoiniú ar fáil chun é sin a chur i bhfeidhm?

Ag bogadh ar aghaidh maidir le céard tá ag teastáil, tá cinneadh polaitiúil le déanamh ag an tír seo. An bhfuil muide mar tír ag iarraidh an Ghaeltacht a shábháil? Má tá, tá cinnte le déanamh as sin maidir le duine a chur ag bord an Rialtais chun freagracht a ghlacadh leis sin. Táimid ag éileamh go mbeadh Aire Gaeltachta le Gaeilge tiomanta don Ghaeilge ag bord an Rialtais. Feictear dúinn gur chúis leis an-chuid de na fadhbanna atá tar éis teacht ar aghaidh ná nach bhfuil guth ag pobal na Gaeilge agus pobal na Gaeltachta ag bord an Rialtais. Caithfear é sin a bheith déanta, go háirithe o thaobh feidhmiú straitéis 20 bliain an Rialtais agus, mar a deirim, cúrsaí Gaeltachta, agus an duine seo ag cinntiú go gcuirfear an maoiniú ar fáil chun é seo a dhéanamh. Tá an maoiniú ag teastáil go géar ó Údarás na Gaeltachta mar atá sé ag teastáil ó Fhoras na Gaeilge mar ní mhaireann an Ghaeltacht i vacuum. Baineann an Ghaeltacht leis an tír ar fad. Mar a bhí mé ag rá níos luaithe, níl pobal na Gaeltachta sásta go mbeadh rud éigin á éileamh orthu nach bhfuil an chuid eile den tír sásta tacú leis.

Fillim ar ais ar an tacaíocht 360° a bhfuil ag teastáil. B'fhiú go mbeadh na ceisteanna seo pléite ag cruinnithe den chomhchoiste seo ina iomláine freisin. Tá sé sin tábhachtach mar mothaimid agus an plé atá ar siúl againn le polaiteoirí ó thaobh chúrsaí buiséid gur beag plé i ndáiríre atá déanta ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe sa Dáil faoin gceist seo. Caithfimid an rud a bhogadh chun cinn. Téim ar ais go dtí na figiúirí a luaigh an tUasal Ó Cúláin ansin. Is figiúirí scanrúla iad i gcomhthéacs thodhchaí na Gaeltachta. Bíodh sé deich bliain, 15 bliain nó 20 bliain - ní mhaithe a bheith ró-hung up ar an méid bliain - ach pé rud é, tá práinn ann. Má táimid dáiríre faoin bpráinn, tabharfaimid faoi.

Ms Sorcha Ní Chéilleachair

Thar ceann na heagraíochta Tuismitheoirí na Gaeltachta gabhaim buíochas leis an bhfochoiste as an gcuireadh teacht anseo le ráiteas a dhéanamh i leith na cáipéise Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht: 2006-2011. Ní mórán cainte a bheidh á dhéanamh agamsa inniu mar, cé go dteastaíonn díospóireacht ag an leibhéal seo, creidim go bhfuil an chaint ar fad déanta agus gur gníomh ata ag teastáil anois.

Bunaíodh Tuismitheoirí na Gaeltachta sa bhliain 2011 le cúnamh agus tacaíocht a thabhairt do theaghlaigh atá ag tógáil a gclann le Gaolainn sa Ghaeltacht nó ar mian leo a leithéid a dhéanamh. Tá fás agus forbairt tagtha ar an eagraíocht ó shin agus faoi láthair tá ós cionn 300 teaghlach i gConamara agus 41 teaghlach i dTír Chonaill ag úsáid na seirbhísí a chuirimid ar fáil. Táimid maoinithe ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus aitheanta ag Údarás na Gaeltachta faoi fhorálacha Acht na Gaeltachta 2012 mar eagraíocht chomhairleoireachta pleanála teanga. Le cúnamh ón Roinn agus ó Údarás na Gaeltachta, tá ionad tacaíochta pobail bunaithe ar an gCeathrú Rua againn agus é oscailte ó mhí Meán Fómhar na bliana seo. Tá stiúideo drámaíochta don aos óg oscailte againn mar chuid den ionad seo agus ionad buail isteach do theaghlaigh. Beidh réimse leathan seirbhísí á gcur ar fáil do theaghlaigh san ionad seo mar atá sonraithe i bplean trí bliana na heagraíochta atá aontaithe leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.

Cé go dtagann an obair ar fad a bhíonn ar bun ag an eagraíocht le moltaí an staidéar cuimsitheach teangeolaíochta agus le moltaí an iniúchadh ar an gcumas dhátheangach a foilsíodh anuraidh agus go bhfreagraíonn sé roinnt mhaith den méid atá léirsithe sa nuashonrú seo, níl aon duine fostaithe ag an eagraíocht fé láthair. Ní cheadaíonn an leibhéal ná na coinníollacha maoinithe atá tugtha dúinn é sin a dhéanamh.

Bhí cúis faoi leith le bunú na heagraíochta Tuismitheoirí na Gaeltachta ar ndóigh. Mar is léir ón bhfoilseachán seo agus ón iliomad cáipéis taighde eile, tá athrú ó bhun tagtha ar úsáid na Gaolainne sa phobal Gaeltachta le blianta beaga. Seans maith gur sinne, tuismitheoirí atá ag tógaint ár gclann sa Ghaeltacht, is mó a chíonn agus a thugann an t-athrú seo faoi ndeara agus a chíonn an éifeacht atá ag an athrú seo ar an teanga, ar an bpobal agus ar ár bpáistí.

Táimid ag maireachtaint leis ó lá go lá agus ar an mbonn sin, ní chuireann aon rud atá sa tuarascáil seo iontas orainn. Is pictiúr fírinneach, réadúil agus ionraic é de shaol na Gaeltachta. Cén fáth, mar sin, go mbeifí á shéanadh? Ní féidir ligint do mhórtas cine, do chur i gcéill ná do chúiseanna a bhaineann le maorlathas na Ranna Stáit dallamullóg a chur orainn. Seo mar atá cúrsaí agus sin é.

Fáiltíonn an eagraíocht roimh fhoilsiú an taighde seo agus roimh an díospóireacht ag an leibhéal seo agus bhíomar sásta páirt a ghlacadh in imeachtaí an lae inniu mar go gcreidimid go láidir gur féidir dul i ngleic leis an ngéarchéim teanga seo. Creidimid é mar go bhfuil sé ar bun againn féin agus ag éirí linn. Níl ionainn ach eagraíocht fíorbheag ar fíorbheagán maoinithe, gan aon fhoireann againn leis an obair seo a chur i gcrích agus, dá réir, fíorbheagán á bhaint amach againn, ach tá sé á bhaint amach againn agus is féidir é a dhéanamh.

An fhadhb a aithint an chéad chéim agus tabhairt faoin bhfadhb sin go praiticiúil ar an talamh an dara céim. Tá sé chomh simplí leis sin. Ní a thuilleadh cainte fós faoi cháipéis eile a bhfuil na torthaí céanna inti ag teastáil anois. Tá an taighde déanta. Tá an chaint déanta. Cá bhfuil an gníomh? Deirtear go minic faoi cháipéisí taighde den saghas seo go bhfuilid duairc agus éadóchasach ach más duairc agus éadóchasach féin torthaí an taighde seo is duairce agus is measa fós an t-éadóchas a bhaineann leis an easpa gnímh.

Úsáideann an eagraíocht sin againne fealsúnacht agus cur chuige na tuismitheoireachta go minic inár gcuid oibre. Má tá nappy salach le hathrú, ní haon mhaith bheith ag caint faoi. Caithfear an nappy a athrú nó beidh impleachtaí i gceist. Má tá ocras ar an leanbh, ní haon mhaith bheith ag caint faoi. Caithfear an leanbh a bheathú. Má tá an leanbh ag gol, ní haon mhaith bheith ag caint faoi. Caithfear an leanbh a shuaimhniú. Más rud é go bhfuil imní ar duine faoin a pháiste, go dtugann sé nó sí go dtí an dochtúir é agus go ndeir an dochtúir go bhfuil an páiste sin an-tinn ach, dá ndéanfaí cúram de agus na cógais chearta a thabhairt dó, go bhfuil seans maith go dtiocfaidh sé as, ní haon mhaith a thuilleadh cainte ag an staid sin agus ní haon mhaith an tinneas a shéanadh.

