Skip to main content
Normal View

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge debate -
Wednesday, 29 Jun 2022

Ag Spreagadh Fhoilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil)

Déanfaimid ár mbreithniú ar an ábhar ag spreagadh fhoilsitheoireacht agus léitheoireacht na Gaeilge. Cuirim fáilte roimh na finnéithe atá againn. Fáiltím roimh na scríbhneoirí Anna Heussaff, Tadhg Mac Dhonnagáin, Éilís Ní Dhuibhne, Cathal Póirtéir agus Liam Carson, stiúrthóir féile litríochta Gaeilge, IMRAM. Gabhaim buíochas leo as bheith linn. Tá na finnéithe go léir, ach finné amháin, ag freastal ar an gcruinniú i seomra coiste 4, laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Tá Anna Heussaff ag freastal ar an gcruinniú ar líne, ar shuíomh lasmuigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Sula leanfaimid ar aghaidh, tá dualgas orm na rialacha agus na treoracha seo a leanas a leagan faoi bhráid na ndaoine atá ag freastal ar an gcruinniú seo.

Meabhraím do chomhaltaí, d’fhinnéithe agus do bhaill fhoirne a chinntiú go bhfuil a ngutháin shoghluaiste múchta le linn an chruinnithe mar gur féidir leis na gléasanna seo cur as do chóras craolacháin, eagarthóireachta agus fuaime Thithe an Oireachtais. Tá an rogha ag comhaltaí freastal ar an gcruinniú go fisiciúil sa seomra coiste nó go fíorúil ar Microsoft Teams, ar an gcoinníoll, i gcás cruinnithe phoiblí, gur óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais a dhéantar sin. Is de bharr riachtanais bhunreachtúla a dhéantar é sin. Nuair atá comhaltaí ag freastal óna n-oifigí, ba chóir dóibh a bhfíseáin a bheith ar siúl an t-am go léir agus iad féin le feiceáil ar an scáileán. Baineann an coinníoll seo le finnéithe freisin agus iad ag freastal ar an gcruinniú go fíorúil. Ba chóir d'aon duine atá ag freastal ar an gcruinniú go fíorúil a chinntiú go bhfuil a micreafóin múchta nuair nach bhfuil siad ag labhairt.

Ba chóir cloí leis na moltaí maidir le níochán lámh, fanacht i suíochán amháin agus, chomh fada agus is féidir, an t-achar sóisialta cuí a choimeád eadrainn. Molaim ár bpúicíní a choimeád orainn nuair nach bhfuilimid féin ag caint.

Cuirim ar aird na bhfinnéithe go bhfuil siad, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíochta araon, faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada agus atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á tabhairt acu. Ní féidir le finnéithe brath ar an gcosaint sin agus fianaise á tabhairt acu ó thaobh amuigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Molaim d'fhinnéithe, go mór mór iad atá ag freastal ar an gcruinniú ón taobh amuigh, a bheith cúramach agus fianaise á tabhairt acu. Má ordaíonn an comhchoiste dóibh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe, ba chóir dóibh amhlaidh a dhéanamh láithreach. Ordaítear d’fhinnéithe gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé ag an gcomhchoiste. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuireann siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.

Fiafraítear d’fhinnéithe agus do chomhaltaí araon an cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine nó eintiteas a cháineadh, líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha nó ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, fiafraítear dóibh gan aon rud a rá a d’fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfadh a ráitis a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordófar dóibh éirí as na ráitis sin. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfidh siad leis an ordú sin láithreach.

Tar éis na comhairle sin, cuirfimid tús leis an obair. Iarraim anois ar Anna Heussaff labhairt leis an gcoiste. Cuirim céad fáilte roimpi.

Ms Anna Heussaff

Gabhaim buíochas leis an gcoiste. Tá scríbhneoirí agus foilsitheoirí cumasacha againn agus tá feabhas tagtha ar an soláthar leabhar, ar na caighdeáin deartha agus ar chló na leabhar Gaeilge le blianta anuas. Tá margadh fiúntach ann i measc léitheoirí óga agus fásta ach d’fhéadfaí cur leis sin go fiúntach agus go suntasach. Bíonn ócáidí bríomhara liteartha ar siúl i nGaeilge ach, arís, d’fhéadfaí cur leo.

Tá dúshláin agus deacrachtaí ann. Beidh mise ag labhairt faoi dhúshláin agus moltaí maidir le hioncam agus stádas scríbhneoirí, taca margaíochta, córas dáileacháin a oireann don lá inniu seachas don saol 20 nó 30 bliain ó shin agus méadú mór ar an maoiniú iomlán don earnáil. Beidh mé ag labhairt thar mo cheann féin mar scríbhneoir agus freisin mar rúnaí ar choiste stiúrtha Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge le dhá bhliain anuas.

Mar eolas fúm féin, foilseofar an t-ochtú úrscéal liom i mbliana. Ina measc tá úrscéalta bleachtaireachta do léitheoirí fásta agus líofa, úrscéalta mistéire do dhéagóirí óga agus úrscéal grá d’fhoghlaimeoirí fásta. Tá mé gníomhach i saol na leabhar le fada. Sular thosaigh mé ar an scríobh beagnach 20 bliain ó shin, bhí mé fostaithe ag RTÉ mar thaighdeoir agus mar léiritheoir agus stiúrthóir ar chláir raidió agus teilifíse.

Bunaíodh Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge sa bhliain 2015 ar mhaithe le glór, ardán agus tacaíocht a chur ar fáil do scríbhneoirí Gaeilge, caidreamh a chothú inár measc agus idirbheartaíocht a dhéanamh le heagrais eile a mbíonn tionchar acu orainn. Tá 142 ball cláraithe againn i mbliana. Tá siad ar fud na hÉireann agus i dtíortha agus mór-ranna thar lear agus tá an líon ag méadú go seasta ó bunaíodh an t-eagras. Cuirimid fógraí chuig na baill uair sa mhí faoi dheiseanna, comórtais agus ócáidí. Réitímid aighneachtaí do chomhairliúcháin phoiblí. Táimid ag iarraidh comhairle aonair agus treoir ghinearálta a chur ar fáil do scríbhneoirí faoin sórt conartha dhlíthiúil atá riachtanach idir scríbhneoir agus foilsitheoir. Rinneamar athbhunú ar chomórtas filíochta Chorn Uí Néill i mbliana agus bíonn ollchruinnithe agus ócáidí eile againn, le linn Fhéile an Oireachtais, mar shampla. Tá tuilleadh eolais faoin aontas ar ár suíomh gréasáin agus ar Twitter agus Facebook.

Go luath in 2019, seoladh Eolaire na Scríbhneoirí ar shuíomh nua gréasáin an aontais. Is bunachar é seo a thugann eolas ar bhreis is 500 scríbhneoir Gaeilge atá beo inniu, ar foilsíodh ar a laghad leabhar amháin leo nó ar léiríodh dráma nó script leo go poiblí agus go haitheanta. Tá figiúirí agus léargais san eolaire ar cárbh as do na scríbhneoirí, na seánraí leabhar ina scríobhtar, coibhneas na mban is na bhfear, agus cárbh as a gcuid Gaeilge - mar shampla ar cainteoirí Gaeltachta iad nó cainteoirí a tógadh le Gaeilge in áiteanna eile, daoine a d’fhoghlaim a gcuid Gaeilge ar scoil agus mar sin de. Is mar acmhainn do leabharlanna, d’fhéilte liteartha agus do scoláirí a tiomsaíodh an t-eolaire sin ach níl uasdátú ná poibliú ceart déanta air le cúpla bliain anuas de cheal maoinithe. Fuaireamar dea-scéal an tseachtain seo caite go mbronnfaidh Foras na Gaeilge maoiniú ar an aontas i mbliana chun bainisteoir a fhostú go páirtaimseartha ar feadh roinnt míonna. Is mór an chéim chun cinn í seo ach beidh gá againn le maoiniú fadtréimhseach chun feidhmiú go héifeachtach amach anseo.

Tá formhór na scríbhneoirí Gaeilge ag brath ar ioncam ó fhoinsí eile seachas an scríobh, mar phost eile, pinsean, obair ócáideach nó taca airgeadais ónár muintir féin. I mo thaithí féin, glacann sé ar a laghad bliain oibre lánaimseartha chun úrscéal 250 leathanach a phleanáil agus a scríobh agus thart ar cheithre mhí oibre i gcás úrscéil do dhéagóirí. Caithim suas le mí lánaimseartha ar an obair phoiblíochta do gach úrscéal. Tá ag éirí go maith liomsa mar scríbhneoir i gcomparáid leis an meán ach de réir mo chuid taifead, an méid a thuill mé ón scríobh sa bhliain le 18 bliain anuas, ar an meán, ná €5,000. Sin obair a ghlac idir ceathrú agus leath mo chuid ama. Cé mhéad duine a bheadh sásta suas le leathbhliain oibre lánaimseartha a dhéanamh ar €5,000? Is gairm atá sa scríobh dúinne a thugann faoi i gceart agus go críochnúil, agus tá ioncam tábhachtach dúinn. Tháinig cuid den ioncam sin a thuill mise ó choimisiúin ó Chlár na Leabhar Gaeilge ach ní fhaigheann a lán scríbhneoirí coimisiúin. Tháinig cuid eile ó tháille an scríbhneora a fuair an foilsitheoir ó Chlár na Leabhar agus ó dhleachtanna díolacháin. Arís, tá díolachán maith mar leabhair Ghaeilge ag mo leabhair féin ach táimid ag caint ar dhleachtanna idir €500 agus €1,000 sa bhliain. Ní ioncam é sin a íocfaidh mórán billí. Fiú i measc scríbhneoirí Béarla sa Bhreatain – teanga mhóraimh i dtír an-mhór – tá suirbhéanna feicthe agam a léiríonn gur £10,500 an meán-ioncam bliantúil ag scríbhneoirí gairmiúla, agus gan ach 28% díobh ag maireachtáil ar an scríobh amháin. Ní aon iontas é mar sin go bhfuil gá le taca leanúnach maoinithe chun go scríobhfar agus go léifear leabhair ar ardchaighdeán i nGaeilge.

Molaim, mar sin, méadú ar líon na ndaoine a fhaigheann coimisiúin ó Chlár na Leabhar Gaeilge, méadú ar na híocaíochtaí agus go mbeadh an scéim ann gach bliain. Molaim coimisiúin ilbhliana a bheith ann ionas go bhféadfaidh scríbhneoirí sraith trí leabhar a scríobh, mar shampla, leis na carachtair chéanna sna scéalta. Sin rud a mheallann go leor léitheoirí fásta, agus léitheoirí óga chomh maith. Molaim leanúint le scéimeanna eile agus sparánachtaí na Comhairle Ealaíon. Beidh an scéim phíolótach bunioncaim d’ealaíontóirí an-tábhachtach dúinn. Mar a dúradh leis an gcoiste an tseachtain seo caite, ba chóir leanúint leis an scéim meantóireachta, na cónaitheachtaí agus mar sin de.

De réir mo thuiscint féin, i measc na seánraí leabhar is láidre sa Ghaeilge ó thaobh líon na dteideal a fhoilsítear, tá an fhilíocht, an ghearrscéalaíocht, an stair áitiúil, an chritic liteartha agus leabhair don aos óg, go háirithe pictiúrleabhair. Tá an soláthar do pháistí níos sine agus do dhéagóirí feabhsaithe ach tá sé fós sách gann. Tá an soláthar úrscéalta feabhsaithe ach, maidir lena cineálacha seánraí ina bhfuil móréileamh i dteangacha eile, tá sé an-ghann, mar shampla úrscéalta grá, úrscéalta ar théamaí sóisialta, úrscéalta bleachtaireachta agus fantaisíochta. Tá leabhair neamhfhicsin an-mhaith againn, mar shampla, cuimhní cinn agus cuntais taistil, ach tá go leor laigí sa réimse freisin. Tá an drámaíocht sách lag mar gheall ar easpa deiseanna ó amharclanna agus ó na meáin chraolta. Creidim go bhfuil tionchar ag cúrsaí maoinithe agus ioncaim ar go leor de na laigí seo, maidir leis an difríocht idir a bheith ag scríobh cúpla tráthnóna sa tseachtain agus a bheith in ann scríobh go leanúnach thar thréimhse míonna nó blianta, chomh maith leis an sórt poiblíochta agus feiceálachta a fhaigheann an leabhar is fearr i nGaeilge fiú.

