Skip to main content
Normal View

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge debate -
Wednesday, 26 Oct 2022

Gnó an Choiste

Beidh ár gcéad chruinniú eile ar siúl againn ar 1.30 p.m, 16 Samhain anseo i seomra coiste 4, áit a mbeidh plé againn le Príomh-Aoire an Rialtais, an tAire Stáit i Roinn an Taoisigh agus sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán, an Teachta Chambers. Pléifear leis ansin na hábhair seo a leanas: an cháinaisnéis i mbliana, buiséad TG4, agus an gá atá ann glacadh le samhail Chárn Tóchair. Táimid ag súil go mbeidh an tAire sinsearach, an Teachta Martin, ann chomh maith toisc go bhfuilimid ag déileáil le buiséad TG4. Tá súil agam go bhfuil sí ar an liosta freastail freisin ach ní fheicim í os mo chomhair anseo mar chuid den sceideal.

Mar rud deireanach, ba mhaith liom cead na gcomhaltaí a fháil chun cruinniú príobháideach a reáchtáil dé Máirt, an tseachtain seo chugainn, ar 2 p.m., chun comhaontú a fháil ar roinnt míreanna príobháideacha maidir le toscaireacht chun freastal ar chomhdháil Údarás na Gaeltachta i nGaillimh ar 11 Samhain, agus toscaireacht eile a eagrú chuig Béal Feirste an 21 agus an 22 Samhain. Ba mhaith liom freisin comhaontú na gcomhaltaí a fháil chun tuarascáil ghairid an chomhchoiste a ullmhú ar an Comhaontú Trádála Cuimsitheach agus Eacnamaíoch, más féidir linn.

Cuireadh an comhchoiste ar athló ar 4.33 p.m. go dtí 1.30 p.m. Dé Céadaoin, an 16 Samhain 2022.
Top
Share