Mar a dúirt mé cheana, tá an taighde déanta agus tá an chaint déanta. Teastaítear gníomh anois agus ceannaireacht láidir.

Ms Nóra Ní Loingsigh

Thar ceann Gaelscoileanna Teoranta gabhaim buíochas leis an bhfochoiste as ucht an gcuireadh teacht chun labhairt anseo inniu i bhfianaise na tuarascála nuashonrú ar an staidéar cuimsitheach teangeolaíoch ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht. I mo chuid cainte, táim chun díriú ar an oideachas lán-Ghaeilge sa Ghaeltacht os rud é gur sin mo réimse oibre.

Tá Gaelscoileanna Teoranta ag plé le cúrsaí oideachais Gaeltachta go hoifigiúil ó mí Iúil 2014 nuair a aithin Foras na Gaeilge an eagraíocht mar cheanneagraíocht ar an réimse Gaeloideachas-tumoideachas agus réamhscolaíocht lán-Ghaeilge. É sin ráite, ní raibh buiséad cinntithe dúinn don réimse seo go dtí mí Bealtaine na bliana seo agus i bhfianaise sin tá oifigeach forbartha amháin fostaithe againn le plé le scoileanna Gaeltachta agus táimid i mbun an dara oifigeach a fhostú don réimse oibre sin faoi láthair. Tá agus beidh an bheirt i mbun comhairliúcháin trí chuairteanna ar na scoileanna Gaeltachta agus tá súil againn níos mó aithne dá réir a chur ar na dea-chleachtais agus ar na dúshláin atá sna scoileanna Gaeltachta.

Leagann an tAcht Oideachas 1998 dúshláin agus freagrachtaí ar scoileanna i gcoitinne i leith na Gaeilge agus, ach go háirithe, orthu siúd atá i limistéir Ghaeltachta.

Mar chuid de chuspóirí an Achta déantar an cur síos seo:

6.—Gach duine a mbeidh baint aige nó aici leis an Acht seo a chur i ngníomh, beidh aird aige nó aici ar na cuspóirí seo a leanas ar dá mbun a d’achtaigh an tOireachtas an tAcht seo:

[...]

(i) cuidiú le réadú beartas agus cuspóirí náisiúnta i ndáil le leathadh an dátheangachais i sochaí na hÉireann agus go háirithe go mbainfí úsáid níos mó as an nGaeilge ar scoil agus sa phobal;

(j) cuidiú leis an nGaeilge a choinneáil mar phríomhtheanga an phobail i limistéir Ghaeltachta;

(k) riachtanais teanga agus chultúrtha mac léinn a chur chun cinn ag féachaint do roghanna a dtuismitheoirí.

Leagtar amach chomh maith feidhmeanna scoile de réir an Achta ina luaitear:

9.—Cuirfidh scoil aitheanta oideachas ar fáil do mhic léinn ar oideachas é is cuí dá gcumais agus dá riachtanais agus, gan dochar do ghinearáltacht an mhéid sin roimhe seo, úsáidfidh sí na hacmhainní a bheidh ar fáil di—

[...]

(h) i gcás scoileanna atá lonnaithe i limistéar Gaeltachta, chun cuidiú leis an nGaeilge a choinneáil mar phríomhtheanga an phobail.

Dá réir tá scoileanna Gaeltachta faoi choimirce an Achta cabhrú leis an bpobal áitiúil an Ghaeilge a threisiú mar theanga phobail. Dúshlán mór í seo do na scoileanna agus aithníonn an tuairisc atá faoi choimirce ag an gcoiste inniu an ról sin ach chomh maith sin aithnítear nach féidir le scoileanna sin a dhéanamh leo féin.

Mar is eol do na comhaltaigh, d’fhoilsigh an Roinn Oideachais agus Scileanna na Moltaí Polasaí don Soláthar Oideachais i Limistéir Ghaeltachta i mí Bealtaine na bliana seo agus tá muide ag plé leis an gcomhairliúcháin ina leith ó shin idir plé le scoileanna go díreach agus a dtuairimí a chur os comhair na Roinne Oideachais agus Scileanna. Tá mórán moltaí cuimsitheacha sa dréachtpholasaí seo agus dá gcuirfí i bhfeidhm iad i gceart bheadh treisiú i gceist maidir leis an oideachas lán-Ghaeilge sna Gaeltachtaí. An bhuairt a bheadh ar Gaelscoileanna Teo. ná nach mbeadh airgeadú ceart déanta ar na moltaí seo le tacaíochtaí cuí a chur ar fáil do scoileanna Gaeltachta bheith ina scoileanna lán-Ghaeilge láidre. Tá géarghá le saintacaíochtaí a thabhairt do scoileanna ar mian leo tabhairt faoin tumoideachas agus do scoileanna eile ar mian leo an oideachas lán-Ghaeilge nó teanga labhartha na scoile a aistriú ó Bhéarla go Gaeilge i limistéar Gaeltachta.

Is léir go bhfuil na tacaíochtaí seo riachtanach le cabhrú le láidriú na Gaeilge mar theanga phobail sna Gaeltachtaí ach ar a bharr sin tá gá le seirbhísí a chur ar fáil le cinntiú gur féidir leis na daltaí a gcuid Gaeilge a úsáid lasmuigh den scoil. Gan na seirbhísí agus struchtúir seo bheadh sé an-deacair an Ghaeilge a choimeád mar theanga idir daoine óga agus dá réir an-dúshlánach leanúnachas a bheith i bpobal labhartha na Gaeltachtaí. Mar a luaigh daoine níos luaithe, cabhraíonn an t-eolas atá i dtuairiscí dá leithéid atá á plé anseo inniu ach tá gá le gníomh ar an talamh, le hairgeadú agus pleanáil cuí chuige le tabhairt faoi na dúshláin a léiríonn na staitisticí ann. Gabhaim buíochas leis an bhfochoiste as ucht cluas éisteachta a thabhairt dom.

Vice Chairman

Arís, gabhaimid buíochas le gach duine a chur ráiteas os ár gcomhair inniu. Tuigimid go maith an tábhacht a bhaineann leis an tuarascáil seo. Níl aon amhras faoi ná go bhfuil sí thar a bheith cuimsitheach agus chomh maith leis sin tá sé tábhachtach dúinne aird a thabhairt ar cad atá luaite ann. Beidh seans anois ag na comhaltaí ceisteanna a chur agus a dtuairimí a nochtadh chomh maith. Iarraim i dtosach ar an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh.

Ba mhaith liom i dtosach báire míle fáilte a chur roimh na finnéithe agus fáilte a chur roimh an éisteacht áirithe seo. Is é an feall ná gur thóg sé chomh fada an éisteacht seo a fháil. Tá amhras orm gur léiriú é ar an easpa tiomantais maidir le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta sna Tithe seo nár chas an fochoiste seo le chéile ó 22 Eanáir seo caite. Thóg sé cuid mhaith bhrú an cruinniú seo a tharraingt le chéile. Nílim ag cur locht ar aon duine faoi leith anseo. Baineann sé leis an gcóras atá againn anseo nach bhfuil tosaíocht mar is ceart á tabhairt do chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta. Úsáidtear an focal "práinneach", caithfear rudaí a dhéanamh go luath agus caithfear rudaí a phlé ach fiú sna Tithe seo nílimid á dhéanamh sin agus tá súil agam go mbeidh níos mó plé ar na hábhair seo i bhfad níos rialta as seo go dtí deireadh tréimhse an fhochoiste seo.

Cá bhfuil Conchúr Ó Giollagáin. Is eisean a scríobh an tuarascáil. De ghnáth nuair a bhíonn tuarascáil á cur os comhair choiste den chineál seo, bíonn an t-údar i láthair. Sílim freisin go bhfuil ceist le cur maidir leis na moltaí a rinne Conchúr Ó Giollagáin. Tá an tuarascáil seo fíorthábhachtach. Léiríonn sí athrú ins an treocht ó thaobh cúrsaí go bhfuil athrú mór tagtha fiú ó rinneadh an staidéar cuimsitheach teangeolaíoch i 2007. Dúirt seisean in agallamh a rinne sé go raibh na moltaí mar chuid thábhachtach den tuairisc í féin ach níl na moltaí foilsithe mar chuid den tuarascáil agus tá go leor daoine tar éis locht a fháil leis sin mar go mbeadh sé tábhachtach na moltaí a bhí aige a phlé mar shaineolaí sa réimse. Cá bhfuil sé agus cén fáth nach bhfuil na moltaí againn?

