Cláir Nuachta Gaeilge: Plé

Ba mhaith liom fáilte a fhearadh roimh Jon Williams, stiúrthóir nuachta agus cúrsaí reatha RTÉ; agus roimh Joe Reddington, príomheagarthóir nuachta RTÉ. Mar a dúirt mé, tá siadsan anseo mar ionadaithe ar son RTÉ. Ba mhaith liom fáilte a fhearadh chomh maith roimh Alan Hesslemont, príomhfheidhmeannach TG4. Gabhaim buíochas leo as a bheith anseo.

Tá na finnéithe lonnaithe i Seomra na Dála le linn an chruinnithe seo. Ba mhaith liom na finnéithe a chur ar a n-aird go bhfuil siad, de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh, 2009, faoi chosaint lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don choiste seo chomh fada is atá siad lonnaithe sa seomra coiste féin. Má ordaíonn an comhchoiste dóibh, ámh, éirí as an bhfianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt, níl siad i dteideal dá éis sin ach pribhléid cáilithe i leith na fianaise acu. Ordaítear dóibh nach dtabharfar ach fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear díobh cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina ainm, ina hainm nó ina n-ainm nó ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom iad a chur ar an eolas go ndéanfar na ráitis tionscnaimh a chuireann siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.

Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe nó le hoifigeach ina ainm nó ina hainm nó ar shlí a bhféadfaí iad a aithint.

Táimid ag plé cúrsaí nuachta Gaeilge agus cláir nuachta. I dtús báire, iarraim ar Jon Williams labhairt linn.

Mr. Jon Williams

Gabhaim buíochas leis na baill as an gcuireadh. I welcome any opportunity to talk about "Nuacht RTÉ", not least to say how proud I am of the whole team for what they have achieved during the pandemic. As the director general made clear in last week’s RTÉ annual report, the mission to provide the people of Ireland with an impartial and comprehensive news service is at the heart of what we do, in Irish and in English, and never more so than during a public health emergency.

RTÉ is firmly committed to supporting the Irish language and to delivering on its public service obligations. Section 114 of The Broadcasting Act 2009 charges RTÉ with the responsibility to “provide programmes of news and current affairs in the Irish and English languages”. Under section 120 of the Act, RTÉ is obliged to provide TG4 with “the equivalent of one hour ... [daily of] programme material" in the Irish language. "Nuacht RTÉ" forms a substantial part of the provision formalised between RTÉ and TG4 in the 2018 to 2022 protocol agreement.

RTÉ employs more journalists working in Irish than any other news organisation in Ireland. RTÉ makes more than 250 hours of television news and current affairs in the Irish language every year, built around a multi-platform nuacht service broadcast on RTÉ One, the RTÉ news channel and TG4, online and on mobile via the RTÉ news app. The staff are employed by RTÉ and "Nuacht RTÉ" is part of RTÉ news and current affairs, led by its príomheagarthóir. The service is broadcast from TG4 studios at Baile na hAbhann. In addition, RTÉ also produces "7 Lá" for TG4. RTÉ broadcasts news bulletins in Irish every day on RTÉ Radio 1, 2FM and Lyric FM, while Raidió na Gaeltachta has been a lifeline service for many during the pandemic.

The financial challenge facing RTÉ remains as acute as ever, despite the temporary surplus reported in 2020, which was a direct consequence of the pandemic. Journalism relies on people, and our people are our biggest cost. The scale of the financial challenge means it will touch every part of the organisation. Like every organisation and every family in Ireland, Covid-19 means RTÉ has had to explore different ways of doing things. The pandemic has exacerbated the challenges for impartial and independent journalism.

Together, Raidió na Gaeltachta, and "Nuacht RTÉ" have given voice to Gaeltacht and Irish language communities. While they told their stories, we reminded them they were not alone. Through Raidió na Gaeltachta and "Nuacht RTÉ", RTÉ directly supports the employment of 113 people in the Gaeltacht. Over the past four years, in partnership with TG4, RTÉ has relaunched "Nuacht RTÉ", given it a new identity and moved it into a bigger studio. It has also invested substantial funding in extending "7 Lá" to a 42-week run and adding two additional posts to the team in Baile na hAbhann. For the first time, "Nuacht RTÉ" has a single identity across both broadcasters, evidence of Ireland’s two public service media organisations working together for the benefit of Irish audiences.

It is a service that is valued by viewers. Earlier this year, TG4 commissioned research from the National University of Ireland Galway, NUIG, and Red C, which found that 82% rated the service provided by RTÉ as “excellent” or “good”.

Encouragingly, the support was strongest among viewers aged 18 to 34, 83% of whom rated the programme highly. Due to the importance of the service, RTÉ has consistently sought to protect Irish language journalism from the consequences of the organisation's broader financial challenges.

Since the TV licence fee was last adjusted by the Oireachtas, RTÉ's income has fallen by €100 million. In 2021, there are 32 fewer journalists in the Dublin newsroom than there were a decade ago, a period in which RTÉ news has also become a digital-first news organisation and built its presence online and on mobile in addition to existing radio and television services. During that same period, five posts have been closed in "Nuacht RTÉ".

Such is RTÉ's commitment to Irish language journalism, that in 2021, the budget for "Nuacht RTÉ" is higher than it was in 2018. However, when it launched its revised strategy in November 2019, RTÉ was clear that it had to find €60 million in savings against projected costs, and the need for public funding remains as acute as ever. RTÉ employs camera operators on staff and several companies are contracted to supply crewing for "Nuacht RTÉ". Currently, in any one week, "Nuacht RTÉ" has 28 days of dedicated crewing and a further five provided by video journalists.

Earlier this year, RTÉ decided to reduce this number by three contract crewing days in Dublin and, instead, continues some of the pandemic-era innovations, such as Zoom interviews and utilising some of the existing RTÉ staff crews working in Dublin. The crewing changes represent less than 10% of the dedicated crewing video capacity currently provided to "Nuacht RTÉ". Its journalism and focus on Súil Eile comes from the journalism of its team, the stories it chooses and the contributors it interviews rather than who is behind the camera.

The proposal is not to stop the provision of crewing for "Nuacht RTÉ" in Dublin. It is to provide it differently, consistent with operational changes within RTÉ news and current affairs. The new crewing system has now been in place for a couple of months and is working well. The real threat to "Nuacht RTÉ" and to much else that RTÉ supports comes from the financial unsustainability of RTÉ's funding model and the persistent annual loss of more than €50 million per year through the broken TV licence system. Far from endangering "Nuacht RTÉ", greater collaboration between the news desks in Dublin and Baile na hAbhann is essential for its survival.

Mr. Alan Esslemont

Táim mé an-bhuíoch as an deis seo labhairt leis an gcoiste inniu. Tá mo ráiteas tosaigh curtha ar fáil. Glacaim leis go bhfuil sé léite ag na comhaltaí ach ba mhaith liom cuid de na bunthuiscintí atá ag TG4 ar chúrsaí craoltóireachta poiblí, ach go háirithe cúrsaí nuachta, a chur ar fáil dóibh. Creideann TG4 go mbaineann ról na craoltóireachta Gaeilge le pleanáil teanga go pointe. Tá cuid den phleanáil ar a dtugtar pleanáil stádais air agus tá ról lárnach ag TG4 sa phleanáil stádais sin. Le 25 bliain anois, tá an-dul chun cinn déanta ag TG4 ó thaobh chur chun cinn stádas na Gaeilge go náisiúnta.

Is é an t-aon rud faoi ná nach dóigh liom gur éirigh linn an stádas sin a thabhairt ag an leibhéal ba chóir di. Má bhreathnaíonn na comhaltaí ar tír nach bhfuil i bhfad ó seo, an Bhreatain Bheag, agus an stádas a thugann siadsan go Sianel Pedwar Cymru, S4C, tá beagnach trí oiread an mhéid maoinithe curtha ar fáil do S4C ná mar atá do TG4. Tá an stádas ag oibriú ach níl a dhóthain stádais ag TG4.

Is é an bhuntuiscint eile atá taobh thiar den fhís atá ag TG4 tar éis Covid-19 ná éiceachóras craoltóireachta níos cothroime ná mar atá faoi láthair. In Éirinn, is éiceachóras monailiteach í an t-éiceachóras chraoltóireacht seirbhíse poiblí. Níl aon chothromaíocht ann. Má tá 100% de mhaoiniú ag RTÉ, níl ach 18% de mhaoiniú poiblí ag TG4. Má chuirtear caiteachas san áireamh, níl ach an deichiú cuid ag TG4 agus atá ag RTÉ. Má tá fadhbanna ag RTÉ, beifear in ann a thuiscint an leibhéal fadhbanna atá ag craoltóireacht na Gaeilge sa tír seo.