Maidir le margaíocht agus dáileachán, ba mhaith liom sampla na Breataine Bige a chur os comhair an choiste. Rinne mé roinnt teagmhála chun figiúirí a aimsiú mar go bhfuil dáileachán agus margaíocht pléite ag an gcomhchoiste le roinnt seachtaine anuas. Sa Bhreatain Bheag, tá comhairle na leabhar ann le 60 bliain anuas ag freastal ar fhoilsitheoirí Breatnaise agus Béarla sa tír sin. Cuireann an chomhairle seirbhísí deartha agus eagarthóireachta ar fáil do na foilsitheoirí neamhspleácha. Tá suíomh gréasáin ag an gcomhairle, ar ndóigh, trína ndéantar dáileadh. Nuair a ordaítear leabhar tríd an suíomh, bíonn sé sa siopa an lá dár gcionn agus, mar a dúradh, tá sé áiféiseach nach bhfuil a leithéid ar siúl ag ÁIS, mar atá ráite ag daoine eile.

Sa Bhreatain Bheag tá foireann díolacháin ag an gcomhairle leabhar a thugann cuairteanna rialta ar shiopaí leabhar, ar scoileanna agus ar leabharlanna, a ghlacann le horduithe agus a phléann cad iad na teidil nua a mbeidh éileamh ag grúpaí difriúla léitheoirí orthu. De réir an eolais a fuair mé ón gcomhairle, bhíodh seisear ar an bhfoireann díolacháin go dtí 2019 agus iad ag plé le leabhair Bhéarla agus Bhreatnaise araon. Chuir Covid bac mór ar an obair agus tá triúr ar an bhfoireann faoi láthair.

Tá go leor difríochtaí idir an Bhreatain Bheag agus an tír seo. Tá líon i bhfad níos mó cainteoirí laethúla ann ach tá pobal níos lú san iomlán ann. Tá níos mó daoine in Éirinn a bhfuil eolas áirithe acu ar an nGaeilge, mar sin tá difríocht idir an dá mhargadh. Is fiú a mheabhrú freisin go bhfuil réimse tíre na Breataine Bige níos lú ná Cúige Mumhan. Má tá triúr ag freastal ar an réimse tíre sin, is cinnte go bhfuil triúr ar a laghad ag teastáil in Éirinn. Molaim go mbeadh suíomh gréasáin ag ÁIS agus foireann ag obair le siopaí, leabharlanna agus scoileanna.

Ní fiú dúinn a bheith ag gearán go mbíonn leabhair Ghaeilge ar chúl seilfeanna nó gan fáil orthu i siopaí leabhar nó leabharlanna muna bhfuil bolscaireacht ar siúl againn go leanúnach, go gairmiúil agus go snasta, mar a dhéanann na foilsitheoirí móra Béarla agus na foilsitheoirí Béarla ar féidir leo é sin a dhéanamh. Ní tharlódh sé go díreach mar ba mhaith linn go dtarlódh sé nó go gcuirfí dualgas éigin ar na siopaí leabhar.

Maidir le margaíocht, molaim freisin go mbeadh sé mar choinníoll ag Clár na Leabhar Gaeilge sna deontais a thugann sé do na foilsitheoirí go mbeadh plean margaíochta feiliúnach leagtha amach do gach leabhar a fhaigheann cúnamh maoinithe. Tá cuid de na foilsitheoirí i bhfad níos fearr ná a chéile ag déanamh é seo. Cuirfidh sé sin leis na léirmheasanna agus na n-agallamh poiblíochta. Éiríonn liom féin léirmheasanna agus poiblíocht a fháil ach cuirim a lán oibre ann. Tá gá le tacaíocht leanúnach ón bhfoilsitheoir chuige sin i ndáiríre agus maoiniú don fhoilsitheoir chun é a dhéanamh.

Sula gcríochnóidh mé, tá cúpla pointe eile agam. Dúradh liom go bhfuil buiséad chomhairle na leabhar do leabhair Bhreatnaise i mbliana £1.671 mhilliún. Is ionann é sin agus beagnach €2 milliún nó beagnach dhá oiread an bhuiséid atá ag Clár na Leabhar. Thit an maoiniú in Éirinn, mar a dúradh, ó €1.82 mhilliún 14 bliana ó shin sa bhliain go dtí €1.061 mhilliún. Tá sé lán soiléir go ndéanadh sé difríocht an-mhór dá mbeadh maoiniú ceart, €2 mhilliún nó €2.5 mhilliún sa bhliain, á thabhairt don fhoilsitheoireacht.

Rinneadh trácht ar fhéile IMRAM agus ní gá dom labhairt faoi ach a rá nach litríocht scríofa ar fad atá i gceist le litríocht na Gaeilge. Bíonn go leor ócáidí ar siúl ag IMRAM agus ag féilte eile, ar nós féile an Oireachtais agus oícheanta filíochta. Tá rud tagtha chun cinn i measc filí óga, go háirithe ag Ciara Ní É agus daoine eile, a chuireann performance poetry nó taibhfhilíocht ar siúl faoin teideal REIC, agus tá go leor físeáin agus mar sin de ar líne freisin.

Ba mhaith liom pointe deireanach a lua. Tá tionscadal píolótach dar teideal leitheoiri.ie á fhorbairt le bliain nó dhó anuas le taca ó Fhoras na Gaeilge. Tá sé mar sprioc aige eolas a chur ar fáil faoi leabhair nua Ghaeilge agus gach sórt ábhar léitheoireachta faoi chlubanna leabhar, leabharlanna, siopaí leabhar, imeachtaí, ríomhleabhair, suíomhanna gréasáin, podchraoltaí, físeáin agus mar sin de. Níl an tionscadal ar bhun go poiblí go fóill ach mura raibh deis ag ionadaí de chuid an tionscadail sin labhairt leis an gcomhchoiste seo – ní raibh, de réir mar a thuigim - molaim go láidir go ndéanfadh an comhchoiste socrú chuige sin.

Gabhaim buíochas le comhaltaí an choiste agus táim ag súil leis an bplé.

Gabhaim buíochas le hAnna Heussaff as a ráiteas, na figiúirí agus a cuid taithí a léiriú. Glaoim ar Thadhg Mac Dhonnagáin atá linn sa seomra coiste.

Mr. Tadhg Mac Dhonnagáin

Is scríbhneoir do dhaoine fásta agus do pháistí mé agus úinéir Futa Fata, teach foilsitheoireachta atá dírithe go príomha ar pháistí. Tá inphrionta nua againn, Barzaz, a bhfuil cúpla leabhar do dhaoine fásta foilsithe agus cúpla ceann eile ar an mbealach.

D’éist mé le hAnna Heussaff faoi chúrsaí ioncaim. Tharla gur oibrigh mé léi blianta fada ó shin i RTÉ. An réiteach a fuair mise ó thaobh ioncaim a bhaint as saol na leabhar ná gur shocraigh mé dul le foilsitheoireacht chomh maith le scríbhneoireacht. Ar an gcaoi sin, d’éirigh liom slí bheatha a bhaint as an earnáil agus as an obair. Ach mar scríbhneoir, ní bheinn in ann é a dhéanamh.

Tá roinnt mhór daoine tar éis teacht os comhar an chomhchoiste agus pointí éagsúla déanta acu. Bhí mé ag cuardach bealaigh chun na pointí sin a tharraingt le chéile. Déanfaidh mé cur síos ginearálta ar dtús agus ansin luafaidh mé na deacrachtaí agus na moltaí atá agam. Tá mé ag léamh ón ráiteas oscailte a iarradh orm a chur os comhair an chomhchoiste, agus is achoimre é sin ar an aitheasc a chuir mé isteach. Má tá ceisteanna ag comhaltaí an choiste faoi cheachtar acu, beidh fíor-áthas orm iad a fhreagairt.

Tá sé an-tábhachtach cuimhneamh ar shaol na leabhar mar éiceachóras, nó ecosystem. Déanfaidh mé cur síos gairid ar a bhfuil i gceist agam. Tá súil agam go mbeidh tuiscint níos fearr ann ar chéimeanna na hoibre atá i gceist le leabhar a fhoilsiú, na fadhbanna a bhaineann le laigí a bheith sa chóras mar atá, agus na céimeanna atá le tógáil leis an scéal sin a chur ina cheart.

Tá daoine éagsúla a bhfuil róil éagsúla acu in éiceachóras na leabhar. Tá scríbhneoir ann a chruthaíonn an saothar agus an foilsitheoir a ghlacann leis an saothar le foilsiú. Ag obair dóibh siúd, tá an t-eagarthóir liteartha a chuidíonn leis an scríbhneoir an saothar a thabhairt chuig an gcaighdeán is airde is féidir. Roinnt míonna sula gcuirtear leabhar i gcló, bíonn oifigeach díolaíochta an fhoilsitheora i dteagmháil leis na siopaí leabhar a cheannóidh an leabhar. Cuireann an t-oifigeach díolaíochta cur síos mealltach ar an leabhar ar fáil, pictiúr den chlúdach, uimhir ISBN agus mar sin de. Ag an am céanna, tá an t-oifigeach margaíochta - tá dhá ról ar leith i gceist ansin - atá ag obair don fhoilsitheoir ag scaipeadh réamheolais chomh maith ar na leabharlanna, ar bhlagadóirí, ar aon eagraíocht chultúrtha eile a cheannódh nó a thacódh leis an leabhar, na tionchairí idirlín, na hiriseoirí, na léirmheastóirí irise, na craoltóirí agus lucht eagraithe na bhféilte leabhar, duine ar bith a thabharfaidh poiblíocht don leabhar.

Tá an scríbhneoir, i gcomhar leis an oifigeach poiblíochta, i dteagmháil leis an bpobal trí na meáin shóisialta, ag scaipeadh réamheolais chomh maith faoin leabhar, ag nochtadh an chlúdaigh agus mar sin de. Ar feadh an ama, tá an riarachán casta ar fad a bhaineann leis an leabhar a chur i gcló - é a dhearadh ar dtús agus é a chur i gcló ansin - á bhainistiú ag riarthóir an fhoilsitheora. Nuair a bhíonn réamhchóipeanna clóite ar fáil ón gclódóir, scaiptear iad sin ar lucht poiblíochta, ar mhaithe le cur leis an réamhphoiblíocht.

Agus an leabhar i gcló, scaipeann an dáileoir é ar na siopaí leabhar. Nuair a thagann lá oifigiúil foilsithe an leabhair, bíonn an scríbhneoir ar an mbóthar, ag cur an leabhair chun cinn, ag tabhairt cuairt ar shiopaí, ar leabharlanna, ag teacht i láthair ag féilte, agus ag scaipeadh an scéil ar na meáin shóisialta. Bíonn sí nó sé ag déanamh agallaimh le craoltóirí, le hiriseoirí agus le haon duine a thabharfaidh aird uirthi ná air. Bíonn an t-oifigeach margaíochta ag tacú leis an scríbhneoir ar feadh an ama agus bíonn an foilsitheoir ag cur an leabhair faoi bhráid lucht eagraithe na ngradam liteartha agus faoi bhráid na ngníomhairí liteartha thar lear a thriailfidh cearta den leabhar a dhíol ar fud na cruinne agus an saothar a bheith foilsithe chomh forleathan agus is féidir.