Tá sé ar nós cluiche peile go bhfuilimid ag imirt go dona agus táimid ag fáil buailte go dona agus ag leathama táimid ag rá go gcoinneoidh muid ag imirt an bealach céanna agus b'fhéidir go dtiocfaidh feabhas ar rudaí. Samhlaím gurb shin an chaoi go bhfuil an Státchóras ag breathnú ar an gceist seo i ndáiríre agus nuair nach bhfuilimid sásta na moltaí a rinne a leithéid de Chonchúr Ó Giollagáin a chur amach ansin, fiú mura n-aontaímid leo, agus iad a phlé agus b'fhéidir teacht suas le moltaí difriúla nó cur chuige difriúla ar a laghad ar bith, táimid ag cur an dallamullóg orainn féin, mar a dúirt Ms Ní Chéilleachar níos túisce.

Is cuimhin liom nuair a bhí mé féin ag dul ar scoil, bhí scéal againn faoin impire a bhí ag imeacht ina chraiceann dearg. Bhí an t-impire ag dul thart gan aon éadach air agus ní raibh éinne sásta é a rá leis mar gurb é a bhí i gceannas. Feictear dom ó thaobh na Gaeilge de go bhfuil an Státchóras tite isteach ins an ról sin. Tá na heagraíochtaí pobail ag dul leis an straitéis mar go bhfuil an Rialtas ag rá leo go gcaithfidh siad dul de réir na straitéise. Caithfidh siad glacadh leis an maoiniú a chuireann an Rialtas ar fáil agus na rialacha a leagtar síos, ach i ndáiríre níl aon "buy-in" ag an bpobal ó thaobh an cur chuige. Níl na pobail Ghaeltachta ag ceapadh go bhfuil an straitéis chun difríocht a dhéanamh. Más tada, tá sé ag cur bac ar an dul chun cinn agus ar an obair atá le déanamh. Níl an Státchóras ag glacadh leis sin agus níl an dream sna heagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta Státbhunaithe go háirithe á rá sin sách láidir leis an Aire. Tá sé fíorthábhachtach é sin a rá. Mhol Conchúr Ó Giollagáin go poiblí tar éis foilsiú na tuarascála go gcuirfí coimisiún éigeandála ar bun. Sin ceist a bheadh agam do chuile dhuine ar an bpainéal. An aontaíonn siad leis an moladh a rinne Conchúr Ó Giollagáin gur chóir don Taoiseach coimisiún éigeandála a bhunadh ag an bpointe seo le féachaint ar an ngéarchéim ina bhfuil rudaí? Dá bhrí sin, an bhfuilimid ag glacadh leis go gcaithfear dearmad a dhéanamh ar an straitéis mar atá i láthair na huaire agus cur chuige nua a ghlacadh chugainn féin a bheadh i bhfad níos práinní agus ar a mbeadh gníomhaíochtaí praicticiúla a mbeadh maoiniú cinnte le dul leo á dhéanamh againn ar an talamh?

Bhí an straitéis bunaithe ar na moltaí ins an staidéar cuimsitheach teangeolaíoch. Níor ghlacadh leis na moltaí ar fad sa staidéar sin ar bord ach dúradh - agus caithfear moladh a thabhairt leis an Teachta Éamon Ó Cuív, a bhí ina Aire ag an am - go gcaithfí an straitéis a chur i bhfeidhm ina iomlán. Nílimid ach ag feiceáil cineál à la carte cur i bhfeidhm ó thaobh na straitéise atá ann i láthair na huaire, píosaí beaga anseo agus ansiúd. Dá bhrí sin, nach bhfuil an cás ann, sa bhreis ar sin, dearmad a dhéanamh ar an straitéis agus teacht suas le cur chuige nua? Cén leagan amach a bheadh ag na finnéithe air sin?

Ceist mhór eile ná cúrsaí acmhainní, mar a luaigh siad. Tá na buiséid gearrtha go dona ó 2007 ar aghaidh. Fiú an tseachtain seo caite, nuair a chonaic muid ardú ag teacht ar bhuiséad eagraíochtaí eile agus foras Stáit eile, rinneadh gearradh praicticiúil eile ar bhuiséad Údarás na Gaeltachta. Tá sé €1 milliún níos lú ná an méid a fuair sé ón Stát anuraidh. Tá sé sin scannallach. Cén chaoi a bhfuil na comharchumainn, na heagraíochta pobail, Tuismitheoirí na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta féin in ainm aon dul chun cinn a dhéanamh má tá siad gann ar an maoiniú atá ag teastáil?

Sílim go bhfuil neart ceisteanna ansin, ach, i gcead don Leas-Chathaoirleach, tá gá le cruinnithe níos rialta den fhochoiste áirithe seo agus ba chóir go mbeadh muid ag plé ceisteanna eile a bhaineann le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta níos rialta. Más ceist acmhainní daonna sna Tithe seo é, ba chóir go gcuirfeadh an Rialtas acmhainní breise ar fáil don rúnaíocht anseo le go mbeadh sí in ann freastal ar na cruinnithe sin.

Vice Chairman

Is mian liom a rá freisin go bhfuair údar na tuarascála cuireadh chun a bheith in éineacht linn inniu ach ní raibh ar a chumas a bheith anseo.

Ní dóigh liom go bhfuair, mar fuair mise ríomhphost uaidh a léiríonn nach raibh teangmháil ag aon duine leis faoin gcruinniú.

Vice Chairman

Bhí sé ar an nguthán leis an gcléireach chomh maith ag rá nach raibh ar a chumas a bheith anseo.

Tá sé féin ag rá nach bhfuair, just mar eolas don chruinniú.

Vice Chairman

An féidir linn dul ar aghaidh ansin, agus tiocfaimid ar ais ansin go dtí na finnéithe más mian le héinne freagra a dhéanamh? Iarraim anois ar an Teachta Éamon Ó Cuív.

Gabh mo leithscéal nach raibh mé anseo don chéad chuid den chruinniú ach tá cruinniú an Choiste Thalmhaíocht, Bia agus Muir ar bun ag an am céanna. Tá mise mar urlabhraí Fhianna Fáil ar an gcoiste sin agus, mar a deirtear, ní féidir leis an ngobadán an dá thrá a fhreastal. D'fhág mé an cruinniú sin, atá fós ar bun, agus tháinig mé anseo. Níl aon cheist ach go dtuigeann éinne atá ina chónaí sa nGaeltacht go bhfuil dúshlán ollmhór romhainn. Tá go leor cúiseanna leis sin agus ní mór gníomhú. Is dóigh go n-aontódh muid ar fad leis sin.

Is é mo bharúilse nach mairfeadh an Ghaeltacht gan an Ghaeilge a bheith aitheanta mar theanga náisiúnta sa tír uilig. Thug mé caint air seo in Ollscoil Cambridge os cionn bliain ó shin agus má bhreathnaítear siar ar staid na Gaeilge ag deireadh na 19ú haois, agus an patrún a bhí ann ag an am, is léir nach mairfeadh an Ghaeltacht fiú chomh láidir agus atá sí go dtí an lá atá inniu ann, os cionn 100 bliain ina dhiaidh sin, murach gur tharla an t-athbheochan náisiúnta agus murach obair ghluaiseacht na Gaeilge. Mar sin, tá mise go diongbháilte, mar dhuine a fáisceadh as an athbheochan, gurb é an todhchaí don Ghaeilge mar theanga phobail sa nGaeltacht ná i gcomhthéacs í a bheith mar fhíorthobar na Gaeilge i gcomhthéacs náisiúnta agus í a bheith i gcónaí mar theanga náisiúnta. Nuair a bhreathnaím thart sa nGaeltacht agus ar go leor de na cinnirí Gaeltachta a tháinig ó taobh amuigh den Ghaeltacht agus go leor daoine a bhog isteach go dtí an Ghaeltacht agus atá an-dlúth anois mar chuid den phobal Gaeltachta, creidim sin.

