Cláir Ghaeilge: RTÉ

Táimid chun breathnú a dhéanamh ar an ábhar chláir Ghaeilge: idir chláir nuachta, faisnéise agus araile, agus gach gné a bhaineann leo. Ba mhaith liom fáilte a chur roimh Dee Forbes, ard-stiúrthóir RTÉ; Niamh Ní Churnáin, grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ; Gearóid Mac Donnacha, ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Joe Reddington, príomheagarthóir nuachta RTÉ, mar ionadaithe ar RTÉ agus ba mhaith liom ár mbuíochas a ghabháil leo as teacht anseo chun cúnamh a thabhairt dúinn sa phlé atá romhainn. Cuirim ar an taifead go bhfuil na finnéithe lonnaithe i seomra coiste 4 le linn an chruinnithe seo.

Cuirim ar aird na bhfinnéithe go bhfuil siad, de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh, 2009, faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don choiste seo chomh fada is atá siad lonnaithe sa seomra coiste féin. Má ordaíonn an comhchoiste dóibh, ámh, éirí as an bhfianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt, níl siad i dteideal dá éis sin ach pribhléid cáilithe i leith na fianaise acu. Ordaítear dóibh nach dtabharfar ach fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear díobh cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina ainm, ina hainm nó ina n-ainm nó ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom iad a chur ar an eolas go ndéanfar na ráitis tionscnaimh a chuir siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo. Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe nó le hoifigeach ina ainm nó ina hainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint.

Leis sin ar fad ráite, ba mhaith liom iarraidh ar phríomhfheidhmeannach RTÉ, Dee Forbes, labhairt os comhair an chomhchoiste.

Ms Dee Forbes

Gabhaim buíochas leis an gcomhchoiste as ucht an cuireadh teacht anseo inniu. Níl Gaeilge líofa agam; gabh mo leithscéal as sin. Tá Niamh Ní Churnáin chun an ráiteas oscailte a léamh thar cheann RTÉ.

Ms Niamh Ní Churnáin

Gabhaim buíochas leis an gcomhchoiste as ucht an cuireadh. Mar eagraíocht meán cumarsáide seirbhíse poiblí náisiúnta na hÉireann, cuireann RTÉ ábhar Gaeilge ar ardchaighdeán ar fáil ar fud ár gcuid seirbhísí go léir. Freastalaímid orthu siúd go léir a bhfuil a gcroí sa Ghaeilge agus a labhraíonn í, iad sin arb í an Ghaeilge teanga dhúchais a muintire agus a bpobail, iad sin a úsáideann í anois agus arís, agus iad sin atá ag iarraidh tuilleadh Gaolainne a fhoghlaim agus a dtaitníonn cláir Gaeilge leo.

Tá RTÉ iomlán tugtha don chúram atá leagtha air i leith na Gaeilge. Chun an cúram sin a chomhlíonadh go héifeachtach, déanaimid iarracht an teanga a bheith fite fuaite go nádúrtha agus go héasca ar chainéil agus ar sheirbhísí uile RTÉ. Lena chois sin, tá dul chun cinn suntasach déanta ag an eagraíocht chun ábhar faoi leith Gaeilge a fhorbairt trasna na seirbhísí go léir. Tá curtha go mór againn, mar shampla, leis an ábhar ar líne, ar na meáin shóisialta agus i bpodchraoltaí.

Tá áit na Gaeilge á treisiú agus á neartú ag RTÉ ar fud na seirbhísí go léir. Déanaimid é sin trí oibriú go hinmheánach ar fud gach seánra chun an t-ábhar Gaeilge atá againn ar ár gcuid ardáin a mhéadú agus táimid an t-am ar fad ag tógáil ar na comhpháirtíochtaí seachtracha atá cruthaithe againn le TG4, le hÚdarás Craolacháin na hÉireann, BAI, leis an gCiste Craoltóireachta Gaeilge, ILBF, agus le léiritheoirí neamhspleácha chun tuilleadh ábhair Gaeilge a chruthú agus a chur ar fáil ar RTÉ.

Táimid anseo inniu chun a léiriú don choiste go bhfuil RTÉ tugtha do thacú agus d’fhorbairt na Gaeilge agus lenár ndualgais seirbhíse poiblí a bhaint amach. Faoi Alt 114 den Acht Craolacháin, 2009, tá freagracht ar RTÉ "réimse cuimsitheach clár Gaeilge agus Béarla a chur ar fáil" agus "cláir nuachta agus chúrsaí reatha Gaeilge agus Béarla a sholáthar". Ina theannta sin, faoi alt 120 den Acht, tá sé de dhualgas ar RTÉ bunábhar clár Gaeilge a bheadh "comhionann le huair an chloig" in aghaidh an lae a chur ar fáil do TG4.

Mar is eol don choiste, chuir an Coimisinéir Teanga tús le himscrúdú reachtúil faoi sholáthar Gaeilge RTÉ i mí na Bealtaine 2018. Chuir an coimisinéir a thuarascáil fhoirmeálta faoi bhráid RTÉ i mí na Nollag 2018. Chomhoibrigh RTÉ go hiomlán leis an imscrúdúchán, agus in Aibreán 2019, d’fhoilsigh an Coimisinéir Teanga na torthaí sin ina thuarascáil bhliantúil. B’é toradh an t-imscrúdúchán ná nach raibh a ghealltanas i dtaobh "réimse cuimsitheach clár" a chur ar fáil comhlíonta ag RTÉ ná a ghealltanas clár cúrsaí reatha i nGaeilge a chraoladh ar an teilifís ach oiread. Ina dhiaidh sin, chun na heasnaimh sin a chur ina gceart, chuir RTÉ plean oibre chuimsitheach trí bliana le chéile chun ardú suntasach a chur ar an méid ábhar Gaeilge a chraoltar. Tugadh geallúint 530 uair an chloig ar a laghad d'ábhar Gaeilge a chraoladh ar cheithre chainéal líneacha RTÉ in aghaidh na bliana ó 2020 ar aghaidh. Is ionann sin agus méadú breise 400 uair an chloig d'ábhar. Bhí na huaireanta sin comhdhéanta de gach seánra agus bhí meascán de bhunchláir inmheánacha agus coimisiúnaithe i gceist iontu chomh maith le cláir a ceannaíodh ó TG4.

Faoi dheireadh na bliana sin, Nollaig 2020, bhí breis is 700 uair an chloig de chláir theilifíse Gaeilge craolta ag RTÉ, os cionn 1,000 uair an chloig ar an RTÉ Player agus beagnach 9,000 uair an chloig ar an raidió. In ainneoin na paindéime, agus na dúshláin agus deacrachtaí a chruthaigh sí d'obair léirithe, beidh RTÉ in ann an sprioc 570 uair an chloig mar a gealladh a bhaint amach don bhliain 2021. Sa bhreis ar na huaireanta a gealladh don bhliain 2022, tá RTÉ i mbun deich sraith eile a léiriú tríd infheistíocht san aonad léiriúchán neamhspleách i gcomhar leis an BAI agus an ILBF, agus tá seacht gcinn d’iarratais eile curtha ar aghaidh againn sna babhtaí reatha maoiniúcháin.

Táim á rá seo lena thaispeáint go bhfuil RTÉ iomlán dáiríre faoin ngealltanas atá tugtha aige a chur i gcrích. Anuas ar an ardú seo ar uaireanta craolta, tá RTÉ ar a dhícheall a chinntiú gurb í an teanga bun agus barr gach a ndéanaimid. Sna míonna amach romhainn, beidh www.rte.ie/gaeilge níos feiceálaí fós do lucht úsáidte RTÉ.ie. Beidh teacht níos éasca ag cách ar an gcuid den RTÉ Player atá dírithe go hiomlán ar an nGaeilge, agus maidir leis na cainéil meán sóisialta atá againn, atá i measc na gcainéal is mó lucht spéise anois sa tír, déantar ábhar Gaolainne a roinnt go rialta anois orthu. Tá sin amhlaidh mar go gcreidimid, mar a chreideann na baill, go bhfuil an Ghaeilge i dteideal bheith i lár an aonaigh ar na hardáin go léir faoin ár gcúram, na hardáin meáin shóisialta san áireamh. Tá an méid sin tuilte ag an lucht féachana agus éisteachta ar fad, ag na cainteoirí dúchais agus ag foghlaimeoirí, agus acu siúd go léir a chreideann, mar a chreidimidne, gur gné shonrach í an teanga den tír agus dínne, muintir na hÉireann.

Tá sé tábhachtach a lua go bhfuil níos mó iriseoirí a oibríonn trí mheán na Gaeilge fostaithe ag RTÉ ná ag aon eagraíocht eile nuachta in Éirinn. Déanann RTÉ breis agus 250 uair an chloig de chláir nuachta agus cúrsaí reatha teilifíse a ghiniúint i nGaeilge gach bliain, bunaithe ar an tseirbhís ilardáin "Nuacht RTÉ", a chraoltar ar RTÉ One, ar an gcainéal RTÉ News agus ar TG4, ar líne agus ar ghairis shoghluaiste tríd an aip RTÉ News. Tá foireann "Nuacht RTÉ le TG4", agus foireann "Nuacht TG4" fostaithe ag RTÉ faoi stiúir phríomheagarthóir RTÉ, agus craoltar an tseirbhís as stiúideonna TG4 i mBaile na hAbhann. Ina theannta sin, léiríonn RTÉ "7 Lá" do TG4, a chraoltar go seachtainiúil ar RTÉ.

Tá a fhios againn gur seirbhís í seo a bhfuil luach ag an lucht féachana uirthi. Níos luaithe i mbliana, choimisiúnaigh TG4 taighde ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus ó Red C ina bhfuarthas amach gur mheas 82% de na daoine a ceistíodh go raibh seirbhís "thar barr" nó "go maith" á cur ar fáil ag RTÉ. Ábhar misnigh sa bhreis é gur i measc daoine den aois ghrúpa 18 go dtí 34 a bhí an tacaíocht ba láidre. Thug 83% den aoisghrúpa sin moladh ard don tseirbhís.

Is seirbhís ar leith a chuireann RTÉ Raidió na Gaeltachta ar fáil i gcraoltóireacht na Gaeilge. Ainmníodh mar stáisiún na bliana ag Féile na Meán Ceilteach i mbliana é. Fuair sé an ceann is fearr ar stáisiúin eile as Tuaisceart Éireann, as an Albain agus as an mBreatain Bheag, a raibh seirbhísí BBC as gach réigiún agus seirbhísí eile san áireamh ann. Cuireann RTÉ Raidió na Gaeltachta tuairim is 1,000 uair an chloig de chláir nuachta agus chúrsaí reatha cuimsitheacha, idirnáisiúnta, náisiúnta agus áitiúil ar fáil in aghaidh na bliana. As an taighde a rinne Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus Red C, mheas 84% de na daoine a ceistíodh go raibh seirbhís nuachta "thar barr" nó "go maith" á cur ar fáil, agus bhain RTÉ Raidió na Gaeltachta an chéad áit amach le 59% nuair a iarradh orthu siúd a ceistíodh an stáisiún raidió is rogha leo don nuacht a ainmniú. Cuireann RTÉ Raidió na Gaeltachta feasacháin nuachta i nGaeilge ar fáil chomh maith ar RTÉ Radio 1, ar 2FM agus ar Lyric FM go laethúil.

De bharr gur seirbhís iomlán raidió í RTÉ Raidió na Gaeltachta agus de bharr gur ceann de chroísheirbhísí RTÉ é, bíonn gach saghas seánra chláir, ar nós siamsaíocht, spórt, gnéchláir, na healaíona agus ceol sa sceideal atá fréamhaithe sa Ghaeltacht agus i bpobail ina labhraítear an Ghaolainn. Oibríonn RTÉ Raidió na Gaeltachta i gcomhar le Raidió Rí-Rá chomh maith chun clár le ceol na gcairteacha a chur ar fáil i nGaeilge don lucht éisteachta atá níos óige. Beidh RTÉ Raidió na Gaeltachta ag ceiliúradh 50 bliain i mbun craoltóireachta in Aibreán na bliana seo chugainn.

Cé nach bhfuil an t-ábhar a chuireann RTÉ ar fáil go digiteach mar chuid dár ngealltanas ó thaobh uaireanta an chloig, is fiú a lua gur chuireamar rogha cuimsitheach clár ar fáil ar an RTÉ Player sa bhliain 2020 le hábhar ó RTÉ agus ó TG4. Cuireadh 1,000 uair an chloig d'ábhar ar fáil lena shruthú. Leanann RTÉ den ábhar atá ar rte.ie/gaeilge a fhorbairt agus cur leis. Tá méadú 61% ar an iomlán tagtha ar an méid daoine a bhíonn ag tarraingt ar an mionshuíomh bliain i ndiaidh bliana agus tá an-éileamh go fóill ar phodchraoladh Gaeilge RTÉ "Beo ar Éigean". Craoltar leagan raidió den chlár go seachtainiúil anois ar RTÉ Radio 1.