An toradh a bhfuil an t-éiceachóras ar fad ag obair ina threo ná oiread léitheoirí agus is féidir a mhealladh leis an leabhar a léamh, le haitheantas a thabhairt don scríbhneoir, le hioncam a chur ar fáil di ná dó agus don fhoilsitheoir, don dáileoir agus don siopa leabhar. Is mar sin a thógtar an pobal. Mura mbeidh gach gné den éiceachóras ag feidhmiú go héifeachtach, beidh fadhbanna ann. Is mar sin atá maidir le gnéithe áirithe d’éiceachóras na Gaeilge. Molaim i m’aitheasc céimeanna a thógáil le cinntiú go mbeidh éiceachóras folláin ag feidhmiú i gcás leabhair na n-óg, leabhair na ndéagóirí agus leabhair na ndaoine fásta, dreamanna ar leith a bhfuil riachtanais ar leith acu.

Airím gur i réimse na bpáistí is fearr atá an t-éiceachóras iomlán ag feidhmiú. Is i saol leabhair na ndéagóirí is laige atá muid. Tá bunús maith ann i gcás leabhair do dhaoine fásta agus má thógtar céimeanna áirithe, tiocfaidh feabhas ar chúrsaí. Ach tá bearnaí móra san éiceachóras i gcás na dtrí ghrúpaí sin, go mór mór i gcás na díolaíochta agus an dáileacháin. Tá mé tar éis dul isteach sa scéal sin go mion san aitheasc. Tarlaíonn sé go bhfuil réiteach aimsithe ag mo chomhlacht féin ar an dá fhadhb mhóra sin, ach bheadh an earnáil trí chéile níos láidre dá ndíreofaí ar na fadhbanna sin a réiteach do na foilsitheoirí eile. Tá sé an-tábhachtach go dtarlódh sé sin. An réiteach a fuair mo chomhlacht féin ar an bhfadhb ná gur fhág muid ÁIS agus gur thosaigh muid ag obair le dáileoir eile, Gill Books. Anois tá The O'Brien Press ag obair linn mar oifig díolaíochta agus cuidíonn sé sin go mór linn ár gcuid leabhar a chur i láthair ar bhealach nach raibh ag éirí le hÁIS a dhéanamh.

Seo mar a leanas iad na príomh-mholtaí atá agam. Ba cheart an maoiniú a bhí á fháil ag clár na leabhar in 2008, ar a laghad €1.8 milliún, a chur ar fáil an athuair agus an t-airgead sin a chaitheamh ar na bearnaí san éiceachóras leabhar a líonadh.

Ba cheart go n-aithneofaí gur cheart go mbeadh ar a laghad stiúrthóir, eagarthóir, oifigeach riaracháin agus oifigeach poiblíochta mar bhunleibhéal foirne ag gach teach foilsitheoireachta, bídís ina bhfostaithe páirtaimseartha nó lánaimseartha. Is gá na rólanna sin a scaradh amach óna chéile. Ceann de na fadhbanna móra a bhíonn ann nó go mbíonn daoine aonaracha ag iarraidh an iomarca rólanna a tharraingt chucu féin i dtithe beaga foilsitheoireachta. Bíonn siad plúchta le hobair; bíonn siad ag obair go crua le croíthe móra maithe ach bíonn an iomarca ann dóibh.

Ba cheart béim a chur ar eagarthóirí liteartha - seachas eagarthóirí teanga, cé go bhfuil siad sin an-tábhachtach freisin - a oiliúint agus an oiliúint sin a tharraingt ar shaineolas atá níos leithne ná saol na Gaeilge amháin. An rud atá i gceist agam le heagarthóirí liteartha ná daoine a bhfuil scileanna acu i gcúrsaí scéalaíochta, struchtúir, scéil agus an teoiric sin ar fad atá ar fáil go coitianta i measc eagarthóirí liteartha an domhain mhóir. Is ceird í sin nach bhfuil forbartha go maith sa Ghaeilge agus sin pointe mhór.

Ba cheart ciste ar leith a chur ar fáil le forbairt a dhéanamh go córasach ar réimse na leabhar Gaeilge atá ar fáil do dhéagóirí, ag tabhairt san áireamh go bhfuil dhá phobal déagóirí ann ó thaobh scolaíochta. Tá pobal na Gaeltachta agus an Ghaeloideachais ar thaobh amháin agus tá pobal an Bhéarla ar an taobh eile. Tá cumas léitheoireachta ar leith sa teanga ag an dá phobal sin agus ní oibreoidh sé an cineál amháin leabhar a fhoilsiú don dá phobal sin. Beidh orainn dhá chineál leabhar a fhoilsiú agus tá cur síos mion déanta agam air sin san aitheasc. Is gá leabhair ar leith a chruthú don dá phobal sin agus éiceachóras a fhorbairt leis na leabhair sin a chur i láthair go héifeachtach do dhéagóirí na tíre.

Ba cheart a chinntiú go mbeidh oiread scríbhneoirí agus is féidir ag plé le saol na leabhar ar bhonn lánaimseartha, nó chomh lánaimseartha agus is féidir. Ceann de na rudaí a bhfuil mo chomhlacht féin tar éis béim a chur air ná spreagadh a thabhairt do na scríbhneoirí - agus tá mé ag caint ar scríbhneoirí do pháistí don chuid is mó - dul amach i measc an phobail agus a bheith ar fáil oiread agus is féidir do na scoileanna agus do chuairteanna ar leabharlanna agus féilte agus mar sin de. Feicim go bhfuil sé sin tar éis an-difríocht a dhéanamh. Tá sé tar éis cur leis an díolaíocht agus tá sé tar éis ioncam a chruthú do na daoine sin. Tá sé tar éis beocht a chur i saol leabhair na n-óg. D'fhéadfaí sin a dhéanamh i gcás leabhair do dhaoine fásta freisin.

Ba cheart oiliúint i dteanga agus i gcultúr leabhar na Gaeilge a chur ar leabharlannaithe agus ar shiopadóirí leabhar ar fud oileán na hÉireann. Dúshlán ar leith atá againn mar theanga mionlaigh ná go bhfuil fíorbheagán daoine atá ag obair i siopaí leabhair in Éirinn a bhfuil teanga na Gaeilge acu go maith agus go bhfuil léamh na Gaeilge acu go líofa. Tá na daoine seo ag plé le leabhair atá ag teacht chucu i dteanga iasachta. Tá gá le tacaíocht ansin agus le breis saineolais a bheith ann i measc na daoine atá ag díol na leabhair leis an bpobal.

Ba cheart breis tacaíochta a thabhairt d’earnáil na leabharlanna sa dá dhlínse, le breis leabhar a cheannach agus a chur i láthair, an dá thaobh den Teorainn san áireamh. Tá Tuaisceart na hÉireann an-tábhachtach freisin sa chás sin.

Ba cheart oiliúint a chur ar aistritheoirí liteartha Éireannacha atá ag aistriú go Gaeilge ó theangacha eile agus ar aistritheoirí eachtrannacha a bhfuil ardleibhéal Gaeilge acu atá ag aistriú leabhair Ghaeilge go teangacha eile. Tá na daoine sin ann. Tá sé an-suimiúil le cúpla mí anuas an méid a fuair mé amach mar scríbhneoir. Tharla go raibh úrscéal amach agam a tharraing aird ag leibhéal Eorpach agus a bhuaigh duais liteartha an Aontais Eorpaigh. Tháinig go leor fiosruithe i mo threo ó thaobh an leabhair a bheith aistrithe ach an rud a bhí an-spéisiúil ar fad ná gur tháinig fiosruithe ó aistritheoirí arb as tíortha eile iad a bhfuil Gaeilge acu agus a bhí ag iarraidh labhairt liom faoin leabhar a aistriú go díreach ó Ghaeilge go Gearmáinis, mar shampla. Aréir tháinig ríomhphost eile isteach. Tá conradh ann chun an leabhar a aistriú go dtí an Eastóinis. Tá an conradh sin sínithe, beidh sé ag tarlú agus Eastónach a bheas á dhéanamh. Tá sé sin an-suimiúil agus tá na daoine sin ann ach b'fhéidir gur daoine iad nach bhfuil ag díriú go sainiúil ar an aistriúchán liteartha faoi láthair ach dá gcuirfí beagáinín tacaíochta ar fáil bheadh siad ar fáil. Is iontach an rud a bheadh ansin.

Mar a dúirt mé, chuir mé isteach an t-aitheasc agus má tá aon cheisteanna ag duine ar bith faoi aon rud ann beidh áthas orm iad a fhreagairt. Gabhaim buíochas leis an gcoiste as aird a thabhairt ar an ábhar seo agus ar na fadhbanna atá ann. Tá toradh le feiceáil ar an obair cheana féin agus tá muid ar fad buíoch.

Gabhaim buíochas le Tadhg agus go n-éirí leis leis an inphrionta nua. Glaoim ar Éilís Ní Dhuibhne.

Ms Éilís Ní Dhuibhne

Níl an oiread sin le rá agam. Tháinig mé anseo chun ceisteanna a fhreagairt nó chun tacú le mo chomhghleacaithe ach déarfaidh mé cúpla focal mar sin féin. Is scríbhneoir mise a scríobhann sa dá theanga; Béarla agus Gaeilge. Beidh mé ag labhairt faoin difríocht atá idir a leithéid de scríbhneoir i mBéarla agus i nGaeilge. Sin an saghas téama atá leis an bpíosa beag atá le rá agam.

Thosaigh mé ag scríobh i mBéarla siar sna seachtóidí. Cé go raibh Gaeilge agam, idir léamh agus scríobh, agus cé go raibh suim agam sa litríocht agus sa scéalaíocht traidisiúnta ach go háirithe, níor bhuail sé liom aon rud a scríobh i nGaeilge go dtí gur tháinig duine éigin chugam agus a thug cabhair dom dráma a scríobh d'Amharclann de hÍde, nach bhfuil ann a thuilleadh. Ní raibh dráma scríofa agam riamh ach an oiread.

Bhí an stiúrthóir Clíodhna Ní Anluain ag lorg ban scríbhneoir le Gaeilge. Luaim é seo mar go dtaispeánann sé an tslí a oibríonn an chóras sin do scríbhneoir agus go léiríonn sé an tábhacht agus an tionchar atá ag institiúidí cosúil le hAmharclann de hÍde ar níos mó nó leibhéal amháin. Is mór an trua agus an scannal é nach bhfuil an compántas sin ann a thuilleadh agus nach bhfuil aon amharclann Ghaeilge againn sa chathair. Bhíodh éileamh ar na drámaí.

Is é an rud a tharla i mo chás pearsanta ná gur chuir mé an dráma seo le chéile. Níor shíl mé go raibh sé ró-iontach, ach bhí sé ar siúl sa Phéacóg ar feadh seachtaine. Bhí lucht féachana an-mhaith i gceist an t-am ar fad agus bhí suim ag Gaeilgeoirí na cathrach teacht chuig na drámaí sin i mBaile Átha Cliath, ní gach aon seachtain, ach bhíodh siad ar siúl ar feadh séasúr seachtaine, nó bhíodh dhá shéasúr bheaga ag an amharclann in aghaidh na bliana. Tharla sé sin agus spreag sin mé chun dul ar aghaidh ag scríobh i nGaeilge. Chuir sé ionadh orm freisin gur chuir na scríbhneoirí Gaeilge eile agus an pobal Gaeilge sa chathair fáilte romham mar scríbhneoir Béarla. Mhothaigh mé go raibh mé i measc mo threabh féin agus sa bhaile agus gur thuig an pobal sin na tagairtí a bhí á ndéanamh agam. Níorbh ghá dom aon rud a mhíniú mar gur thuig siad nuair a bhí mé ag gáire faoi Peig. Ní raibh mé ag gáire faoi Peig ach faoina leithéid. Thuig siad na tagairtí ar fad a rinne mé don bhéaloideas agus do na leabhair a bhí léite againn agus mar sin de.

Lean mé ar aghaidh ag scríobh. Scríobh mé dráma eile ansin mar gur iarr duine éigin orm - foilsitheoir nach bhfuil ann a thuilleadh ach an oiread, Caoilfhionn Nic Pháidín ó Chois Life - an mbainfinn triail as úrscéal a scríobh. Rinne mé é sin in 2004, Dúnmharú sa Daingean, agus sílim gurbh fhíor a rá gur chuir sé sin tús leis an saghas faisin atá ann chun úrscéal bleachtaireachta a scríobh i nGaeilge san aois seo.