Luaigh Jon Williams an taighde a rinne Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Is taighde iontach é agus is é an rud is láidre a thagann tríd ná go bhfuil caighdeán an-ard ag iriseoireacht na Gaeilge. Tá tallann sa Ghaeilge atá in ann déileáil leis ach is é an rud is mó a thagann amach ná nach bhfuil a dóthain di ann. Níl sé sách leathan. Maidir leis an mbeagáinín oibre a rinne bord TG4 taobh amuigh dó sin, thángamar ar an tuairim, tar éis 25 bliain, i ndeireadh na dála, nach bhfuil againn ach feasachán ag 7 p.m. agus cuid den ábhar sin, tá sé feicthe ar chainéal eile i nGaeilge ag 5.45 p.m. agus ar chainéal eile i mBéarla idir 6 p.m agus 7 p.m. Maidir leis an rud atáimid a cur ar fáil ag 7 p.m., dar le bord TG4, tá sé tanaí. Chomh maith leis sin, níor éirigh linn, le 25 bliain, leis an rud ar thug Jon Williams "digital-first" air. Níl aon phróifíl "digital-first" ar chor ar bith ag TG4. Aon chuid di, is faoi bhrandaí RTÉ atá sí.

Dar leis an mbord, tá obair mhór le déanamh, agus mar chuid den phlean atá curtha ar aghaidh againn ag an Roinn, an Rialtas agus an Broadcasting Authority of Ireland, BAI, táimid ag moladh athraithe ar chúrsaí nuachta. Is dóigh gurb é an rud is tábhachtaí ná go mbeidh maoiniú ar fáil ach, roimhe sin, is é an rud is tábhachtaí ná go mbeidh fís faoi leith ag "Nuacht TG4" ag gach leibhéal. I ndeireadh na dála, cé go bhfuil an comhoibriú iontach idir muid agus RTÉ, tá ceannas eagarthóireachta i gceist ansin.

Cuirim fáilte roimh na finnéithe. An bhfuil aon duine in RTÉ le Gaeilge? Is ceist dhíreach shimplí í. Tá an cur i láthair i mBéarla inniu. An bhfuil aon duine le líofacht Ghaeilge in RTÉ chun an jab a dhéanamh inniu nó cabhair a thabhairt do Jon Williams?

Mr. Joe Reddington

Tá mise anseo.

Tá Joe Reddington anseo agus beidh eisean á dhéanamh trí Ghaeilge. Tá mé measctha suas leis an mBéarla. Tá sé deacair a bheith ag éisteacht leis an mBéarla agus ansin ag iarraidh é a aistriú. Gabhaim mo leithscéal. Tharla sé sin roimh an lón freisin. Gabhaim mo bhuíochas leis.

Sháraigh RTÉ an dlí ag dul siar agus fós tá siad ag sárú an dlí. Tá sé sin ráite go neamhbhalbh ag an gCoimisinéir Teanga. An nglacann na finnéithe leis sin, go bhfuil an dlí sáraithe ag RTÉ?

Mr. Jon Williams

I am here to talk about the provision of news programming in Irish. I am not competent to talk about anything beyond that. That was the terms of-----

Is é sin croílár mo cheiste. Tá dualgas dlíthiúil ar RTÉ seirbhísí i nGaeilge a sholáthar. Níor chomhlíon sé an dualgas sin, cúrsaí nuachta san áireamh.

An nglacann na finnéithe leis sin agus an nglacann siad go bhfuil an dlí fós á shárú acu? Tá cúpla ceist eile agam ansin. An nglacann siad leis sin? An nglacann siad le tuarascáil an Choimisinéara Teanga gur sháraigh RTÉ an dlí? No?

Mr. Jon Williams

I am not in a position to answer the Deputy's question because, as far as I am concerned, RTÉ news and current affairs is not in breach of the law in its provision of "Nuacht RTÉ", as prescribed by the Broadcasting Act. We fulfil our obligations and, with the greatest respect, I cannot answer for anything beyond news and current affairs.

Tá tuiscint aige ar an gceist seo, agus tá dualgas ar RTÉ méid cláir a sholáthar chun an dualgas a chomhlíonadh. Is é an rud atá á rá ag Jon Williams ná gur píosa den jigsaw sin cúrsaí nuachta, agus maidir leis an mír sin, níl an dlí sáraithe ag RTÉ. An féidir leis é sin a chur i gcomhthéacs dom? Cé mhéad clár nuachta atá i gceist? Cad é an dualgas atá ar RTÉ? Cad é a thuairim faoi sin? Cé mhéad clár atá ag teastáil chun a dualgas a chomhlíonadh agus cén céatadán de na cláir sin a ullmhaíonn cúrsaí Gaeilge agus cúrsaí nuachta?

Mr. Jon Williams

Under the Broadcasting Act, we are obliged to provide the equivalent of an hour per day. That is the equivalent of 365 hours of broadcasting. Every day, we provide-----

Some 365 hours every day.

In aghaidh na bliana.

Mr. Jon Williams

No, 365 hours across the year.

That is an hour per day.

Mr. Jon Williams

An hour per day.

With three hours extra for a Christmas bonus.

Mr. Jon Williams

The important thing there is the equivalence. The Act is clear that the equivalence is to be agreed between RTÉ and TG4. In the protocol that was agreed in 2018, there is an allowance made for content that is hosted on the RTÉ Player, for example. As I have explained, I am straying into areas on which I am not competent to comment. I do not want inadvertently to mislead the committee.

B'fhéidir go bhfuil mé mífhéaráilte. B'fhéidir go bhfuil duine eile in ann freagra a thabhairt. Foilsíodh tuarascáil faireacháin ón gCoimisinéir Teanga i 2019. Léirigh imscrúdú ar cuireadh críoch leis i mí na Nollag 2018 gur sháraigh RTÉ an tAcht Craolacháin 2009. Sáraíodh an tAcht mar nach raibh réimse cuimsitheach chláir theilifíse i nGaeilge ná cláir theilifíse cúrsaí reatha i nGaeilge á gcraoladh ag an stáisiún, mar a éilítear faoin reachtaíocht.

Mr. Jon Williams

The best thing I can do is get back to Deputy Connolly and the committee on the point the Deputy raised because I am not competent to answer the Deputy's specific question and I will need to ask those who are.

An bhfuil aon duine in ann é a fhreagairt?

Más buan mo chuimhne, ba é an rud a d'iarramar ar an gcoiste a iarraidh ná go dtiocfadh príomhstiúrthóir RTÉ isteach le labhairt linn.

Chuaigh an cuireadh amach chun déileáil le ceist chlár nuachta Gaeilge.

Chuaigh, ach mura bhfuil siad in ann déileáil leis an ábhar mar go bhfuil siad ag rá gach dara ceist nach mbaineann sé leo, is cineál cur amú an cruinniú seo murab fhéidir leis teacht ar fhreagraí.

B'fhéidir just ar an ábhar sin. B'fhéidir go bhfuil ceisteanna sa bhreis-----

Gabh mo leithscéal, a Chathaoirligh, ba cheart dúinn an cruinniú a chur ar athló go dtí go bhfuil duine éigin ábalta an cheist shimplí sin a fhreagairt. Is ceist an-bhunúsach í. Ba chóir do dhuine éigin é sin a fhreagairt.

Tacaím leis sin. Tá sé in am dúinn seasamh le chéile.

An bhfuil an litir ag an gcléireach a cuireadh amach? Ba é an méid a lorgaíomar ná chun plé le cláir nuachta Gaeilge seachas cláir Gaeilge RTÉ.

Is í an cheist atá á cur ag an Teachta Ní Chonghaile ná ceist faoi thuairisc ón gCoimisinéir Teanga maidir cláir RTÉ uile.

An nuacht san áireamh.

Ní hamháin go bhfuil nuacht san áireamh ach tá cúrsaí reatha chomh maith mar gur luaigh sí cúrsaí reatha sa quote. Tá freagra tugtha ag Jon Williams, ó thaobh na nuachta de, nach bhfuil sé ar a chumas labhairt thar ceann RTÉ. Tá sé ar bhaill an choiste an cinneadh a dhéanamh más mian leo leanúint ar aghaidh nó an cruinniú a chur ar athló. Smaoinídís go bhfuil príomhfheidhmeannach TG4 linn chomh maith céanna.

Leanfaimid ar aghaidh le TG4.

Caithfimid leithscéal a ghabháil. Tá mé cinnte go bhfuil an príomhfheidhmeannach chomh dírithe is atá muid ag iarraidh freagraí a fháil ar an gceist seo ar fad maidir le craoladh trí Ghaeilge agus an chaoi a bhfuil an phríomhtheanga oifigiúil atá ag an Stát seo. An bhfuil aon stát ar domhan ina gcaitear leis an bpríomhtheanga oifigiúil ar an gcaoi a bhfuiltear á chaitheamh léi ag RTÉ, ag an bpríomhchraoltóir náisiúnta mar a deir sé féin?

Tá mise sásta an rún atá á chur agaibh a chur, más mian libh.

Ceapaim go bhfuil sé tábhachtach. Níl mé ag iarraidh am a chur amú. Tá a fhios agam gur chuir na finnéithe dua orthu féin ag teacht anseo. Is rud neamhghnách iad na torthaí seo ón gCoimisinéir Teanga. Faraor, tá siad i bhfad níos minice anois maidir leis an Garda freisin agus dreamanna eile. Baineann nuacht le réimse leathan cláir agus níl na finnéithe in ann an cheist a fhreagairt. Sa chomhthéacs sin, b'fhéidir go mbeidh sé i bhfad níos fearr dá mba rud é go raibh duine anseo a d'fhéadfadh leis nó léi na ceisteanna a fhreagairt. Tá neart ceisteanna eile agam maidir le cúrsaí nuachta, cúrsaí ar líne agus líon foirne, ach tá mé sásta iad a ligean go dtí am éigin eile agus leanfaimid ar aghaidh le TG4.

