Tá fáilte roimh na finnéithe. Go minic, bíonn muid ag déileáil ag an gcoiste seo leis an dream is báúla don Ghaeilge. B'fhéidir nach dtagann na daoine go bhfuil dearcadh eile acu os ár gcomhair. Sin fadhb i gcás mar seo. Níl mise ag dul ag déanamh an oiread sin cainte ar an nGaeilge i dtosach báire. Tá mé ag dul ag caint ar rud níos bunúsaí ná sin, sé sin, ómós do Pharlaimint na tíre - ómós d’Oireachtas na hÉireann. Tús agus deireadh cuid mhaith den scéal seo ó thaobh na rudaí a rinneadh ná nár cloíodh leis an dlí. Ní raibh sé de nós ag an HSE agus an Roinn cloí leis an dlí le hocht mbliana anuas. Is cuma cén dlí é féin, má dhéanann na Tithe seo dlí, ba cheart do chuile sheirbhíseach poiblí cloí leis. Is cuma más an Ghaeilge, an Béarla, an Fhraincis, an Laidin nó aon teanga eile atá i gceist. Má tá cearta dlíthiúla ag daoine, ba cheart go bhfreastalófaí orthu. Dá mbeadh sé sin déanta le hocht mbliana anuas ní tharlódh go leor de na fadhbanna seo.
An chéad bhotún ollmhór a rinneadh, a chosain an t-uafás airgid ar an Stát, ná gur cuireadh bileog amach i mBéarla amháin. Deir plean teanga na feidhmeannachta, “Caithfidh faisnéis … a sholáthraítear don phobal i gcoitinne nó d’aicme den phobal, tríd an bpost nó go leictreonach, a bheith i nGaeilge agus i mBéarla nó i nGaeilge amháin.” Sin an dlí ach cuireadh amach i mBéarla amháin é. De réir mar a thuigim, scaip An Post in aisce an bhileog an chéad uair ach an dara huair bhí ar an Stát íoc as an scaipeadh. Tá na finnéithe ag rá go raibh siad faoi bhrú. Meas tú cén chaoi an ndearnadh é i dtíortha ar nós an Bheilg nuair a bhí siad faoi bhrú nuair a tháinig Covid? Ní smaoineodh siadsan é a chur amach i bhFraincis amháin nó i bPléimeannais amháin, mar tuigeann siad sa tír sin go gcaithfear cloí leis an dlí. Ní ceist Ghaeilge atá ann nó cás nach raibh aird ar an nGaeilge. An rud gur cheart do na finnéithe a rá ná nach raibh aird acu ar an dlí. Ní raibh aird acu ar dhlí a d’achtaigh Tithe an Oireachtais anseo. Is rud tromchúiseach é sin agus caithfear míniú cén fáth nach bhfuil aird ag daoine ar an dlí. Cé mhéad costas a chuireann sé ar an Stát nuair nach bhfuil aird ar an dlí? Nuair a éilíonn daoine a gcearta dlíthiúla, caithfear dul siar agus aniar agus an rud a bhí agus atá ina aimhréidh a chur ina gceart. Tá go leor comhlachtaí proifisiúnta aistriúcháin ann. Chinntigh muid é sin. Bheadh sé an-éasca iarraidh ar cheann de na comhlachtaí sin an rud a aistriú go Gaeilge cheart intuigthe ar chaighdeán. Ansin d’fhéadfadh FSS é a sheoladh amach.
Dhéanfadh go leor de na comhlachtaí seo é i gceann trí nó dhá lá. Dhéanfaidís é de réir aon spriocdháta a thabharfaí dóibh. Cloisim a bhfuil á rá ag na finnéithe. Is daoine dea-chroíoch iad atá báúil don Ghaeilge. Ní hé sin le rá go bhfuil FSS nó an Roinn sásta an dlí a chomhlíonadh. Bhí sé spéisiúil fáil amach faoi 45 gearán. Sin iad na daoine a rinne gearán. Ar ndóigh, tá go leor daoine, mé féin ina measc, nach mbíonn an t-am acu gearán a dhéanamh nuair is gá a dhéanamh.