Chun rud eile a lua más féidir liom, níor scríobh mná na hÉireann ficsean i nGaeilge san fhichiú haois. Scríobhadh b'fhéidir 300 úrscéal i nGaeilge san fhichiú haois - níl mé cinnte amach is amach faoin bhfigiúr sin - ach orthu sin bhí thart fá dheich díobh siúd scríofa ag mná. Bhí sé sin an-aisteach ar fad. Cheana féin san aois seo, tá trí nó ceithre oiread sin leabhar scríofa ag mná, ag Anna Heussaff agus daoine eile ina measc. Tháinig an t-athrú ar céard a bhí ag tarlú i litríocht na Gaeilge le déanaí, le scór bliain anuas nó mar sin.

Ar aon nós, luaim é seo toisc go léiríonn sé an tábhacht a bhain le hAmharclann de hÍde i mo stair phearsanta féin chun mé a spreagadh a bheith ag scríobh agus mar sin de. Thuill mé airgead as agus as an úrscéal Dúnmharú sa Daingean agus fuair mé coimisiúnú. Níor thuill mé a dhóthain airgid le bheith ag maireachtáil as mar bhí post agam i gcónaí agus is rud ann féin é sin a rá. Níl a fhios agam gur cheart dom é seo a rá ach déarfainn go bhfuair mé níos mó airgid ó bheith ag scríobh i nGaeilge ag an am sin ná a bheith ag scríobh i mBéarla chun an fhírinne a rá. Is cineál bestseller a bhí i gceist i Dúnmharú sa Daingean, aisteach go leor, toisc go bhfuair sé bolscaireacht. B'fhéidir nach bolscaireacht an focal ceart ach fuair sé léirmheasanna sna meáin chearta, is é sin, na meáin Bhéarla, toisc go raibh saghas aitheantais orm cheana féin mar scríbhneoir.

Tá sé an-tábhachtach sna leabhair i nGaeilge go dtabharfar aitheantas dóibh agus go gclúdófar iad sna meáin Bhéarla agus ní tharlaíonn sé sin den chuid is mó de. Ní fhaigheann Gaeilgeoirí amach - níl mórán díobh ann - go bhfuil leabhar ann mura bhfuil léirmheas san The Irish Times nó ar “Arena” le Seán Rocks nó ar rud mar sin, go háirithe, nuair a smaoinítear ar an bpobal ar a raibh Tadhg Mac Dhonnagáin ag caint faoi, is é sin, na daoine atá lasmuigh den Ghaeltacht agus na daoine a bhfuil go leor Gaeilge acu le go bhféadfaidís leabhar simplí a léamh. Léann siad é má bhíonn siad i mbéal an phobail. Is díreach an cás céanna é, má bhíonn daoine ag dul go dtí an scannán atá chomh mór le rá sin faoi láthair: “An Cailín Ciúin”. Bhí an scannán sin i mbéal an phobail agus i ngach áit agus bhí daoine sásta dul ann agus an-sásta breathnú ar scannáin i nGaeilge. Tá a fhios agam go bhfuil sé níos fusa breathnú ar scannán le fotheidil ná chun leabhar a léamh ach ba cheart a bheith ag smaoineamh air sin i láthair na huaire mar sin féin.

Is é an difríocht mhór idir a bheith ina scríbhneoir i nGaeilge nó i mBéarla ná, gan amhras, go bhfuil seans ag duine, más ag scríobh i mBéarla atáthar, na mílte nó na milliúin léitheoirí a fháil agus níl sé sin chun tarlú riamh i nGaeilge. Má éirítear go han-mhaith le duine, gheobhaidh scríbhneoir Gaeilge 1,000 nó 2,000 léitheoir i nGaeilge go dtí go n-aistreofaí an leabhar go teanga éigin eile.

Ní hé sin a rá go dtuilleann scríbhneoirí i mBéarla na hÉireann mórán airgid seachas b’fhéidir leabhair a leithéidí Jo Spain. Déarfainn go bhféadfaí na daoine gur féidir leo maireachtáil ar an airgead a thuilleann siad ó bheith ag scríobh i mBéarla a chur ar láimh amháin, mar fiú amháin, nuair a áirítear na hainmneacha mór le rá, bíonn poist acu de ghnáth mar léachtóirí i scríbhneoireacht chruthaitheach agus mar sin de. Is dóigh liom go mbeadh rud éigin le rá ag Cathal Póirtéir faoi sin mar go dtuigeann sé an cheist seo. Tá cúrsaí seo sna hollscoileanna le 20 bliain anuas sa scríbhneoireacht chruthaitheach, áit a bhfuil MAs nó PhDs ann. Tá gach saghas cláir sa scríbhneoireacht chruthaitheach anois ann i mBéarla in Éirinn. Ní dóigh liom, ámh, go bhfuil fiú ceann amháin i nGaeilge ann. Tugann na cúrsaí seo fostaíocht do scríbhneoirí atá go deas agus a théann leis an scríbhneoireacht mar ghairm, foghlaimíonn na mic léinn rud éigin, agus ardaíonn siad an caighdeán scríbhneoireachta. Bheadh sé go maith dá mbeadh ceann i nGaeilge ann agus ní thuigim cén fáth nach bhfuil na cúrsaí seo ar fáil nó nach bhfuil suim ag na hollscoileanna iad a chur ar fáil do scríbhneoirí na Gaeilge.

Cén difríocht eile atá ann idir na scríbhneoirí sin a luaigh mé cheana. Ba cheart dúinn a bheith ag smaoinigh air seo mar gur luaigh Anna Heussaff go bhfuil 500 scríbhneoir beo ag scríobh i nGaeilge i láthair na huaire agus tá, b'fhéidir, leabhar amháin scríofa ag cuid acu, nó mar sin de. Ach cé mhéad scríbhneoir atá ag scríobh i mBéarla ar domhan? Níl a fhios agam faoin líon sin. B'fhéidir go bhfuil milliún nó dhá mhilliún ann. Caithfimid na scríbhneoirí atá againn i nGaeilge a chothú, i ndáiríre, do thír na hÉireann, dár gcultúr agus dár bhféiniúlacht. Táimid, is iad sin na scríbhneoirí Gaeilge, i bhfad níos tábhachtaí agus níos neamhghnáiche sa chomhthéacs seo. Is rara avis gach duine a scríobhann sa Ghaeilge i gcomhthéacs an domhain. Caithfimid tacaíocht agus maoiniú a thabhairt dóibh, an litríocht a chothú agus cabhair a thabhairt do na scríbhneoirí sin ar aon bhealach a bhféadfaí é sin a dhéanamh.

I gcomhthéacs na hEorpa agus an domhain, tá tábhacht faoi leith ag baint le litríocht na Gaeilge agus ní bheidh sí ann nó beo gan é sin a dhéanamh. Is é sin an méid atá le rá agam.

Gabhaim buíochas le hÉilís Ní Dhuibhne as na léargais sin. Glaoim ar Chathal Póirtéir anois.

Mr. Cathal Póirtéir

Gabhaim mo bhuíochas leis an gcomhchoiste i dtosach as an gcuireadh a thabhairt dom rud beag cainte a dhéanamh. Sheol mé píosa scríbhneoireachta isteach níos luaithe, roinnt laethanta ó shin. Rinne mé leasú nó dhó air ar maidin nuair a chuir mé mo spéaclaí orm agus nuair a léigh mé é ar ais i gceart. Ach in ainneoin na barúla difriúla is féidir liom an leagan sin a chur ar fáil, más mian leis an gcoiste. Is scríbhneoir, craoltóir agus léiritheoir mé atá ag plé le leabhair agus le litríocht na Gaeilge ar bhealaí éagsúla le blianta fada. Is mar léiritheoir a oibrím go príomha agus ansin mar thaighdeoir, scríbhneoir próis, drámadóir, agus mar eile.

Chaith mé thart ar 30 bliain ag obair ar chláir éagsúla i nGaeilge agus i mBéarla in RTÉ Raidió 1, go leor acu ag baint le leabhair agus le léann na Gaeilge. Bím ag obair mar léiritheoir neamhspleách ar dhrámaí agus ar imeachtaí litríochta, go háirithe IMRAM, an fhéile litríochta Gaeilge, a bhfuil mé mar chathaoirleach uirthi faoi láthair. Tá mé gníomhach in Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge ó bunaíodh é agus tá colún míosúil i mBéarla faoi leabhair Ghaeilge á scríobh agam le blianta do Books Ireland.

Tá roinnt smaointe fánacha mar gheall ar léitheoirí agam. Is gá go mbeadh an córas oideachais in Éirinn ag soláthar gach deis don lucht foghlamtha líofacht agus litearthacht sa Ghaeilge a bheith acu ionas go mbeidh pobal léitheoireachta ann do leabhair agus do litríocht na Gaeilge. Ní léir dom go bhfuil nós na léitheoireachta i nGaeilge á chothú i scoileanna nó i gcoláistí tríú leibhéal fiú, rud gur gá le nós na léitheoireachta a chinntiú ina dhiaidh sin. Níl saibhreas na litríochta reatha nó stairiúil á mhúineadh go héifeachtach faoi na siollabais atá i bhfeidhm faoi láthair. Muna gcuirtear an laige sin i gceart, is ar éigean go mbeidh a fhios ag aos óg na tíre nó a chuid mhúinteoirí scoile gur ann don traidisiún iontach litríochta sa Ghaeilge nó gur ann do scríbhneoireacht chomhaimseartha ar ardchaighdeán. Gan léitheoirí a chothú sa chóras oideachais, beidh sé doiligh ar fhoilsitheoirí theacht ar mhargadh do leabhair, fiú má tá scríbhneoirí agus leabhair den scoth acu.

Is ceist eile í cothú na scríbhneoireachta. Ní hionann cumas sa Ghaeilge scríofa nó labhartha a bheith ag duine agus scríbhneoir a bheith agat ach is gá ardchumas sa teanga a bheith ann mar bhunchloch. Má thógann tú saol an Bhéarla in Éirinn mar shampla, feicfidh tú go bhfuil an iliomad réimsí scríbhneoireachta á múineadh ag leithéidí Áras Scríbhneoirí na hÉireann agus is maith ann iad na cúrsaí agus ceardlanna sin le hoiliúint agus spreagadh a thabhairt do scríbhneoirí i dtús a réime agus le cur lena scileanna i rith a saol scríbhneoireachta. Ar an tríú leibhéal, tá cúrsaí máistreachta agus dochtúireachta ar fáil in ollscoileanna do scríbhneoirí cruthaitheacha an Bhéarla le cuidiú leo le barr feabhais a bhaint amach. Tá na cúrsaí seo i ndiaidh cuid mhór de scríbhneoireacht reatha an Bhéarla a spreagadh agus tá go leor de chéimithe na gcúrsaí sin anois ina scríbhneoirí aitheanta go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Is beag deiseanna oiliúna trí mheán na Gaeilge ag scríbhneoirí taobh amuigh de cheardlann deireadh seachtaine thall is abhus. Tá cúrsaí i mBéarla ach níl an tairbhe chéanna le baint astu ag an scríbhneoir Gaeilge nuair nach bhfuil líofacht sa teanga ag na teagascóirí ar fad nó ag bail eile na gceardlann. Ní heol dom cúrsa ar bith sa scríbhneoireacht chruthaitheach a fhreastlaíonn ar scríbhneoirí na Gaeilge nó a dhéanann iarracht scríbhneoirí gairmiúla a chothú.