Creidim sa bhfís maidir le hathbheochan na Gaeilge. Cá dtiocfaidh sé? Cá bhfios? Theip ar rudaí áiride le 100 bliain anuas agus b'fhéidir go raibh rudaí ann i bhfad ró-uaillmhianach. Níl aon amhras nuair a dhéantar staidéar sochtheangeolaíoch agus socheolaíoch ar stádas lucht labhartha na Gaeilge le hais mar a bheadh sé ag deireadh na 19ú haois, go bhfuil éirithe leis an gcuid sin den chothromóid sa méid is gur dream iad lucht labhartha na Gaeilge go bhfuil fíormheas orthu i measc an phobail i gcoitinne agus tá tábhacht ag baint leis sin. Tá sé spéisiúil sna staidéir sin gurb í an áit is láidre go bhfuil meas ar an nGaeilge ná sa mheánaicme i mBaile Átha Cliath, agus an áit is laige, aisteach go leor, ná i measc feilméaraí. Mar sin, ó thús mo shaoil ag plé le cúrsaí Gaeilge nuair a bhí mé 18 bliain d'aois, chreid mé nach mairfeadh an Ghaeltacht gan spéis agus dul chun cinn na Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht, ach nach mairfeadh an teanga taobh amuigh den Ghaeltacht ach oiread gan an Ghaeltacht, go raibh an dá thaobh den scéal ag teastáil agus an dá thaobh ag brath go hiomlán ar a chéile.

Céard le déanamh? Is dóigh liomsa gurb é an trua nár cuireadh an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge i bhfeidhm agus go ginearálta níor cuireadh i bhfeidhm é. An méid den straitéis a chuireadh i bhfeidhm, is beag sin agus, mar a dúirt mé ag an am a foilsíodh é, an fáth gur thóg sé an méid sin ama ná go ndeachaigh muid chuig gach Roinn lena gcomhaontú a fháil d' iomlán an mhéid a bhí sa straitéis sin. Ní rud é a réitigh daoine neamhspleácha agus go bhféadfadh an Rialtas a rá nach dtaitin sé seo nó sé siúd leo. Chuaigh muid go dtí an trioblóid - cur sé sin tuilleadh moille air - dul ag an Oireachtas agus tacaíocht chuile pháirtí a fháil don straitéis. Caithfidh mé a rá go gcreidim go mba cheart an straitéis a chur i bhfeidhm go huile is go hiomlán. Dúirt muid é sin ag an am. Istigh sa straitéis bhí ráiteas ann go gcuirfí na ráitis a bhí sa staidéar teangeolaíoch i bhfeidhm. Seasaim leis sin fós. Dá mbeadh rudaí sa bhreis air sin le déanamh, phléadh muid iad agus dhéanfadh muid iad. Ach idir an dá linn, níl aon chiall a bheith ag cur moille leis na rudaí ar fad atá istigh sa straitéis agus a aontaíodh le chuile pháirtí in Oireachtas Éireann. An dtiocfadh na cainteoirí linn go ginearálta - má tá lánstad áit éicint go mba cheart a bhaint as, dhéanfadh muid sin - go mba cheart an straitéis a chur i bhfeidhm, agus mar chuid de sin go mba cheart na moltaí agus an cur chuige ginearálta a bhí sa staidéar teangeolaíoch a chur i bhfeidhm agus go mba cheart scrúdú a dhéanamh ar rudaí breise a cheart a dhéanamh ach gan aon mhoill a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na rudaí a aontaíodh?

Más gá dream a cheapadh le breathnú ar na rudaí breise ar cheart a dhéanamh, go mórmhór i gcomhthéacs na Gaeltachta, bíodh sin mar atá sé, ach ná cuirfeadh sé tuilleadh moille mar tá cúig bliana moille cheana féin ann. Is é an mhoill an rud is mó atá á marú seo. Is dóigh go gcaithfimid cuimhniú, dá dtiocfaí ag rá, "Bhuel, cuirfimid chuile shórt sa reoiteoir go dtí go ndéanfaimid athscríobh ar chuile shórt", díreach chomh fada agus a thógann sé cáipéisí a scríobh í gcomhthéacs an Stáit, mar chaithfidh comhairliúchán poiblí a bheith ann. Caithfear an dréacht a réiteach agus é a chur thart ag na Ranna ar fad - agus tá Ranna níos sciobtha ná a chéile - caithfear an dréacht a fhoilsiú, caithfear deis a thabhairt do dhaoine a dtuairim a chur ar fáil faoi sin, caithfidh sé dul ag an Rialtas agus caithfidh sé dul roimh choiste Oireachtais. Tuigeann na finnéithe féin cé chomh fada agus a thógann an próiseas sin ar fad agus idir an dá linn, gan aon ghá, bheadh moill curtha ar na rudaí ar fad a aontaíodh agus a bhféadfaí dul ar aghaidh leo. An dtiocfadh na finnéithe leis gurb é an rud is práinní le déanamh ná na rudaí atá aontaithe a chur i bhfeidhm trasna an bhoird, i ngach réimse den saol, cuid acu a bhaineann leis an tír uilig agus cuid eile a bhaineann go sainiúil leis an nGaeltacht agus ansin scrúdú a dhéanamh ar na rudaí breise ar cheart a dhéanamh de thoradh an staidéir seo nach raibh sa staidéar teangeolaíoch agus a mholtaí ná sa straitéis 20 bliain agus iad sin a dhéanamh sa bhreis ar na rudaí a bhí ann, seachas stop a chur le chuile shórt go dtí go mbeadh tuarascáil eile réitithe agus b'fhéidir cúpla bliain eile caite agus idir an dá linn meath ag teacht ar an nGaeilge?

Mar a deirim, tá tuartha dóchais ann taobh amuigh den Ghaeltacht. Tá go leor eile a d'fhéadfaí a dhéanamh taobh amuigh den Ghaeltacht ach tá dúshláin do na pobail láidre labhartha Gaeilge taobh istigh den Ghaeltacht ar go leor cúiseanna agus leanfaidh an dúshlán ar aghaidh. Níl aon amhras ormsa nach bhfuil aon bhata draíocht ag éinne mar tá an pobal ag síorathrú, daoine ag bogadh isteach agus ag bogadh amach agus mar sin de. Leanann an dúshlán sin ach ní mór dúinn gníomhú go práinneach air sin agus más gá beartanna breise a chur leis an straitéis, ba cheart iad sin a phlé agus é sin a dhéanamh comhthreomhar le cur i bhfeidhm na straitéise.

Tá fáilte roimh na finnéithe. Is rud uafásach é go bhfuil an Ghaeilge i mbaol a báis sa Ghaeltacht ach cad is féidir linn a dhéanamh faoi sin? Ceann de na fadhbanna a fheicimse, agus níl a fhios agam an aontódh na finnéithe liom, ná go bhfuil sé an-tábhachtach go bhfuil Gaeilge á húsáid ag gach aon chlann sa Ghaeltacht ach má phósann duine as an nGaeltacht, is dócha go bpósfaidh sé nó sí duine nach bhfuil an Ghaeilge mar theanga dúchais acu. Má thagann siad ar ais go dtí an Ghaeltacht, tá an seans ann go mbeidh siad ag úsáid Béarla, go mórmhór má tá an mháthair i gceist. Conas is féidir linn na daoine atá ag teacht isteach sa Ghaeltacht a mhealladh an Ghaeilge a úsáid mar ghnáth-theanga?

Bhíos ar fheirm sa Bhreatain Bheag uair amháin agus b'as Lancashire don bhean chéile. Dúirt sise liom agus le mo bhean chéile, "If I am to be part of this community, I must speak Welsh, so I have learned Welsh". Mar sin, bhí Breatnais ag a clann. Conas is féidir linn an fhadhb sin a réiteach?

Ní fear Gaeltachta mé in aon chor ach cuireann sé an dubh orm bheith ag éisteacht arís agus arís eile le céard atá ag tarlú ó thaobh cúrsaí teanga agus cúrsaí pobal, mar tá an dá rud measctha le chéile, mar a bhí Ms Ní Chéilleachair ag míniú dúinn ar maidin. Gan an teanga sa Ghaeltacht, titfidh cúrsaí pobail as a chéile nó b'fhéidir an tslí eile timpeall. Is géarchéim í. Molaim Údarás na Gaeltachta mar go bhfuil a ráiteas fírinneach faoin todhchaí agus nach bhfuil sé i bhfolach taobh thiar de straitéisí nuair a luann sé go bhfuil an ráta teip ag méadú go mear. Tá ceist agam d'Údarás na Gaeltachta, do Chonradh na Gaeilge agus do Ms Ní Chéilleachair.