Tá sé tábhachtach a lua gur idir 7 p.m. agus 8 p.m. Dé Luain agus Dé Máirt na príomh-bhuaicthráthanna Gaeilge ar RTÉ One. Sa bhliain 2020, tháinig ardú trí phointe sciar, arbh ionann agus fás 22.7%, ar lucht féachana an sceidil ag 7.30 p.m. oíche Dé Luain agus tháinig ardú 5 phointe sciar, arbh ionann agus fás 25.4%, ar lucht féachana an sceidil ag 7 p.m. oíche Dé Máirt. Tugann seo le fios go soiléir dúinn go bhfuil lucht féachana ann do chláir Ghaeilge. Fiú muna mbeadh ceangal ar RTÉ faoi na hAchtanna éagsula, tugann an staitistic lom sin mandáid an-láidir dúinn cur le raon na gclár Gaeilge chun an t-éileamh sin do chláracha ar ardchaighdeán a shásamh. Tá RTÉ meáite ar sin a dhéanamh.

Feicim go bhfuil na Teachtaí O'Dowd agus Aindrias Moynihan agus an Seanadóir Ward linn.

Cuirim fáilte roimh na finnéithe ar ais. Is iontach an rud é go bhfuil Niamh Ní Churnáin anseo agus gur léigh sí an ráiteas tosaigh amach as Gaeilge. Sin athrú mór ón uair dheireanach. Tá an ráiteas tosaigh léite agam agus tá sé cloiste agam arís. Tá ceist agam ar Dee Forbes i dtús báire. Glacann RTÉ leis go bhfuil an dlí sáraithe aige. Níor ghlac sé leis an uair dheireanach agus is athrú mór é sin. Sháraigh RTÉ an dlí; níl sé ina aonar ach an nglacann Dee Forbes leis sin?

Ms Dee Forbes

I thank the Deputy for her question. As my colleague Niamh said, we are happy to be here and to answer members' questions. We fell short of our commitments as outlined by the report of an Coimisinéir Teanga resulting from his review in 2017. We engaged fully with that process and we are still engaging with him to make strides forward. As Niamh outlined, we significantly increased our commitment to the hours we would broadcast in the Irish language and that is continuing. We are about to engage in our next three-year plan, which we will be presenting to an Coimisinéir Teanga in November and that will contain further development plans as we go forward.

An nglacann RTÉ leis go bhfuil an dlí sáraithe aige? Ba mhaith liom seo a chur i gcomhthéacs agus ba mhaith liom a chur in iúl nach bhfuil mé ag iarraidh a bheith ródhian ar RTÉ. Tagraím don chás a raibh os comhair na cúirte le déanaí agus mhaígh an Breitheamh O'Hanlon go bhfuil dualgas reachtúil ar an Stát éascaíocht a dhéanamh ionas go mbeadh saoránaigh in ann an Ghaeilge a úsáid ar chomhchéim leis an mBéarla. Níl an dualgas sin á chomhlíonadh ag an Stát, ag RTÉ nó ag An nGarda Síochána.

Bhí an Coimisinéir Teanga os ár gcomhair an tseachtain seo caite agus de réir mar a thuigim, an modh oibre atá aige ná go dhéanann seisean agus an t-oifig a ndícheall chun obair as lámha a chéile. Rinne sé iarracht obair le RTÉ agus a chur in iúl go bhfuil easpa clár i gceist. Níor éirigh leis agus bhí air imscrúdú a dhéanamh agus ansin é a leanúint suas. Níl sé iomlán ceart a rá gur oibrigh RTÉ leis an gCoimisinéir Teanga cé go ndearnadh sin i ndeireadh na dála.

Tá an plean oibre trí bliana luaite anseo. An bhfuil sé sin le fáil nó an bhfuil sé foilsithe?

Ms Niamh Ní Churnáin

Chuireamar é sin ar aghaidh go dtí an coiste i mí na Nollag 2019.

Sin an plean oibre atá á lua ag na finnéithe. An bhfuil plean nua le teacht mar sin?

Ms Niamh Ní Churnáin

Táimid ag obair ar phlean trí bliana nua.

An bhfoilseofar sin freisin?

Ms Niamh Ní Churnáin

A luaithe is a bheidh sé socraithe againn leis an gCoimisinéir Teanga, cuirfimid ar aghaidh go dtí an coiste é.

Faigheann RTÉ 100% ó thaobh na hóráide agus na bhfocal milse de. Níl aon locht agam ar an méid atá ráite ag na finnéithe ach is mó difríocht idir a bhfuil ráite agus a bhfuil ag tarlú. Níl aon bhriseadh síos ar na cláir chúrsaí reatha atá trí Ghaeilge ar RTÉ One mar shampla. An bhfuil botún-----

Ms Niamh Ní Churnáin

Sa mhéid a dúirt mé?

Ní bhreathnaím ar an teilifís beag ná mór. Léim agus éistim le Raidió na Gaeltachta agus le RTÉ Radio 1. Dúirt Niamh Ní Churnáin: "Tá sé tábhachtach a lua, gur idir a 7 p.m. agus a 8 p.m. Dé Luain agus Dé Máirt na príomh-bhuaicthráthanna Gaeilge ar RTÉ One."

Ms Niamh Ní Churnáin

Yes.

Bhreathnaigh mise ar an sceideal díreach roimh theacht anseo agus ní raibh focal Gaeilge le feiceáil sa sceideal ó thaobh-----

Ms Niamh Ní Churnáin

Tá sin mícheart. Bhí "Ar an Sliabh" ar siúl oíche Dé Luain ar a 7.30 p.m. agus sin clár a rinneamar i gcomhpháirtíocht le BBC Northern Ireland.

An bhfuil sé ar siúl inniu?

Ms Niamh Ní Churnáin

Bhí sé ar siúl oíche Dé Luain agus aréir bhí "GAFA" ar siúl ar 7.00 p.m. Anocht ar RTÉ 2 beidh uair an chloig d'ábhar Gaelainne.

Chonaic mé é sin. An bhfuil sé sin séasúrach? An mbeidh an socrú sin Dé Luain agus Dé Máirt críochnaithe am Nollag nó roimhe?

Ms Niamh Ní Churnáin

Bhí sraith sé clár againn le "Ar an Sliabh" agus beidh sin críochnaithe an tseachtain seo ach tá ábhar eile Gaelainne ag imeacht isteach ina áit. An rud a bhíonn againn ná oíche Dé Luain bíonn ábhar ón aonad neamhspleách agus oíche Dé Máirt bíonn ábhar ón aonad atá lonnaithe taobh istigh de RTÉ. An uair dheireanach a chuir an coiste ráiteas amach maíodh go raibh spriocanna ar leith aige agus ceann de na spriocanna a bhí molta ag an gcoiste ná go ndéanfaí aonad lánaimseartha arís den aonad taobh istigh de RTÉ. Rinneadh sin mar chuid den chéad phlean a chuireamar ar aghaidh go dtí an Coimisinéir Teanga. Anois tá 13 uair an chloig á léiriú taobh istigh de RTÉ. Sin an méid chéanna a bhíonn ar bun ag an roinn faisnéise Béarla.

Tuigim go mbeadh duine ag ceapadh nach bpuinn 13 uair an chloig ach tá go leor oibre i gceist ann agus tá an obair sin déanta agam féin le blianta. Bhíodh mé ag obair mar léiritheoir agus tá sé deacair agus tá dua ag baint le cláir fhaisnéise leathuair an chloig a dhéanamh. Bhí an jab sin i bhfad níos deacra le bliain go leith anuas. Tá a fhios agam go bhfuil an uimhir íseal ach tá go leor oibre i gceist chun é sin a bhaint amach.

Tá go leor oibre i gceist i gcónaí, beag beann ar Bhéarla nó Gaeilge. Tagraím don straitéis 20 bliain don Ghaeilge, don phlean ghníomhaíochta agus do pholasaí an Stáit gan an Ghaeilge a imeallú. Nuair a bhreathnaím ar RTÉ, feictear dom go bhfuil imeallú déanta aige ar an nGaeilge go dtí seo, cé go bhfuil a fhios agam go bhfuil sé i mbun athruithe. Mar shampla bhreathnaigh mé ar na cláir chúrsaí reatha, agus tá na teidil ar fad i mBéarla, is iad sin "Primetime", "The Week in Politics", "Leaders' Questions", "European Parliament Report", "Claire Byrne Live" agus "Nationwide". Tá na cláir uilig sin trí Bhéarla. Cén fáth sin nuair atá foireann ag RTÉ atá dhátheangach? Tá sé maíte sa ráiteas tosaigh go bhfuil neart daoine atá dhátheangach agus atá in ann feidhmiú trí cheachtar teanga. Cén fáth go bhfuil na sé cláir sin i mBéarla uilig mar sin má tá RTÉ i ndáiríre faoin sprioc an Ghaeilge a chur i lár an aonaigh?

Ms Niamh Ní Churnáin

Táimid i ndáiríre. Tuigeann an Teachta féin go bhfuil sé deacair an rud a bhrú chun cinn ach táimid á bhrú chun cinn go leanúnach.

Ní tharlaíonn aon rud thar oíche ach tá athraithe móra tagtha ar an sceideal. Bhí "Nationwide" luaite ag an Teachta. Bíonn Gaolainn ar "Nationwide". Tá dhá láithreoir atá ag obair ar Nationwide a bhfuil Gaolainn ar a dtoil acu agus is breá leo a bheith ag caint as Gaolainn.

Is é an deacracht a bhíonn go minic leis na cláir eile ná nach mbíonn Gaolainn ag na láithreoirí. Dá mbeifí ag éisteacht le "Drivetime", bheadh Gaolainn ann mar go bhfuil láithreoir ann a bhfuil Gaolainn ar a thoil aige. Dá mbeifí ag féachaint ar an "Today Show", tá beirt ansin a bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu agus atá breá ábalta í a labhairt. Labhraíonn siad í agus cuireann siad isteach sa chaint go nádúrtha í, ach glacaim leis an méid atá á rá ag an Teachta. Tá an-chuid acu nach bhfuil Gaolainn acu. Bíonn sé i bhfad níos deacra orthu. Braitheann siad nach bhfuil sé nádúrtha dóibh an rud a rá. Tá cabhair ag teastáil uathu feabhas a chur air sin.

Tá dualgas ar RTÉ faoin reachtaíocht. Tá an dualgas sin sáraithe. Tá na finnéithe ag iarraidh é a chur i gceart anois. Glacaim leis sin. Is dócha go bhfuil easpa tuisceana ó thaobh an fhinné chomh fada is atá dualgas dlíthiúil ar RTÉ. Tá na fadhbanna á lua ag na finnéithe. Tuigimid go léir na fadhbanna ach tá deiseanna iontacha acu freisin ó thaobh na foirne atá acu chun í a úsáid. Níl an dara rogha acu ach an Ghaeilge a chur i lár an aonaigh agus í a dhéanamh níos feiceálaí. Ón méid atá feicthe agamsa, níl sé sin á dhéanamh, go háirithe ar na príomhchláir, chun a chur in iúl do mhuintir na tíre go bhfuil an Ghaeilge ar an leibhéal céanna.

Is é ceann de na bealaí is éasca ná an fhoireann atá acu a úsáid. Is é Béarla uile atá in "Nationwide", in ainneoin go bhfuil sé ráite go gcloistear focal Gaeilge anois is arís. Tá foireann ann le Gaeilge ansin. Cén fáth nach féidir clár nó leath den chlár a chur trí Ghaeilge nó, ar a laghad, tús a chur le hagallamh i nGaeilge, nuair atá daoine le Gaeilge líofa acu faoi agallamh. Bhí dhá agallamh i gceist le déanaí, ceann amháin maidir le Seán Ó Riada agus ceann eile maidir leis na Blascaodaí. Is mór an náire é nach raibh siad trí Ghaeilge. Tá neart samplaí eile freisin. Bhí deis iontach ag RTÉ an t-agallamh a dhéanamh trí Ghaeilge. Cén fáth nach ndearnadh é sin?

Ms Dee Forbes

All the points the Deputy is making are valid and we have to take them on board and look at them in the context of how we move forward. As regards current affairs, as the Deputy is aware, we make "7 Lá" for TG4 and we now broadcast that on RTÉ News twice per week. As part of our ongoing commitment to the Comisinéir Teanga, we are looking at current affairs as the next phase of this, to see what else we can do in this phase. I take the Deputy's point. We are working very hard to see how we can do that.

Tá tuarascáil an choimisinéara léite agam. Tá gach rud léite agam. Níl aon ghá a chur in iúl dom go bhfuil “7 Lá” i gceist. Tá a fhios againn é sin. In ainneoin é sin, níor chomhlíon RTÉ a dhualgas. Is é sin an rud a bhfuilimid ag díriú isteach air. Níl mé ag iarraidh a bheith diúltach. Tá mé ag iarraidh a chur in iúl an méid deiseanna atá ag RTÉ, gan trácht ar thuilleadh airgid, le bheith dáiríre faoin nGaeilge a dhéanamh i bhfad níos feiceálaí. Is sampla amháin é sin an fhoireann atá ag RTÉ a úsáid. Níl leis mé sásta leis an bhfreagra. Má ligeann an Cathaoirleach do na finnéithe teacht isteach, iarraim orthu a rá liom cén fáth nach bhfuil níos mó úsáide á baint acu as an bhfoireann atá acu.