Maidir le tacaíocht airgid, is ceist eile é an t-am gur féidir le scríbhneoir a thabhairt don scríbhneoireacht. Is gá airgead a shaothrú le greim a chur inár mbéal agus is beag airgead atá le saothrú as an scríbhneoireacht, go háirithe as scríbhneoireacht na Gaeilge nuair nach féidir a bheith ag brath ar mhór-rachairt a bheith ar leabhar. Mar sin, tá an scríbhneoir ag brath ar thacaíocht airgid ó fhoinsí eile. Tá beagán acu ann, ina measc scéim na gcoimisiún ag clár na leabhar Gaeilge, nach raibh oscailte le cúpla bliain, agus scéim eile ag an Chomhairle Ealaíon, scéimeanna a thugann beagán airgid do scríbhneoir do choimisiún ar leith. An luach saothair cothrom é €8,000 ar dhá bhliain lánaimseartha ag obair ar leabhar? Bheifeá i bhfad ní b'fhearr as ar an dól. Caithfidh na rátaí atá i bhfeidhm i scéimeanna mar seo luach saothair cothrom a thabhairt don scríbhneoir. Tá scéim nua bhunioncaim d'ealaíontóirí fógartha le tuarastal a íoc le roinnt céadta ealaíontóirí ar bhonn píolótach ach, de réir mar a thuigim é, níl barántas ar bith ann go mbeidh oiread agus scríbhneoir Gaeilge amháin san áireamh. Ba chóir go mbeadh.

Maidir le feiceálacht, castar cairde orm go minic, daoine a léann leabhair Ghaeilge anois is arís agus daoine eile a bhfuil sé ar a gcumas acu iad a léamh ach nach eol dóibh an réimse nó an caighdeán atá ar fáil agus nach dtéann sa tóir ar leabhair Ghaeilge dá bharr. Cónaíonn cuid mhór de léitheoirí na Gaeilge i saol an Bhéarla agus tá siad faoi mhíbhuntáiste maidir le feiceálacht na leabhar Gaeilge sna mórmheáin chumarsáide agus i siopaí leabhar. I nuachtáin náisiúnta agus áitiúla na tíre, ar an raidió agus ar an teilifís, is beag trácht a bhíonn ar an scríbhneoir Gaeilge nó ar a shaothar, idir agallaimh, léirmheasanna agus eile. Mar léitheoir, bím ag brath ar nuachtáin laethúla agus raidió náisiúnta le heolas a fháil faoi leabhair nua. Is beag eolas a bhíonn iontu faoi scríbhneoireacht na Gaeilge ó cheann ceann na bliana agus is gá é sin a athrú má tá an scéal le cur ina cheart.

I mBéarla, tá tionscadal mór leabhar ann in Éirinn, gan trácht ar an tionscadal domhanda a líonann margadh agus meáin na hÉireann lena gcuid poiblíochta. Tá comhlachtaí gairmiúla ann le hagallaimh a shocrú do scríbhneoirí, le léirmheasanna a chinntiú agus le scéal mór a dhéanamh as an scríbhneoir agus as an scríbhinn. Tá sé fíordheacair ar fhoilsitheoir beag dul i gcomórtas leis na hinnill mhóra díolaíochta sin ach tá siad sa mhargadh chéanna agus is gá aghaidh a thabhairt ar an fhadhb sin má tá éisteacht le bheith ag leabhair Ghaeilge sa chomhrá faoi leabhair agus litríocht in Éirinn a dhéanann neamhaird iomlán go bhfuil an dá theanga i gceist le litríocht na hÉireann.

Tá fadhb eile feiceálachta ann agus tá sé bainteach leis an inneall poiblíochta sin, is é sin, na féilte, comórtais agus ócáidí litríochta ar fud na hÉireann a mheallann na sluaite go bailte beaga agus móra i rith na bliana le scríbhneoirí a chur os comhair an phobail agus le leabhair a dhíol. Tá siad tábhachtach le scríbhneoirí agus a saothar a chur os comhair léitheoirí agus spreagann siad díolaíocht agus feiceálacht ach is beag aird a thugann formhór na bhféilte ar scríbhneoirí na Gaeilge mar nach bhfeictear go bhfuil go leor tábhacht leo ó thaobh na tráchtála de. Tugann An Chomhairle Ealaíona tacaíocht do na féilte seo agus ba mhór an cuidiú é dá spreagfadh sí iad le tacaíocht a thabhairt do scríbhneoirí a roghnaíonn an Ghaeilge mar mheán. Tá súil ag cuid againn go dtarlóidh sin luath seachas mall. Is dóigh liom go bhfuil polasaí nua ag an gcomhairle.

Is féidir leabhair a chur i láthair an phobail mar chóiriú teilifíse nó scannán. Tá Cine4 agus TG4 ag obair sa ghort seo le tamall ach is beag é líon na leabhair Ghaeilge atá cóirithe don scáileán go dtí seo. Caithfear a rá go bhfuil scríbhneoirí eile ag obair ar shraitheanna agus drámaí scríofa go speisialta don teilifís ó thosaigh TnaG-TG4 agus is maith ann an oiliúint agus an íocaíocht atá faighte acu.

I gcás RTÉ Raidió na Gaeltachta, níl aon rialtacht maidir le cláir a thugann ardán don scríbhneoireacht Ghaeilge mar dhrámaí, léiriúcháin raidió nó aistí raidió. Bíonn an corr-rud ann anois is arís agus tá cuid acu sin fíormhaith ach ba chóir go mbeadh RTÉ Raidió na Gaeltachta chomh tábhachtach i gcothú na scríbhneoireachta Gaeilge agus atá sé i gcothú an cheoil. Is féidir é sin a chur ina cheart má tá an toil agus na hacmhainní ann chuige. Tá cartlann ag RTÉ Raidió na Gaeltachta agus ag RTÉ Raidió 1 ina bhfuil ábhar liteartha ag dul i bhfad siar. Is féidir leas a bhaint as an acmhainn luachmhar seo mar phodchraoltaí le seoda litríochta agus scríbhneoirí nach maireann a chur os comhair an phobail. Is áis teagaisc a bheadh ann chomh maith.

Ní thugann stair Amharclann na Mainistreach le cúpla scór bliain anuas aon dóchas don drámadóir Gaeilge go gcuirfear fáilte roimh dhráma nuachumtha nó roimh chóiriú ardáin i nGaeilge. Tá Taibhdhearc na Gaillimhe ann i gcónaí ach, ceal acmhainní, tá líon na ndrámaí sa bhliain iontach teoranta.

Is beag scríbhneoir a bhfuil sé d'acmhainn aige nó aici bliain a chaitheamh ag obair ar script drámaíochta don raidió, don teilifís nó don ardán munar léir go bhfuil seans réasúnta go léireofaí é agus go mbeidh luach saothair le fáil as. Tá gá le polasaí, acmhainní agus toil sna stáisiúin raidió agus teilifíse, sna hamharclanna agus in eagrais maoinithe na n-ealaíon leis an scéal sin a chur ina cheart. Is fiú cuimhneamh nach bhfuil aon ionad ealaíona nó amharclann bheag ann sa phríomhchathair le saothar Gaeilge a choimisiúnú agus a léiriú.

D'ainneoin na heasnaimh sin uilig, tá scríbhneoirí agus foilsitheoirí den scoth ann agus borradh faoina gcuid oibre mar is léir do dhuine ar bith atá ag léamh na litríochta reatha. Tá duaiseanna liteartha an Oireachtais ann, rud a spreagann na céadta le dul i mbun pinn gach bliain. Tá scothléirithe IMRAM ann atá ag cuidiú le pobal na litríochta Gaeilge a tharraingt le chéile agus saothar na scríbhneoirí a chur os comhair an tsaoil. Níl scríbhneoirí na Gaeilge gan dóchas ach tá tacaíocht agus cothrom na Féinne de dhíth ó institiúidí cultúrtha na tíre a d'fhéadfadh i bhfad Éireann níos mó a dhéanamh le scríbhneoirí na Gaeilge a aithint agus a spreagadh mar nós ina gcuid oibre.

Mr. Liam Carson

Níl ráiteas ar bith scríofa agam. Labhróidh mé. Gabhaim buíochas leis an gcoiste. Is léitheoir mé. Ní scríbhneoir mé ach go scríobhaim i gComhar agus ní foilsitheoir mé. Bhí mise ag obair le comhlachtaí foilsitheoireachta i réimse an Bhéarla amhail Lilliput, Blackstaff agus Wolfhound. Bhí mé ag obair mar phoiblitheoir agus bhí baint agam le cúrsaí margaíochta agus mar sin de. Tógadh le Gaeilge mise ach cé gur tógadh mé le Gaeilge, níor léigh mé mórán i nGaeilge nuair a bhí mé i mo dhéagóir.

Thart ar 2002 nó mar sin, bhí mé i dTír Conaill agus thosaigh mé ag léamh leabhair i nGaeilge arís filíocht le Gearóid Mac Lochlainn agus gearrscéalta le Mícheál Ó Conghaile agus mar sin de. Thug mé faoi deara láithreach go raibh rud éigin suntasach ar fad ar siúl i litríocht na Gaeilge. Bhí sí thar a bheith nua-aoiseach agus mar sin de. Thug mé faoi deara chomh maith ná nach raibh féile litríochta tiomanta don Ghaeilge ann ach go háirithe sa phríomhchathair.

Bhuail mise le Mr. Joseph Woods, a bhí mar aistritheoir ar fhoireann Poetry Ireland ag an am agus bhunaíomar IMRAM. Bhaist Gabriel Rosenstock an t-ainm IMRAM air. Ciallaíonn IMRAM nó iomramh aistriú draíochtúil. Is é an rud a bhíomar ag iarraidh a dhéanamh ón tús ná ardán a thabhairt do na scríbhneoirí. Má tá cearc agat, ba cheart duit a bheith i lár an aonaigh. Bhí mo dhuine ag rá go raibh cearc againn agus go rabhamar chun an chearc seo a thabhairt isteach i lár na cathrach, chuig lár an aonaigh. Chuireamar imeachtaí ar siúl ina raibh meascán de cheol agus d’fhíseáin agus achan rud mar sin.

Nuair a bunaíodh IMRAM ar dtús, bhíomar faoi scáth Éigse Éireann agus i ndiaidh cúpla bliain nó mar sin, bhunaíomar IMRAM mar chomhlacht ann féin agus tháinig Cathal Póirtéir isteach mar chathaoirleach. Tá fás agus forbairt nach beag tagtha ar IMRAM thar na blianta. Eagraímid thart ar 30 imeacht ar a laghad in aghaidh na bliana. Is é an bhunfhadhb atá ann ná easpa foirne agus cloisim an rud céanna ráite ag gach duine inniu agus léigh mé cuid de na ráitis eile ó fhoilsitheoirí eile. Níl ach dhá fhéile litríochta atá tiomanta don Ghaeilge sa tír seo. Is iad sin IMRAM agus an Fhéile Bheag Filíochta i gCiarraí, féile iontach í dála an scéil.

Níl ach duine amháin fostaithe ag IMRAM. Is mise an t-aon fhostaí. Caithfidh mise tabhairt faoi chúrsaí riaracháin. Tá 60% de mo chuid ama caillte ar chúrsaí riaracháin agus ar chód rialachais agus ar scarbhileoga a líonadh agus mar sin. Tá an obair sin ag ardú bliain i ndiaidh na bliana. Tá naonúir fostaí ag eagras litríochta cosúil le hÁras na Scríbhneoirí. Tá naonúir fostaithe ag Éigse Éireann, Poetry Ireland. Tá triúr fostaithe ag a Munster Literature Centre, Ionad Litríochta an Deiscirt. Tá bunfhadhb ann.

Tá an maoiniú atá ag teacht isteach chuig IMRAM ón gComhairle Ealaíon ag neartú i rith an ama. Níl an teacht isteach atá againn ó Fhoras na Gaeilge ag neartú. Tá sé ar an leibhéal céanna agus a bhí sé deich mbliana ó shin, beag nó mór. Faighimid €10,000 ó chomhairle na cathrach. Tuigim go bhfuil an buiséad atá ag comhairle na cathrach teoranta. Tá an buiséad atá ag Foras na Gaeilge teoranta. Níl mé ag iarraidh locht a fháil ar na daoine atá obair ar chlár na leabhar Gaeilge ach tá sé soiléir nach bhfuil neart airgid acu agus nach bhfuil na hacmhainní acu chun tabhairt do dhaoine, cosúil liomsa, atá ag tochailt ar an talamh. Is é an bhunfhadhb atá ann ná easpa foirne.