D'fhéadfaimis an plé le RTÉ a chur ar ceal.

Má tá sibh sásta. Tá mé tar éis seiceála leis an gcléireach. Cuireadh an cuireadh chuig Dee Forbes atá ina príomhfheidhmeannach.

Sin a cheap mé.

Is ise a rinne an cinneadh, agus ní ag caitheamh anuas ar Jon Williams nó Joe Reddington atáimid anseo.

Taispeáineann sé seo gach uile shórt. Tá príomhfheidhmeannach TG4 anseo. Nach é atá mar cheannasaí nuachta TG4? Ach níl an príomhfheidhmeannach RTÉ anseo mar go gceapann sí gur choiste fánach é coiste na Gaeilge.

Chun a bheith féaráilte, b'fhéidir go bhfuil míthuiscint i gceist, ach ar aon nós, ní féidir leanúint ar aghaidh inniu.

An bhfuil aon bhall eile ag iarraidh labhairt air seo, sula ndéanaim é sin? Gabhaim leithscéal le Jon Williams agus Joe Reddington ach tá an coiste tar éis cinneadh a ghlacadh gan leanúint leis an gceist maidir le RTÉ inniu ar bhonn nach féidir leis na finnéithe freagairt thar ceann ceisteanna iomláine maidir le RTÉ agus an Ghaeilge, nuacht agus cúrsaí reatha mar atá luaite ag an Teachta Ní Chonghaile maidir le tuairisc an Choimisinéara Teanga ach go háirithe, agus baineann an dá rud le chéile.

Mr. Jon Williams

Could I make one point? I am perfectly competent to talk about news and current affairs. I run news and current affairs in English and in Irish and that is what I understood the committee wanted to discuss. If I have misunderstood, then I apologise, but we have come here in good faith. As I said in my opening statement, notwithstanding the concerns both Deputies and Senators may have, the staff of "Nuacht RTÉ" work incredibly hard and I am incredibly proud of what they have achieved over the past 16 months.

I had hoped I might be able to express that to the committee today. If I am not able to, then of course I understand, but it would be unfortunate. I will completely understand and accept the decision of the committee.

Ba mhaith liom a dhéanamh soiléir go gcreidimid ar an gcoiste seo, bhuel creidim ar aon nós, go n-oibríonn rannóg nuachta RTÉ agus rannóg nuachta Raidió na Gaeltachta thar a bheith crua agus, go minic, is mó dua atá orthu siúd scéalta a chlúdach ná mar atá ar lucht an Bhéarla mar go mbíonn sé níos deacra daoine a fháil le hagallamh a dhéanamh leo. Níl muid ag caitheamh anuas ar bhealach ar bith ar fhoireann na nuachta ach táimid ag tógáil na ceiste maidir leis an easpa acmhainní atá á gcur ar fáil don nuacht agus cúrsaí reatha trí Ghaeilge ag RTÉ. Baineann sé sin leis an tuarascáil ón gcoimisinéir, mar in aon stáisiún craolta, baineann cuid mhaith de na cláir le nuacht agus cúrsaí reatha. Is é sin an áit a dtéann cuid mhaith de na hacmhainní mar go gcaithfidh tú iad a dhéanamh beo gach uile lá. Mura bhfuil na finnéithe in ann plé maidir le teip na coda sin de RTÉ ina dhualgas reachtúil, mar a thaispeáin an Coimisinéir Teanga, ní mór an fiosrúchán a bheith anseo.

Ní dóigh liom go bhfuil gá é a rá nach bhfuil drochmheas againn ar fhoireann na nuachta. Ní hé sin atá i gceist. Níl aon ghá leis sin a rá.

Táimid ag díriú isteach ar ábhar atá tábhachtach agus ar an dualgas dlíthiúil agus dleathach atá ar RTÉ. Tá gá le ceisteanna leathana a chur, cúrsaí nuachta san áireamh. Is é an cinneadh ceart an píosa seo den chruinniú a chur ar ceal.

I mo chás, tá mé tar éis teacht 250 km le bheith anseo agus caithfidh mé dul ar ais 250 km eile. Is é an rud céanna le cuid mhaith eile de na Teachtaí. Leis an aimsir atá ann, b'fhearr linn a bheith sa bhaile ach táimid aníos anseo ag ceapadh go mbeadh plé fónta ar ábhar thar a bheith tromchúiseach.

Tá mise sásta an chuid seo den chruinniú a chur ar fionraí más é sin an cinneadh. Is féidir linn leanúint ar aghaidh agus cuireadh a hama féin a thabhairt do Dee Forbes, ach mura bhfuil an coiste sásta leis sin, tá mise sásta an chuid seo den chruinniú a chur ar athló agus leanúint le TG4 i gcúpla nóiméad más é sin atá ag teastáil.

Ní dóigh liom gur féidir dul ar ais ar an méid atá ráite ag Jon Williams. Tá sé ann maidir le cúrsaí nuachta. Dar leis, níl RTÉ ag sárú an dlí ó thaobh cúrsaí nuachta de. Ní féidir na focail sin a tharraingt. Tá gá anois le díospóireacht cheart le daoine in ann na ceisteanna a fhreagairt. Ba cheart an píosa sin a chur ar ceal go dtí-----

An píosa maidir le RTÉ a chur ar athló go dtí go mbeadh an príomhfheidhmeannach ag teacht os ár gcomhair?

Déanfaimid é sin. Tá brón orm. Tá an cruinniú ar fionraí ar feadh cúpla nóiméad chun ligean do na finnéithe ó RTÉ seasamh amach. Tiocfaimid ar ais arís i gcúig nóiméad agus leanfaimid leis an gceist maidir le TG4 má aontaíonn daoine leis sin. An aontaítear? Aontaítear.

Chuaigh an suí ar fionraí ar 4.04 p.m. agus cuireadh tús leis arís ar 4.13 p.m.

Cuirfimid tús arís leis an gcruinniú agus leanfaimid ar aghaidh le príomhfheidhmeannach TG4. Tá an ráiteas tosaigh tugtha aige agus beidh sé foilsithe ar an suíomh gréasáin.

Cuirim fáilte roimh an bhfinné. Iarraim air rud a mhíniú dom. Is é atá i gceannas ar TG4 agus tá RTÉ ag soláthar na foirne maidir le cúrsaí nuachta. An é sin an cás? Táim ag iarraidh bheith soiléir i mo cheann. Oibríonn an fhoireann nuachta do RTÉ agus soláthraíonn RTÉ an tseirbhís do TG4. Tá mé soiléir faoi sin. An mbeidh Alan Esslemont in ann ceisteanna a fhreagairt maidir le cúrsaí foirne, daoine ag dul ar scor, má tá TG4 in acmhainn na poist sin a chomhlíonadh amach anseo agus ceisteanna mar sin?

Mr. Alan Esslemont

Cinnte.

Go raibh míle maith agat. Tá TG4 25 bliain ar an bhfód an bhliain seo.

Mr. Alan Esslemont

Tá.

Mr. Alan Esslemont

Go raibh maith agat. Táimid an-bhródúil as an méid atá curtha i gcrích againn. Nuair a bunaíodh Teilifís na Gaeilge, TnaG, bhí go leor sa tír nár theastaigh uathu TnaG a bheith ann agus, dar liomsa, is socrú de minimis a bhí sa socrú a rinneadh. Is an rud is lú a d’fhéadfaidís a dhéanamh a bhí ann ach, ag an am céanna, ag cinntiú go raibh muid ann. I ndeireadh na dála táimid fós mar sin. Tá RTÉ chomh mór céanna agus tá an ecosystem chomh monailiteach céanna is a bhí riamh. Tá thart ar 18% den mhaoiniú poiblí ag TG4 is atá ag RTÉ.

Ó thaobh na nuachta, téann sé ar ais go dtí an pointe sin. Dúirt an Stát nach raibh sé in ann íoc as stáisiún Gaeilge. Dúradh leis breathnú ar an mBreatain Bheag, mar thug an BBC uair an chloig sa lá - anois is deich n-uaire an chloig sa tseachtain atá ann - do S4C agus ar an mbealach sin bhí an stát in ann airgead a shábháil. Le bheith fírinneach, gan an uair an chloig sa lá, móide an €15 milliún a bhí againn nuair a thosaigh muid, ní bheadh muid in ann tosú. Is socrú hibrid a bhí ann ón tús mar ní raibh an Stát sásta íocaíocht iomlán a chur ar fáil do TnaG. Caithfear a rá freisin gur rud casta é a bheith ag plé le cúrsaí nuachta mar teastaíonn saineolas. I ndeireadh na dála, d’éirigh le RTÉ é sin a bhunú leis an tallann a bhí ann agus le tallann nua. Dúradh linn nach raibh tallann ann sa Ghaeilge, sa Ghaeltacht nó i bpobal na Gaeilge, ach ag gach pointe d’éirigh linn é sin a chur ar fáil agus, dar liomsa, tá na hiriseoirí raidió agus teilifíse atá againn faoi láthair ar chomhchéim leis na hiriseoirí atá ag feidhmiú i mBéarla, agus cuid acu níos fearr. Mar a dúirt an Teachta, is RTÉ atá ag íoc a gcuid pá. Tá siad fostaithe ag RTÉ agus tá siad ag soláthar dhá bhranda nuachta faoi láthair, is iad sin, nuacht ar RTÉ agus nuacht TG4.