Tosóidh mé le Ms Ní Chéilleachair mar is as an pobal di. Bhí sí an-ghonta lena hanailís agus fair play di ach an féidir léi comhairle a chur orainne? Cé nach maith liomsa a bheith mar bhall den Státchóras, is ball den Státchóras me toisc gur Seanadóir mé. Feicim féin gurb é an Státchóras bun agus barr fhadhb an scéil seo agus ba bhreá liom da bhféadfadh sí cúpla scéal nó samplaí a thabhairt dúinn óna pobal féin faoi céard is gá a dhéanamh.

Labhair Mr. Peadar Mac Fhlannchadha faoin dá thoil, an toil phobail agus an toil pholaitiúil, agus an dúshlán maidir leo sin. An bhféadfadh sé labhairt liom arís faoin bhfrustrachas seo agus soiléiriú a dhéanamh air?

Aontaím le ceisteanna mo chomhghleacaithe agus ní theastaíonn uaim níos mó ama a chur amú, ach táim ag iarraidh ceist eile a chur ar Mr. Steve Ó Cúláin. Tá sé deacair, mar is cuid den Státchóras é, ach cad é a mheas anois? Táimid i ngéarchéim. Tá an tOllamh Ó Giollagáin tar éis a lua gur cheart coiste éigeandála a bhunú nó go gcaithfidh an deis a thapú toisc na tuarascála seo agus - níl a fhios agam an Ghaolainn ar fast-tracking - ach dá mbeadh cúpla polasaí nó cúpla réimse le cur i bhfeidhm sa straitéis, an bhféadfadh Mr. Ó Cúláin comhairle a chur orainn maidir le tosaíocht?

Gabhaim buíochas leis an Leas-Chathaoirleach as ucht am a thabhairt dúinn labhairt. Ba cheart dúinn láithreach bonn an chéad chruinniú eile a chur le chéile agus beimid in ann brú a chur ar an Rialtas agus ar an Státchóras chomh tapaidh agus is féidir linn cruinniú eile a bheith againn leis é seo a phlé. Is díomá mhór í nach bhfuil an tOllamh Ó Giollagáin anseo agus ba cheart dúinn cuireadh a thabhairt dó chomh sciobtha agus is féidir ionas go bhféadfadh muidne níos mó inniúchta a dhéanamh mar b'fhéidir go bhfuil níos mó smaointe aige a thabharfadh seans dúinne buntáiste a bhaint as seo agus an deis a thapú.

Vice Chairman

Fé mar a dúramar, fuair sé cuireadh le bheith anseo agus bhí sé ar an nguthán leis an gcléireach. De réir mar a thuigim, tá sé as an tír i láthair na huaire. Níl ach timpeall 20 nóiméad fágtha againn le freagraí agus ní dóigh liom gur freagraí amháin atá i gceist mar ní raibh an-chuid ceisteanna i ndáiríre, ach beidh seans ag gach duine rud éigin a rá faoin méid a bhí cloiste go dtí seo.

Gabh mo leithscéal go bhfuil mé déanach. Bhí mé ag cruinniú den Chomhchoiste um Poist, Fiontair agus Nuálaíocht. Ní comhalta mé den chomhchoiste seo agus mar sin níl na doiciméid nó na ráitis agam. Cuirim fáilte roimh na grúpaí éagsúla. Céard a cheapann siad faoin ráiteas ó thaobh an teanga go bhfuil rudaí ag feabhsú taobh amuigh den Ghaeltacht ach ag éirigh níos measa laistigh den Ghaeltacht? Tá sé ráite freisin go bhfuil laghdú tagtha ar an méid tuismitheoirí sa Ghaeltacht atá líofa sa teanga agus atá ag labhairt Gaeilge lena bpáistí. An aontaíonn na finnéithe leis sin? Más rud é go bhfuil sé fíor, cén fáth go bhfuil sé ag tarlú, dar leo? An mbíonn na páistí go léir i scoileanna Gaeltachta ag labhairt Gaeilge le chéile ag am lón nuair a bhíonn siad ag súgradh?

Ó thaobh na straitéise de, aontaím go gcaithfimid í sin a chur chun cinn agus go bhfuil tús curtha leis sin ach caithfimid níos mó a dhéanamh. Foilsíodh an straitéis i rith tréimhse ina raibh fadhbanna eacnamaíochta ann sa tír, ach tá a fhios agam nach bhfuil chuile rud sa straitéis bunaithe ar airgead. Tá cuóta curtha isteach againn ó thaobh earcaíochta de. Ceapaimse go gcaithfimid an cuóta sin a ardú go dtí 10%. Céard a cheapann na finnéithe faoi sin? Mura mbeadh fadhb ann le hairgead, da mbeadh an t-údarás, Conradh na Gaeilge agus na grúpaí eile in ann aon airgead a theastódh uathu a fháil, an mbeadh siad sásta go mbeadh, i gceann cúig bliana nó deich mbliana, chuile dhuine sa Ghaeltacht líofa nó 90% líofa sa Ghaeilge? Níl chuile rud sa straitéis bunaithe ar airgead, ach teastaíonn airgead chun rudaí a fheabhsú ag an am céanna.

Vice Chairman

Fé mar a dúirt mé, tá timpeall 20 nóiméad fágtha ach glacaim go mór leis an moladh a bhí ag na Seanadóirí Trevor Ó Clochartaigh agus Fiach Mac Conghail gur chóir cruinniú a bheith againn an-luath agus molaim féin go mbeadh sé sin againn taobh istigh de choicís. Chun a bheith féaráilte dosna daoine a tháinig anseo inniu, níl sé ceart críoch sciobtha a chur leis seo. Is ceist leanúnach atá i gceist. Tá an-chuid cloiste anseo inniu agus tá sé tábhachtach, ní hamháin maidir leis an tuarascáil ach an straitéis freisin - tá an dá rud sin ann go gcaithfimid a phlé go mion. Beimid ag caint leis an gcléireach agus leis an gCathaoirleach chun fáil amach an féidir linn a shocrú go luath. B'fhéidir gurb é an rud is fearr a dhéanamh ná seans a thabhairt dosna ceithre dreamanna atá os ár gcomhair freagra ginearálta nó tuairim ghinearálta a thabhairt. Cloisimid ó Údarás na Gaeltachta i dtosach.

Mr. Steve Ó Cúláin

Glacaim go bhfuil mianta láidre ag an Seanadóir Ó Clochartaigh i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta agus go bhfuil sé dearfach, cosúil linne ar fad sa Ghaeltacht. Ba mhaith linn dul sa treo céanna. Ba mhaith linn rudaí a dhéanamh níos sciobtha ach ag an am céanna caithfear córas a bhreithniú ar dtús agus a leagan amach. Tógann sé am. Níor fhéad muid tosaigh as an áit a raibh muid i 2002. Ní raibh sé sách suas-chun-dáta agus sin an fáth gur iarr muid go dtabharfaí na staitisticí níos giorra chun dáta agus thóg sé sin roinnt ama. Tá sé sin uilig ann anois agus tá an córas á chur i bhfeidhm againn agus táimid ag caint ar 26 eagraíocht phobail ar fud na Gaeltachta, cinnirí pobail, a ainmniú agus beidh sé sin déanta againn roimh dheireadh na bliana seo. Ní cheapaim gur fheidhmiú à la carte a bheas ann. Beimid ag déanamh ár gcuid féin. Ní bheimid ag brath ar na pobail ná á fhágáil faoi na pobail an rud seo a dhéanamh iad féin - ní bheadh sé sin féaráilte - ach ní féidir é a dhéanamh gan an pobal. Is comhpháirtíocht atá i gceist. Tá cúrsaí maoiniú agus acmhainní luaite ag roinnt Teachtaí agus tiocfaidh mé chuige sin ar ball.

Ó thaobh an Teachta Ó Cuív, mhair an Ghaeltacht gan an Ghaeilge a bheith mar theanga náisiúnta agus sin mar a bhí agus aontódh muid uilig leis sin. Bheadh muid thar a bheith sásta go mbeadh sí go láidir go náisiúnta agus go mbeadh sí láidir sa nGaeltacht.