Bhí Tadhg Mac Dhonnagáin ag caint faoi na foilsitheoirí. Má tá mise ag iarraidh imeachtaí a eagrú, ba cheart go mbeinn ar an eolas faoi na leabhair atá ag teacht amach ach. Is minic a thagann Tadhg Mac Dhonnagáin agus duine nó beirt eile le rá go bhfuil leabhar ag teacht amach acu níos moille i mbliana, má bhíonn suim agam imeacht a eagrú bunaithe ar an leabhar seo, ach tá foilsitheoirí eile agus níl clú dá laghad agam cad é atá á fhoilsiú acu, ós é nach bhfuil duine ar bith ar an nguthán.

Nuair a bhí mise i mo phoiblitheoir, b’éigean dom dul thall go Londain agus labhair le daoine i The Guardian agus The Sunday Times. Glacann sé am chun caidreamh a chothú le daoine sna meáin chumarsáide. Más rud é go bhfuil duine ag iarraidh léirmheas a fháil i The Irish Times, beidh air nó uirthi suí síos le Martin Doyle, eagarthóir litríochta The Irish Times, agus cupán caife a bheith agat leis. B'fhéidir go gcaithfear bualadh leis trí nó ceithre huaire sula mbeadh sé sásta léirmheas a scríobh ar leabhar. Tá obair dochreidte ag baint le cúrsaí poiblíochta agus margaíochta. Má táthar ag iarraidh leabhar a chur isteach i siopa áit éigin, caithfear labhairt leis bliain roimh ré. Caithfidh sé a bheith ar an eolas. Tá sé dochreidte nach bhfuil ach ionadaí amháin ag ÁIS. Tá sé sin dochreidte a bheith ag iarraidh ag obair ar son gach comhlacht foilsitheoireachta i nGaeilge sa tír seo. Tá sé náireach amach agus amach. Tá géarghá le hacmhainní breise ansin.

Tá bunfhadhb leis na féilte litríochta ar fud na tíre. Tá sé luaite ag duine nó beirt eile. Tá straitéis ag teacht amach ón gComhairle Ealaíon atá curtha le chéile ag Sarah Bannan agus Peter Sirr agus molaim go mór an obair atá déanta acu. Tá an straitéis léite agam agus is straitéis láidir atá inti. Beidh sí fógartha ar ball. Eagraíonn IMRAM imeachtaí Gaeilge ag féilte eile. Bhí imeacht againn ag féile a mbeidh a ainm faoi rún. Bhí imeacht ilmheánach againn le ceol agus físeáin. Chaith IMRAM na mílte euro ar an imeacht seo agus ansin, nuair a chuaigh mise chuig an fhéile seo, bhí póstaeir scaipthe ar fud na háite le haghaidh na scríbhneoirí i mBéarla. Bhí póstaeir lámh scríofa taobh amuigh de theach leanna, "Irish event upstairs". Is é sin an nós atá ag cuid mhaith de na féilte.

Tá féilte eile sa chathair seo agus ar fud na tíre agus ní bhíonn oiread agus imeacht amháin acu i nGaeilge. Más rud é go bhfuil imeacht acu i nGaeilge, beidh an imeacht beagnach i bhfolach. Beidh sí ar siúl ar 10 a.m. maidin Dé Domhnaigh nó rud éigin mar sin agus póit ar gach duine ó oíche Shathairn agus pócaí folmha orthu. Tá bunfhadhb ansin.

De réir mar a thuigim an scéal, tá sé de rún ag an gComhairle Ealaíon dul i ngleic leis an bhfadhb seo agus beidh siad ag caint leis na féilte litríochta ar fud na tíre. Níor cheart dúinn a bheith ag dul thart le bata mór agus a bheith ag iarraidh brú a chur ar dhaoine ach baineann sé seo le hacmhainní agus le hinfheistíocht. Caithfidh comhairleoirí a bheith ag na féilte sin. Níl na daoine acu a thuigeann litríocht na Gaeilge. Is é sin an bhunfhadhb atá ann ach tá daoine ann, cosúil leis na daoine atá ag suí anseo, a bhfuil an-taithí acu agus an-tuiscint acu. Is é infheistíocht agus foireann atá i gceist. Is é sin an bhunteachtaireacht. Caithfimid rudaí a dhéanamh faoi easpa foirne agus infheistíochta agus mar sin de.

Bhí Tadhg Mac Dhonnagáin ag caint faoi chúrsaí idirnáisiúnta. Má tá cearc agat, ba cheart duit a bheith i lár an aonaigh. Tá sé thar am dúinn scríbhneoirí na Gaeilge a thabhairt thar lár. Tá pobal Gaeilge thall i Nua Eabhrac. Tá club leabhair ansin. Baineann sé arís le hinfheistíocht. Tá imeachtaí dochreidte maith ag IMRAM. Tá an obair déanta. Tá saothar Jack Kerouac aistrithe go Gaeilge. Tá físeán, fuaimrian agus snagcheol. Ba cheart dúinn a bheith in ann é sin a thabhairt go Nua Eabhrac agus chuig an siopa leabhar, City Lights, in San Francisco agus chuig Lowell in Massachusetts, an áit a rugadh Jack Kerouac agus mar sin de.

Tá leabhair nua den scoth cosúil leis sin agus úrscéalta atá scríofa ag Éilís Ní Dhuibhne, Anna Heussaff agus Tadhg Mac Dhonnagáin. Ba cheart dúinn iad a thabhairt thar lear agus deis a thabhairt do phobal na Gaeilge atá thall sna tíortha eile amhail an Bhruiséil agus mar sin de. Arís, baineann sé le hinfheistíocht.

Gabhaim buíochas leis an gcúigear. Bhí sé sin an-suimiúil.

Tá an-chuid eolas ann. Gabhaim buíochas leis na finnéithe as na tuairiscí éagsúla. Bhí mé ag éisteacht leis a lán dóibh ón oifig níos luaithe.

Ba mhaith liom díriú isteach ar ábhar amháin a luaigh Cathal Póirtéir faoi chothrom na Féinne. Bhí cúpla sampla láidir ag Liam Carson de chultúr claonta i measc na bhfoilsitheoirí. An athróidh rud ar leith é sin? An dtiocfaidh an fuinneamh sin ó na foilsitheoirí nó ón gComhairle Ealaíon? Tá an-chuid tagairt déanta do mhaoiniú atá curtha ar fáil, deontais agus mar sin de. Má tá cultúr claonta i measc na bhfoilsitheoirí, an leor é sin nó an bhfuil slí eile ann nó an mbeidh rud éigin breise ag teastáil?

Mr. Tadhg Mac Dhonnagáin

I measc na bhféilte an ea?

An iad na foilsitheoirí a bhí i gceist?

Mr. Liam Carson

Ní raibh mé ag caint faoi na foilsitheoirí. Bhí mé ag caint faoi na féilte.

Mr. Tadhg Mac Dhonnagáin

Féilte litríochta agus ealaíne agus mar sin de.

Ms Éilís Ní Dhuibhne

Féile i Lios Tuathail agus féilte den saghas sin. Mar a dúirt Liam Carson, bíonn na himeachtaí Gaeilge ar 10 a.m. maidin Dé Domhnaigh i seomra beag ar bhruach an bhaile.

Ach sin don fhéile féin. Ní bheadh na húdaráis éagsúla ag stiúradh a leithéidí den chinneadh sin. An mbeadh aon difríocht ann dá gcuirfí maoiniú breise ar fáil má tá an claonadh sin in aghaidh cúrsaí Gaeilge sna féilte? Táim ag iarraidh fáil amach an bhfuil uirlis láidir ann ionas go n-athródh an cultúr nó an claonadh.

Ms Éilís Ní Dhuibhne

Is é an pointe ná go bhfaigheann na féilte seo maoiniú ón gComhairle Ealaíon agus áiteanna eile de ghnáth. Mar sin, ba cheart go mbeadh dualgas orthu aitheantas agus ardán a thabhairt do scríbhneoirí na Gaeilge. Is í an fhadhb atá ann ná a bheith i gcónaí ag cur scríbhneoirí na Gaeilge i gcomparáid le scríbhneoirí an Bhéarla. Ní bhfaigheadh scríbhneoir na Gaeilge an lucht éisteachta céanna ar ócáid do scríbhneoir Gaeilge i Lios Tuathail agus a gheobhadh Colm Tóibín nó scríbhneoir éigin mór le rá a scríobhann i mBéarla. Cén fáth go mbíonn sé i gcónaí ag brath ar halla a líonadh le hainm áirithe toisc go mbíonn sé-----

Mar sin, nuair a thabharfaí an maoiniú, ar chóir don Chomhairle Ealaíon agus na húdaráis eile coinníollacha nó spriocanna faoi leith a leagan síos?

Mr. Liam Carson

Tagraím arís don easpa foirne. Tráth dá raibh, bhí an Dublin Writers’ Festival ann - the International Literature Festival Dublin atá air anois - agus ní raibh imeachtaí Gaeilge ar bith ann. Tháinig roinnt daoine chugam ag rá gur cheart feachtas a bheith againn taobh amuigh de Halla na Cathrach agus chomhairle na cathrach agus gur cheart dúinn ionsaí a dhéanamh orthu. Dúirt mé nach ndéanfaimis é sin agus go raibh rud níos fearr le déanamh. Chuir mise scairt ar an stiúrthóir chun suí síos liom le haghaidh cupán caife. Dúirt mé leis go bhféadfainn cuidiú leis agus go bhféadfaimis comhoibriú le chéile. Bhí an taithí agam ar shaol litríochta na Gaeilge. Agus dúirt mé go bhféadfainn imeachtaí den scoth a eagrú dó, ach amháin go raibh air ardán a thabhairt dom. Bhí seisean breá sásta é sin a dhéanamh.

Níl ionam ach duine amháin. Ba cheart go mbeadh triúr nó ceathrar ag caint leis na féilte agus ag rá go bhfuil pacáiste againn agus gur féidir imeacht den scoth a eagrú. D’eagraíomar imeachtaí dátheangacha freisin. Mar shampla, ag an Dublin Writers’ Festival thugamar téama do na scríbhneoirí - Baile Átha Cliath san oíche: an chathair faoi scáth na hoíche. D’iarr muid ar bheirt fhile i nGaeilge agus beirt i mBéarla dánta nuachumtha a scríobh faoi shaol na cathrach san oíche. Bhí ceoltóirí snagcheoil againn freisin. Bhíomar sa Sugar Club le breis agus 200 duine i láthair. Tá féidearthachtaí ann ach ní féidir le scríbhneoirí na hÉireann a bheith ag brath ar IMRAM amháin. Ba cheart go mbeadh i bhfad níos mó i gceist.

Dá mba rud é go raibh laoch nó champion de shaghas éigin in IMRAM, d'fhéadfadh sé nó sí i bhfad níos mó impí a dhéanamh sa treo sin.

Mr. Liam Carson

Luaigh Anna Heussaff REIC le Ciara Ní É. Tá filíocht ón mbéal ann chomh maith, spoken word poetry. Bíonn 50 nó 60 duine i láthair sna himeachtaí a eagraítear. Táimid ag caint faoi ghlúin eile, an t-aos óg. Is daoine iad atá ina 20idí. Liam Óg a thugtar ormsa ach táim 60 bliain anois. Níl mise ag dul in óige. Tá géarghá leis an aos óg a spreagadh agus arís maoiniú agus infheistíocht a thabhairt dóibh.

Mr. Tadhg Mac Dhonnagáin

Maidir leis an méid a bhí le rá ag Liam Carson, uaireanta is fearr a bheith ag caint faoi chuimsitheacht nó inclusiveness seachas cearta na Gaeilge. Dá mbeadh féile ar siúl agus dá ndúnfaí an doras don LGBTQ, mar shampla, nó do phobail mhionlaigh eile in Éirinn bheadh sé i raic. Ach bíonn an doras dúnta go minic don phobal mionlaigh is sine ar an oileán nach mbíodh ina mhionlach tráth don saol ach atá ina mhionlach anois – is é sin an pobal a labhraíonn agus a shaothraíonn, mar a dhéanann muidne, i nGaeilge.