Ms Niamh Ní Churnáin

Cheapamar go rabhamar ag baint úsáide astu ach glacaim go hiomlán leis an méid atá ráite ag an Teachta agus go mór mór, i dtaobh an agallamh maidir le Peadar Ó Riada, rud a bhí nádúrtha dó a bheith as Gaolainn.

Ó thaobh an dul chun atá á dhéanamh againn ó thaobh cúrsaí Gaolainne agus an méid a craoladh, bhí an t-iniúchadh a bhí déanta ag an gCoimisinéir Teanga bunaithe ar an aischur ó 2017. Ní raibh ach 85 uair a chloig in aghaidh na bliana craolta ar RTÉ 1. Ní raibh ach seacht n-uaire a chloig craolta ar RTÉ 2 agus ní raibh ach 31 uair a chloig craolta ar RTÉjr.

D'fhéach mé ar an sceideal atá againn an tseachtain seo, thar na cainéil ar fad. Oíche Luain, bhí an Nuacht ann agus bhí "Ar an Sliabh" ann agus fuair sé os cionn 200,000 duine ag féachaint air. Ar RTÉ 2, bhí níos mó ná leathuair an chloig d'ábhar do leanaí. Ghlacamar le moladh ó Chonradh na Gaeilge nuair a bhíomar ag cur an phlean seo le chéile. Bíonn daoine a rá gur cheart go mbeadh cúrsaí Gaolainne fite fuaite tríd an sceideal, agus tá sé sin ceart, ach dúradh go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh cur chuige an tumoideachais i gceist i gcás RTÉjr agus cláir do leanaí. Cuirimid 40 nóiméad d'ábhar Gaolainne do leanaí ar siúl ar maidin. Bíonn na sraitheanna beochana fite fuaite tríd an sceideal arís. Tá sé sin ar siúl gach aon lá ar RTÉjr.

Ar an RTÉ News channel, bíonn nuacht ar 5 p.m. agus ar 5.40 p.m., agus bíonn Nuacht TG4 le RTÉ ar 8 p.m. agus bíonn nuacht arís ar 11.30 p.m. Dé Máirt agus Dé Céadaoin, craoltar "7 Lá" agus "Gafa" chomh maith. Oíche Chéadaoin, bhí ábhar de chuid TG4, "Beidh Aonach Amárach" agus "Bailte", craolta ar RTÉ. Bhí ceolchoirm ar son Seán Ó Riada ar siúl oíche Shathairn agus beidh athchraoladh de sin arís oíche Déardaoin. Dé hAoine, beidh clár nua ag tosú ar RTÉ 1. Beidh sé ar siúl ar 7.30 p.m. Tá ábhar sa bhreis ann. Glacaim leis an bpointe gur cheart dúinn a bheith ag úsáid na daoine atá againn agus gur cheart go mbeadh an t-ábhar ar siúl sna cláir atá againn as Béarla. Táimid ag iarraidh é sin a dhéanamh ach tá an-chuid sa bhreis sa sceideal ná mar a bhí in 2017.

Tá fáilte roimh na finnéithe. Is deas go bhfuil deis againn an cheist seo a phlé. Dá mbeadh an sárú dlí seo in aon áit eile, bheadh RTÉ tar éis "Prime Time Investigates" a dhéanamh faoi agus scéal mór a dhéanamh ar cén fáth go raibh eagraíocht mhór náisiúnta ag sárú an dlí agus nach raibh aon duine ag déanamh tada faoi. Caithfidh mé creidiúint a thabhairt don Choimisinéir Teanga as tabhairt faoi. An bhféadfaí a dheimhniú go bhfuil €144 milliún faighte ón gceadúnas ag RTÉ go dtí deireadh Mheán Fómhair i mbliana?

Ms Dee Forbes

That is correct.

An féidir leis na finnéithe a rá liom cé mhéad airgead a fhaigheann RTÉ ón Roinn Coimirce Sóisialaí as an €69.787 milliún a bhíonn ar fáil ón gceadúnas? Íoctar é, in áit an cheadúnais, ag an Roinn Coimirce Sóisialaí? Is é sin an méid atá curtha ar leataobh.

Ms Dee Forbes

I can quote the Deputy the official numbers for last year. Last year, in licence fee income, RTÉ received €196 million in total.

I do not have the breakdown in what came from social protection versus the other, but that is the total amount, all in, which is how we get it.

I gcomparáid leis sin, fuair TG4 €40 milliún. Tar éis go bhfuil cumas i bhfad níos mó ag RTÉ a bheith saothrú airgid. Leis an ollsuim airgid, b'fhéidir go mbreathnaíonn sé beag do na finnéithe ach breathnaíonn sé mór dom nuair a bhreathnaím ar a rud a chaitheadh ar TG4. Níl RTÉ in ann a dhualgas reachtúil a chomhlíonadh. Tá na finnéithe ag rá go n-admhaíonn siad é sin agus go mbeidís níos fearr mar gur rugadh amuigh orthu. Tá siad ag caint ar an oiread seo uaireanta an chloig ar na bealaí éagsúla teilifíse. Glacaim leis gurb iad RTÉ 1, RTÉ 2, RTÉ News agus RTÉjr atá i gceist. An bhféadfaí cur ar fáil don choiste cé mhéad uair an chloig a chraol cén ceann de na bealaí teilifíse seo? Tá siad ag comhaireamh athchraolta ar "7 Lá" ó stáisiún eile, de réir mar thuigim. Glacaim leis go mbeadh tráchtas ar chluichí peile agus iománaíochta a chuireann siad ar RTÉ News ach is í an fhadhb atá ann ná nach bhfuil high definition television, nó HD, ar fáil agus níl an pictiúr chomh maith. Is cuimhin liom lá amháin nuair a bhí mé tinn tuirseach de bheith ag breathnú ar an tráchtaireacht Bhéarla. Níl mé ag dul a rá cé a bhí ag déanamh an tráchtaireacht. Dúirt mé go rachaimis ag an nGaeilge. Rinneamar é sin ach ní raibh an pictiúr chomh soiléir. Go mór mór san iománaíocht, tá sé níos fearr an HD a bheith agat. Ní raibh an cluiche in HD. I gcónaí, nuair a théitear ag an rud Gaeilge faightear amach nach mar a shíltear a bhítear. Ní bheidh na finnéithe in ann an briseadh síos eile a thabhairt dom anois.

Ms Niamh Ní Churnáin

Tá mé in ann.

Tá mé ag iarraidh an t-eolas a fháil amach maidir leis na huaireanta agus é sin briste síos bunaithe ar spórt, cúrsaí reatha, nuacht, siamsaíocht agus mar sin chun go bhfaighimid é agus céard atá ar bun. Bhain gearán an choimisinéara le cúrsaí reatha. Taobh amuigh den nuacht, cén soláthar chúrsaí reatha trí Ghaeilge atá ag RTÉ 1? Ní hé údar an lae inniu ann féin é mar is rud é a tharla ach bhí an-iontas orm thar an deireadh seachtaine. Fear ab ea é a chónaigh sa Ghaeltacht agus a d'fhoghlaim an Ghaeilge leis a bhean agus a chlann. Tá duine den chlann ag obair againn. Tá an clár i mBéarla. Bhí sé ar dhuine de mhórghaiscígh na Gaeilge, chomh maith leis an gceol. Duine náisiúnta agus idirnáisiúnta ildánach ab ea é. Bhreathnaigh mé ar an gcoirm cheoil. Bhí an choirm cheoil go breá. Bhí mé ag an gcoirm ceoil cháiliúil sin sa Gaiety fadó. "Marbhna Luimnigh" a thug sé ar an bpíosa ceoil sin. Bhí sé curtha síos i mBéarla breá ag RTÉ. Ní chomhairfinn é sin mar chlár Gaeilge. Chuathas chomh fada chun ainm Béarla a chur ar rudaí a raibh ainmneacha Gaeilge ag Seán Ó Riada orthu. Is rudaí beaga iontu féin iad ach taispeánann siad meon. Tá cúpla ceist eile agam, má tá cead agam ón gCathaoirleach.

Má ligeann an Teachta dóibh freagra a thabhairt orthu, tiocfaidh mé ar ais chuige.

Ms Niamh Ní Churnáin

Tabharfaidh mé an briseadh síos don Teachta don bhliain 2020. D'fhéadfaimis teacht ar ais chuig an gcoiste ag deireadh na bliana agus an rud a thabhairt dó le haghaidh 2021. Gheallamar go gcraolaimis 106 uair an chloig ar RTÉ 1 agus bhí sé sin déanta suas de 16 uair an chloig d'ábhar faisnéise, 49 uair an chloig d'ábhar nuachta agus 41 uair an chloig d'ábhar drámaíochta. Ansin, ar RTÉ 2-----

Tá an finné ag dul an-sciobtha. 106 uair an chloig?

Ms Niamh Ní Churnáin

41 uair an chloig de dhrámaíocht. An bhfuil sé sin ceart go leor?

Tá ach cé mhéad uair an chloig ar fad a bhí ann?

Ms Niamh Ní Churnáin

106.

An raibh sé sin thar 365 lá?

Ms Niamh Ní Churnáin

Bhí. Ansin, ar RTÉ 2-----

16 d'fhaisnéis, 49 de nuacht-----

Ms Niamh Ní Churnáin

Is é seo an méid a dúramar go ndéanaimis ag tús na bliana agus déarfaidh mé leat ansin cad a rinneamar ag deireadh na bliana. An bhfuil sé sin féaráilte?

Ms Niamh Ní Churnáin

Dúramar go gcraolaimis 70 uair an chloig ar RTÉ 2 i rith na bliana agus bhí 50 uair an chloig d'ábhar do leanaí ansin agus 20 uair an chloig d'ábhar faisnéise. An bhfuil sé sin ceart go leor? An leanfaidh mé?

Ms Niamh Ní Churnáin

Dúramar go gcraolaimis 100 uair an chloig d'ábhair bheochana do leanaí ar RTÉjr. Dúramar go mbeadh thart ar 550 uair an chloig d'ábhar nuachta agus chúrsaí reatha ar an RTÉ News channel. Is é sin an méid a dúramar go ndéanaimis é. Ag deireadh na bliana, bhí 114 uair an chloig craolta ar RTÉ 1 mar go raibh breis ábhar craolta, athchraoltaí agus bhí dráma Gaolainne ceannaithe againn ó chomhlacht Gaeltachta le cead ó TG4. Bhí sé sin craolta ar RTÉ 1 chomh maith. Chuir sé sin suas na huaireanta. Bhí 100 uair an chloig craolta ar RTÉ 2. Bhí 210 uair an chloig craolta ar RTÉjr. Bhí 280 uair an chloig craolta ar an RTÉ News channel.

Cé mhéad dóibh sin gur athchraoladh a bhí i gceist? Ag glacadh leis gur athchraoladh é "7 Lá" a chur amach arís ar chainéal eile. Is athchraoladh atá ann.

Ms Niamh Ní Churnáin

Is leathuair an chloig é i ngach seachtain. Tá 40 uair an chloig i gceist le "7 Lá" in aghaidh na bliana.

Dúirt an finné nuacht agus cúrsaí. An bhfuil spórt i gceist ansin?

Ms Niamh Ní Churnáin

Tá. Bheadh 18 uair an chloig de na cluichí tráchtaireachta i rith an chraobhchomórtais. Mar nóta eolais, is é an fáth gur gcuireamar na cluichí ar an RTÉ News channel ná go raibh daoine ag tabhairt amach nach bhféadfaidís an red button a dhéanamh. Bhí siad ag rá go raibh sé ródheacair agus go raibh an-iomarca brú leis agus nach bhféadfaidís teacht ar an rud. Dúramar go gcuirimis ansin é mar go raibh sé níos fusa orthu teacht air. Sa bhreis air sin, tá sé ar fáil ar an RTÉ Player in HD. Chomh maith leis sin, tá rud eile againn ar RTÉ 2. Má chuireann an Teachta an cluiche ar siúl ar RTÉ 2 agus má bhrúnn sé an cnaipe "audio" ar an remote control agus é ag athrú go dtí Gaolainn, beidh sé aige as Gaolainn in HD. Tá sé déanta agam féin agus bhí sé fuirist a dhóthain a dhéanamh.

Tá sé ar nós go leor rudaí Gaeilge. Tá sé ann má théitear á chuartú.

Ms Niamh Ní Churnáin

Is ormsa atá an locht mar sin mar nach raibh sé ráite agam. Bhí sé ráite agus fógartha ag tuairisc.ie agus rinne sé alt mar gheall air, ach glacaim leis an méid atá á rá ag an Teachta.