Baineann an dara pointe leis an teastas Covid. Ní hé gur rinneadh dearmad ar an nGaeilge, mar tá ceann acu agam anseo. Tá cuid acu i nGaeilge agus i mBéarla agus cuid acu i mBéarla. Luaitear “Disease or agent targeted” agus ansin cuirtear ceist faoi “galar a ghnóthaigh an duine”, in other words, cén galar a fuair an duine. Ní hé sin a bhí i gceist ar ndóigh. An rud a bhí i gceist ná go ndíreodh an vacsaín isteach agus go stopadh - go gcoiscfeadh - sé Covid. Ní thuigim cén chaoi go raibh orthu an saol a dhéanamh chomh casta dóibh féin. An lá a cuireadh iad seo amach, ghlaoigh duine as mo Dháilcheantar orm. Chuir sé cóip den teastas chugam agus d’iarr sé orm an rud fírinneach nó bréagach é. Bhreathnaigh mé ar an QR cód agus dúirt mé gur bhreathnaigh sé fírinneach go maith. Ansin, bhreathnaigh mé arís air agus chonaic mé tír nach bhfuil ann luaite air: "Republic of Ireland". Níl a leithéid d’áit ann. Ní hé sin ainm an Stáit seo. Tá a fhios ag gach duine gurb é "Ireland" an t-ainm atá ar an Stát seo. Fós féin, bhí ar FSS athbhreithniú a dhéanamh, agus anois tá "Ireland" luaite ar mo theastas. Níl "Éire" air ach tá "Ireland" air.
Ní thuigim cén chaoi, nuair a thagann daoine ar rudaí bunúsacha mar sin, go gcuireann siad an méid antrom orthu féin agus iad ag iarraidh rud chomh bunúsach agus simplí a dhéanamh i gceart. Tá sé i bhfad níos simplí é a dhéanamh i gceart ná é a dhéanamh mícheart. Feictear dom go bhfuil daoine ann nach cuma leo faoin dlí, faoi ainm na tíre nó faoi conas rudaí a dhéanamh. Ansin caitheann na heagraíochtaí céanna an t-uafás ama agus costais nuair a cuirtear brú, ó leithéidí an choimisinéara, orthu chun cloí leis an dlí. Bíonn orthu dul ar ais agus i bhfad níos mó oibre a dhéanamh. Tá rud amháin foghlamtha againn uilig - sábhálann sé airgead nuair a cloítear leis an dlí. Caitear níos mó ama agus níos mó airgid ag ceartú an damáiste a dhéantar, ná mar a chaithfí dá ndéanfaí an rud i gceart an chéad uair.
Tá rud beag eile tugtha faoi deara agam a chuirfeadh olc orainn. Tá aithne agam ar dhuine a bhí ag iarraidh cárta leighis nó ceann de na cártaí dóibh siúd atá os cionn 70 bliain d’aois. Bhí an fhoirm pháipéir i nGaeilge agus i mBéarla, ach ar líne ní raibh sí ar fáil ach i mBéarla. Ó tharla go bhfuil an fhoirm aistrithe, shílfeá go mbeadh sé an-simplí go teicniúil an leagan Gaeilge a chur ar líne, ach níor bacadh leis é a dhéanamh. Ansin beifear ag rá nach bhfuil aon éileamh air, nó ag fiafraí cén fáth ar chuir duine an fhoirm pháipéir isteach nuair a d’fhéadfadh sé nó sí an ceann eile a chur isteach. Nuair a dhéantar rudaí ar líne, mar shampla, má théitear isteach ar an iarratas sin, iarrtar ainm an dochtúra a dheimhniú agus cuirtear an seoladh iomlán, an ceann oifigiúil atá aige nó aici, ar fáil. Baineann an cheist seo le dearcadh. Táim gearánach