Ba mhaith liom sampla amháin a dhéanamh de sin. Labhróidh mé mar scríbhneoir anois. Tharla gur tháinig leabhar, úrscéal do dhaoine fásta, de mo chuid féin amach. Tá áthas orm a rá gur glacadh go han-mhaith leis agus bhain sé cúpla gradam amach. Bhíomar i dteagmháil leis an gclár ealaíne “Arena” ar RTÉ Raidió 1. Chuamar i dteagmháil leis an gclár cúpla uair go deas múinte. Dúirt muid go raibh ábhair i mBéarla ar fáil agus achoimre ar na caibidlí ar fáil. Luaigh mé mo thaithí féin mar chraoltóir a bhí ag obair le 13 bliana in RTÉ agus go raibh seans ann go mbeinn in ann agallamh maith a dhéanamh. Ach ní raibh aon suim ann. Tá sé níos deacra ag dul i bhfeidhm ar nuachtáin, mar shampla, mar gur gnóthaí iad, ach sin dream Stáit a bhfuil cúram acu mar chraoltóir seirbhíse poiblí. Ba cheart go mbeadh polasaí soiléir ag “Arena”, mar shampla, go mbeadh clúdach acu ar chruthaitheacht agus ealaín na Gaeilge agus ar leabhair na Gaeilge san áireamh. Ní hamháin gur cheart polasaí a bheith ann ach ba cheart an polasaí a chur i bhfeidhm.

Ms Anna Heussaff

Chun cur leis sin, baineann sé leis an ngairmiúlacht agus an maoiniú atá ag teastáil ó na foilsitheoirí chomh maith. Cé go dtuigim go maith an méid atá ráite ag Tadhg Mac Dhonnagáin maidir le leabhair áirithe a fuair ard-aitheantas i saol na Gaeilge a chur chun cinn is saol an Bhéarla, ach más uair sa bhliain a tharlaíonn sé i gcás leabhar amháin ag teacht ó fhoilsitheoir amháin, is lú go mór an seans, dar liom féin mar dhuine a bhí ag obair sna meáin chumarsáide chomh maith, go mbeadh an glacadh sin aige. Má tá ceithre nó cúig cinn d'fhoilsitheoirí, d’fhéilte Gaeilge agus d’imeachtaí difriúla ag déanamh bolscaireachta mar is gá a dhéanamh in am tráth, na míonna roimh ré, agus an t-ábhar a bheith déanta go maith agus go snasta agus araile, agus an polasaí ag na cláir raidió agus na féilte, fásfaidh sé de réir a chéile. Ní tharlaíonn sé aon uair amháin, anois agus arís. Caithfear tógáil air ar bhealach leanúnach agus eagraithe.

Táim sásta leis sin. Glacaim leis an bpointe maidir le inclusiveness - tá sé an-réasúnta.

Tá an-suim agam san éiceachóras a ndearna Tadhg Mac Dhonnagáin tagairt dó. Cé chomh sláintiúil agus atá an t-éiceachóras sin faoi chúrsaí foilsitheoireachta na Gaeilge?

Bhí Anna Heussaff ag labhairt faoin mBreatain Bheag. Conas chomh sláintiúil is atá an éiceachóras sin anois agus, freisin, b'fhéidir i gcomhthéacs na caoi ina raibh sé 20 bliain ó shin?

Mr. Tadhg Mac Dhonnagáin

Níl saineolas agam ar an mBreatain Bheag ach tá a fhios agam go bhfuil go leor oibre déanta agam mar fhoilsitheoir ó thaobh leabhair do pháistí a chur chun cinn thar lear. Tá ár gcuid leabhar foilsithe, is é sin leabhair phictiúr do pháistí óga in 14 teanga ar fud na cruinne. Tá cuid mhaith eolais bailithe agam i gcaitheamh na mblianta.

Níl rudaí chomh láidir sin is é shamhlófaí i dtíortha móra agus, ar bhealach, is míorúilteach é an leibhéal aicsin atá againn in Éirinn i saol na leabhar Gaeilge, nuair a smaoinítear air. Táimid ar fad ag rá go bhfuil na foilsitheoirí go mór faoi bhrú de bharr easpa mhaoinithe agus foirne. Is easpa foirne an fhadhb is mó agus baineann le heaspa mhaoinithe.

Mar shampla, tá aithne agam ar aistritheoir Iodáilise a bhíonn ag plé le haistriúcháin liteartha go hIodáilis agus bíonn sí ag obair le cuid de na foilsitheoirí a bheadh ag obair ar an scála céanna le cuid de na foilsitheoirí is mó Gaeilge cosúil le Cló Iar-Chonnacht, ag a bhfuil cúigear nó seisear d’fhoireann. Ní hiad na foilsitheoirí is mór san Iodáil ach is foilsitheoirí suntasacha iad mar sin féin agus tá siad ag plé leis an litríocht. Bhí an t-aistritheoir seo ag rá liom go bhfuil ar an meán thart ar 400 cóip de leabhar liteartha a gcuirfí i gcló san Iodáilis. Nuair a smaoinítear air, cé mhéad cainteoirí dúchais Iodáilise atá ann? Tá na milliúin díobh ann, ar a laghad 60 milliún, agus b'fhéidir go bhfuil níos mó ná sin ann. Tá 75,000 cainteoir laethúil Gaeilge againne agus le cuid mhaith leabhar, foilsítear 1,000 cóip ina chéad chló. Is dócha go dtógann sé píosa ama le go ndíolfar 1,000 le roinnt de na leabhair sin ach tarlaíonn sé go mbíonn athchló curtha ar leabhair. I gcás leabhair do pháistí, tá sé i bhfad níos láidre ná sin. Bíonn 2,000 nó 2,500 cóip go minic ar an gcéad cló.

An mbaineann na leabhair sin le cúrsaí oideachais nó-----

Mr. Tadhg Mac Dhonnagáin

Ní bhaineann. Is leabhair iad atá dírithe go sonrach ar an bpobal agus atá dírithe le bheith díolta sna siopaí leabhar, le leabharlanna agus mar sin de. Beidh scoileanna ag ceannach cuid acu ach ní hiad na scoileanna is tábhachtaí dóibh.

Is dócha go gcailltear an gnáthdhuine mar go bhfuil an tsuim sin ag daoine óga. Cén fáth nach bhfuilimid in ann an tsuim sin a shíneadh nuair a éiríonn na páistí sin níos sine?

Mr. Tadhg Mac Dhonnagáin

Ceann de na fáthanna atá leis sin ná go bhfuil muid an-lag ó thaobh na déaglitríochta de. Tá riaradh agus forbairt mhaith tagtha ar an ábhar atá ar fáil do pháistí ó a náid go 12, cuir i gcás. Tá laigí áirithe ann agus ba mhaith liom go mbeadh níos mó scríbhneoirí Gaeilge a fheiceáil ag scríobh bunleabhair do na haoisghrúpaí éagsúla atá taobh istigh den réimse sin ach tá an soláthar go hiondúil, idir aistriúcháin isteach agus bhunleabhair, láidir go leor.

Ansin, tarlaíonn beagnach lán staid ann i mblianta na ndéaga. Caithfidh mé mo lámh a chur suas agus a rá nach bhfuil mórán iarrachta déanta agam féin mar fhoilsitheoir díriú ar na déagóirí mar airím go bhfuil cineál easpa saineolais orm toisc gur cúlra bunmhúinteoireachta atá agam ag gabháil cúpla career siar ó shin. D'airigh mé go raibh a fhios agam céard a bhí á dhéanamh agamsa ó thaobh na bpáistí óga de ach, mar a deirim san aitheasc, is é ceann de na dúshláin a bhaineann leis na déagóirí ag an bpointe seo ná go bhfuil an grúpa Gaeltachta-Gaeloideachais ann agus, ansin, tá na daoine atá ag foghlaim Gaeilge i scoileanna Béarla. Faoin am a bhaineann siad 12 d’aois amach tá an leibhéal teanga an-éagsúil ar fad. Tá buneolas ag páistí 12 d’aois den chuid is mó ón gcóras Béarla agus, ansin, tá na daoine a thagann ó na Gaelscoileanna agus ón nGaeltacht líofa go maith. Caithfear dhá chineál leabhair a chur ar fáil. Tá rud atá forbartha go hidirnáisiúnta ar a dtugtar hi-lo-texts. Is iad sin leabhair atá ag an leibhéal ard ó thaobh na síceolaíochta de agus atá sofaisticiúil ó thaobh na smaointe agus na rudaí atá ag tarlú do na déagóirí sna scéalta ach go bhfuil an leibhéal teanga ag leibhéal níos ísle. Tá na leabhair sin foilsithe do dhaoine atá ag plé go minic le teanga mar theanga foghlama. Ansin, tá leabhar atá dírithe ar dhaoine atá ag plé leis an teanga ar leibhéal an chainteora dhúchais nó gar go maith dó.

Ní oibreoidh sé an cineál leabhair chéanna a chur ar fáil do gach déagóir. Níl an leibhéal teanga ag an dream atá sna scoileanna Béarla agus is é sin an fáth go bhfuil a leithéid cainte ar shiollabas ar leith le haghaidh Gaelscoileanna agus mhuintir na Gaeltachta le fada an lá agus is ceart go mbeadh caint mar sin ann.

Ó thaobh na foilsitheoireacht de, is é sin an obair a dteastaítear uainn a bheith á déanamh agus is dúshlán mór é. Ba cheart, ámh, a bheith ag breathnú ina threo leis sin.

Is í an cheist ná an droichead sin a thógáil idir na léitheoirí óga agus iad a choinneáil linn ag léamh le linn dóibh a bheith ina ndéagóirí, agus ansin, fanfaidh siad go dtí go mbeidh siad ina ndaoine fásta.

Tá taithí mhór chraolacháin sa seomra seo. Ceapaim go bhfuil triúr, agus b'fhéidir níos mó, tar éis teacht as RTÉ. Nuair a chuirtear na gearáin faoi RTÉ ar leataobh mar go bhfuil fadhb i bhfad níos mó eile ann agus nuair a smaoinítear ar an taisteal atá déanta ag cúrsaí craolacháin le 20 bliain anois, mar shampla, an t-athrú mór le haghaidh an Idirlíin agus le haghaidh podcasts mar atá luaite ag Cathal Póirtéir, feictear go bhfuil cúrsaí Gaeilge réasúnta láidir, go ndearna sí an taisteal nó an turas sin agus go bhfuil sí fós láidir tar éis an turais sin. An bhfuil aon taithí nó cleachtaí le foghlaim faoin athrú craolacháin a tharla le go mbeimid in ann cuidiú a thabhairt di. Aontaím go mór le Liam Carson gur infheistíocht atá i gceist léi ach an bhfuil aon taithí nó cleachtaí eile le foghlaim ón athrú mór atá tarlaithe i gcúrsaí craolacháin agus teilifíse chun go mbeidh muid in ann an-----

Mr. Tadhg Mac Dhonnagáin

Tá rudaí le rá agamsa faoi sin. Nuair a bhreathnaítear ar TG4 agus ar an éagsúlacht chlár atá anois ann, feictear an chaoi ina bhfuil rudaí athraithe. Is cuimhin liom na blianta móra fada ó shin nuair a bhí mé ag obair in RTÉ. Bhí clár agam ina ndéantaí taifead de i gcaitheamh an tsamhraidh agus is saghas clár quiz a bhí ann do pháistí. Bhíomar i gcónaí ag stocaireacht le hagallaimh agus le léirmheasanna a fháil sna nuachtáin. Is cuimhin liom an uair gur scríobhadh léirmheas. Thosaigh sé, mar a bhítí ag an am dá d'fhaightí léirmheas, lena leithéid: “my memories of the Irish language are being terrorised by Christian Brothers, etc., so it was with some surprise that I found myself almost enjoying this programme”.