Is é an gnáthrud a deirtear sa chluiche ná má táthar ag iarraidh éisteacht leis seo, téigh chuig RTÉ News. Nuair a bhítear ag breathnú ar an gceann Béarla, deir sé má bhítear ag iarraidh breathnú air seo i nGaeilge-----

Ms Niamh Ní Churnáin

Tá an ceart ag an Teachta ach tá grafaic ag bun an scáileáin chomh maith agus deir sé leis go bhféadfadh sé é sin a dhéanamh. Glacaim leis an méid atá á rá ag an Teachta. Bhí ceist eile ag an Teachta i dtaobh "7 Lá". Níl aon ábhar chúrsaí reatha craolta as Gaolainn ar RTÉ 1.

Níl aon chúrsaí reatha.

Ms Niamh Ní Churnáin

Níl.

Ba mhaith liom a aithint go bhfuil an Seanadóir Ó Donnghaile agus an Teachta McHugh ar an scáileán agus tá an Seanadóir Clifford-Lee sa seomra linn chomh maith.

As an €196 milliún, cé mhéad dó sin a chaitear ar RTÉ Raidió na Gaeltachta?

Ms Niamh Ní Churnáin

€12 milliún.

Cén fáth nach bhfuil na scálaí pá céanna ag foireann RTÉ Raidió na Gaeltachta agus a bheadh ag a gcomhionainn in RTÉ, ag glacadh leis go bhfuil ualach oibre i bhfad níos mó orthu? Bíonn siad ag iarraidh, mar shampla, cláir chúrsaí reatha ar nós "Adhmhaidin" a chur ar fáil i nGaeilge, ach níl an oiread sin Gaeilgeoirí sa domhan agus bíonn siad ag tráchtaireacht ar fud an domhain dóibh. Téann siad sa tóir ar dhaoine chuile áit, ón Rúis go dtí an Astráil go chuile áit ar domhan agus tuigtear dom nach n-íoctar an pá céanna dóibh. Cén fáth nach bhfuil a dóthain acmhainní ag RTÉ Raidió na Gaeltachta le leanúint le "Nuacht a hAon" go dtí 2 a chlog sa samhradh, mar a bhíonn sa chuid eile den bhliain? Bíonn cláir eile gearrtha siar go mór freisin ceal acmhainní.

Seo mo dhá cheist deireanach. Ar smaoinigh RTÉ ar bhealach raidió a chur ar fáil do dhaoine óga trí Ghaeilge go hiomlán? Bhí éileamh ollmhór ann aon uair a cuireadh ceist ar dhaoine óga maidir le cúrsaí Gaeilge a bheadh á chraoladh ar bhealach raidió RTÉ.

Tá preasráiteas anseo agam a deir “RTÉ announces its new season of Arts and Culture programming”. Tá trí leathanach ann. Caithfidh nach bhfuil aon ealaíon nó cultúr ar RTÉ Raidió na Gaeltachta mar níl sé luaite ann.

Ms Niamh Ní Churnáin

Bhí sé sin curtha ina cheart againn a luaithe agus a bhí sé feicthe againn. Tá a fhios agam-----

Chuirfeadh sé saighleam ort-----

Ms Niamh Ní Churnáin

Tá a fhios agam.

-----an rud seo gur rugadh orm le mo lámh istigh ag goid cookie mhamaí agus tharraing mé siar é. Maidir leis na ceisteanna eile-----

Sula bhfreagraíonn tú, aithním go bhfuil an Teachta Ó Cathasaigh linn chomh maith go fíorúil.

Ms Dee Forbes

As regards the grades in Raidió na Gaeltachta, for context, when Raidió na Gaeltachta was set up back in 1972, a grade called "clár reachtaire" was established purely for Raidió na Gaeltachta. It is one of 169 grades within RTÉ and there are many unique grades for various platforms across the organisation. We are just starting a complete review of our entire grading structure across the organisation. As the Deputy can probably appreciate, 167 grades is a lot for any organisation. Those are legacy grades that have built up over many years. As part of that wider review, the clár reachtaire grade in Raidió na Gaeltachta will also be reviewed to ensure that it is fair and it will be looked at in the context of the entire organisation. That is currently under way.

Gabh mo leithscéal, ach tá cuid mhaith daoine sa tír seo a rugadh i bhfad i ndiaidh 1972. Dá gcuirfinn ceist ar an ard-stiúrthóir faoi dhifríochtaí pá bunaithe ar ghnéas, an ndéarfadh sí go raibh siad ann ó 1972, sin an saol a bhí ann agus tá 100,000 grád ann agus caithfimid a bheith ag plé leis, nó an ndéarfadh sí go bhfuil sé sin éagothrom uilig agus caithfear é a chur ina cheart anois? Feictear dúinne atá ag cónaí sa Ghaeltacht go bhfuil sé éagothrom ar fad go gcuirtear pionós ar dhaoine bunaithe ar rud a tharla sa bhliain 1972. Deirtear anois go mb’fhéidir go mbreathnófaí air i gcomhthéacs rud i bhfad níos leithne.

Mr. Gearóid Mac Donncha

Dá bhféadfainn teacht isteach ar an gceist sin, tá a bhfios againn go mbaineann an grád le 1972 agus gurb é sin an uair a cuireadh tús leis. Ag an am a bunaíodh an stáisiún, bhí radio producers, radio presenters agus iliomad grád in RTÉ. Briseadh an nós sin nuair a bunaíodh Raidió na Gaeltachta agus sin an fáth gur bunaíodh an grád sin nó gur cuireadh tús leis an gclár reachtaire. Is éard a bhí a gceist leis ná go mbeadh an duine sin in ann a bheith ag feidhmiú i róil éagsúla, sé sin, ról an léiritheora, ról an láithreora, mar thaighdeoir, agus go leor rudaí eile.

Níos mó oibre.

Mr. Gearóid Mac Donncha

Tá siad ildánach agus tá obair aisteach á dhéanamh ag clár reachtairí.

Pá níos lú ar níos mó oibre.

Mr. Gearóid Mac Donncha

Sin an pointe. In 2002, chuaigh ceist ghráid an chláir reachtaire chomh fada leis an mbinse caidrimh thionsclaíoch. Rinneadh staidéar air agus bhí ionadaithe ceardchumainn agus ionadaithe bainistíochta i láthair aige sin. Bhí roinnt mhaith éisteachtaí ann agus pléadh an grád. Cuireadh i gcomparáid le gráid eile é taobh istigh de RTÉ agus ag an am rinneadh rialú agus leagadh síos na figiúirí a bhí bainteach leis an ngrád. Cinnte tá an pá níos ísle ná, mar shampla, radio producer nó radio presenter mar tá na gráid sin ag athrú ó am go chéile. Rinneadh an obair sin in 2002 ar ghrád an chláir reachtaire. Sin an fáth go gcaithfear breathnú arís air anois agus sin an fáth go raibh an tuarascáil a rinne Kieran Mulvey chomh tábhachtach. Léirigh sé ní hamháin go bhfuil sé ag tarlú i Raidió na Gaeltachta ach go bhfuil sé ag tarlú in áiteanna eile ar fud na heagraíochta chomh maith. Tá mise ag súil go dtiocfaidh ní hamháin ceist an chláir reachtaire suas ach gráid eile taobh istigh de RnaG chomh maith, le gur féidir breathnú orthu agus rudaí a chur ina gceart arís. Ba chóir córas i bhfad níos simplí a bheith ann agus nach mbeadh idirdhealú á dhéanamh idir daoine atá ag obair do Radio 1, 2FM, Raidió na Gaeltachta nó sna rannóga teilifíse, ar líne agus áiteanna eile taobh istigh den eagraíocht. Tá an obair sin ar siúl faoi láthair anois.

Déarfaidh mé rud amháin eile faoi sin. De ghnáth in áit oibre, bheadh tuarastal duine bunaithe go mór ar tháirgeacht agus táirgiúlacht. Aon duine againne a bhí riamh ar “Morning Ireland” agus ansin a bhí ar “Adhmhaidin”, bheadh an fhoireann atá ag “Morning Ireland”, idir thaighdeoirí agus chuile shórt eile, feicthe acu. Cuireann siad dhá uair an chloig amach ach tá i bhfad níos mó ná dhá oiread na foirne acu. Cuireann RTÉ Raidió na Gaeltachta uair an chloig amach. Níl an pioc céanna de dhaoine acu agus déanann siad sár-jab. Go minic déanann siad clúdach níos fearr ar scéalta idirnáisiúnta mar faigheann siad daoine dúchasacha as na háiteanna ag labhairt Gaeilge. Tá an táirgiúlacht i bhfad os cionn éinne eile, tá an pá níos ísle agus táimid ag breathnú air tar éis 50 bliain. Fágfaidh mé an scéal mar sin.

An raibh aon cheisteanna eile nár tugadh freagra orthu?

Ms Niamh Ní Churnáin

Luadh acmhainní "Nuacht a hAon".

Mr. Gearóid Mac Donncha

Is rud é seo atá déanta le blianta fada againn. Is é an samhradh an deis is mó atá againn saoire a ghlanadh agus sos a thabhairt do dhaoine. An rud a rinne muid, agus an bealach is éifeachtaí é sin a dhéanamh, ná laghdú a dhéanamh ar an sceideal agus tarlaíonn sé sin le "Nuacht a hAon". Ó thús Mheithimh – bhuel, deireadh Mheithimh nó tús Iúil i mbliana – go dtí tús Mheán Fómhair, baineann muid "Nuacht a hAon" den aer. Ligeann sé sin dúinn beagáinín spáis a bheith againn agus muid ag iarraidh chuile shórt eile a choinneáil ag imeacht, ar nós "Adhmhaidin" agus na deasca eile ar fad atá ann. Táimid ag fuineadh de réir na mine níos mó ná tada eile.

Sin mar nach bhfuil sibh ag fáil as an €196 milliún ach €12 milliún. Céard a dhéanann RTÉ nuair atá daoine, ar nós Claire Byrne mar shampla, ag iarraidh dul ar saoire? Bíonn saoire sách fada ag na daoine sin, agus go n-éireoidh siad leo, ach cuirtear duine eile ina n-áit.

Mr. Gearóid Mac Donncha

Is gnáthchleachtadh é sa samhradh in áiteanna éagsúla agus ar na hardáin éagsúla go ndéantar na sceidil a chrapadh. Ní bhíonn chuile chlár ag leanúint ar aghaidh ar feadh na bliana. Mar shampla, ní bhíonn an clár atá ag teacht as Corcaigh ar an teilifís, “The Afternoon Show”, ann ar feadh na bliana. Is gnáthchleachtadh é go dtógtar roinnt cláir-----

Is feasachán nuachta é seo. Ní siamsaíocht tráthnóna atá i gceist. Ó thaobh siamsaíocht tráthnóna tá sé thar cionn. An pointe atá ann ná nach bhfuil na hacmhainní ag RTÉ Raidió na Gaeltachta agus tá na figiúirí ag seasamh dóibh féin. Tugtar €198 milliún le haghaidh seirbhís phoiblí craolacháin; ní thugtar é le haghaidh na gné tráchtála go bhfuil ar bun ag RTÉ. Tá go leor de RTÉ ann ar bhonn tráchtála agus go leor fógraí agus ioncam ag teacht as sin. An leithscéal atá againn leis an ollphá a íoctar le daoine áirithe ná go dtugann siad isteach an méid seo airgid. Níl mise ag comhaireamh an airgid tráchtála as an airgead a thugtar ar mhaithe le seirbhís chraolacháin, sé sin, €12 milliún do RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Sin an leithscéal atá ann nach féidir daoine nua a fhostú sa samhradh mar a dhéantar, mar shampla, ar RTÉ 1. Cinnte caithfear briseadh a thabhairt do dhaoine ach an gnáthrud a dhéantar in oifig nó in áit ar bith ná daoine eile a fháil ina n-áit.

Mr. Gearóid Mac Donncha

Ar fhaitíos míthuisceana, ní hé nach bhfuil aon nuacht ann i lár an lae. Bíonn leathuair an chloig nuachta againn ó 1 a chlog go dtí 1.30 p.m. Is é an díospóireacht ón am sin go dtí 2 a chlog nach mbíonn ann.

Tuigim ach is tú féin a leagan é sin. Léitear amach nuacht náisiúnta RTÉ, atá aistrithe go Gaeilge, agus ansin tá an nuacht áitiúil ann. Tógann sé sin go 1.30 p.m. agus níl clár feasachta nuachta i lár an lae so má tá scéal mór briste ar maidin níl aon phlé ann don chuid eile don lá seachas idir 5 agus 6 a chlog, agus ní dóigh liom go mbíonn an clár sin ann sa samhradh ach oiread.

Mr. Gearóid Mac Donncha

Bíonn sé sin againn sa samhradh.

Bíonn sé sin ann. Ceartaím mé féin faoi sin. Níl tada ann ó mhaidin.

Mr. Gearóid Mac Donncha

Tá na feasacháin nuachta ann. Sin an rud atá againn ó mhaidin.

Sea ach sin an méid atá ann. Tá nuacht RTÉ ach níl aon chíoradh á dhéanamh ar scéalta móra nuachta. Mar a deirim, go minic is spéisiúla i bhfad an plé a dhéantar ar Raidió na Gaeltachta ná ar RTÉ.