Is Éireannaigh uilig muid. Maireann cuid againn sa nGaeltacht ach ní shin le rá nach bhfuil muid ag iarraidh go mbeadh an teanga á labhairt go forleathan ar fud na tíre, agus dá fheabhas atá sí agus dá réir is mó atá sí os comhair an phobail mar fhís náisiúnta, is amhlaidh is fearr, agus d'aontódh mé go huile is go hiomlán leis sin. Táimid ag cur an straitéis i bhfeidhm mar is é an ról atá ag an údarás ná an straitéis a chur i bhfeidhm. Níl sé de ról againne cinneadh a dhéanamh faoi chaitheamh i dtraipisí ná a thuilleadh. Ní fúinn atá sé sin. Caithfimid í a chur i bhfeidhm mar sin í polasaí an Rialtais. Tá sé i gceist againne í a chur i bhfeidhm. Tá tús déanta againn agus tá sé rud beag mall, ach ceapaimse nuair a bheas an bunchóras aontaithe agus na daoine a roghnaigh é agus na ceanneagraíochtaí i mbun oibre, gluaiseoidh sé ar aghaidh go mear. Faighimse an mothúchán láidir ar fud na Gaeltachta go bhfuil muintir na Gaeltachta taobh thiar den fheachtas seo agus go bhfeiceann siad go bhfuil fadhbanna ann, agus tá fadhbanna ann agus tá siad níos measa anois ná mar a bhí siad le fada, ach tá muintir na Gaeltachta sásta dul i mbun na cinniúna seo iad féin agus gníomh a ghlacadh. Beidh muide leo ar an mbealach chomh fada agus gur féidir linn.

Rinne an Teachta Dowds pointe maith. Bhí muide ag cruinniú inné leis an Roinn Oideachais agus Scileanna agus bhí plé fada ansin faoi pholasaí oideachas Gaeltachta. Ní dóigh liom gur féidir tada a tharlú ó thaobh athbheochan na teanga gan pholasaí láidir oideachas Gaeltachta a bheith aontaithe agus tá an t-uafás oibre déanta ag an Roinn sin agus ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta le dó nó trí de bhlianta anuas. Tá siad dáiríre faoi agus tá polasaí an-láidir á chur le chéile. Ceann de na pointí a tháinig aníos ná daoine ag teacht isteach sa nGaeltacht gan Ghaeilge acu agus céard is féidir a dhéanamh faoi sin. Bhí muide ag rá go gcaithfidh feachtas mór láidir a bheith ann ar fud na Gaeltachta chun a mhíniú do dhaoine na buntáistí atá ann a bheith dátheangach. Ní aon mhíbhuntáiste é a bheith ag labhairt Gaeilge. Is buntáiste atá ann do na páistí. Beidh siad i bhfad níos éirimiúla amach anseo. B’fhéidir go gcoinneoidh sé siar ar feadh sé mhí iad nuair atá siad ag iarraidh an dá theanga a shealbhú, ach ansin nuair a thabharfaidh siad leo iad, beidh siad níos fearr. Nuair a thuigfeas muintir na Gaeltachta é sin, agus na tuismitheoirí, bídís taobh amuigh nó taobh istigh, is amhail is fearr é. Caithfidh feachtas láidir a bheith ann faoi sin.

Bhí an ceart ag an Seanadóir Mac Conghail maidir leis an rud a dúirt sé faoi thosaíocht. Is í an tosaíocht atá ann, dáiríre, ná na 26 ceanneagraíocht seo a aithint go luath, rud atá ar siúl againn, ach ansin beidh beagán airgid ag teastáil. Níl mé ag iarraidh a bheith ag caint ar chúrsaí airgid i gcónaí agus ní chúrsaí airgid an leigheas ar chuile scéal, ach tá beagán airgid ag teastáil. Chuir muide figiúr air agus chuir muid faoi bhráid é sin. Tá roinnt mhaith ama caite ag iarraidh é a oibriú amach. Tá go leor de na heagraíochtaí ag feidhmiú go deonach ach caithfidh siad roinnt saineolaithe a cheannach isteach. Caithfimid féin roinnt saineolais a cheannach isteach. Tá roinnt airgid ag teastáil ansin. Níl ach airgead beag i gceist anseo - €500,000 sa bhliain - leis sin a dhéanamh. Sin an méid.

Mar fhreagra ar an Teachta Kyne, an rud atá i gceist ansin ná feabhsú taobh istigh agus taobh amuigh. Dá mó a thagann feabhas ar chúrsaí náisiúnta is amhail is fearr linne é. Dá mbeadh airgead ar fáil gan fadhb, is é an sprioc atá ann ná ardú 25% a theacht ar chainteoirí laethúil na Gaeilge. Táimid ag caint ar dhul ó 23,000 go dtí 30,000. Sin é an sprioc atá sa straitéis. Dá mbeadh an beagán airgid a luaigh muid níos luaithe ar fáil, sin é an sprioc a bheadh le baint amach againn agus bheadh muid sásta a bheith tomhaiste air sin.

Mr. Julian de Spáinn

An pointe is mó atá ag teacht trasna chugamsa nuair a bhí an Seanadóir Ó Clochartaigh agus an Teachta Ó Cuív ag caint maidir leis an straitéis agus an fiú í a chur i bhfeidhm nó an fiú dul síos bóthar eile ná nach éireoidh leis an straitéis gan an phobal taobh thiar di. Is gá dúinn an pobal a chumasú chun gur féidir leo a bheith mar chuid de chur i bhfeidhm na straitéise. Is cuma cén straitéis nó cén pholasaí, an polasaí nua oideachas sa Ghaeltacht san áireamh, atá ann ag deireadh an lae mura bhfuil na húdaráis sásta an maoiniú agus na hacmhainní a chur taobh thiar di. Ní éireoidh le haon straitéis nó le haon pholasaí oideachais Gaeltachta gan na húdaráis ag teacht taobh thiar de. D'fhéadfadh an fochoiste seo na héilimh atá aontaithe ag breis is 70 grúpa Gaeltachta agus lasmuigh den Ghaeltacht atá tar éis aithint céard iad na rudaí is mó is gá a bheith maoinithe nó a bheith curtha i bhfeidhm chun gur féidir leo a bheith cumasach chun an obair a dhéanamh a chur os comhair an choiste iomlán chun go mbeadh caint agus plé orthu. Tá súil againn go mbeadh an coiste iomláin sásta glacadh leis na héilimh sin agus tacaíocht a thabhairt dóibh agus cabhrú linn iad a chur chun tosaigh, mar ceann de na heasnamh is mó atá ann ná na hacmhainní agus caithfear é sin a chur san áireamh. Tagann an-chuid de na dúshláin atá romhainn ar ais de. Tá Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ann anois chomh maith le hAcht na Gaeltachta. Cé nach rabhamar sásta le ceachtar acu agus tús á chur leo, tá siad ann ach níl na hacmhainní taobh thiar díobh agus is gá sin a dhéanamh.

Luaigh an Teachta Dowds ceisteanna maidir leis an nGaeilge sa theaghlach agus i scoileanna. Bhíomar ag an gcruinniú sin inné agus léirigh an Roinn Oideachais agus Scileanna go bhfuil sí ag tacú le polasaí ceart oideachais a chur le chéile. Bhí Ard-Rúnaithe an dá Roinn i láthair chomh maith leis an bpríomhchigire agus go leor daoine eile. Bhí cruinniú agus comhairliúchán an-mhaith ann ach gan na hacmhainní a bheith curtha taobh thiar den rud a bheas curtha le chéile anois, ní éireoidh leis. Tagann sé ar ais chuige sin. Bhí an Seanadóir Mac Conghail ag caint faoin bhfrustrachas agus tá brón orm go bhfuilim ag teacht ar ais chuige, ach ag na cruinnithe poiblí agus nuair a bhíomar ag labhairt leis na comharchumainn agus leis na grúpaí Gaeilge agus Gaeltachta ar fud an oileáin, chualamar arís nach bhfuil an pobal in ann feidhmiú mar nach bhfuil na hacmhainní acu chun an obair a dhéanamh. Ní hé nach bhfuil an cumas acu.

