Mar chonclúid, creidimid go bhfuil teipthe ar an Acht Craolacháin 2009. Tá míreanna ann faoin nGaeilge. Luaigh Dr. Walsh alt 66. Feictear dom go bhfuil sé ró-lag agus doiléir. Is iad mianta seachas dualgais atá luaite ann. Chomh maith leis sin, maidir le hÚdarás Craolacháin na hÉireann, ÚCÉ, feictear dúinn nach bhfuil tús áite tugtha aige sin agus nár tosaíocht í an Ghaeilge dó. Tá monatóireacht á déanamh agus bíonn ar na stáisiúin teacht ar ais chun athnuachan a dhéanamh ar na ceadúnais ach ní cosúil go bhfuil an Ghaeilge mar thosaíocht ag ÚCÉ.
Creidimid go bhfuil na forálacha faoi chúinsí Gaeltachta i bhfad ró-lag agus gur chóir iad a láidriú toisc go bhfuil na Gaeltachtaí chomh tábhachtach do thodhchaí na teanga agus do mhuintir na Gaeltachta mar atá sí ann faoi láthair. Ar ndóigh, creidimid chomh maith go bhfuil easpa tuisceana ag go leor de na stáisiúin atá ag cur cláir Ghaeilge ar an aer. Tuigeann siad gur ag freastal ar dhaoine ar bheagán Gaeilge, ar fhoghlaimeoirí nó ar dhaoine a bhfuil an Ghaeilge mar chaitheamh aimsire acu atá siad, seachas ar dhaoine gur cainteoirí dúchasacha iad nó daoine, ar nós na baill, a labhraíonn Gaeilge go laethúil agus atá gan sheirbhís agus gan fhreastal. Mar sin, creidimid gur ról siombalach atá ag an nGaeilge ar go leor de na stáisiúin seachas ról mar theanga cumarsáide.
Tá trí mholadh againn don choiste. Is moladh do na baill mar Theachtaí agus mar Sheanadóirí an chéad cheann. Ba mhaith linn dá bhféadfaidís breathnú ar an Acht agus míreanna de a athdhréachtú, nó Acht nua a dhréachtú, lena dtreiseofaí na míreanna faoin nGaeilge atá againn faoi láthair. Chuige sin, ba mhaith linn go dtabharfaí tosaíocht do na Gaeltachtaí nó go leagfaí béim orthusan. Maidir le hÚdarás Craolacháin na hÉireann, ó 1998 go dtí 2001 bhí mé féin ar chomhchoiste Gaeilge a bhí ann idir an Broadcasting Commission of Ireland, BCI, mar a bhí ann ag an am, agus Foras na Gaeilge. Tháinig go leor rudaí maithe amach as sin. Ba cheann de na rudaí a tháinig as sin ná gur fostaíodh oifeagach Gaeilge. Fiú inniu, agus muid ag caint 17 mbliana i ndiaidh imeacht an oifigigh Ghaeilge sin ón BCI, tá stáisiúin fós ag déanamh tráicht air sin sna conarthaí agus tá siad fós ag déanamh tráicht air nuair a labhraímid leo. Deir siad go mbeadh siad breá sásta páirt a ghlacadh in aon scéim a chuirfeadh an ÚCÉ ar bun ach níl sé ar a gcumas féin, nó go mbeadh siad breá sásta tacaíocht a thabhairt, nó go raibh bean a bhí ag teacht timpeall agus bhí sí sin an-mhaith ach níl sí ann níos mó. Is dhá ghníomh mhaithe iad sin, go mbunófaí coiste Gaeilge san ÚCÉ agus go bhfostófaí duine a mbeadh sé de chúram uirthi nó air aire agus tacaíocht a thabhairt d'fhorbairt na Gaeilge ar na haerthonnta, agus ar ndóigh ar an teilifís fiú go bhfuilimid ag caint faoi chúrsaí raidió inniu.
Chomh maith leis sin is dóigh linn go bhféadfadh an ÚCÉ polasaí gníomhach a dhréachtú, ar nós mar atá dréachtaithe faoi chúrsaí inscne nó faoi chúrsaí ilghnéitheachta. Ansin bheadh tuiscint le fáil ag stáisiúin ar na cineálacha difriúla éisteoirí atá ann nuair a labhraímid faoi chraoltóireacht Ghaeilge - cainteoirí dúchasacha agus cainteoirí líofa ar thaobh amháin agus daoine atá ar bheagán Gaeilge ar an dtaobh eile - mar feictear dúinn sa taighde atá déanta againn nach bhfuil freastal á dhéanamh ach ar lucht an chúpla focal. Chomh maith leis sin, mar a dúramar tríd an gcur i láthair uilig, ba cheart go mbeadh béim níos mó ar cheantair Ghaeilge agus ar fhreastal níos fearr a thabhairt dóibh agus ba cheart go nglacfadh na stáisiúin óige ról níos mó agus níos suntasaí i gcraoltóireacht Ghaeilge. Cé go bhfuil siad go maith, Spin Southwest agus iRadio ach go háirithe, is féidir níos mó a dhéanamh i gcónaí. Ar ndóigh ba mhaith linn dá bhfeicfí staisiún raidió náisiúnta raidió don lucht óige mar atá ag Baile Átha Cliath le Raidió na Life ach na craoltóirí a bheith íoctha.
Is iad na moltaí deireanacha atá againn agus ag na craoltóirí féin ná ba chóir go mbeadh sé d'aidhm ag gach aon stáisiún a gcuid cláir féin a dhéanamh seachas athchraoladh a dhéanamh. Tá raidió na bpobal thíos faoin tír ag craoladh clár a thagann as Raidió na Life atá á ndéanamh do mhuintir Bhaile Átha Cliath. Tá RTÉ Radio 1 ag déanamh athchraolta ar scoth na seachtaine ó Raidió na Gaeltachta. Níl sé ag déanamh a gcuid clár féin. Caithfidh siad a bheith in oiriúnt dá n-éisteoirí féin. Tá aithne acu ar a gcuid éisteoirí agus ar céard a bheadh uathu. Ba mhaith linn go gcraolfaí an Ghaeilge le linn buaic-amanta éisteachta. Níl mórán maitheas a bheith ag craoladh i nGaeilge ag a trí a chlog ar maidin, mar atá á dhéanamh ag roinnt de na stáisiúin, nuair ba chóir go mbeadh an chuid is mó againn inár gcodladh. Chomh maith leis sin feictear dúinn nach bhfuil freastal cóir á dhéanamh ar cheantair Ghaeilge agus, mar a dúirt mé cheana, ba chóir go nglacfadh na staísiúin óige níos mó den chúram seo orthu féin. Tá siad ag déanamh go maith agus is féidir leo dul ar aghaidh leis.
Sin é ár gcuid.