An bhfuil nuacht ar RTÉ agus nuacht TG4 mar an gcéanna?

Mr. Alan Esslemont

Sa suirbhé a rinne Ollscoil na hÉireann Gaillimh, cheap an chuid is mó daoine go raibh siad mar a chéile. Cheap roinnt daoine go raibh níos mó nuachta faoi phobal na Gaeltachta ar nuacht TG4 ach tríd is tríd cheap an chuid is mó daoine gur mar a chéile iad.

Tá sé sin deacair a thuiscint mar an coincheap a bhí ann ón tús ná go mbeadh súil eile ag TG4 agus go mbeadh sé in ann anailís níos doimhne agus anailís dhifriúil a dhéanamh i gcomparáid leis na meáin chumarsáide eile, go háirithe iad siúd i mBéarla. An bhfuil ag éirí le TG4 an cuspóir sin a bhaint amach nó an bhfuil teipthe aige faoi láthair?

Mr. Alan Esslemont

Aontaím leis an Teachta. Is fearr an tseirbhís nuachta, ar aon chraoltóir seirbhísí poiblí, a dhéanann sainmhíniú. Faigheann daoine óga ach go háirithe - tá cúigear againn idir 24 agus 34 - a gcuid nuachta ar a bhfóin agus níl TG4 in ann an cineál iriseoireachta sin a chuir ar fáil faoi láthair faoi bhranda TG4. Mar a dúirt mé, rinne an bord plé faoin gceist seo agus shocraigh muid nach bhfuil sa rud atá againn faoi láthair ach feasachán. Is leathuair an chloig sa lá atá ann agus cuid den ábhar feicthe ag daoine in áiteanna eile. Níl sé sin sásúil agus níl sé suas chun dáta sa mhéid ba cheart a bheith ann. Mar a dúirt Jon Williams, ba cheart go mbeadh seirbhís digital-first ag seomra nuachta agus níl sé sin againn.

Críochnóidh mé le cúpla ceist agus b’fhéidir go mbeidh deis agam teacht ar ais níos déanaí. Ní bhreathnaím ar theilifís so ní saineolaí mé ach léann mé na páipéir agus breathnaím ar an sceideal i gcónaí. Agus mé ag réiteach don chruinniú seo, bhreathnaigh mé ar an sceideal.

Tá cúrsaí nuachta ar RTÉ go minic i rith an lae. Níl siad ar TG4 ach uair amháin agus níl ansin ach deich nó 15 nóiméad. Tá Alan Esslemont ag rá anois go bhfuil sé sin díreach cosúil leis an nuacht 20 nóiméad ar RTÉ 1 ag 5.40 p.m. roimh an Angelus. Sin difríocht. Tá 20 nóiméad ar RTÉ agus 15 nóiméad ar TG4, agus chomh maith leis sin tá nuacht eile go minic ar RTÉ i rith an lae. Dá mbeadh TG4 in acmhainn, an bhféadfadh sé níos mó bulletins a chur ar fáil?

Léigh mé an aighneacht a chuir TG4 isteach ó thaobh an bhuiséid de agus an fáth go bhfuil tuilleadh airgid agus acmhainní á lorg aige. Tá sé leagtha amach go hiontach ó thaobh daoine óga a mhealladh agus cúrsaí digiteacha a láidriú, go háirithe ó thaobh cúrsaí nuachta. De réir mar a thuigim, téann bulletins nó feasacháin breaking news amach cúpla uair chuile lá i mBéarla. Ní théann siad amach beag ná mór i nGaeilge. An dtagann an rud seo faoi chúram TG4 nó an mbaineann sé leis an stiúrthóir ó RTÉ, atá le teacht os ár gcomhair i gceann cúpla seachtain? Tá mé measctha suas agus táim ag iarraidh eolas a fháil ach tá sé deacair. Tá difríocht mhór idir an dá theanga agus i bhfad níos lú béime á chur ar an nGaeilge. Chonaiceamar é sin i rith na paindéime maidir le comharthaí agus chuile rud ar TG4 agus RTÉ i nGaeilge. Bíonn na news alerts, breaking news agus an rud uilig trí Bhéarla, agus de réir mar a thuigim, tá ciorruithe ann ag an deireadh seachtaine freisin agus níl nuacht ar fáil le linn an deiridh seachtaine. An bhfuil mé mícheart? Níl a fhios agam. Níl sé ceart go bhfuil muid ag brath ar phíosa eolais anseo agus ansiúd chun plé a dhéanamh ar an rud mar táimid in am an ghátair i ndáiríre. Ba mhaith liom é sin a rá i mbealach níos dearfaí. Ba mhaith linn cabhair a thabhairt do TG4 dul i ngleic leis na dúshláin. Bheinn buíoch dá bhféadfadh Alan Esslemont cúpla rud a rá faoi na pointí sin.

Mr. Alan Esslemont

Rinne an Teachta tagairt don phlean físe tar éis Covid atá curtha le chéile ag TG4 agus curtha amach ag an Roinn. Tá sé mar aighneacht réamh-bhuiséad freisin. Tá plean ansin don nuacht agus tá roghanna eile ann, ach i ndeireadh na dála is roghanna níos airde iad sin a bhaineann leis an Rialtas. Tiocfaidh mé ar ais aige sin.

Tá muidne ag feidhmiú taobh istigh den reachtaíocht atá ann faoi láthair, so tá dualgas orainn oibriú amach céard atá mícheart le TG4 agus cén chaoi gur féidir linn feabhas a chur air. Sa phlean sin, táimid ag moladh gur cheart go mbeadh an fhoireann atá fostaithe ag RTÉ ag feidhmiú mar fhoireann ITN, a chuireann ar fáil Channel 4 News agus Channel 5 News. Ba chóir go ndéanfadh siad dearmad ar an máthair-bhranda agus díriú isteach go hiomlán ar an mbranda seirbhíse, is é sin, TG4. Faoi láthair tá siad tarraingthe idir an dá rud agus níl sé sin ag feidhmiú. Chomh maith leis sin, tá cuid den ábhar is fearr ag teacht amach i mBéarla sula gcuireann muidne amach i nGaeilge é.

Aontaím go hiomlán leis an Teachta ó thaobh bhriseadh-nuachta. Go minic, tagann briseadh nuachta suas ar an bhfón. Tá fón ag chuile dhuine agus sin an áit go bhfuil siad ag iarraidh briseadh nuachta a fheiceáil. Níl aon struchtúr digiteach nuachta againn agus ba cheart go mbeadh. Sin an rud atá sa phlean a tháinig ó bhord TG4. Caithfidh TG4 ceannas eagarthóireachta a bheith againn ó thaobh fís na nuachta a leagan amach. Caithfimid cur leis na hacmhainní atáimid ag cur i dtreo na nuachta, agus caithfimid an struchtúr seo ó thaobh an aip dhigiteach a chur ar fáil. Is féidir oibriú ar an mbealach sin. Tá roghanna eile ann agus tá siad cloiste agam ó chuid de na Teachtaí. D’fhéadfaí fáil réidh leis an uair an chloig sa lá ó RTÉ agus an t-airgead a thabhairt do TG4. Is féidir linn feidhmiú ar an mbealach sin ach sin ceist don Rialtas. Ní ceist í dúinne mar tá muidne ag plé leis an reachtaíocht mar atá.

An beart ciallmhar a bheadh ann dá dtabharfaí an t-airgead do chláir nuachta agus cúrsaí reatha do TG4 agus cead a thabhairt dó nuacht Gaeilge a dhíol le RTÉ dá mbeadh sé uaidh go tráchtála? Tá dualgas ar RTÉ craoladh trí Ghaeilge don uair an chloig mar tá sé sin sa reachtaíocht. An mbeadh sé sin níos sásúla do TG4 ó thaobh brandáil de, dá mbeadh an mhaoin aige agus cead aige díol, seachas an maoin a bheith ag RTÉ agus é ag úsáid acmhainní TG4? Ag an deireadh seachtaine bíonn scéalta beaga spéisiúla daonna ar an nuacht. Nuair a chuirtear an tuairisceoir amach ó RTÉ, cuirtear agallamh ar an duine i nGaeilge, mar is scéal Gaeilge a bhíonn ann, ach cuireann siad ceist i mBéarla freisin. Ansin cuireann RTÉ é ar nuacht a 6 a chlog mar bíonn siad ag iarraidh é a líonadh le scéal deas spéisiúil mar nach bhfuil an oiread sin nuacht ann ar an deireadh seachtaine. Bíonn sé air sin tar éis gur scéal TG4 Súil Eile atá ann i ndáiríre, mar go minic is rud é a tharla i gceann de na Gaeltachtaí. An mbeadh TG4 níos fearr as dá mbeadh sé i gceannas agus go socródh sé go bhféadfadh RTÉ an scéal a bheith aige le haghaidh nuacht a 9 a chlog ach go mbeadh sé ag TG4 ag a 7 a chlog i dtosach agus nach dtiocfadh sé amach ag a 6? Dá ndéanfadh muidne an cinneadh an rud a iompú bun os cionn ó thaobh maoiniú de agus an maoiniú a thabhairt do TG4, an mbeadh sé sin níos fearr ó thaobh brandáil do TG4 nó ar cheart dúinn an rud a fhágáil mar atá sé?