Luaigh an Teachta Kyne cúrsaí earcaíochta agus an 6% mar cheann de na rudaí a rinne an Rialtas seo. Mar a deir sé, ní mór an méid é an 6% a luaigh sé. I gcomhthéacs na Gaeltachta agus na hearcaíochta san earnáil phoiblí, ní réiteoidh an 6% an fhadhb sa Ghaeltacht. Ba chóir go mbeadh gach seirbhís ar fáil trí Ghaeilge do mhuintir na Gaeltachta, gan cheist, gan choinníoll, mar a luaigh an t-iar-Choimisinéir Teanga. Is gá plean chun é sin a bhaint amach. Níl aon rud feicthe agam a léiríonn go bhfuil spéis ar bith ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe tabhairt faoin dúshlán sin, ach is gá tabhairt faoi. Tagann sé ar ais don rud a luaigh Mr. Mac Fhlannchadha faoi thoil pholaitiúil a bheith taobh thiar den phraiticiúlacht agus taobh thiar den Ghaeltacht. Má tá siad dáiríre faoi, déanfaidh siad polasaí earcaíochta nach gcosnóidh pingin ar an Stáit. Cuirfidh siad polasaí i bhfeidhm go mbeidh earcaíocht déanta chun go mbeidh dóthain daoine ann gur féidir leo freastal ar mhuintir na Gaeltachta ina iomlán agus go sásúil.

Ó thaobh cúrsaí airgid de, chuir an Teachta Kyne ceist faoi céard a d'fhéadfaimis baint amach dá mbeadh pé mhéad airgid a bhí ag teastáil uainn againn. Tá figiúr curtha ar cé mhéad airgid atá ag teastáil uainn. Iarraimse ar chomhaltaí an fhochoiste é sin a chur ar fáil don choiste iomlán agus d'fhéadfaimis cur i láthair a dhéanamh agus é a phlé. Tá figiúr curtha air sin ag pobal na Gaeilge agus Gaeltachta leis na húdaráis san áireamh - Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge - ag tacú leis na cinn a bhaineann leo siúd. Ba bhreá linn dá mbeadh an Rialtas agus an córas polaitiúil sásta éisteacht linn mar phobal Gaeilge agus Gaeltachta agus na héilimh atá againn anois oibrithe amach bunaithe ar an straitéis a chur i bhfeidhm, an tAcht Gaeltachta a chur i bhfeidhm agus an pobal a chumasú. Dá mbeadh an córas polaitiúil sásta teacht taobh thiar de sin, d'éireodh linn i bhfad Éireann níos mó a dhéanamh mar tá an rud atá ag teastáil uainn ag teacht ón bpobal féin, ó na daoine sa phobal, ar an talamh, a thuigeann céard go díreach atá ag teastáil. Mar pholaiteoirí, bheimis ag iarraidh ar chomhaltaí an fhochoiste éisteacht leis an bpobal agus cabhrú linn na héilimh sin a chur chun cinn.

Ms Sorcha Ní Chéilleachair

Mar fhreagra ar na ceisteanna ar fad, táim ag ceapadh go gcaithfimid féachaint ar an straitéis arís. Ní drochscéalta ar fad a bhí sa nuashonrú seo. Bhí roinnt ceantair Ghaeltachta ann go raibh téarnamh i ndán dóibh. Ceann de na ceantair sin ná mo cheantar dúchais féin, An Rinn i gContae Phort Láirge. Nuair a bhí daoine ag lorg rudaí dearfacha sa nuashonrú seo, chuireadar an cheist céard a tharla sa Rinn go bhfuil téarnamh tagtha ar rudaí agus go bhfuil rudaí ag teacht aniar. Tá a fhios agamsa go maith cad a tharla sa Rinn.

D'fhás mise aníos i bpobal go raibh meas ann don teanga. D'fhás mise aníos i bpobal go raibh bunscoil láidir Gaeltachta ann a thug tús áite don Ghaolainn. Chuaigh mé ag meánscoil a bhí fíorchumasach ó thaobh na Gaolainne de. Bhí struchtúr pobail ann, Comhairle Pobail na Rinne, a bhí fíorláidir ó thaobh na teanga de agus a chuir an teanga chun cinn i measc an phobail gan aon cheist agus bhí meas ar an gcainteoir dúchais sa phobal sin.

D'fhás mise aníos sa phobal sin agus ní inniu, amárach ná an lá dar gcionn a chítear torthaí na Gaolainne sa phobal. Is sa chéad ghlúin eile agus táimid ag feiscint an toradh sin sa chéad ghlúin eile anois. Ar shlí, sin í an chúis gur thug mise faoin obair seo nuair a bhí páistí agam féin, ag féachaint siar ar an taithí a bhí agam féin ag fás aníos. Theastaigh uaim go mbeadh an tacaíocht sin sa phobal do mo pháiste féin agus go bhfaca mé an téarnamh a thagann ar phobal nuair a bhíonn an tacaíocht sin ann. Sin í an chúis go bhfuil mé ag tabhairt faoin obair seo mar go gcreidim go n-oibríonn sé. Ní inniu ná inné a chímid na torthaí ach b'fhéidir nuair atá páistí ag mo pháistí féin. Ceapaim go bhfreagraíonn sé sin an-chuid de na cheisteanna.

Tá moltaí sa staidéar cuimsitheach teangeolaíoch mar gheall ar tacaíochtaí teaghlaigh. Níl siad curtha i bhfeidhm. Dá mbeidís curtha i bhfeidhm, bheadh rudaí i bhfad níos fearr. Tá an Roinn Oideachais agus Scileanna le moladh. Bhí mé féin ag an gcruinniú inné agus bhíomar fíorthógtha leis. Tá an cuma ar an scéal go bhfuil sí ag éisteacht faoi dheireadh agus go bhfuil sí ag aithint an chainteoir dúchais agus go bhfuil sí chun curaclam agus córas a chur i bhfeidhm sa Ghaeltacht nach raibh i bhfeidhm riamh cheana. Ar deireadh, maidir leis an straitéis 20 bliain don Ghaolainn agus ar cheart í a chaitheamh i dtraipisí nó ar cheart í a chur i bhfeidhm, is í an cheist a bheadh agamsa ná an bhfuil muinín caillte ag an bpobal as an straitéis? Más rud é go bhfuil, cén mhaith í a chur i bhfeidhm nó cén mhaith í a chaitheamh i dtraipisí? Níl a fhios agam.

Ms Nóra Ní Loingsigh

Tá roinnt mhaith den mhéid a bhí le rá agam ráite ag daoine roimh ré ar aon nós. Aontaím gur ghá an méid gur féidir de na moltaí ón Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a chur i bhfeidhm. Díreach le sampla a thabhairt maidir le cúrsaí oiliúna do mhúinteoirí bunscoile, tá a leithéid ar fáil ó Thuaidh, sna Sé Chontae, áit ina bhfuil 36 bunscoil atá ag múineadh trí mheán na Gaeilge le tuairim is 5,000 dalta. Ar an taobh seo den tír tá 270 bunscoil ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge le 45,000 dalta agus níl aon chúrsa oiliúna ar fáil trí mheán na Gaeilge nó a bhaineann le cúrsaí tumoideachais nó conas múineadh i scoil Ghaeltachta. Sin léargas ar an sórt rud a bheadh de dhíth ar na scoileanna lán-Ghaeilge sna Gaeltachtaí nó scoileanna gur mian leo aistriú le bheith ina scoileanna lán-Ghaeilge amach anseo.

Trasnaíonn cuid de sin isteach sa cheist a bhí ag an Teachta Seán Kyne maidir le páistí ag labhairt Gaeilge lena chéile ag am lóin sna scoileanna. Braitheann sé sin ar cad atá ag tarlú sa phobal áitiúil, cén sórt tacaíochta atá ar fáil dóibh, cé chomh nádúrtha atá sé dóibh a bheith ag labhairt Gaeilge lena chéile agus tagann sé ar ais go pholasaí a bheadh ag scoileanna. D'athródh sé sin ó scoil go scoil. Ó thaobh na Gaeltachta i gcomparáid le lasmuigh den Ghaeltacht, níl rogha scoile sa Ghaeltacht agus de réir mar a athródh cúrsaí teangan timpeall ar na scoileanna, d'athródh an bealach a mbeadh an teanga á húsáid laistigh den scoil. Lasmuigh den Ghaeltacht, is rogha iad na scoileanna lán-Ghaeilge. Tá an rogha sin glactha ag na tuismitheoirí agus i roinnt mhaith de na scoileanna tá polasaí láidir glactha acu cheana féin maidir leis an nGaeilge agus maidir le húsáid na Gaeilge laistigh den scoil. Is comhthéacs beagáinín éagsúil é sin ach b'fhéidir, mar a bhí an Teachta Ó Cuív ag rá, gur ar scáth a chéile a mhaireann muid agus go bhfuil rudaí le foghlaim againn óna chéile ó cad atá ag tarlú laistigh den Ghaeltacht agus cad atá ag tarlú lasmuigh den Ghaeltacht.