Tá an rud sin fágtha ina ndiaidh ar fad againn in Éirinn agus tá an chuimhne sin ar bhrúidiúlacht na mBráithre Críostaí tar éis beagáinín de bhás a fháil leis na daoine a d'fhulaing an bhrúidiúlacht sin. Anois, breathnaítear ar an teanga mar rud atá i bhfad níos lárnaí i gcultúr laethúil na hÉireann.

Tá dúshláin ar leith, mar a luaigh Éilís Ní Dhuibhne, i gcomparáid leis na scannáin. Tá daoine in ann dul ag an scannán “An Cailín Ciúin”, breathnú ar na fotheidil agus iad a léamh i mBéarla, agus tá siad an-sásta go bhfuil an deis acu scannán Gaeilge a fheiceáil. Tá an grá sin ann i measc an phobail nach bhfuil an teanga go líofa acu.

Is rud suntasach é sin. Is amhlaidh an scéal nuair a bhreathnaítear ar na leabhair atá scríofa ag Manchán Magan le cúpla bliain anuas freisin, mar shampla, agus an hit mór millteach a bhí ag Doireann Ní Ghríofa leis an leabhar A Ghost in the Throat faoi Eibhlín Dubh Ní Chonaill, file Gaeilge an ochtú haois déag. Is iontach an rud é nuair a smaoinítear ar an gcaoi a bhí daoine chomh tógtha sin leis mar gur cineál léirithe nua a bhí ann dóibh ar ghné de chultúr na hÉireann agus na Gaeilge nach raibh ar eolas acu.

Tá an oscailt ann ach sílim go gcaithfí mianach na leabhar a athrú, mar a tharla i gcás na teilifíse nuair a bhí cuma ábhairín seanaimseartha ar na cláir theilifíse tráth le fir ag caint leis an gceamara agus cótaí bréidín orthu.

Níl mé ag rá gur mar sin atá na leabhair Ghaeilge ar fad ach sílim go gcaithfidh i bhfad níos mó leabhair nua-aimseartha a bheith ann, atá ag plé le scéalta comhaimseartha, le carachtair óga, le cás na ndaoine óga mar atá anois ann. Tá mé ag caint anois ar dhaoine fásta óga, níl mé ag caint ar dhéagóirí. Caithfidh an éagsúlacht teacht chun cinn agus caithfimid é a fhorbairt agus chuige sin, teastóidh eagarthóirí liteartha, scríbhneoirí agus maoiniú leis na leabhair a chur i láthair agus a phoibliú.

Mr. Cathal Póirtéir

Ceann de na rudaí atá ann i láthair na huaire ná go bhfuil roinnt scríbhneoirí fíormhaithe ann agus leabhair fíormhaithe ar fáil, an triúr scríbhneoirí anseo san áireamh ansin agam, ach tá go leor daoine nach bhfuil a fhios acu gur ann do na leabhair. Léim léirmheasanna i nuachtáin Éireannacha agus nuachtáin Shasanacha agus éistim leis an raidió agus le podchraoltaí, agus is beag trácht a bhíonn riamh ar aon leabhair i nGaeilge. Éistim le cláracha RTÉ Radio 1 go rialta agus tá mé á gcur san áireamh anseo. Is mór an trua é. Léifidh mé léirmheas ar leabhar éigin Béarla agus feicfidh mé sa GuardianThe Irish Times é agus b'fhéidir go gcluinfidh mé trácht air ar “Arena” agus duine éigin faoi agallamh ar chlár radio “Clare Byrne” ag caint faoin leabhar céanna. De réir a chéile deirim liom féin go gceannóidh mé é. Téann tú isteach sa siopa, feiceann tú an leabhar agus ceannaíonn tú é. Sin mar a oibríonn sé. Is ar éigin go bhfuil an chéad chéim den próiseas sin ar fáil i nGaeilge. Is de bharr go bhfuil dílseacht phearsanta agam don Ghaeilge agus do litríocht na Gaeilge a fhaighim amach faoi na rudaí seo ach dá mba rud é go raibh mé ag braith ar an ngnáth chóras poiblíochta agus córas eolais a bhíonn ar fáil faoi leabhair Gaeilge, ní bheadh aon rud ar eolas agam faoi leabhair Ghaeilge, maith, olc nó dona. Is é an trua é mar tá saghas athbheochan ann le deich mbliana nó mar sin. Bhí daoine ag caint ar chaighdeán na filíochta 20 nó 30 bliain ó shin ach braithim go bhfuil éagsúlacht agus caighdeán sna leabhar próis anois. Tá an-chuid scríbhneoirí próis tar éis teacht chun tosaigh nach bhfuil a fhios ag an pobal gur ann dóibh.

Ag dul ar ais ag an scannán "An Cailín Ciúin", tá a lán suim ann. An é an scannán is cúis leis seo nó an é an margaíocht? Nó ar tharla a lán rud le céile chun go mbeadh sé chomh gnóthach is atá sé?

Mr. Cathal Póirtéir

Bíonn córas taobh thiar de sin chomh maith. Bíonn forbairt na scripte taobh thiar freisin agus is próiseas fada-----

An bhfuil sé i bhfad níos éasca scannán a dhíol nó a phoibliú?

Mr. Cathal Póirtéir

Ní dhéarfainn sin.

Ms Éilís Ní Dhuibhne

Bhí scannáin i nGaeilge ann cheana féin. D'aontóinn go hiomlán leat. Is meascán de rudaí a bhí i gceist. Bhí an scannán an-mhaith, bhí an bunscéal i mBéarla an-mhaith. Bhí eolas ag a lán daoine ar an scéal “Foster” le Claire Keegan ar a bhunaíodh an scannán mar bhí sé sin saghas mór le rá agus i mbéal an phobail - agus ar an Ardteist - le fada. Bhí daoine ag caint faoin scannán agus ag fiafraigh dá chéile an raibh sé feicthe fós, agus bhí caint ar i ngach áit ar feadh coicíse nó mar sin.

Ms Anna Heussaff

Maidir leis “An Cailín Ciúin”, agus tá sraith de scannáin atá ag tarraingt aird a rinneadh mar go raibh scéim maoinithe ann. Scéim an-mhaith maoinithe a bhí ann. An rud a tharla ná gur chuir comhlachtaí agus scríbhneoirí scripteanna isteach, roghnaíodh cúig cinn acu, fuair siad €25,000 an ceann le forbairt a dhéanamh ar an smaoineamh, agus ansin roghnaíodh dhá cheann acu a fuair, sílim, €1 milliún an ceann. Níl mé lánchinnte, b'fhéidir nach raibh ann ach leath sin. Ní maoiniú millteanach mór é sin i gcás scannáin ach fuair siad airgead ceart agus, mar a bhí á rá ag Tadhg Mac Dhonnagáin, bhí próiseas eagarthóireachta ann agus próiseas roghnaithe agus bhí brú ann forbairt a dhéanamh ar an rud i bhfad sular tháinig sé chuig an bpointe go mbeadh siad amuigh ag scannánú.

Tá scannáin eile ann “Arracht” agus “Róise & Frainc”, ceann eile atá ag teacht chun cinn go luath agus a bhfuil duaiseanna buaite aige agus mar sin de. Bhí an scéim sin ann bliain i ndiaidh bliana - níl a fhios agam an bhfuil sé ar an gceathrú nó an cúigiú bliain anois. Is léiriú an-mhaith é ar an tionchar a bhíonn ag scéim maoinithe. Ba é TG4 agus Alan Esslemont mar stiúrthóir, de réir mar a thuigim, a bheartaigh ar an rud seo le scannáin i nGaeilge a chur chun cinn ar leibhéil idirnáisiúnta agus go mbeidís páirteach i bhféiltí idirnáisiúnta agus ag buachaint duaiseanna idirnáisiúnta. Déarfadh daoine in Éirinn ansin go bhféadfadh siad dul chuig an scannán i nGaeilge toisc go raibh gach duine ag caint faoi. Is é sin an rud atá tarlaithe. Léiríonn sé an sort ruda gur féidir linn a dhéanamh le scríbhneoireacht na Gaeilge ach tabhairt faoi ar bhealach córasach nó ar bhealach leanúnach. Maidir le scríbhneoirí óga agus scríobh do dhéagóirí agus don aos óg, idir abair 16-25 bliain d’aois, is gá gur scríbhneoirí óga iad cuid de na daoine atá ag scríobh dóibh agus de réir mar a fheicim ó na taifead in Eolaire na Scríbhneoirí, tá cuid mhaith de scríbhneoirí na Gaeilge níos sine seachas níos óige. Tá Tadhg Mac Dhonnagáin agus Futa Fata tar éis cothú d'aon ghnó a dhéanamh ar scríbhneoirí óga ata ag scríobh pictiúr leabhar agus leabhair eile do léitheoirí óga. Scríbhneoirí óga atá 20, 30 nó 40 bliain d'aois, ní féidir leo maireachtáil ar €5,000 sa bhliain mar ag an aois sin níl pinsean acu, níl siad in ann bheith ag braith ar a muintir agus níl siad sásta sa lá atá inniu ann bheith ag maireachtáil i mbothán sa gharraí ar feadh na mblianta as a chéile. Tá gá le cur chuige agus a rá go bhfuilimid chun cuid den bhearna seo a líonadh agus gurb iad seo na rudaí a dhéanfaimid chun tabhairt faoi.

Mr. Tadhg Mac Dhonnagáin

Ba mhaith liom rud éigin dóchasach a rá agus muid ag caint ar “An Cailín Ciúin”. Feicim é seo ag tarlú níos mó agus níos mó le leabhair go bhfuil na meáin shóisialta ag tacú go mór le leabhair agus le díolachán. Mar a dúirt Cathal Póirtéir faoin bpróiseas, feiceann tú rud éigin luaite agus léann tú arís agus arís é. Is féidir an cineál sin éifeacht a bheith agat ar na meáin shóisialta. Tá Twitter go mór mhór an-mhaith ó thaobh poiblíochta. Tá pobal gníomhach leabhar Gaeilge agus pobal Gaeilge ginearálta ar Twitter atá an-ghníomhach agus an-bhríomhar. Is féidir Twitter a úsáid ar bhonn an-éifeachtach le leabhair Ghaeilge a chur i láthair agus le poiblíocht a dhéanamh. Is rud iontach é sin go mór mhór do fhoilsitheoirí atá lonnaithe in iarthar na hÉireann mar atá Futa Fata, Cló Iar-Chonnacht agus Leabhar Breac. Is comhlachtaí iad Cló Iar-Chonnacht agus Leabhar Breac a bhfuil go leor déanta acu ó thaobh leabhair do dhaoine fásta de, i bhfad níos mó déanta acu ná mar atá ag mo chomhlacht fhéin. Tá na leabhair sin níos deacra a dhíol agus caithfear é sin a admháil freisin.

Cuirfidh críoch le cúrsaí ar phointe dóchasach. Go raibh míle maith agaibh ar fad. Bhí sé sin iontach agus an-suimiúil agus beidh sé an-chuiditheach don tuarascáil. Táimid ag iarraidh go bhfanfaidh na finnéithe i ndiaidh na cruinnithe chun grianghraif a fháil.

Tá an cruinniú á chur ar athló go dtí an 6 Iúil 2022 nuair a phléfear an t-ábhar "ag spreagadh fhoilsitheoireacht agus léitheoireacht na Gaeilge" le hionadaithe ó na siopaí leabhar: An Caifé Liteartha sa Daingean; Hodges Figgis i mBaile Átha Cliath; An Siopa Leabhar i mBaile Átha Cliath; agus Kenny's Bookshop and Art Gallery, www.kennys.ie, i nGaillimh. Beidh sé sin suimiúil freisin.

Cuireadh an cruinniú ar athló ar 3.09 p.m. go dtí 1.30 p.m. Dé Céadaoin, an 6 Iúil 2022.
Top
Share