faoin easpa cumais chun cloí leis an dlí. Le bheith níos dearfaí faoi rudaí, tuigfidh Tony Canavan gurb iad na seirbhísí idirphearsanta is deacra mar go gcaitear teacht ar dhaoine atá oilte sa Ghaeilge. D’fhéadfadh duine atá gan Ghaeilge cloí leis an dlí ó thaobh rud páipéir de. Níl le déanamh ach dul chuig aistritheoir cáilithe atá ar liosta atá ag Foras na Gaeilge agus é nó í a fháil leis an gcuid sin den obair a dhéanamh. Is rud difriúil ar fad é más tá duine ag iarraidh seirbhísí a chur ar fáil. Is deas a chloisteáil go bhfuil 13 teiripeoir urlabhra le Gaeilge ar fáil. Tá sé sin an-tábhachtach. Bhí nós ann nuair a thiocfadh daoine a bhí ag labhairt Gaeilge lena gcuid leanaí chuig teiripeoir urlabhra, comhairle a thabhairt dóibh labhairt leo i mBéarla. A mhaighdean na ngrást, tá súil agam go bhfuil an nós sin imithe i bhfad ó shin. Samhlaigh an ndéarfá le daoine sa Fhrainc le gasúr beag a bhfuil fadhb aige leis an bhFraincis, an labhróidís Béarla leis agus go mbeadh sé níos fearr as, seachas díriú ar an bhfadhb atá ag an ngasúr. I dteanga ar bith, tá go leor gasúr ann nach mbíonn aon fhadhbanna acu nuair a fhásann siad suas, nach féidir leo fuaimeanna áirithe a dhéanamh i gceart ag an tús.
Tá ceist amháin eile agam. Tá go leor daoine taobh amuigh den Ghaeltacht anois - daoine a thagann agus nach dtagann ón nGaeltacht - ag labhairt Gaeilge lena gasúir sa mbaile, go mór mór nuair atá siad an-óg. An bhfuil bealach ann chun ainmneacha na dteiripeoirí urlabhra a chur ar fáil le go bhféadfaidís clárú le duine acu agus an tseirbhís trí Ghaeilge a fháil? Ní rud deas é gasúr trí nó ceithre bliana d’aois a thabhairt isteach chuig teiripeoir urlabhra nach féidir teanga an ghasúir a labhairt - ar ndóigh, tá Béarla ag go leor gasúr freisin – agus gan a bheith in ann an teanga baile a labhairt leis agus tuiscint a fháil ar na fadhbanna atá aige. Bheadh réiteach ann dá gcuirfí an liosta sin ar fáil ionas go mbeadh daoine, mar shampla, ó chathair na Gaillimhe atá ag tógáil a ngasúr le Gaeilge in ann clárú leis na teiripeoirí sin.
Sílim féin go bhfuil obair le déanamh ag an gcoiste seo. Má táimid dáiríre ar chor ar bith faoin mBille nua atá ag dul tríd an Teach, caithfimid dlús ollmhór a chur leis an obair atá ar bun ag an HSE trí airgead ón Roinn agus ó Údarás na Gaeltachta a sholáthar le daoine a thraenáil atá oilte chun na jabanna seo a dhéanamh sa Ghaeilge. Níl aon mhaith ann a rá gur cheart dúinn daoine a fhostú mura bhfuil siad ann agus traenáilte. Ní bheadh aon mhaith ann le sin. Caithfidh sé seo a bheith ina phlean cuimsitheach. Ba cheart don choiste seo a mholadh go gcuirfeadh an Stát infheistíocht i bhfad Éireann níos mó ar dhaoine a oiliúint agus scoláireachtaí a thabhairt dóibh, ionas go mbeadh siad ceangailte an oiread seo blianta a chaitheamh ag cur seirbhísí ar fáil.
