Leanfaidh an seisiún ar aghaidh go dtí 4.30 p.m., más gá, ach tá súil agam go mbeimid críochnaithe roimhe sin. Tá leithscéal faighte againn ón Teachta McHugh. Fearaim fáilte roimh chomhaltaí an chomhchoiste, roimh aon Chomhalta eile a bheidh ag freastal ar an gcruinniú, roimh na finnéithe a bheidh ag labhairt os ár gcomhair agus roimh ár lucht féachana ar sheirbhís teilifíse an Oireachtais.
Fearaim fáilte roimh na finnéithe seo a leanas: thar ceann an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Barry Quinlan, rúnaí cúnta; ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Phobal, Bairbre Nic Aongusa, rúnaí cúnta, agus Jake Ryan, príomhoifigeach san aonad um straitéis chorparáideach agus cumarsáide; thar ceann an Roinn Iompair, Claire Martinez, príomhoifigeach, Naoise Grisewood, príomhoifigeach cúnta, agus Rachel Kelly, príomhoifigeach; agus ón Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Andrew Patterson, príomhoifigeach san aonad rialachais chorparáidigh, agus Deirdre Ní Néill agus Moira Griffin, atá ina bpríomhoifigigh chúnta sa rannóg chomhionannais agus chomhionannais inscne. Cuirim ar an taifead go bhfuil na finnéithe ar fad ag freastal ar an gcruinniú ó sheomra coiste 4, taobh istigh de phurláin Thithe an Oireachtais.
Tá roinnt comhaltaí i láthair go fíorúil, is iad sin, an Seanadóir Ward, an Seanadóir Clifford-Lee agus an Teachta Aindrias Ó Muimhneacháin. Aithním iad siúd. Má thagann daoine eile ar líne, déanfaidh mé iad sin a aithint chomh maith.
Sula leanfaidh mé ar aghaidh lenár mbreathnú ar inniúlacht Ranna seirbhís iomlán dhátheangach a sholáthar go réamhghníomhach dá gcustaiméirí uile agus na céimeanna réamhghníomhacha atá á gcur i gcrích acu chun an tseirbhís sin a chur ar fáil, tá sé de dhualgas orm roinnt rialacha agus treoracha a leagan faoi bhráid na bhfinnéithe atá ag freastal ar ár gcruinniú inniu.
Meabhraím do chomhaltaí, d'fhinnéithe agus do bhaill na foirne a chinntiú go bhfuil a ngutháin shoghluaiste múchta le linn an chruinnithe mar is féidir leis na gléasanna seo cur isteach ar chórais chraolacháin, eagarthóireachta agus fuaime Thithe an Oireachtais. Tá sé de rogha ag comhaltaí freastal ar an gcruinniú go fisiciúil sa seomra coiste nó go fíorúil ar Microsoft Teams ar an gcoinníoll, i gcás cruinnithe phoiblí, gur óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais a dhéantar sin. Is riachtanas bunreachtúil é sin. Nuair atá comhaltaí ag freastal óna n-oifigí, ba chóir dóibh a bhfíseáin a bheith ar siúl an t-am go léir agus iad le feiceáil ar an scáileán. Baineann an coinníoll seo le finnéithe freisin agus iad ag freastal ar an gcruinniú go fíorúil. Ba chóir dóibh atá ag freastal ar an gcruinniú go fíorúil a chinntiú go bhfuil a micreafóin múchta nuair nach bhfuil siad ag labhairt nó ag caint leis an gcoiste.
Cuirim ar aird na bhfinnéithe go bhfuil siad, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíochta araon, faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada agus atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á tabhairt acu. Ní féidir le finnéithe brath ar an gcosaint seo agus fianaise á tabhairt acu ó thaobh amuigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Molaim d'fhinnéithe a bheith cúramach agus fianaise á tabhairt acu. Má ordaíonn an comhchoiste dóibh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe, ba chóir go ndéantar sin láithreach. Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí inniu. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuir siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe.
Fiafraítear d’fhinnéithe agus de chomhaltaí araon an cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, fiafraítear díobh gan aon ní a rá a d’fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfadh a ráitis a bheith clúmhillteach d’aon duine nó eintiteas aitheanta, ordófar dóibh éirí as an ráiteas sin láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfí leis an ordú sin láithreach, má eisítear é.
Is iad sin na treoracha agus a leithéid. Is féidir linn anois tús a chur le hobair an lae inniu. Iarraim ar Barry Quinlan a ráiteas tosaigh a thabhairt thar ceann na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.