Vice Chairman

Is féidir leis an Teachta Ó Cuív pointe an-tapa a lua.

Sílim go mba cheart dúinn an-spéis a chur sa mhéid a bhí le rá ag Mr. Julian de Spáinn maidir leis na moltaí atá curtha chun cinn ag na heagraíochtaí Gaeilge, agus na 70 grúpa a luaigh sé. Mholfainnse go mbeadh sé sin ar an gclár ag an gcéad chruinniú eile. Glacaim leis gur chruinniú príobháideach a bheas i gceist ansin agus go mbeimid ag plé cá dtiocfaimid as seo. Cheapfainn féin go mba cheart dúinn na moltaí sin a tháinig ó na heagraíochtaí Gaeilge a chur ar an gclár agus féachaint an mbeadh tacaíocht le fáil acu mar iarracht ag gluaiseacht na Gaeilge í féin rudaí a chur chun cinn. Bheinn ag moladh go mbeadh na moltaí sin ar an gclár don chruinniú sin.

Ms Anna Ní Ghallachair

Tá dhá phointe beaga le déanamh agamsa. Go ginearálta maidir le bás na Gaeilge, caithfimid a bheith cúramach gan an Ghaeilge a chur i gcré na cille sula mbíonn sí básaithe. Tá contúirt ann go dtarlódh sé sin leis an chaint uilig seo faoi bhás na Gaeilge. Tá daoine óga agus tuismitheoirí óga atá ag toiseacht ag labhairt Gaeilge lena gcuid páistí inniu agus beidh amárach agus an lá ina dhiaidh sin. Nílimid ag tabhairt cuidiú ar bith dóibhsean mura bhfuilimid ag caint de shíor ach ar bhás na Gaeilge mar déarfaidh siad leo féin céard is fiú a bheith ag labhairt Gaeilge lena bpáistí mura bhfuil an Ghaeilge chun a bheith ann faoi cheann deich mbliana nó faoi cheann 20 bliain.

Baineann mo dhara phointe leis an phleanáil teangan agus caint ar shaineolas sa phleanáil teangan. Sé an chéad phleanálaí teangain ná an tuismitheoir a shocraíonn an Ghaeilge a thabhairt dá chuid páistí nó dá pháiste. Chuige sin, sé an rud atá de dhíth le bheith cinnte go nglacfaidh an tuismitheoir an cinneadh sin ná ardú feasachta agus tá ról againn uilig sa phróiseas sin agus taobh istigh den Ghaeltacht tá ról ag an údarás sa phróiseas sin. An darna rud atá de dhíth ná go mbeadh córas oideachais sásúil go hiomlán trí mheán na Gaeilge ann. Táimid ag obair air seo faoi láthair agus tá an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. Bhí mé féin ag an gcruinniú sin inné agus tá na moltaí atá déanta maidir le cúrsaí Gaeilge ar na moltaí is fearr atá feicthe agamsa maidir le teagasc na Gaeilge agus maidir le cúrsaí oideachais trí Ghaeilge ó thosaigh mé ag plé le teanga os cionn 30 bliain ó shin. An rud eile atá ag teastáil ó dhaoine má tá siad ag iarraidh cur fúthu sa Ghaeltacht agus a gcuid páistí a thógáil le Gaeilge ná go mbeifí cinnte go mbeadh fostaíocht ann dóibhsean. Muna mbeidh an obair ar fáil do na daoine agus iad ag iarraidh cur fúthu sa Ghaeltacht, ní dhéanfaidh siad é. Mar sin, caithfidh ardú feasachta a bheith ann, caithfidh na struchtúir a bheith ann agus na hacmhainní a bheith ann. Faoi láthair, is oth liom a rá nach bhfuil na hacmhainní go léir atá ag teastáil uainne in Údarás na Gaeltachta againn leis an obair atáimid in ann a dhéanamh agus a bhfuil fonn orainn a dhéanamh ar bhealach sásúil agus a chinnteoidh todhchaí na Gaeilge amach anseo.

Vice Chairman

Is cinnte gur chabhraigh na finnéithe go mór linn anseo inniu agus b'fhéidir gur thóg siad faoi ndeara cé chomh buartha is a bhí na comhaltaí anseo inniu agus go bhfuil práinn ag baint leis an díospóireacht seo. Ní féidir linn neamhaird a dhéanamh ar an tuarascáil ná ar an nGaeltacht ná ar an nGaeilge ach a mhalairt. Is cuimhin liom nuair a bhí an straitéis 20 bliain á cur le chéile gur bhuaileamar le 130 grúpa isteach is amach ag an am, cuid acu anseo agus cuid acu sa Ghaeltacht ag an am. Chomh maith leis sin, ritheadh an straitéis d'aon ghuth san Oireachtas ag an am. Ní dóigh liom go bhfaca mé riamh aontas chomh mór is a bhí ann maidir leis an straitéis sin agus fós tá sé mar bhunchloch na díospóireachta seo. Ní féidir linn neamhaird a dhéanamh ar an tuarascáil. Níl aon mhaith bheith ag rá sa todhchaí nach raibh an t-eolas againn faoin dúshlán atá os ár gcomhair amach. Caithfimid a bheith dáiríre faoi seo agus caithfimid tabhairt faoi le chéile. Sin an rud is tábhachtaí ar fad.

Aontaím nach bhfuil sé go maith bheith ag caint faoi bhás na Gaeilge mar theanga mar ní tharlóidh sé sin. Tuigimid é sin chomh maith. Mar sin de, tá rud amháin cinnte le deich mbliana anuas agus sin go bhfuil dea-thoil iontach amuigh i measc an phobail don Ghaeilge. Ní raibh sé amhail againn sna 1950dí agus sna 1960dí agus is cuimhin liomsa na díospóireachtaí nimhneacha a bhí ann ag an am sin. Níl sé sin ann a thuilleadh. Tá an dea-thoil ann. Tá dea-thoil ann chomh maith don straitéis agus tá sé sin soiléir má labhraítear le héinne lasmuigh. Ní bheadh ach an rud ceart á dhéanamh ag an Stát aitheantas a thabhairt don phobal agus na tuairimí dearfacha atá acu maidir leis seo.

Táimid ag brath go mór ar na finnéithe anseo mar tá an tuiscint acusan ar an gceist seo, ach chomh maith leis sin tá na staitisticí againn i láthair na huaire. Glacaim leis na pointí a bhí ann go dtí seo. Caithfimid cruinniú eile a bheith againn go luath agus is féidir leis na finnéithe teacht i gcomhairle linn aon am. Beidh fáilte rompu teacht i gcomhairle linn má bhíonn breis eolais le cur ar fáil nó comhairle a chur orainn. Táimid ag brath orthusan maidir leis sin. Is oth liom go gcaithfimid clabhsúr a chur leis an díospóireacht anois. Gabhaimid buíochas leis na finnéithe arís agus le cúnamh Dé beidh seans eile againn amach anseo bheith ag caint libh agus go luath.

An mian leis na comhaltaí aon rud eile a phlé faoi aon ghnó eile? Ar mhaith leis an Teachta Ó Cuív dáta a mholadh don chéad chruinniú eile?

An tseachtain seo chugainn ag an am céanna san áit céanna. An bhféadfadh sé a bheith lá eile-----

Vice Chairman

Caithfimid féachaint ar an dialann. Tá recess ann an tseachtain seo chugainn.

Coicís. Dá bhféadfadh sé a bheith ag am eile, b'fhearr liomsa é, mar bhíonn an Coiste Thalmhaíocht, Bia agus Muir i gcónaí ag a 2 p.m. Dé Máirt ach bíodh sé go luath.

Cuireadh an fochoiste ar athló sine die.