Tá dhá phíosa oibre eile le déanamh agam fad is atáimid i seisiún poiblí. Tá orainn na tuarascálacha seo a leanas a chomhaontú i seisiún poiblí. Tá siad comhaontaithe againn cheana féin i seisiún príobháideach. Is iad: tuarascáil bhliantúil an chomhchoiste 2020-21; agus tuarascáil an chomhchoiste ar an toscaireacht chuig Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2022.
Molaim go leagfaimid cóip d'ár dtuarascáil bhliantúil faoi bhráid an Chinn Chomhairle agus go ndíreoimid a aird ar leathanach 12 den tuarascáil bhliantúil sin, ina maítear:
Cé go bhfeidhmíonn an Comhchoiste agus an Roghchoiste go huile is go hiomlán trí mheán na Gaeilge, níl na seirbhísí seo a leanas ar fáil dóibh as Gaeilge: -
Seirbhísí Leabharlainne agus Taighde;
Seirbhísí Comhairle Dhlí;
Seirbhísí Craoltóireachta;
Seirbhísí Caidreamh Poiblí.
Is é tuairim an Chomhchoiste agus an Roghchoiste go bhfuil an ceart acu, a bheith ag súil leis na seirbhísí sin a bheith ar fáil dóibh ina dteanga oibre, ar chomhchéim leis na seirbhísí atá ar fáil do na Comhchoistí agus do na Roghchoistí de Dháil Éireann eile a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla. Ní amhlaidh atá sé agus, mar sin, feidhmíonn an Comhchoiste agus an Roghchoiste faoi mhíbhuntáiste mór, i gcomparáid leis na Comhchoistí agus na Roghchoistí de Dháil Éireann eile, agus iad i mbun a gcuid oibre.
Molaim go n-iarrfaimid ar an gCeann Comhairle an easpa sin a réiteach chomh luath agus is féidir, agus a chinntiú go mbeidh seirbhísí uile Sheirbhís Thithe an Oireachtais ar fáil do chomhaltaí go dátheangach. An aontaítear sin? Aontaítear.