Mr. Gearóid Mac Donncha

Is maith liom é sin a chloisteáil. Go raibh maith agat.

Glaoim ar an Seanadóir Clifford-Lee.

Ms Niamh Ní Churnáin

Tá brón orm ach bhí ceist amháin eile ag an Teachta nár freagraíodh, maidir leis an raidió do dhaoine óga. Faoi láthair an rud atá againn do dhaoine óga ná clár beo trí huaire an chloig ar 2FM oíche Dé hAoine agus is í Bláthnaid Treacy a chuireann i láthair é. Tá comhpháirtíocht ar bun againn le Raidió Rí-Rá agus bíonn na cláir sin ar siúl ó oíche Dé Máirt go oíche De hAoine ó 8 go dtí 9 a chlog ar Raidió na Gaeltachta. Tá "Beo ar Éigean" againn mar phodchraoladh agus tá sé againn chomh maith mar chlár ar Radio 1. Bhí an BAI os comhair an choiste tamaillín ó shin. Tá taighde ar bun faoi láthair ag Foras na Gaeilge agus an BAI ag féachaint ar cad go díreach a theastaíonn ón aoisghrúpa sin mar sheirbhís raidió. Baineann sé sin le cad go díreach a bheadh ann ar dtús agus ansin cén saghas cur chuige a bheadh i gceist leis an tseirbhís. Táthar ag féachaint air sin faoi láthair. Ó thaobh RTÉ de ní bheadh sé ar chumas RTÉ seirbhís iomlán a chur ar bun faoi láthair mar níl sé d’acmhainn againn é a dhéanamh. Bheadh maoiniú ag teastáil chun aon rud mar sin a dhéanamh.

Tá sé d’acmhainn ag RTÉ stáisiún Béarla don óige a bheith aige. Tá muid ag caint ar chéad theanga oifigiúil an Stáit agus an teanga náisiúnta. Ní teanga an mhionlaigh atá ann agus caithfear é sin a choinneáil ar intinn i gcónaí agus sibh ag breathnú ar an reachtaíocht.

Ms Niamh Ní Churnáin

Ba bhreá linne a bheith ábalta níos mó a dhéanamh. Ba bhreá linn dá mbeadh níos mó de bhuiséad nó níos mó acmhainní againn ach caithfimid feidhmiú taobh istigh den mhéid atá againn agus an rud is fearr gur féidir linn déanamh leis sin.

Mr. Gearóid Mac Donncha

Tá obair ar siúl freisin ag coiste atá ag breathnú ar an gceist sin agus an staidéar atá á dhéanamh ag an BAI le Foras na Gaeilge, le go bhféadfaí breathnú ar na deiseanna atá ann chun a leithéid a dhéanamh.

Cén uair a bheadh sé sin déanta?

Ms Niamh Ní Churnáin

Níl siad ach tosaithe faoi láthair.

An bhfuil dáta tugtha?

Ms Niamh Ní Churnáin

Ní fheadar. Tá an comhlacht roghnaithe a bheidh i mbun an taighde ach sin a bhfuil ar eolas agam faoi láthair. Bunaíodh fochoiste taobh amuigh de choiste Gaolainne an BAI agus thug sé sin deis dúinn bualadh le daoine atá ag obair trí mheán na Gaeilge ar an raidió. Tá sé tar éis deiseanna a thabhairt dúinn ábhar a roinnt agus imeacht i gcomhpháirtíocht ar rudaí so tá deiseanna maith tagtha as.

Táim an-bhuíoch as an méid atá cloiste agam go dtí seo. Tá fáilte roimh na finnéithe go léir anseo chun na nithe tábhachtacha seo a phlé linn. Ar dtús báire, cathain a bheidh an t-athbhreithniú críochnaithe maidir leis an difríocht idir pá?

Ms Dee Forbes

That is commencing and it will probably take six months to complete. It is a very big survey across the entire organisation and all the grades so it will be at least six months.

Sé mhí ar a laghad nó sé mhí?

Ms Dee Forbes

From here.

Tá sé soiléir ón mbriseadh síos a fuaireamar go bhfuil fadhb ann maidir le cláir shiamsaíochta in RTÉ agus an Ghaeilge a chur sna cláir sin. An bhfuil an t-ard-stiúrthóir sásta coinníoll a chur i gconradh RTÉ do chláir theilifíse siamsaíochta go mbeadh an Ghaeilge tógtha san áireamh sna cláir sin i slí fhiúntach, mar shampla "First Dates Ireland" nó "Dancing with the Stars"? An mbeadh rannpháirtithe le Gaeilge ag glacadh páirt iontu agus ag úsáid na Gaeilge sna seónna sin?

Ms Dee Forbes

Our ambition is to try to normalise the language much more across the schedule. As opportunities come up we will look to do that. One example I can talk briefly about is "First Dates Ireland", which is a very popular show for younger adults on RTÉ 2. We have had Irish language couples on that show and it has gone down very well. We have dipped our toe in the water on some of these but we want to do more and the Senator can take it from me that there is a commitment to try to do more of that. Sometimes on days like St. Patrick’s Day or Seachtain na Gaeilge we make a big effort to be more integrated in terms of the Irish and the English. We have recently done a lot more on our continuity so we are doing-----

Seachas Seachtain na Gaeilge caithfidh RTÉ i bhfad níos mó a chur ar fáil go nádúrtha sna cláir sin.

Ms Dee Forbes

Absolutely. That is what we are aspiring to with shows like “First Dates Ireland", which is part of the mainstream schedule.

Caithfidh RTÉ an coinníoll sin a chur sna conarthaí leis na comhlachtaí forbartha sin.

Ms Dee Forbes

Correct. We did that and it is a requirement in terms of language, as is diversity, for example. As we are commissioning content there is much more emphasis on things like that. I am hopeful people will see more of that in the years to come.

An bhfuil an coinníoll sin sna conarthaí sin?

Ms Dee Forbes

It would not be in every contract because it may not be suitable for every single programme but there is a very big effort to ensure there is more Irish language content in mainstream content. Ms Ní Churnáin has been doing a great job with each of the genres. That is how we work within the organisation. We try to have as much Irish as possible across the genres and take a multi-genre approach. I think we are seeing the fruits of that coming through now, although there is more to do. I take that on board.

An bhfuil an t-ard-stiúrthóir sásta an coinníoll sin a chur i ngach aon chonradh?

Ms Dee Forbes

I think we have to be careful that we do not make it compulsory.

Ms Dee Forbes

Quite often the best-----

Sin an tslí is fearr chun an sprioc a bhaint amach.

Ms Dee Forbes

Possibly. So far-----

Tá sé cosúil leis na gender quotas and mar sin.

Ms Dee Forbes

-----best efforts are being made and we are seeing good results like that. I can take away the Senator’s point and consider it as a part of our commissioning process but with all these things we try to make it happen more naturally and then you get better results. With "First Dates Ireland", for example, that was deliberate on our part to begin with but now it is just part and parcel. We want to do more of that.

Níl tú sásta glacadh leis an aidhm sin agus an riachtanas sin.

Ms Dee Forbes

I will happily take the Senator’s point and consider it.

Cuirim fáilte roimh na finnéithe. Ós rud é go bhfuilimid tosaithe ar "First Dates Ireland", b’fhéidir go leanaimis leis ar feadh nóiméid nó dhó. Mar a luadh, is normalú ar an nGaolainn atá i gceist agus cén fáth nach mbeadh Gaolainn le cloisteáil ann?

Cad iad na héilimh a chuireann RTÉ ar chomhlachtaí agus é ag coimisiúnú cláir éagsúla don Ghaolainn? Cén t-éileamh atá orthu an Ghaolainn a chur ar fáil ar chláir chomh súil le “First Dates Ireland” nó “Dancing with the Stars” agus samplaí eile mar sin. Tuigim go raibh cúpla duine ann le Gaolainn acu agus go raibh píosa éigin Gaolainn le cloisteáil. Cé a spreag é sin? Arbh iad na cuideachtaí a chuir na cláir le chéile nó an é RTÉ ba chúis leis? An ndéanfaidh na finnéithe é sin a shoiléiriú?

Cén saghas sprice a bheadh in aigne againn a bhaint amach chun an Ghaolainn a normalú toisc go bhfuil sí fíor thábhachtach. Níor chóir go mbeadh sé ait in aon chor nuair a lastar an teilifís nó RTÉ ar an raidió go mbeifí ag súil le Gaolainn a chloisteáil air. Cén fáth nach mbeimis ag súil leis sin?

Tagraím don nuacht. Úsáideann RTÉ na hiriseoirí céanna chun cuid de na scéalta a chur le chéile. Déantar an t-agallamh céanna as Gaolainn agus Béarla. Tuigim go gcraoltar an t-agallamh as Béarla má úsáidtear é ar RTÉ News. Cén fáth nach mbeadh an t-agallamh as Gaolainn? Cad ina thaobh nach mbeimis ag súil go gcloisfimid Gaolainn ar an news agus subtitles in úsáid? Ní gá dúinn iachall a chur ar dhaoine a gcuid gnó a dhéanamh trí Bhéarla agus é sin á dhéanamh ag leagan amach íomhá dhifriúil ar fad os comhair an phobail sa mhéid is go bhfuil na Gaeilgeoirí sa Ghaeltacht ag caint as Béarla. Tá Gaolainn acu agus tabhair an deis dóibh é sin a chraoladh chomh maith. Cad ina thaobh ná bheadh sé le cloisteáil ann?

Tá spriocanna leagtha síos ag RTÉ agus tá figiúirí éagsúla ann: thart ar 100 uair do RTÉ, seacht n-uaire, nó mar sin, do RTÉ 2, 100 do RTÉjr, agus 550 do RTÉ News. Cén méid iomlán é sin? Cad é 100%? An bhfuilimid ag féachaint ar sciar mór nó beag? Cad é an méid iomlán? An féidir soiléireacht a thabhairt air sin, mar shampla? Conas a bhfuil a fhios ann go bhfuil an Ghaolainn sofheicthe nó go héasca le cloisteáil ar RTÉ? Cad é an sprioc atá leagtha síos chun é sin a shoiléiriú? An dtabharfaidh an finné aghaidh ar an gcúpla pointe sin ar dtús?

Ms Niamh Ní Churnáin

Díreach ó thaobh an “First Dates Ireland”, bhíos ag obair i gcláir Ghaeilge ag an am agus bhí an bhean a bhí ina bhfeighil ar “First Dates Ireland” suite in aice liom. Ní raibh bua an Ghaolainn aici. Rud a tharlaíonn go nádúrtha dúinn ar fad ná go bhfuil Gaeilge againn bímid ag maireachtáil trí shaol as Béarla. Bhí cailín ar date le fear agus chuaigh sí isteach sa leithreas. Nuair a bhí sí ann chuaigh sí ar a fón chun caint lena máthair as Gaolainn. Ghlaoigh an léiritheoir feidhmeach orm agus dúirt sí, “What is she saying?” Ba é sin an chéad uair a chonacthas an Ghaolainn ar “First Dates Ireland”. Cheapas gurb é an sampla is fearr de rud a bhí fíor agus is mar sin a mbíonn muid ag maireachtáil. Ba é sin an chéad uair agus tharla sé go nádúrtha.

An é sin le rá go raibh an Ghaolainn le cloisteáil toisc gur trí thimpiste nó go nádúrtha a tharla sé go gcloistear í nó an ndeachaigh RTÉ nó an chuideachta á cuardach?

Ms Niamh Ní Churnáin

Tá sé seo blianta ó shin mar bhíos ag obair i gcláir Ghaeilge nuair a tharla sé. Bhí sé mar ghné shonrach de phlean a chuireamar chun cinn go dtí an Coimisinéir Teanga go mbeadh níos mó Gaolainn le cloisteáil sna cláir Bhéarla. Thagair an Teachta do na saghasanna clár eile a mbeadh ann. Ba bhreá liom duine le Gaolainn a fheiceáil ar “Operation Transformation”. Baineann sé leis an rud céanna: feidhmíonn duine sa saol trí Bhéarla ach sa bhaile tá sé nó sí ag maireachtáil trí Ghaolainn. Is é sin a bheadh i gceist sa chlár. Téimse chun cainte leis na grúpaí cheannasaithe ar fad agus bím ag caint leis na léiritheoirí feidhmeacha. Bhí sé scríofa isteach san iarratas a chureann comhlacht léirithe amach, so bhí sé sin ann. Ní féidir liom ach an méid sin a dhéanamh. Níl cead agam a rá le léiritheoirí feidhmeacha go gcaithfidh siad duine as Gaolainn a bheith acu. An sprioc atá acusan ná an cúig scéal is fearr a phiocadh don tsraith. B'fhéidir go mbeadh duine éigin ann le Gaolainn, ach go minic, b’fhéidir nach mbeadh. Is dóigh liom an rud a chaithfimid níos mó a dhéanamh de ná é sin a chur chun cinn agus a chur ina luí ar dhaoine go dteastaíonn uainn daoine a bhfuil Gaolainn acu a fháil do na cláir seo mar ní dóigh liom go bhfuil sé i sícé an phobail faoi láthair go bhfuil sé sin amhlaidh. Sin obair domsa.