Mr. Alan Esslemont

Is ceist daoibhse-----

Tá a fhios agam ach cé acu ab fhearr le TG4?

Mr. Alan Esslemont

Mar fheidhmeannas, tá sé i gcónaí níos éasca bheith ag plé leis an airgead go díreach mar tá a fhios againn céard atáimid ag iarraidh cur ar aghaidh inár mbranda féin. Tá sé níos éasca ar an mbealach sin agus tá sé níos glaine ach tá sé seo bunaithe le 25 bliain agus tuigfidh na baill, mar pholaiteoirí, cé chomh casta is atá sé rudaí a bhaint as a chéile. Dá ndéarfadh an Rialtas amárach nó an bhliain seo chugainn go raibh sé ag fáil réidh leis an uair an chloig sa lá agus ag cur go leor acmhainní ar fáil - sin an cheist eile a bheadh againn - le haghaidh seirbhís cheart nuachta atá always-on digital, mar a deir siad, agus a fheidhmíonn ag an leibhéal céanna is a bheifeá ag iarraidh i mBéarla, déarfadh feidhmeannas TG4 cinnte. Is ceist pholaitiúil atá ann.

Tuigim é sin, ach níor mhaith liom go ndéanfaimis é, nó go ndéanfaimis iarracht é a dhéanamh, agus go dtiocfadh TG4 inár ndiaidh ag rá go bhfearr leis é an chaoi a raibh sé.

Nuair atá Alan Esslemont ag caint ar nuacht dhigiteach, tá sé ag caint ar a leithéid de RTÉ News Now, is é sin, go mbeadh aip ar an bhfón agus dá mbeadh duine ag iarraidh léamh faoi scéal an phrótacail inniu, mar shampla, de réir mar a bhí sé ag tarlú, bheadh sé nó sí in ann é a fháil.

Mr. Alan Esslemont

Go díreach.

B’fhéidir go bhfoilsíonn na Sasanaigh rud éigin agus an chéad rud eile bíonn freagra ó Rialtas na hÉireann agus mar sin de agus bíonn daoine in ann é a fháil de réir mar atá sé ag tarlú. Má tá mé ag iarraidh é sin a fháil i nGaeilge, beidh mé ag fanacht go dtí a 6 a chlog ar a thúisce. Sin atá i gceist.

Mr. Alan Esslemont

Sin go díreach é.

Ag fágáil as an tiontú bunoscionn, cé mhéad airgid breise a theastaítear as seo go ceann ceithre bliana chun an nuacht dhigiteach agus mar sin de, agus na mianta atá léirithe san fhís, a chuir a gcrích?

Mr. Alan Esslemont

Tá dhá chúis leis an rud atá san fhís. Síleann muid nár cheart go mbeadh stádas níos lú againne ná mar atá ag S4C. Chomh maith leis sin, ó thaobh cothromaíocht taobh istigh den public service media, PSM, ecosystem, nó craoltóireacht phoiblí, faoi láthair tá sé monailiteach. Tá cuid mhór ag dul go RTÉ agus níl aon chuid ag dul in aon áit eile. Faoi cheann ceithre bliana, má tá 100% ag RTÉ, ba cheart go mbeadh 40% ag TG4, 40% ag Fís Éireann agus 20% na cistí ar a dtugtar contestable funds, rudaí cosúil leis an scéim Sound & Vision atá ag an BAI. Ar an mbealach sin bheadh cothromaíocht idir an méid a bheadh RTÉ ag fáil agus chuile dhuine eile. Tá trí lever eile sa Stát anois ó thaobh an tionscal closamhairc. Tá RTÉ ann ach freisin tá TG4, Fís Éireann agus Fuaim & Físe agus mar sin de ann. Dá mbeadh cothromaíocht idir an trí chinn sin ar thaobh amháin agus RTÉ ar an taobh eile, bheadh muid ag dul i dtreo éiceachóras cothrom. Faoi láthair tá sé monailiteach. Deir na craoltóirí ar fad gur cheart go mbeadh éagsúlacht agus iolrachas ann, ach cén chaoi a bhfaigheann tú iolrachas nuair atá an t-éiceachóras monailiteach? Ní bhfaighidh tú é. Sa phlean táimid ag cuardach thart ar 40% den mhéid airgid atá ag RTÉ. Ní chuireann sé sin san áireamh aon athrú san uair an chloig sa lá. Dar le RTÉ, caitheann siad os cionn €10 milliún ar an uair an chloig sa lá faoi láthair.

Le bheith soiléir, is é seo roinnt den cheadúnas, ní ioncam tráchtála.

Mr. Alan Esslemont

Is ea. An t-aon chuid den airgead ceadúnais a fhaigheann TG4 ná an uair an chloig sa lá atá ann.

Tá dhá cheist bheag phraiticiúil agam. An mbeadh sé i gceist ag TG4 go mbeadh níos mó feasacháin nuachta ann ná ceann amháin sa lá?

Mr. Alan Esslemont

Cinnte. Tá roghanna eile ann le nuacht a chuir ar fáil. Is é an fón póca an rud is tábhachtaí. Bíonn sé air an t-am ar fad agus bíonn daoine ag fáil scéalta atá ag briseadh an t-am ar fad. Sin an rud is tábhachtaí faoi. Is féidir linn feasacháin bhreise a chur ar siúl freisin ag a 9 a chlog ar maidin agus i gcaitheamh an lae. Níl aon easpa ama againn i gcaitheamh an lae ach is é an fón an rud lárnach.

Tuigim é sin ach is féidir físeáin a chur le cuid de na feasacháin ar an bhfón.

Mr. Alan Esslemont

Is féidir.

An mbeadh sé i gceist go mbeadh TG4 in ann é sin a dhéanamh?

Mr. Alan Esslemont

Bheadh.

Chuirfeadh TG4 feasacháin nuachta suas ar an bhfón le físeáin sula mbeadh siad craolta ar an nuacht ag a 7 a chlog.

Mr. Alan Esslemont

Go díreach. Ar a laghad bheadh sé craolta faoi bhranda TG4 agus ní bheadh sé curtha amach i mBéarla faoi bhranda eile.

Cinnte. Tá ceist amháin dheireanach agam. Tá TG4 an-teoranta i dtaobh cúrsaí reatha. Tá “7 Lá” ann ach sin an méid. Breathnaíonn sé domsa go ndéanann “7 Lá” thar cionn ach tá fíor-easpa acmhainní le haon taighde a dhéanamh nó aon chlár fiosrúcháin a dhéanamh. Bíonn ar TG4 é a chur le chéile, nó cuireann RTÉ le chéile é, seachtain ar sheachtain ach ní fhéadfaidh sé duine a chur ag obair ar feadh míosa ar scéal mór éigin a bhriseadh mar níl na hacmhainní ann nó ní chuirtear na hacmhainní ar fáil. An bhfuil sé sin fíor? Ar cheart go mbeadh TG4 in ann éagsúlacht níos mó a chur ar fáil ó thaobh cúrsaí reatha ná mar atá i láthair na huaire? Breathnaíonn sé domsa go bhfuil sé an-teoranta. Táim ag smaoineamh ar chláir le píosa video beag agus ansin plé gairid sa stiúideo. Tá i bhfad níos mó acmhainní ag RTÉ agus ina choinne sin tá TV3 á dhéanamh ar bhuiséad beag le "The Tonight Show". An bhfuil an ceart agam go bhfaigheann TG4 na cúrsaí reatha ó RTÉ agus nach bhfuil aon airgead aige féin le cúrsaí reatha a dhéanamh?

Mr. Alan Esslemont

Bheadh orainn rud éigin eile a stopadh agus céard atá tú le stopadh-----

Mr. Alan Esslemont

-----nuair atá tú ag plé le hacmhainní an-bheag?

Is é RTÉ atá ag plé le cúrsaí reatha do TG4 faoi láthair.

Mr. Alan Esslemont

Faoi láthair is é RTÉ atá ag plé le cúrsaí reatha. Bhí am ann go raibh muidne ag plé leis ach is an tsocrú chéanna atá ag “7 Lá” faoi láthair. Tá an ceart ag an Teachta go hiomlán. Tá níos mó acmhainní curtha ar fáil i ngach réimse de na meáin don Bhéarla ná mar atá don Ghaeilge, mar dar leis an Stát tá an Béarla tábhachtach agus níl an Ghaeilge. Roinneann sé amach a chuid acmhainní dá réir sin. Le bheith fírinneach, leis na hacmhainní atá curtha ar fáil ag an Rialtas dúinne, tá sé ag rá an rud céanna. Tá 100% ann do RTÉ agus 18% do TG4. Tríd is tríd, tá an Stát ar fad ag rá i ndáiríre nach bhfuil an méid sin tábhacht leis an nGaeilge so níl sé chun acmhainní a chur ar fáil agus a chur amú ar chraoltóireacht na Gaeilge. Faraor, téann sé sin ar ais ag an gcéad chomhrá a bhí agam nuair a bunaíodh muid. Sin an saol a bhí ann. Bhí an Stát ag rá nach féidir leis íoc as.

