Cuirim fáilte Uí Cheallaigh roimh na hionadaithe ó Fhoras na Gaeilge agus ó Ghaeloideachas. Tiocfaidh mé ar ais chucu ach tá píosa oibre le déanamh againn maidir le comhfhreagras agus rudaí eile. Chun daoine a choiméad suas chun dáta, sheolamar litreacha chuig Airí éagsúla ag iarraidh orthu teacht os ár gcomhair. I gcásanna áirid, sin an dara litir a sheolamar agus táimid fós ag fanacht ar fhreagra.
Sheolamar litir chuig an Taoiseach ar an 7 Samhain 2016 agus thugamar cuireadh dó teacht os ár gcomhair chun, go háirithe, na spriocanna i Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 go 2030 atá bainte amach agus a bhí i bhfeidhm amhail ón 31 Deireadh Fómhair 2016 a phlé. Fuaireamar freagra ó Nick Reddy, rúnaí príobháideach an Taoisigh. Dúirt sé:
Is oth liom a chur in iúl nach bhfuil an Taoiseach ábalta ghlacadh leis an gcuireadh sin.
Mar is eol duit, is ar an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta atá an fhreagracht fhoriomlán as cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge i gcomhar le réimse mór páiritithe leasmhara. Sa chomhthéacs sin, tá do chuireadh á sheoladh ar aghaidh chuig an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Seán Kyne, T.D., atá freagrach as an gcúram sin.
Cuirim é sin os comhair an choiste ach is dócha go bhfuil cóip den litir sin ag na comhaltaí.