An gciallaíonn sé sin go bhfuil lucht RTÉ oscailte chun Gaolainn a úsáid-----

Ms Niamh Ní Churnáin

Cinnte.

-----ach níl siad chun a bheith gníomhach lena chinntiú go bhfuil sí ann?

Ms Niamh Ní Churnáin

Nó, bhíomar gníomhach sa chás sin. Tá sé curtha isteach in aon iarratas a théann amach don phobal. Bhí sé curtha amach san iarratas sin agus bhí sé curtha amach in iarratas le haghaidh "The Late Late Toy Show" ach tá daoine mall ag teacht chun cinn. Sin rud domsa. N'fheadar cad ba cheart dom a dhéanamh chun é sin a dhéanamh níos fearr. Glacfaidh mé le haon moltaí atá ag an gcoiste, ach is é sin atá déanta againn go dtí seo chun é sin a fheabhsú.

Mr. Gearóid Mac Donncha

An féidir liom teacht isteach air sin? Ba mhaith liom sampla a thabhairt den bhealach a theastaíonn uainn é sin a chur ina cheart ionas go gcloisfí níos mó Gaeilge ar chláir éagsúla. Nuair a thagann cláir chun cinn i ranna teilifíse, go háirid in RTÉ, déanaimid iarracht i Raidió na Gaeltachta cuid de na cláir sin a phoibliú, go háirithe nuair atá siad ag cuartú daoine. Mar shampla, dá mbeadh siad ag déanamh clár faoi chúrsaí faisin agus dá mbeidís ag cuartú daoine le bheith páirteach ann, dhéanfadh muidne mír ar cheann de na gclár nó b’fhéidir péire de na cláir atá againne atá ag labhairt go díreach le pobal na Gaeilge le ugach a thabhairt dóibh agus iad a bhrú i dtreo na gclár seo, bídís i mBéarla nó i nGaeilge. Táimid ag iarraidh an teachtaireacht a chur amach chomh fada leis na Gaeilgeoirí go bhfuil an deis ann dóibh ról a bheith acu sna cláir seo, bídís in mBéarla nó i nGaeilge. Is próiseas earcaíochta atá ann, i ndáiríre, nuair a bhíonn tú ag cuartú daoine atá in ann dul ar chláir theilifíse agus atá in ann a bheith gníomhach sna cláir teilifíse sin. Tá go leor bealaí gur féidir linn é sin a bhrú chun cinn níos faide. Sin díreach sampla amháin den chaoi a bhfuilimid ag iarraidh Gaeilgeoirí a bhrú chun cinn sna háiteachaí sin.

Mr. Joe Reddington

An féidir liom teacht isteach ar an méid a dúirt an Teachta faoi chúrsaí nuachta? Bheadh fáilte roimh shleachta i nGaeilge ar an nuacht i mBéarla. Níl aon drogall ann i ndáiríre. An rud atá ann faoi láthair, sílim, is ea nós oibre agus gnás oibre, go bhfuil súil ann go mbeidh agallamh i mBéarla ar an news agus agallamh i nGaeilge ar an nuacht. Ní tharlaíonn sé minic go leor ach tarlaíonn sé, agus an sampla is mó a ritheann liom ná agallamh faoi aslonnú Aerfort Chabúl cúpla mí ó shin. Ba í an Ghaeilge a labhair an chéad Éireannach as sin. Labhair sí i dtosach báire le RTÉ Raidió na Gaeltachta agus ansin bhí sí le feiceáil ar "Nuacht TG4" agus bhí sí i nGaeilge arís ar an nine o'clock news. Níl aon drogall roimhe sin. Tabharfaidh mé seo ar ais agus pléfimid é. Sílim gur cheart breathnú ar an gnás oibre atá ann ag iriseoirí i gcónaí a bheith ag cuartú an leagain Bhéarla ó dhuine a bhfuil Béarla aige nó aici go hiondúil. Is féidir linn breathnú ar sin.

Tá nós ann go ndéantar agallamh i mBéarla chomh maith ionas go n-úsáidfear é ag RTÉ. Ba chóir an nós a bhunú i RTÉ gur féidir glacadh leis an agallamh céanna.

Maidir le mo cheist faoi líon iomlán na n-uaireanta, rinneadh tagairt do thart ar 600 nó 700 uair an chloig. Cad é líon iomlán na n-uaireanta nó an bhfuil muid ag féachaint ar sciar an-bheag, measartha nó mór?

Mar shampla, luadh thart ar 100 uair an chloig do RTÉ, thart ar 70 uair an chloig mar sprioc do RTÉ 2, 100 uair an chloig do RTÉjr, agus 550 uair an chloig do-----

Ms Niamh Ní Churnáin

Sin an méid a bhí againn do 2020 agus bhí an méid sin ag ardú go leanúnach sa phlean trí bliana.

Cad é an figiúr iomlán? An bhfuil sé 550 uair as 1,000 nó 10,000 uair an chloig?

Ms Niamh Ní Churnáin

Cé mhéad uair an chloig atá ag RTÉ san iomlán?

Is ea. Nuair a leagtar síos sprioc i gcomhair na Gaolainne, an bhfuil sprioc an-íseal nó an-ard á leagan síos? Cé chomh mór nó beag atá 550 uair an chloig?

Ms Niamh Ní Churnáin

Baineann an t-aon fhigiúr atá agam le 2017. Ba é an méid a bhí i dtuarascáil an Choimisinéara Teanga. Bhí níos mó ná 18,000 uair an chloig as Béarla.

Mar sin tá thart ar 600 uair an chloig as 18,000 uair an chloig. An bhfuil sé sin chun normalú a dhéanamh ar an nGaeilge?

Ms Niamh Ní Churnáin

Ní dóigh liom é.

Cén saghas sprice a leagfadh RTÉ síos chun an Ghaeilge a normalú?

Ms Dee Forbes

That is something which we are evaluating at present. The way the obligations are set out in the Broadcasting Act is that the wording is a comprehensive amount of programming in the Irish language. That is what we have to come to, working with the Coimisinéir Teanga and the Broadcasting Authority of Ireland on that. This has been the first time in the Coimisinéir Teanga’s report that we have looked at the detail in this detail. As we mentioned earlier, our three-year plan is under way at present. That will go to the Coimisinéir Teanga in November. We have to work together to come to a place as to what is the right number because there is no magic number. I appreciate we have to do more and we want to do more, but how do we it? That is what we are working on.

Gabhaim leithscéal as a bheith beagáinín déanach. Tairgim don cheist faoi Raidió na Gaeltachta agus an fhoireann nuachta i mBaile na nGall. Is é an meán cumarsáide is minice a mbím ag déileáil leis. Déanann an fhoireann an-jab ar fad agus chríochnaigh an craoltóir, Jackie Mac Gearailt, an tseachtain seo caite agus guím gach rath air.

An bhfuil sé ceart smaoineamh anois ar Raidió na Gaeltachta a bheith neamhspleách ar RTÉ? An dtuigeann bord bainistíochta RTÉ an ról craolacháin agus an tseirbhís phoiblí a sholáthraíonn Raidió na Gaeltachta? An gceapann na finnéithe go bhfuil dóthain foirne i Raidió na Gaeltachta chun freastail ar sceideal 2024 agus gach lá den tseachtain a chuirtear an tseirbhís ar fáil? An bhfuil an trealamh agus na hacmhainní riachtanach eile ar fáil do Raidió na Gaeltachta chun a chuid oibre a dhéanamh mar is ceart? Déantar an-jab ann ach ceapann a lán daoine nach bhfuil dóthain acmhainní ag Raidió na Gaeltachta agus go bhfuil níos mó ag teastáil uaidh.

Ms Dee Forbes

In terms of the overall organisation, it is fair to say we have some issues with resources across the board. We have been on a headcount reduction for a number of years to reduce costs. It is not easy in the current climate. As the Deputy knows, our funding has reduced significantly in the past ten years. We are down €100 million in revenue compared with before. Therefore, the organisation has had to do things differently. We have had to reduce staff numbers, and that is across the board. It is likewise with resourcing. There are a number of areas in the organisation where, if I could, I would add resources but I cannot at present.

On the question of whether Raidió na Gaeltachta should be independent from RTÉ, that is probably not for me to say. I would hope Raidió na Gaeltachta benefits from being part of the wider RTÉ organisation, and I will ask Gearóid Mac Donncha to elaborate on that. There are a number of aspects, whether they be access to stories or resources, that perhaps might not be possible if it was not part of the wider organisation.

Mr. Gearóid Mac Donncha

Díreach faoin neamhspleáchas, is é an buntáiste is mó a bhaineann le bheith mar chuid de RTÉ ná go bhfuilimid i ngréasán i bhfad níos mó. Ciallaíonn sé seo go bhfuil fáil againn ar na hacmhainní a chuirtear ar fáil do RTÉ, mar shampla, stiúideonna atá ar fáil in áiteanna éagsúla, an teicneolaíocht agus an dul chun cinn atá á dhéanamh ó thaobh na teicneolaíochta de. Toisc go bhfuil siad seo á mbrú chun cinn in RTÉ, táimid in ann leas a bhaint as sin i Raidió na Gaeltachta. Sampla an-mhaith de seo is ea an córas Tieline. Bíonn tú ag úsáid Tieline agus tú ag caint leis na leads atá thíos i mBaile na nGall. Tá sé sin tar éis athrú mór millteach a dhéanamh ar an gcóras craoltóireachta atá againne. De réir mar atá an integrated services digital network, ISDN, ag imeacht as, táimid ag dul i dtreo an internet protocol, IP, agus i dtreo Tieline a bheith ar fáil dúinn.

Thosaigh úsáid Tieline i Raidió na Gaeltachta.

Mr. Gearóid Mac Donncha

Go díreach. Ba iad Don Mullane agus Brian Nammock a bhrúigh é sin chun cinn. Tharla sé sin taobh istigh den obair ar fad atá ag tarlú in RTÉ agus táimid ag baint leasa as sin. Tá rudaí go leor taobh istigh d’eagraíocht RTÉ go bhfuil muidne i Raidió na Gaeltachta ag baint leasa astu, ar nós an rannóg dlí, an córas acmhainní daonna agus na rudaí eile atá baint acu le comhlachtaí móra. Dá mbeimis neamhspleách, bheadh costas an-mhór ag baint leis na rudaí sin a bheith againn féin.

Ó thaobh cúrsaí trealamh a luadh níos luaithe, tá deacrachtaí ann le trealamh. Tá go leor trealaimh, ní hamháin i Raidió na Gaeltachta ach in RTÉ ar fad, atá á choinneáil le chéile le Sellotape. Tá infheistíocht á theastáil sa trealamh in áiteachaí go leor. Dá mbeadh mise in ann airgead a chaitheamh ar níos mó trealaimh, dhéanfainn amárach é.

Ó thaobh cúrsaí foirne de, cinnte níl aon áit sa tír ná aon eagraíocht sna meáin nár mhaith leo a thuilleadh daoine. Ba bhreá liom dá mbeadh tuilleadh clár á reáchtáil agus tuilleadh foirne ar fáil do Raidió na Gaeltachta le go bhféadfaí an craoladh a bhrú chun cinn a oiread agus is féidir. Luaigh an Teachta Jackie Mac Gearailt a d’imigh níos luaithe i mbliana. D’imigh roinnt mhaith as Raidió na Gaeltachta i mbliana, go leor daoine maithe a d’imigh ar bhealaí éagsúla. Faraor, duine amháin ab ea Bríd Ní Chualáin - go ndéana Dia grásta uirthi - agus bhásaigh sí níos luaithe i mbliana. Ach tá daoine eile ag teacht isteach san eagraíocht freisin dá bharr. Sin ceann de na dúshláin mhóra atá romhainn as seo go ceann roinnt blianta: ní hamháin daoine a thabhairt isteach san eagraíocht a bhfuil togha na Gaeilge acu ach craoltóirí agus iriseoirí a thabhairt isteach san eagraíocht atá in ann an tseirbhís a bhrú chun cinn. Táimid ag brath ar chuile dhuine beo atá istigh san áit faoi láthair le gur féidir an tseirbhís is fearr a chur ar fáil don phobal.

An bhféadfaí teacht ar rud? An rud atá i gceist agam, agus is dóigh go gcaithfimid mar choiste é seo a mholadh ar an gcoiste, ná go mbeadh Raidió na Gaeltachta fós mar chuid de RTÉ ach go leagfaí síos ón lár cé mhéad airgead a chaithfeadh RTÉ a chur ar fáil, agus is féidir leis an Rialtas reachtaíocht a thabhairt isteach ina leith más gá. D’fhéadfadh an Rialtas a rá go bhfuil €15 milliún ann in aghaidh na bliana and that is it - tough luck. Rinne mé é sin le hÚdarás na Gaeltachta le rudaí áirithe agus d'oibrigh sé thar cinn ar fad. B'fhéidir gurb é sin an rud ceart a dhéanamh. Beidh mise ag moladh é sin nuair atáimid ag cur tuarascáil le chéile.