Is cuimhin liom nuair a bhí sé i gceist an stáisiún a bhunú, fuair mise glaoch gutháin ó dhuine éigin sinsearach sa státseirbhís ag rá liom go raibh sé i gceist acu é seo a bhunú. An chéad cheist a chur mé ná cén chaoi an raibh siad chun é a mhaoiniú agus dúradh go raibh cistíocht Stáit ann. D’fhiafraigh mise cén fáth nach raibh sciar den cheadúnas ar fáil. An fáth a bhí ann ag an am ná dá mbeadh ciorruithe ann is an dream a bhí ag fáil an maoiniú díreach a ghearrfar agus go mbeifear ag tógáil tithe go brách. Chuaigh maoiniú an cheadúnais suas in imeacht ama ach, faraor géar, cruthaíodh ró-cheart mé. Aontaím go bhfuil an struchtúr mícheart.

Tá fáilte roimh Alan Esslemont agus gabhaim buíochas leis as an gcur i láthair agus na freagraí go léir a thug sé dúinn. D’athraigh an córas ceamara ó thaobh cúrsaí nuachta i dtús Mheithimh. Dúirt Jon Williams go bhfuil seirbhísí nuachta ag baint úsáid as Zoom agus agallaimh a thaifead agus a sheoladh isteach agus mar sin de. Ní dóigh liom go bhfuil na seirbhísí Béarla ag brath ar agallaimh ar Zoom agus píosaí réamhthaifeadta. An bhfuil Alan Esslemont sásta leis an méid sin? An gceapann sé gur iriseoireacht cheart é sin? Nílim ag maslú na hiriseoirí iad féin ach an bhfuil easpa acmhainní ar fáil dóibh?

Mr. Alan Esslemont

Ba cheart an teicneolaíocht a úsáid agus mar sin a thosaigh mé féin amach ag plé mar eagarthóir air seo. Tá suim agam sa teicneolaíocht agus is féidir dul chun cinn a dhéanamh léi. Go háirithe, sa chéad tréimhse de Covid-19 rinne “Nuacht TG4” éacht mar d’éirigh leo teacht ar Ghaeilgeoirí ar ardchaighdeáin ar fud an domhain agus bhí na daoine seo ann i gcónaí ach níor chuimhníomar gur féidir linn iad a fháil agus a thabhairt isteach. Cheannaigh TG4 píosa teicneolaíochta agus is féidir teacht ar an nasc cosúil le Zoom ach déanann sé pictiúr níos láidre de. Is cuimhin liom go ndearnamar agallamh as Barcelona agus bhí an pictiúr ar nós go raibh sé ag teacht as an stiúideo. Creidim go láidir sa teicneolaíocht. Chruthaigh RTÉ TG4 leis an gcéad seomra nuachta digiteach san Eoraip, beagnach, nuair a bunaíodh an stáisiún. Tá sé sin sa DNA againn de bheith ag athrú rudaí.

Maidir leis an gcás seo agus ceamara in RTÉ, mar gheall go bhfuilimid ag fáil an nuacht ó RTÉ, is ceist do RTÉ cén chaoi a úsáideann sé a gcuid acmhainní. Dá mbeadh na hacmhainní ag RTÉ níl aon dabht ach go mbeadh sé á n-úsáid ar an mbealach digiteach sin.

An bhfuil an tseirbhís ag fulaingt, dá bharr?

Mr. Alan Esslemont

Mar atá léirithe sa phlean sin, dar linn, níl seirbhís cheart faoi bhranda Nuacht TG4 nó cúrsaí reatha TG4 againn ach ní mar gheall ar na daoine atá ag obair mar feictear domsa go bhfuil siad ag déanamh-----

Nílim ag iarraidh aon rud mar sin a rá agus aontaím le Alan Esslemont go ndearna siad éacht ollmhór chun daoine a fháil agus chun seirbhís a chur ar fáil. Táim buartha, ámh, faoi easpa acmhainní a bheith ar fáil do na hiriseoirí iontacha sin le hardchaighdeáin. Ba mhaith liom an pointe sin a shoiléiriú.

Mr. Alan Esslemont

Aontaím leis an Seanadóir. Ní raibh riamh a dhóthain infheistíochta déanta in iriseoireacht na Gaeilge ach má dhéantar é sin tiocfaidh rudaí iontacha chun cinn. Is í an fhís fhadtréimhseach atá againn ná go mbeimid ag feidhmiú cosúil le tíortha ar nós na Beilge agus na hEilvéise, agus fiú amháin sa Spáinn, is é sin go bhfuil an dá theanga taobh le chéile agus níl teanga amháin faoi bhagairt. Ní hí sin an cás faoi láthair agus is í cuid den fháth anseo ná nach bhfuilimid cosúil leis an Eilvéis nó nach ndéantar a dhóthain infheistíochta sna seirbhísí lárnacha mar TG4.

Tá ceist amháin beag eile dár bhfinné. An bhfuil sé ar intinn ag TG4 aon chartúin eile a chur ar fáil ar nós “Paw Patrol”?

Mr. Alan Esslemont

Tá.

Tá páistí agam sa bhaile.

Mr. Alan Esslemont

Tá an Seanadóir i bhfad ró-mhaith de bheith ag cuimhneach air seo. Nuair a thosaigh mé ag obair i gcúrsaí teilifíse, bhí mé ag plé le cartún faoi fear sneachta "Bouli". Is mise a chuaigh amach a roghnaigh é sin. Tá an-suim againn a bheith ag plé le brandaí móra atá tarraingteach do pháistí. Cheannaíomar “Spongebob” agus “Paw Patrol” agus tá na ceannacháin do pháistí faoi chúram Shiobhán Ní Bhrádaigh. Tá ag éirí le cuid de na brandaí is mó atá amuigh ansin agus tá sé sin tábhachtach.

Tá na comhlachtaí a dhéanann athghuthú ar na cláir sin thar cionn i mbun na hoibre sin. Uaireanta tá an leagan athghuthaithe níos fearr ná an leagan Béarla.

Aontaím le Alan Esslemont. Táim ag tnúth leis. Gabhaim míle buíochas leis.

Nach mbíonn siad i níos fearr i nGaeilge? Glaoim ar an Teachta Connolly.

Tá an deis seo á tapú agam mar níl daoine eile anseo. Maidir le cúrsaí ar líne, de réir mar a thuigim níl cúrsaí nuachta ar fáil ar líne ar an deireadh seachtaine. An bhfuil aon smacht ag Alan Esslemont maidir leis sin nó an mbaineann sé le RTÉ?

Maidir leis an mbriseadh nuachta, gabhaim buíochas le Alan Esslemont maidir leis an bhfrása “briseadh nuachta”. Cén fáth nach bhfuil sé ar fáil i nGaeilge agus nach bhfuil sé sin tarlaithe mar ní thuigim é sin?

Maidir leis an gceist a chuir an Seanadóir Clifford-Lee maidir le criúnna ceamara mar bhí daoine i dteagmháil linn maidir leis seo, an bhfuil cinneadh déanta ag RTÉ nó an bhfuil sé in ann é sin a rá? An mbeidh ceamara ar fáil le nuacht TG4 a chlúdach ar an deireadh seachtaine? Ní thuigim é sin mar tá sé chomh casta sin agus ba mhaith liom é a shimpliú ionas go mbeidh mé in ann é a thuiscint agus a rá le daoine.

Faoi dheireadh, maidir le “súil eile” a bheith ag TG4, tá baol ann gurbh é an rud atá le teacht ná an tsúil cheannann chéanna mura ndéanfaimid cearta a chinntiú. Bheinn buíoch dá bhféadfadh ár n-aíonna tabhairt faoi na pointí beaga sin.

Mr. Alan Esslemont

Maidir le ceamaraí, tá acmhainní ag RTÉ agus baineann sé úsáid as a gcuid acmhainní féin de réir a gcuid bainisteoirí féin, an bhealaigh is fearr a fheiceann sé agus an ghá atá le “X”, “Y” agus “X” a dhéanamh.

An bhfuil criú ceamara le Gaeilge le fáil ag an deireadh seachtaine?

Mr. Alan Esslemont

Arís, is ceist é sin is féidir a chuir ar Joe Reddington mar tá an rud mínithe aige dom agus sa chomhthéacs atá againn faoi láthair, glacaim bona fides RTÉ go mbíonn sé ag bainistiú an t-airgead chomh maith agus is féidir. Mar atá ráite agam, nuair a fheictear na hacmhainní atá ag TG4 faoi láthair, úsáidimid iad ar bhealach go hiomlán difriúil ó RTÉ agus níl aon dabht agam dá mbeadh acmhainní nuachta againn go mbeimid ag déanamh ár gcuid cinntí féin ó thaobh sin de.

I ndeireadh na dála, níl a dhóthain acmhainní ag dul isteach in iriseoireacht na Gaeielge agus is é sin tús agus deireadh an scéil.

