Tá rud amháin le déanamh agam maidir leis an tuarascáil ó thaobh Breatimeachta. An féidir leis an choiste glacadh leis sin? Bhí deis ag baill breathnú air. An bhfuil an coiste sásta é a leagan ós comhair na Dála? Tá. Go raibh maith agaibh.
Gnó an Choiste
Sula n-imeoidh an Cathaoirleach an féidir liom moladh go scríobhfadh an coiste ag rannóg an aistriúcháin ag iarraidh soiléiriú a fháil maidir le líon na nAchtanna a bhfuil ceist fúthu ó thaobh an aighnis atá ansin?
Gan dabht. Iarrfaimid ar an rannóg an scéal a shoiléiriú.
Clerk to the Committee
Ar mhiste leis na Seanadóirí é sin a chur i ríomhphost chun go mbeadh a fhios agam céard faoi a bhfuil siad ag caint?
Yes, is féidir. Tá aighneas ann in rannóg an aistriúcháin. Níl cuid de na Billí aistrithe i gceart agus táimid ag lorg tuairisce.
Tá soiléiriú ó thaobh na reachtaíochta de uainn. An bhfuil moill nó botúin i gceist?
B'fhearr liom é sin a scrúdú níos fearr. Tá argóintí ann faoi séimhithe anseo agus ansiúd. Níl mise in ann breithiúnas a thabhairt air sin. Sílim féin go mba cheart ceist a chur ar Choimisiún Thithe an Oireachtais cén córas atá i gceist aige le duine éigin neamhspleách gairmiúil a fháil le seiceáil go bhfuil Billí á n-aistriú i gceart. Quality control mar a deirtear i mBéarla.
Tá muid faoi bhrú. Tiocfaimid ar ais air sin.
Clerk to the Committee
An féidir leis na baill é seo a chur i scríbhinn chugam?
Níl mé sásta é sin a dhéanamh. Tá difríochtaí ann.
An gcuirfimid é sin siar go dtí an chéad uair eile?
Idir an dá linn is féidir linn ceist a chur ar a laghad.
Cuirfimid ceist ag soiléiriú cén mhoill atá ann maidir le reachtaíocht a aistriú.
Tá argóint ar bun. Fuair muid ar fad ríomhphost ag rá go raibh-----
Ní féidir é a dhéanamh mar seo. Tá vótáil ar siúl. Gabhaim buíochas leis na finnéithe.