Beidh mé ag moladh freisin go gcuirfí socrú TG4-RTÉ bunoscionn, is é sin go dtabharfaí an t-airgead go TG4 le branda TG4 a chur ar an nuacht agus “7 Lá” agus go mbeidh sé ar fáil do RTÉ, agus go mbeadh an córas ar fad droim ar ais ón gcóras atá ann i láthair na huaire. Beidh mé ag moladh an dá rud sin nuair a thiocfaidh an t-am.

Dúirt an Teachta é sin cheana féin. Glaoim ar an Seanadóir Ward agus ansin an Teachta McHugh ina dhiaidh.

Gabhaim leithscéal as a bheith beagáinín déanach. Bhí orm dul go dtí an Seanad ach bhí mé ag éisteacht agus mé san oifig. Tá ceist agam faoi fhógraíocht go bhfuil súil agam gur féidir liom cur ar na finnéithe. Is dócha go dtagann se faoi ghné a bhaineann le cláir Ghaeilge. Nuair atáimid ag labhairt faoin bhfógraíocht ar RTÉ agus go háirithe ar TG4, níl aon fhógraíocht, chomh fada agus atá a fhios agam, trí Ghaeilge. Tuigim an fáth go bhfuil sé seo fíor: toisc b'fhéidir nár mhaith leis na daoine atá ag cur na fógraí sin ar an teilifís iad sin a dhéanamh trí Ghaeilge. Tuigim é sin agus cén fáth.

Ag an am céanna, ó thaobh cultúr de, agus muid ag labhairt faoi TG4 agus an tábhacht a bhaineann leis an gcultúr leis, tagann na fógraí sin ní hamháin i mBéarla ach ón mBreatain nó ó thíortha eile agus gan aon athrú déanta orthu don lucht féachana in Éirinn. Tá na fógraí ag teacht anseo agus ní bheadh a fhios ag duine más ag breathnú ar TG4 atáthar go raibh an duine i Londain, Baile Átha Cliath nó Dún na nGall. An dóigh lenár n-aíonna go bhfuil fadhb leis sin, agus más é sin an cás, cad is féidir linn a dhéanamh faoi? An bhfuil seans againn athrú beag a dhéanamh ar an bhfógraíocht chun blas Éireannach nó blas Gaelach a chur air?

Ms Dee Forbes

I will answer that question for the Senator. First of all, the decision as to what language the ads are made in is down to the client, whether it is Bus Éireann or Procter & Gamble. They make that decision. From watching TG4, there are some ads in Irish but we receive very few requests to air ads in Irish on RTÉ. It is completely down to the brand or the company itself to decide what they want to do. Quite often, particularly in the Irish market, advertisers are probably faced or forced to take what is coming in from other markets because the cost of creating another ad is prohibitive for a market as small as here. This is a question for the marketing community and what they can and cannot do in this space, but there are very few brands which create specific Irish language ads at this time.

Gabhaim buíochas agus tuigim an méid atá ráite ag Dee Forbes agus an fáth go bhfuil sé fíor nár mhaith le comhlacht fógra a dhéanamh trí Ghaeilge. Tuigim freisin go bhfuil sé deacair do chomhlacht atá i Londain fógra a dhéanamh don mhargadh atá anseo in Éirinn. Ag an am céanna, ámh, dúirt Dee Forbes gur leis an gcomhlacht nó leis an advertiser an cinneadh sin a dhéanamh ach nach bhfuil ról nó spás ann do RTÉ nó do TG4, don teilifís nó don raidió anseo, rud éigin a dhéanamh faoi sin? An bhfuil spás ann dúinne a rá leis na comhlachtaí sin gur cheart dóibh rud éigin a dhéanamh maidir le fógraí a dhéanamh d’Éirinn amháin? Ní ceart dúinn a bheith i gcónaí ag breathnú ar an teilifís in Éirinn agus gach rud atá le feiceáil ann a bheith déanta le haghaidh margadh sa Bhreatain nó do mhargadh áit éigin eile. Nach bhfuil rud éigin gur féidir le RTÉ a dhéanamh chun é sin athrú, fiú amháin más rud é go bhfuil an ceart ag na comhlachtaí an fhógraíocht a dhéanamh acu féin? Nár cheart dúinn rud éigin a rá leo ar aon nós chun é sin a athrú?

Ms Dee Forbes

I am not sure if it is our role. I hear exactly what the Senator is saying and I sometimes share his frustration in seeing ads that are perhaps not unique for this market, but I also understand, as I used to have a marketing background, the challenges companies are faced with. It is something our advertising sales team regularly speaks to clients about. I am very happy for them to pose the question, investigate and ask if ads are available in Irish and if there is any interest in that, we can just see what is there. It is probably down to pressure on budgets from those organisations but I am very happy to talk to the ad sales team about it to see if we can at least canvas the market to see what the opinions are.

Chun a bheith soiléir, níl mé ag labhairt amháin faoi fhógraíocht trí Ghaeilge ach fógraíocht a bheith ann le duine atá ag labhairt le blas Éireannach. Maidir leis an bhfógraíocht atá ar siúl as Béarla ó thaobh cultúir de, tá gach rud atá déanta ag teacht ón mBreatain, ó Shasana nó ó áit éigin mar sin. Gabhaim buíochas leis an bhfinné.

Aontaím leis an Seanadóir. Is é ceann de na fógraí is cáiliúla ná an ceann "Tá siad ag teacht". Tá ceithre fhocal i gceist. Thuig gach duine é, i Meiriceá agus i ngach áit eile. Bhí sé chomh simplí sin agus ní dhearnadh aon dochar don bhranda agus tá sé fós ann. Tá a lán comhlachtaí Éireannacha ann agus comhlachtaí Stáit a dhéanann fógraí go huile is go hiomlán-----

Is cinnte an méid sin.

-----trí Ghaeilge agus níl an ról nó an dualgas go hiomlán ar RTÉ. Tá an dualgas orainn san Oireachtas agus is é sin roinnt den phlé a bheidh ar siúl againn faoi Bhille na dTeangacha Oifigiúla. Beidh athruithe ag teacht leis agus beidh RTÉ ag déileáil leo sula i bhfad. Ba chóir go mbeimid in ann ar fad, foireann RTÉ san áireamh, iarracht, moladh nó brú a chur orthu siúd atá ag déanamh fógraíochta linn a mhealladh i dtreo fógraíocht le Gaeilge nó le blas Gaeilge nó Éireannach de shórt éigin, más gá. Ní féidir linn iad a dhíriú, mar a dúirt Dee Forbes, faoin bhfógraíocht ann féin atá déanta acu ach is féidir linn sórt molta a thabhairt dóibh.

Anois, tá triúr eile agus trí cheist eile le cur anois. Ligfidh mé don Seanadóir McHugh agus ansin beidh an Seanadóir Clifford-Lee agus an Teachta Aindrias Ó Muineacháin ag iarraidh teacht isteach ina dhiaidh sin.

Gabhaim buíochas as mo cheapachán úr mar Sheanadóir. Táim sásta leis sin. Níl brú ar bith orm anois agus gabhaim buíochas as sin freisin. Fearaim fáilte roimh achan duine go dtí an coiste inniu. Tá brón orm nach raibh mé ag an gcruinniú ón tús agus tá brón orm fosta má théimid trasna na rudaí céanna.

Tá cúpla ceist agam. Táim ag smaoineamh faoin duine gan Ghaeilge agus atá i gceist aige nó aici dul ar ais chun foghlaim nó athfhoghlaim na Gaeilge a dhéanamh. An bhfuil aon bhealach isteach fá choinne an duine sin, mar shampla, le ceachtanna a bheadh ina chuidiú nó cabhrú ar an teilifís, mar shampla, agus le clár chun cuidiú nó aire a thabhairt do na daoine atá ag smaoineamh dul ar ais go dtí an Ghaeilge? B’fhéidir go bhfuil RTÉ ag déanamh amhlaidh mar ní bhím ag féachaint ar an teilifís go rómhinic. Táim ag smaoineamh ar an gcuidiú a bhí i gceist trí Covid-19 ó RTÉ ar nós an clár faoi homeschooling. Gabhaim mo bhuíochas le hachan duine a ghlac páirt leis sin agus na daoine sa chúlra fosta. B’fhéidir, agus muid ag teacht amach as Covid, go mbeadh rud éigin ar an mbealach céanna i gceist do na daoine ar an Idirlíon, ní hamháin na daoine óga ach na daoine aosta fosta.

Is iad sin an cúpla ceist a bhí agam agus is é an chéad cheist arís atá agam arís ná an bhfuil aon smaointe nó tuairimí ag RTÉ faoi cheachtanna nó chuidiú leis na daoine atá ag iarraidh tacaíocht foghlama nó athfhoghlama na Gaeilge?

Ms Niamh Ní Churnáin

Tá an ceart ag an Teachta faoin gclár "Home School Hub". Bhí 30% de as Gaeilge agus rinneadar iarracht an-mhór an Ghaeilge a bheith fite fuaite sa chlár agus rinneadar an-jab.

Bhí rud eile againn do dhaltaí meánscoile i gclár staidéir a bhí ar siúl ar an raidió níos luaithe i mbliana ar feadh trí mhí agus bhí sé sin á chur i láthair ag Bláthnaid Treacy.

Is é an rud a rinneamar do dhaoine a dteastaíonn uathu an teanga a fhoghlaim ná gur cheannaíomar na cearta do "Turas Teanga" arís. Is sraith 20 clár atá ann d'aon duine a dteastaíonn uaidh nó uaithi an Ghaeilge a fhoghlaim. Tá sé sin ar fáil anois. Bhí rud ar leith déanta againn ar shuíomh www.rte.ie do dhaoine a dteastaíonn uathu an Ghaeilge a fhoghlaim, agus bhí rudaí ar nós "Leagan Cainte" ó Raidió na Gaeltachta. Is clár iontach é sin do dhaoine a dteastaíonn uathu cur leis an bhfoclaíocht Ghaeilge atá acu.

Is rud ar leith é agus ba bhreá liom a bheith ábalta sraith nua a chur i bhfeidhm, mar cé go bhfuil "Turas Teanga" againn agus ar fáil, tá sé críochnaithe anois agus tá 17 mbliana caite anois ó rinneadh é. Tá sé in am do shraith nua agus ba bhreá linn é a dhéanamh.

An bhfuil aon cheist eile ag an Teachta?

Níl agus gabhaim buíochas lenár n-aíonna faoi na freagraí sin agus leis an gCathaoirleach freisin.

Glaoim ar an Seanadóir Clifford-Lee anois.

Tá ceist bheag amháin eile agam. Ba mhaith liom teacht ar ais go dtí an clár "First Dates Ireland". Táim díreach tar éis a fháil amach nach raibh cúpla nó beirt le Gaeilge le chéile ar coinne ar "First Dates Ireland" riamh. Bhí duine amháin le Gaeilge ar coinne ach ní raibh aon Ghaeilge ag an duine eile agus bhí sé sin seafóideach, i ndáiríre. Tá roinnt daoine sna coláistí tríú leibhéal le hardchaighdeán Gaeilge agus bheadh siad sásta páirt a ghlacadh sa seó sin. Mura gcuirtear an sprioc sin sa chonradh, bheadh sé deacair an aidhm sin a bhaint amach. Tá sé cosúil leis na gender quotas atá againn faoi láthair. An bhfuil RTÉ sásta glacadh leis an riachtanas seo as seo amach?

Ms Dee Forbes

As I said already, I am very happy to take the Senator’s suggestion away to see how we can improve on what we are doing. My apologies if I said that there was a couple on the show as I misunderstood that. We very much want to normalise Irish within the main content on RTÉ. We have to concentrate on the best way of doing that. As mentioned by my colleague, Ms Ní Churnáin, to date it has happened very naturally among programming teams. I am happy to take this idea away and look at how we can get more results more quickly, as pointed out by the Senator.

Tá cúpla ceist agam chun leanúint ar an ábhar céanna. Maidir leis na hagallaimh i gcomhair na nuachta agus go mbeadh na hiriseoirí a ndéanamh sin ar son TG4, nó á dhéanamh as Gaeilge agus ag freastal ar an gcainéal Béarla, cad é an scéal mar gheall ar iriseoirí a bheadh ag freastal de ghnáth ar RTÉ? An mbíonn siad sin nó an bhfuil deis acu freastal ar TG4 chomh maith? An bhfuil RTÉ sa tóir ina leith sin? An lorgaíonn RTÉ iriseoirí le Gaeilge i gcomhair na nuachta, “Prime Time” agus mar sin de, chun go mbeidís ábalta agallamh a sheoladh isteach ar TG4 agus a leithéid? Is é sin i dtreo is nach one-way-traffic a bheadh ansin, go mbeadh níos mó ná sin ann agus, gan dabht, thabharfadh sé sin deis d’iriseoirí le Gaeilge chomh maith. An bhfuil iriseoirí le Gaeilge á bhfostú ag RTÉ i gcomhair nuacht RTÉ, "Prime Time" agus a leithéid?