Ar dtús, an bhfuil figiúirí ag Alan Esslemont maidir leis an nuacht ar líne ar an deireadh seachtaine agus cén fáth nach bhfuil an briseadh nuachta i nGaeilge? Is ceist shimplí í sin.

Mr. Alan Esslemont

Ba cheart go mbeadh an briseadh nuachta i nGaeilge ag tarlú agus teastaíonn uainne go mbeadh sé sin ag tarlú faoi bhranda TG4 agus tá sé sin sa phlean. Faoi láthair, táimid ag cur €1.8 milliún sa phlean físe tar éis Covid-19 le haghaidh trí rud: láidriú ar chúrsaí reatha; cur le hiriseoirí, go háirithe sna réigiúin; agus tabhairt faoi fo-struchtúr digiteach le gur féidir linn briseadh nuachta a chur air.

An raibh plean ann branda nuachta TG4 a bheith ar RTÉ seachas an chaoi ina bhfuil sé?

Mr. Alan Esslemont

Bhí agus d’aontaíomar é sin le RTÉ in 2017 ach ag an nóiméad deireadh shocraigh RTÉ nach raibh sé ag dul an bealach sin.

Nuair a thosaigh mé sa phost seo is é an rud is tábhachtaí dom faoi aon stáisiún craoltóireachta poiblí ó thaobh a niche de ná cén cur chuige atá aige leis an nuacht agus bhíomar ag iarraidh tabhairt faoi sin. Is é sin an chéad rud a thugamar faoi, le cead a thabhairt do RTÉ, agus táimid bliain ag iarraidh an rud a aontú. I ndeireadh na dála níor éirigh linn é a aontú ach táimid ar ais anseo arís agus feictear domsa go dtí go mbeidh branda láidir digiteach le hacmhainní cearta faoi bhranda nuachta agus cúrsaí reatha TG4, ní bheidh iriseoireachta na Gaeilge in ann dul chun cinn a dhéanamh.

Tá cúpla ceist agam féin ag teacht ón méid atá luaite ansin. Tá Alan Esslemont ag rá go bhfuil TG4 spleách ar shlí amháin ar RTÉ agus ar a nuacht. Sa phlean atá curtha os ár gcomhair ag Alan Esslemont, is €1.83 milliún atá i gceist leis sa mhéid atá luaite aige.

Deir sé, "Mar chuid den infheistíocht nua, ceapfar foireann eagarthóireachta Nuacht TG4 a mbeidh an cúram orthu seirbhísí nuachta agus cúrsaí reatha TG4 a fhorbairt agus a chur ar fáil." Tá roinnt mínithe tugtha ansin freisin. Mura bhfuil foireann ag TG4 beidh sé deacair agus ní bheidh aon phinginí fágtha as an €1.8 milliún atá an stáisiún ag lorg chun foireann bhreise nó ann féin a fhostú chun nuacht agus cúrsaí reatha a dhéanamh. Cad é an fhoireann atá ag TG4 faoi láthair? An bhfuil go leor ceamaradóirí, stiúrthóirí, láithreoirí nó pé dream atá gceist ann chun an méid atá le déanamh ag an stáisiún a dhéanamh i gceart? Má tá an stáisiún ag déanamh plean iomlán nua, cé mhéad duine breise atá i gceist? Measaim go bhfuil an stáisiún ag lorg líon foirne ró-íseal chun an méid atá luaite ag Alan Esslemont san fhís a chur i gcrích, dar liom.

Mr. Alan Esslemont

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach as a cheist. Tá dhá chuid san fhís. Tá infheistíocht dhíreach ó TG4 móide, cuir i gcás, an leath uair an chloig sa lá faoi láthair ó RTÉ. Is hybrid atá ann. Táimid ag déanamh infheistíocht ach ag an am céanna leanfaidh an ionchur ó RTÉ ach ar bhealach difriúil. In áit a bheith ag tógáil ceannas eagarthóireachta ó RTÉ, chaithfí é a thógáil ó TG4 agus a bheith ag feidhmiú mar a bhíonn ITN do Channel 4, is é sin ag breathnú air mar bhranda difriúil. Cé go bhfuil RTÉ ag íoc, b’fhéidir, as pá TG4 is do nuacht TG4 a bheadh an duine ag obair agus a bheadh a dhílseacht nó a dílseacht iomlán. Is í sin an áit as a gcraolfar rudaí i dtosach.

Is é sin an rud atá sa phlean agus is ag feidhmiú faoin reachtaíocht a bheidh an plean. Mar atá luaite ag an Teachta Ó Cuív, má athraítear an reachtaíocht san Oireachtas, bheadh an fheidhmeannas sásta tabhairt faoi ar bhealach difriúil. Tá RTÉ á rá go bhfuil thart ar €10 milliún i gceist le haghaidh an uair a chloig sa lá agus níl an €10 milliún seo sa phlean a fuair an comhchoiste mar aighneacht réamhbhuiséid.

Ná bí aon fhaitíos ar Alan Esslemont mar níl aon chostas ag baint leis seo. Thógfaí é ó seo agus thabharfaí é dó siúd mar is é an costas céanna do RTÉ é.

Mura bhfuil RTÉ ag déanamh i gceart é, tá costas breise chun é a thógáil suas go dtí leibhéal níos fearr.

Tuigimid é sin ach tá airgead breise iarrtha chun é a thabhairt suas.

Tá a fhios agam é sin. Tá airgead breise ann chun fís nua a dhéanamh seachas leanúint leis an méid atá ann faoi láthair.

An mbeadh foireann bhreise a fhostú i gceist nó an mbeadh an fhoireann atá ag RTÉ á aistriú, i gcás an luchta theicniúil, mar shampla, ceamaradóirí, nó an bhfeiceann Alan Esslemont go leanfaidh an ceangal atá ann faoi láthair mar atá sé? Níl mórán eolais agam faoi conas clár a chur le chéile seachas go siúlaimid isteach sa stiúideo, bíonn duine ann ag déanamh maisiú orainn, bíonn fear na soilsí ann, agus duine ann chun go mbeidh an t-aoi socair. Is é sin bealach in RTÉ. Tá bealach i bhfad Éireann níos tapúla ag TG4 agus thuig an stáisiún seo an saol digiteach ó thús. Ní raibh ceathrar ar an bhfoireann cheamara mar a bhí ag RTÉ agus tharla athrú toisc gur athraigh an saol agus gur éirigh na ceamaraí chomh beag sin in ionad na gcinn mhóra mhillteacha a bhí ann. An bhfeiceann Alan Esslemont go mbeidh níos mó foirne le fostú? Níl mé i gcoinne daoine a fhostú ach má tá an stáisiún ag lorg €1.83 milliún agus ansin tá an €10 milliún atá á lorg ag RTÉ ann. An leor sin nó an mbeidh TG4 ag teacht ar ais an bhliain ina dhiaidh agus ina dhiaidh sin arís á rá go bhfuil deichniúr breise le fostú mar nach bhfuil go leor stiúrthóirí, comhordaitheoirí, láithreoirí - nó pé teideal atá acu - againn chun an fhís a chur i gcrích?

Mr. Alan Esslemont

Tá an plean bunaithe ar an gcaoi ina bhfuil rudaí faoi láthair. Dá n-iarrfadh an tOireachtas go bhfuilimid ag athrú an uair a chloig sa lá, bheadh ar gach duine luach a chur ar an uair a chloig sa lá sin. Cuireann BBC luach os cionn €20 milliún ar an deich n-uaire an chloig sa tseachtain a sholáthraíonn sé do S4C. Cuireann an Stát seo níos lú luacha ar aon rud a bhaineann leis an nGaeilge ach i ndeireadh na dála dá ndéanfadh an tOireachtas cinneadh gur cheart go mbeadh TG4 ag fáil “X” ón gceadúnas in áit an uair a chloig sa lá, ní bheadh fadhb ag feidhmeannas TG4 leis sin. Is plean amháin a d’fheadfaí a bheith ann ná an t-airgead sin uile a úsáid i dtreo nuachta agus cúrsaí reatha sa chaoi is go bhféadfaimid rud a chur ar fáil i ndáiríre nach bhfuil ar fáil ag seirbhísí eile in Éirinn.

Ar an mbealach sin is féidir cás a dhéanamh go héasca le haghaidh airgead ceadúnais do chúrsaí nuachta agus do chúrsaí reatha i nGaeilge. Is cinneadh don Oireachtas é agus tá an plean seo bunaithe ar an reachtaíocht mar atá sí faoi láthair.

Cuirfidh mé críoch le mo chuidse agus iarrfaidh mé ar an Teachta Ó Cuív ansin.

Mar a tharlaíonn le haon iarratais ar bhuiséad, tagann nó ní thagann siad. Mura dtagann sé, an féidir le “Nuacht TG4” leanúint mar atá sé? An bhfuil fadhbanna bunúsacha ann ó thaobh trealaimh, stiúideonna foirne, nó traenála de faoi láthair nó an bhfuil aon rud breise ag teastáil díreach i gcomhair standing still?