D’fhéadfaimis moladh a thabhairt do na comhairlí contae go mbeadh sé scríofa sa phlean contae má ghlacann duine post i nGaeltacht Chonamara, mar shampla, mar theiripeoir urlabhra, mar dhochtúir nó mar altra teaghlaigh, agus mar sin de, go nglactar leis i bprionsabal go mbeadh riachtanais tithíochta tuaithe acu. B’fhéidir go gcuideodh sé sin le daoine a mhealladh. Ag breathnú siar 100 bliain, bhí siad glic go maith fadó ó shin. Fuair gach uile múinteoir bunscoile ar fud na tíre a bhí amuigh faoin tuath teach leis an bpost. Bhíodh dochtúirí ag fáil tithe leis na poist. Tharraingeodh sé sin daoine do dtí áiteanna. B’fhéidir go gcaithfimid dul siar, seachas ar aghaidh, le cuid de na dea-nósanna a bhí ann san am atá caite a fháil ar ais. Dá bhféadfaidís a bheith cinnte go bhfaighidís cead pleanála, b’fhéidir go mbeadh sé sin ina thús.
Ón méid atá ráite ag Tony Canavan, is léir go gcaithfidh an tOireachtas agus an tAire díriú ar an rural practice allowance agus é a dhéanamh níos tarraingtí. Is cuma más ea An Clochán, An Cheathrú Rua, Leitir Móir, Ros Muc nó in Árainn, tá sé deacair dochtúirí a fháil.
Má imíonn na dochtúirí atá ann atá thar cionn beidh fadhb againn. Sílim gur rud ann féin é sin. Tá a fhios agam go mbaineann sé sin leis an tuath ar fad ach is rud é sin a bhaineann leis an nGaeltacht chomh maith.
Sa dara chás, arís bhíodh liúntais oileánacha ann le haghaidh altraí agus mar sin agus b’fhéidir gur cheart dúinn iad a thabhairt ar ais. Ba mhaith liom tuairimí ár bhfinnéithe a fháil faoi seo. An gcuideodh sé dá mbeadh liúntais groí oileánach, agus i bhfad níos fearr, ann le haghaidh cleachtadh faoin dtuath ná mar atá i láthair na huaire? Fiú dá mbeadh sé ar fáil do chleachtas trí Ghaeilge agus trí Bhéarla, bheadh breis íocaíochta ar fáil do dhaoine a bheadh in ann seirbhís a dhéanamh sa dá theanga seachas i dteanga amháin.
Tá rud deiridh ar mhaith liom a lua. Bíonn údar agamsa ó thráth go chéile dul isteach ar shuíomhanna ar an ngréasán anseo agus taobh amuigh den tír. Rud aisteach a thógaim faoi deara ná nach mbíonn mórán faidhbe ann go hiondúil leis na sínte fada má théim isteach, mar shampla, ar shuíomh Idirlín i Meiriceá agus fiú amháin i Sasana. Sna earnálacha príobháideach agus poiblí anseo, cibé cén rud atá á cheannach acu ó thaobh bogearraí de, tá fadhb ann. Arís, ar ais, táimid ag caint go bhfuil an Bhreatain imithe as an AE agus go mbeidh na Francaigh ar na comharsana is gaire dúinn. Rinneamar an Ghaeilge a shimpliú mar chuireamar na “h”-anna in áit na bponcanna agus níl fágtha anois ach na síntí fada. Tá grave agus acute agus cedilla agus God knows acu siúd. Tá go leor rudaí aisteacha in ainm an Coimisinéir Šefčovič, atá ag plé leis an Eoraip, ach níl againn ach an síneadh fada simplí. B’fhéidir go mba cheart breathnú ar na pacáistí atá ar fáil i ngach uile áit eile ar domhan seachas an anglophone world. Mar a deirim, níl Meiriceá go dona ó mo thaithí. Má chuirim síneadh fada isteach, ní deirtear liom: “your name is incorrect, would you please use a character that is acceptable?”. Níl a fhios agam cá bhfuil na bogearraí á gceannach ach ní dóigh liom gur fadhb ar bith é sin. Tá súil agam go réiteofar an fhadhb sin sa Seanad le linn an Bhille a bheith ag dul trída agus go dtabharfar sprioc ama le go mbeidh sé ina cheart againn ár n-ainmneacha a chur isteach. Caithfidh mé a rá mar dhuine le trí shíneadh fhada ina ainm, is cur amú ama ar fad go gcaithfí cuimhneamh chuile uair an dtógann an córas seo síneadh fada nó nach dtógann sé. Go nádúrtha, cuirim síos m’ainm mar atá sé.