Maidir leis an gclár "First Dates Ireland", tuigimid go raibh daoine le Gaeilge ann. Tugadh soiléiriú ar an gceist seo sa mhéid is nach raibh cúpla ar coinne trí Ghaeilge ar an gclár. Is é seo an saghas rud a bheifí ag lorg chun normalú a dhéanamh ar úsáid na teanga. Ba mhaith liom go ndéanfaí é sin a chinntiú.

Beag beann ar "First Dates Ireland", tá a lán clár eile ann. Ní hé sin an sórt clár a bhreathnaím air.

Mr. Joe Reddington

Tá dhá rud i gceist anseo. Tá ábhar á chur ar fáil i nGaeilge ag iriseoirí RTÉ do RTÉ agus do TG4. Is nós seanbhunaithe é, ó thaobh agallaimh Gaeilge de, go mbailíonn iriseoirí uilig RTÉ ábhar i nGaeilge don tseirbhís nuachta nuair atá duine os a gcomhair agus Gaeilge acu. Tá sé sin ag tarlú le roinnt blianta agus tá sé ag dul i dtreis.

Níl líon na n-iriseoirí a bhfuil Gaeilge acu agus a bhfuil sé d'acmhainn iontu craoladh i nGaeilge chomh mór is ba mhaith linne, ach táimid ag breathnú faoi láthair ar an gceist seo a chur san áireamh nuair a bheidh tuilleadh earcaíochta ar bun againn. Táimid ag breathnú ar bhealach inar féidir linn an Ghaeilge a chur isteach mar cheann de na critéir ionas go mbeadh sé d’acmhainn ag níos mó den fhoireann soláthar a dhéanamh ar na seirbhísí nuachta uilig, Béarla agus Gaeilge. Cuirim i gcás-----

An é sin le rá go bhfuil sé ann faoi láthair trí thimpiste nó b’fhéidir mar bhónas agus nár lorg RTÉ a leithéid le tamall? Cathain a bheidh an eagraíocht ag cinntiú go mbeidh sé ina sprioc nó mar cheann de na riachtanais ag an tseirbhís?

Mr. Joe Reddington

Níl mé in ann freagra cruinn a thabhairt air sin ach tá sé idir lámha againn faoi láthair mar chritéir agus táimid ag breathnú air é sin a bheith ann. Is dócha go ndearnadh earcaíocht thar na blianta don tseirbhís nuachta agus, ar ndóigh, an Ghaeilge i gcroí na hearcaíochta sin agus nach raibh an bhéim chomh láidir céanna ar an gcuid eile den tseirbhís. Tá daoine le Gaeilge in RTÉ atá in ann craoladh i mBéarla agus i nGaeilge freisin agus tá siad sásta é sin a dhéanamh. Cuirim i gcás Béal Feirste, is Gaeilgeoirí iad beirt as an triúr atá ann. Tá bealaí ann, mar a deir an Teachta, leis an bhfoireann a neartú ó thaobh acmhainn agus cumas na Gaeilge atá iontu. Táimid ag breathnú air sin agus á phlé againn faoi láthair.

Tarlaíonn sé ó thráth go chéile. Cuirtear glaoch ar dhuine agus cuirtear ceamara amach chuig an duine agus scaití iarrfar ar an duine an rud a rá leis an bhfear ceamara, ní leis an tuairisceoir, i nGaeilge agus i mBéarla. Chonaic mé é agus tharla sé dom féin nuair a tháinig daoine atá ag obair do TG4, agus Gaeilge ar fáil acu, amach chugam. Ní fhaca mé a mhalairt ag tarlú riamh - níor fhiafraigh duine as an máthair-chomhlacht a bhí ag obair don nuacht Bhéarla díom an fhéadfainn mo chuid a rá don cheamara i nGaeilge. Níl sé ag oibriú go cothrom fiú sa ghné sin. Tarlaíonn sé minic go leor go gcuirtear ceamara ag duine agus bíonn na ceisteanna ag an té a bhfuil an ceamara aige nó aici ach níl aon tuairisceoir ann. Is minic a chuirtear an cheist ar an duine an rud a dúradh sa Ghaeilge a rá i mBéarla le haghaidh na nuachta i mBéarla ach ní dhéantar a mhalairt riamh. Dá mbeadh agallamh á dhéanamh go príomha i mBéarla, ní chuirfí ceist ar dhuine é sin a rá i nGaeilge.

Mr. Joe Reddington

Tarlaíonn sé sin go laethúil.

Níor tharla sé domsa. Ní hé gur duine mé nach ndearna agallamh riamh le comhlacht RTÉ.

Mr. Joe Reddington

Tuigim é sin ach bíonn sé sin ag tarlú. Táimid ag súil leis go mbeidh sé ag tarlú níos minice. Tá sé ag dul i dtreis mar nós.

Mr. Gearóid Mac Donncha

Díreach mar phointe, tá acmhainn ar fáil againn i measc na ndaoine a bhíonn plé leis an mBéarla níos mó ná leis an nGaeilge. Ní bhaineann sé seo le cúrsaí teilifíse amháin ach an oiread mar feicimid i Raidió na Gaeltachta go gcruthaíonn sé deiseanna dúinne freisin. Tabharfaidh mé cúpla sampla d'iriseoirí atá ag obair trí Bhéarla go hiondúil ach a bhfuil togha na Gaeilge acu mar is minic a bhíonn siad ar Raidió na Gaeltachta. Is sampla maith é Joe Mag Raollaigh atá ag plé la cláir Bhéarla - cuireann sé "Tús Áite" i láthair go minic ar Raidió na Gaeltachta ó 5 p.m. go dtí 6 p.m. Is iontach an deis dó é mar is deis forbartha é, chomh maith le chuile shórt eile. Bíonn a leithéidí Órla O'Donnell againn chomh maith réasúnta minic. Bíonn eagraí ealaíne RTÉ, Sinéad Crowley, linn an-mhinic ar Raidió na Gaeltachta. Mar sin, tá an deis ann do dhaoine a bhíonn ag plé leis an mBéarla go hiondúil píosaí a dhéanamh i nGaeilge linn ar Raidió na Gaeltachta. Is mór an cúnamh é sin dúinne.

Is iad sin na ceisteanna ar fad seachas na cinn atá agam féin. D'ardaigh daoine eile roinnt acu siúd roimhe seo. Tá ceist amháin agam ó thaobh ghaelú an eagrais féin. Go hinmheánach, an bhfuil deiseanna ag an bhfoireann, agus ní díreach ag foireann na nuachta ach ag an gnáthfhoireann agus ag fostaithe in RTÉ, teacht ar an nGaeilge nó í a fhoghlaim?

An bhfuil straitéis ann chun cuidiú le daoine atá san eagras?

Ms Niamh Ní Churnáin

Tá roinn foghlama ann agus bíonn ranganna Gaelainne ann go seachtainiúil. Tá dhá rang difriúil ann. Tá rang ann do dhaoine a bhfuil roinnt Ghaelainne acu agus rang eile do dhaoine a theastaíonn uathu í a fhoghlaim ó thús.

An bhfuil mórán daoine ag freastal orthu? Níl mé ag lorg na hainmneacha ar fad.

Ms Niamh Ní Churnáin

N'fheadar. Gheobhaidh mé amach don Chathaoirleach.

Bíonn ranganna anseo agus bíonn ag éirí go maith leo fad agus atá siad ar fáil.

Ms Niamh Ní Churnáin

Bhí sé deacair le bliain go leith anuas ar Zoom agus le rudaí mar sin. Bhí gach aon rud deacair le bliain go leith anuas ach le cúnamh Dé beimid ábalta imeacht isteach i seomra le chéile. Tá sé i bhfad níos nádúrtha a bheith ag foghlaim agus daoine a bheith timpeall ort.

Bhí ceisteanna eile agam mar gheall ar an tuarastal agus a leithéid agus tá an freagra tugtha ag na finnéithe do sin. Measaim go bhfuil difríocht de €13,000 sa bhliain idir an ghrád clár reachtaire 11 agus an radio producer ag grád 11. Tá súil agam go n-éireoidh le RTÉ déileáil leis sin. Tá sé seafóideach go bhfuil 167 grád ann. Tá súil agam go n-oibríonn sé go mbeidh RTÉ ag tabhairt daoine suas seachas síos go dtí an leibhéal sin. Cosnóidh sé níos mó ach beidh foireann níos sásta ag RTÉ dá réir.

Tá ceist agam maidir le hacmhainní "Nuacht a hAon", go háirithe na foirne agus na criúnna i mBaile Átha Cliath. Nuair a ardaíodh an ceist seo le linn an tsamhraidh, dúradh nach raibh go leor clúdach ann agus luadh na fadhbanna i mBéal Feirste. Go minic ní bhíonn criúnna ar fáil má théann daoine lasmuigh de Bhéal Feirste. Tá a fhios agam go raibh athruithe ag tarlú.

Mr. Joe Reddington

Rinneamar leasú agus athrú ar an gcaoi a cuirimid an soláthar criú ar fáil. Bhí roinnt plé faoi sin sna meáin agus tháinig sé aníos ag an seisiún deireanach den choiste seo. An rud is fearr dúinn a dhéanamh ná breathnú ar an freastal atáimid ag déanamh ar an lucht faire. Tá ag éirí linn gach rud atáimid ag iarraidh a dhéanamh ó thaobh scéalta a chlúdach. Tar éis an athraithe sin a chur i bhfeidhm, feidhmíonn gach rud mar a d'fheidhmigh sé nuair a bhíonn an socrú eile in áit. Níl aon athrú, titim nó caolú tagtha ar an tseirbhís ná ar an gcumas atá ag daoine an tseirbhís sin a chur ar fáil. Bhí sé tábhachtach go ndéanfadh muid athruithe maidir le spáráil agus sineirge a aimsiú agus a chur i bhfeidhm. Tá sé de dhualgas orainn é sin a dhéanamh mar táimid maoinithe ag an bpobal but tá mé an-sásta go bhfuilimid ag coinneáil an caighdeán seirbhíse agus freastail mar a bhí roimhe seo. Mar a dúirt muid riamh cheana, déanaimid athbhreithniú i gcónaí ar an gcaoi a dhéanaimid ár gcuid oibre. An rud is tábhachtaí ná an freastal sin atáimid ag déanamh ar an bpobal seachas díreach an modh oibre atá againn féin ina leith sin.

Mar shampla, an bhfuil criú d'iriseoirí TG4 nó "Nuacht RTÉ" ar fáil i mBéal Feirste?

Mr. Joe Reddington

Roinneann siad an criú le foireann RTÉ, agus is féidir linn criúnna eile a fháil le haghaidh scéalta eile má tá siad ag iarraidh scéal éigint eile a dhéanamh. Tá sé sin ann i gcónaí.

Níl a criú féin ag an láthair sin.

Mr. Joe Reddington

Ní bhíonn go laethúil ach sa chás go mbeadh dhá scéal éagsúla ó dhá shuíomh i gcúige Uladh ann, is féidir linn an criú eile a fháil agus a chur ar acmhainn an scéal a dhéanamh, taobh amuigh de Bhéal Feirste cur i gcás.

An bhfuil sé sin mar an céanna ó thaobh Bhaile Átha Cliath, nó pé áit sa tír, de? Má tá criúnna gafa le scéalta nuachta i mBéarla, an bhfuil criú ar fáil do nuacht RTÉ?

Mr. Joe Reddington

An gnáthshocrú atá ann ná go bhfuil roinnt den gcriú agus den fhoireann nuachta ar fáil i rith na seachtaine agus go bhfuil roinnt den chriú ar fáil ag na hiriseoirí i mBaile Átha Cliath ag an deireadh seachtaine. Is é an roinnt céanna é ó thaobh líon daoine. Má tá rudaí ar leith ag tarlú, cuirimid criú sa bhreis ar fáil freisin. Níl aon chosc ar criúnna a chur ar fáil go sonrach do scéalta áirithe atá le clúdach.

Ach níl aon tús áite tugtha do chainéal amháin thar chainéal eile.

Mr. Joe Reddington

Níl. Déanfar bainistiú go háitiúil ar na hacmhainní agus bíonn an ról céanna ag Baile na hAbhann agus ag Domhnach Broc sa bhainistiú sin.

Tá go leor cainte agus plé déanta againn. Ba mhaith liom mo bhuíochas agus buíochas na gcomhaltaí a ghabháil leis na finnéithe as a bheith linn agus an díospóireacht seo a dhéanamh. Má táimid ag cur tuarascáil le chéile, b'fhéidir go gcuirfidh muid cúpla ceist cuig na finnéithe ag lorg soiléiriú ar na figiúirí a bhí á thabhairt níos luaithe. Má tá sonraí sa bhreis de dhíth orainn, is féidir linn é sin a dhéanamh. Ansin nuair atá an tuarascáil á chur le chéile, déanfaimid cinnte RTÉ a chur ar an eolas faoi ag an am sin. Leis sin ráite, cuirtear clabhsúr leis an díospóireacht seo.

Cuireadh an comhchoiste ar athló ar 3.07 p.m. go dtí 1.30 p.m. Dé Céadaoin, 20 Deireadh Fómhair 2021.