Mr. Alan Esslemont

Is é an rud práinneach anois ná go bhfuil an nuacht bogtha ar aghaidh. Déanann roinnt daoine, ar mó nós féin, suí síos ar 5.30 p.m. go dtí 7.30 p.m. agus is ar an gcaoi sin a fhaigheann mo chuid gasúr a gcuid nuachta. Tá sé an-tábhachtach, ámh, go mbeimid in ann branda nuachta digiteach TG4 a chur ar fáil. Is é sin an rud práinneach sa phlean. Is é an t-aon bhealach a dhéanfaimid é sin ná ceannas eagarthóireachta a ghlacadh ar chúrsaí nuachta.

Ní theastaíonn an iomarca daoine chun é sin a dhéanamh ach táimid ag brath ansin ar an seirbhís nuachta atá ag teacht ó RTÉ.

Tá éirithe le TG4 le hacmhainní an-bheag ó thaobh cúrsaí spóirt de. Bhí nuálaíocht ar go leor bealaí, d’fhéadfaí a rá, gur lean RTÉ TG4 i gcúrsaí spóirt mar cluichí nárbh fhiú do RTÉ a chraoladh 20 bliain ó shin, tá siad á gcraoladh anois agus tá na stáisiúin in iomaíocht chun iad a fháil anois.

An dtabharfadh an tiontú atá i gceist againne an faobhar agus an solúbthacht chéanna dá mbeadh TG4 i gceannas ar chúrsaí nuachta agus reatha, ag glacadh leis go mbeadh na hacmhainní ar fáil? Níl aon mhaith rud ar bith a dhéanamh gan acmhainní. Chruthaigh an stáisiún agus bhí sé níos éasca don stáisiún a bheith nuálach agus cruthaitheach sa spórt ná mar a bhí sé ó thaobh cúrsaí nuachta de. An é an t-údar a bhí leis sin ná gur eagraigh an stáisiún an t-airgead agus bhí sé in ann ansin dul ar an margadh agus rudaí neamhghnácha a dhéanamh ar bhealach a bhí thar a bheith éifeachtach mar chláir agus ó thaobh cúrsaí airgid de freisin?

Mr. Alan Esslemont

Is é ceann de na rudaí is mó a bhfuil mé bródúil as TG4 le 25 bliain anuas ná an neamhspleáchas smaointeoireachta agus cruthaitheachta. Chuir sé sin rudaí ar fáil nach raibh chun teacht as RTÉ, nó fiú as Baile Átha Cliath. Má bhreathnaímid go náisiúnta ar an tír, is dearcadh náisiúnta atá ann agus is aniar atá sé, agus tugann sé sin cur chuige iomlán difriúil.

Mar a dúirt an Teachta, bhí an stáisiún in ann cinntí neamhspleácha a dhéanamh agus d’éirigh leis an stáisiún mar gheall go raibh an stáisiún neamhspleách. Rachaimid isteach sa spás sin agus tabharfaimid faoi agus déanfaimid é sin.

I ndáiríre, mar chraoltóir, má tá an duine neamhspleách, tá sé in ann i bhfad níos mó a dhéanamh.

Mar an deir an Teachta Ó Cuív, tá rudaí cruthaithe againn i ngach réimse. Cén fáth mar sin nach mbeimis in ann a chruthú ó thaobh na nuachta agus cúrsaí reatha de? Is acmhainní freagra na ceiste sin.

Is acmhainní agus neamhspleáchas atá i gceist freisin. Rinne TG4 cinneadh go luath go gcraolfadh sé Peil na mBan. Ní hamháin go ndearna sé an-leas don stáisiún féin ach rinne sé sin an-leas do Pheil na mBan agus tharla fás as cuimse léi. Tá go leor den bhuíochas sin ag dul go TG4. Dá mbeadh sé sin faoi cheannas RTÉ ní gá go dtarlódh sé sin. Dá mbeadh TG4 ag fáil a chuid spóirt ó RTÉ, ní bheadh an deis chéanna aige dul amach agus tosú le rudaí as an nua ar fad a dhéanamh a bhí difriúil ag an am nuair a thosaigh sé chuige sin. Is é sin atá i gceist agamsa.

Mr. Alan Esslemont

Bhí agus tá saol craoltóireachta monailiteach ann. Tá sé an-éasca má táthar sa mhonalit sin an doras a dhúnadh agus déantar é sin. Is ansin atá an chumhacht. Dúnadh an doras agus dúnadh go leor doirse ar rudaí mar spórt na mban agus ar rudaí gur cheart a rá fúthu gur craoltóireacht seirbhíse poiblí iad seo agus níl aon dabht faoi. Tá cur chuige ag an gcraoltóir eile atá go minic an-tráchtála in áit cur chuige seirbhíse poiblí a bheith aige.

Tá ceist amháin deiridh agam. Tá plé á dhéanamh againn - de réir mar a thuigim é tá an tAire ag teacht leis seo - go mbeidh oiread áirithe airgid as cistí poiblí curtha ar fáil nuair a bheadh fógraíocht i gceist, ní hamháin d’fhógraí trí Ghaeilge ach fógraí trí Ghaeilge a bheadh ar chraoltóirí trí Ghaeilge. An dtabharfadh sé sin cuidiú do TG4?

Mr. Alan Esslemont

Thabharfadh sé. Ó thosaíomar, tá straitéis againn go mbeidh níos mó fógraíochta i nGaeilge. Ar a laghad chiallódh sé sin go mbeadh an tuiscint gur féidir fógraíocht a dhéanamh i nGaeilge. Bíonn an dream a chuireann na fógraí seo le chéile á gcur in áiteanna éagsúla. Ní chiallaíonn sé seo mar gheall go bhfuil siad i nGaeilge go mbeadh na fógraí ar TG4 amháin ach chuirfinn fáilte roimhe sin.

Is cuid den soláthar seo go gcaithfidh siad a bheith coimeádta d’athsholáthar ann. Is é sin, uimhir a haon go gcaithfidh oiread seo fógraí a bheith trí Ghaeilge ach is é an dara coinníoll ná go gcaithfidh méid agus soláthar faoi leith díobh freisin a chraoladh ar na meáin Ghaeilge freisin. Ní hé sin na fógraí Gaeilge ar fad ach céatadán díobh.

Mr. Alan Esslemont

Mar a dúirt mé, bhí mé ag fóram craoltóireachta agus níl aon chumhacht margaidh ag TG4. Is é an t-aon tacaíocht atá ag TG4 ná reachtaíocht láidir agus rialacháin ansin ar an reachtaíocht sin a thugann tacaíocht don Ghaeilge. Úsáidtear focal mór sa Bhéarla, agus a úsáideann Hector freisin, agus is é sin meas nó respect. I ndáiríre má tá an dá rud sin ann, reachtaíocht láidir agus ansin rialtóir atá ag feidhmiú go maith le meas don Ghaeilge, is é sin an t-aon bhealach gur féidir linn dul chun cinn a dhéanamh. Má fhágtar TG4 agus an Ghaeilge faoin margadh-----

Beidh teipthe air.

Ceart go leor. Gabhaim buíochas le Alan Esslemont as an méid sin a roinnt linn. Bhí sé spreagúil agus tá súil agam go mbeidh tairbhe maith as an méid atá sé tar éis a chur inár láthair. Ní muidne an tAire Airgeadais, tá brón orm a rá. Dá mbeimis bheadh sé i bhfad Éireann níos-----

B’fhéidir go mbeidh-----

Ní bheadh a fhios agat.

Mr. Alan Esslemont

Ba mhaith liom focal buíochas a ghabhail leis an gcomhchoiste. Tá an obair atá ar bun aige an-tábhachtach agus tá an obair ó thaobh reachtaíocht na Gaeilge lárnach. Níl TG4 oscailte faoi láthair ach nuair a bheidh rudaí níos fearr chuirfinn fáilte roimh an gcomhchoiste ann i mBaile na hAbhann.

An gcuirfidh TG4 fáilte roimh RTÉ?

Ní gá an cheist sin a fhreagairt. Labhróimid leis an Uasal Dee Forbes amach anseo faoin gceist sin. É sin ráite guím gach rath ar obair TG4, ar na criúnna agus ar gach duine atá ag obair do “Nuacht TG4” agus do “7 Lá” chomh maith agus tá súil agam go n-éireoidh go geal leo agus go mbeidh siad in ann an fhís nuachta nua atá luaite agus leagtha síos ag Alan Esslemont a chur chun cinn agus a bhaint amach chomh tapa agus is féidir nuair atá an cinneadh déanta ag pé Aire a bheidh ann faoi airgead breise a thabhairt do TG4.

Cuirfimid clabhsúr leis an díospóireacht. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le Alan Esslemont as an méid a phléigh sé linn. Cuirfimid an cruinniú seo ar athló do dtí 12:30 p.m. Déardaoin, 22 Iúil 2021 nuair a bheimid ag plé suíomh iomlán dátheangach a dhéanamh de Thithe an Oireachtais le Cléireach na Dála, Peter Finnegan.

Beidh cruinniú príobháideach againn am éigin chun plé a dhéanamh ar an méid a tharla níos luaithe agus ar roinnt den chomhfhreagras.

Cuireadh an comhchoiste ar athló ar 5.07 p.m. go dtí 12.30 p.m., Déardaoin, an 22 Iúil 2021.