Skip to main content
Normal View

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge debate -
Wednesday, 8 May 2024

Pleanáil Teanga Laistigh den Ghaeltacht: Plé

Tá an cruinniú seo ar siúl mar ghnáthchruinniú i seomra coiste 4 i dTithe an Oireachtais, cé go bhfuil gné fhíorúil ar Microsoft Teams mar chuid de freisin. Tá ceathrar comhalta i láthair sa seomra coiste nó ar líne agus Teachta Dála agus Seanadóir san áireamh. Feicim go bhfuil na Seanadóirí Seán Kyne agus Barry Ward agus an Teachta Fergus O'Dowd ar líne. Tá na Teachtaí Catherine Connolly agus Mairéad Farrell istigh i seomra coiste 4 liom. Beidh seisiún poiblí againn inniu agus tá sé i gceist againn breathnú ar phleanáil teanga laistigh den Ghaeltacht le hionadaithe ó limistéir phleanála teanga i gCiarraí theas, sna Déise, san Eachréidh, in iarthar chathair na Gaillimhe, i Ráth Chairn agus Baile Ghib, agus i nDúiche Sheoigheach agus Tuar Mhic Éadaigh. Leanfaidh an cruinniú seo ar aghaidh go dtí 4.30 p.m., más gá. Níl aon leithscéal faighte agam.

Is mian liom dá réir fáilte a fhearadh roimh chomhaltaí an chomhchoiste, roimh comhaltaí eile atá ag freastail ar an gcruinniú, roimh ár lucht féachana ón taobh amuigh agus, dar ndóigh, roimh finnéithe an seisiún seo. Tá an Dr. Victor Bayda, oifigeach pleanála teanga Chiarraí theas, anseo in éineacht leis an gcathaoirleach ar an meitheal pleanála teanga, Mícheál Ó Leidhin. Tá oifigeach pleanála teanga Chomhlucht Forbartha na nDéise, Tomás Ó hÓgáin anseo, in éineacht leis an mbainisteoir forbartha agus an rúnaí bhord ar an eagraíocht chéanna, Cabríní de Barra agus Máire Seó Breathnach. Tá an t-oifigeach pleanála teanga Ciarán Ó Tiarnaigh anseo mar ionadaí thar cheann an Eachréidh. Tá oifigeach pleanála teanga an Bhruaigh Thoir, Micheál Mac Aoidh, anseo in éineacht leis an gcathaoirleach ar choiste pleanála teanga an bhruaigh thoir, Pádraig Ó Fathaigh, agus ball den bhord stiúrtha den choiste céanna, Joe Kavanagh. Mar ionadaí thar cheann iarthar chathair na Gaillimhe tá an t-oifigeach pleanála teanga, Ursula Ní Shionnain, anseo in éineacht le ball den choiste pleanála teanga, Úna Ní Fhaircheallaigh. Tá an t-oifigeach pleanála teanga Stiofán Seoighe anseo thar ceann Dhúiche Sheoighe agus Thuair Mhic Éadaigh.

Is mian liom a chur ar an taifead go bhfuil na finnéithe seo ar fad ag freastal ar an gcruinniú ó seomra coiste 4, taobh istigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Sula bhogaim ar aghaidh leis na rialacha don seisiún seo a lua, feicim go bhfuil an Teachta Pádraig Ó Súilleabháin tar éis teacht isteach ar líne chomh maith. Sula leanaimid ar aghaidh le breathnú ar phleanáil teanga laistigh den Ghaeltacht, tá sé de dhualgas orm na rialacha agus na treoracha seo a leagadh faoi bhráid na comhaltaí, na baill foirne agus na finnéithe atá ag freastal ar gcruinniú seo. Meabhraím do chomhaltaí, d'fhinnéithe agus do bhaill foirne a chinntiú go bhfuil a ngutháin soghluaiste múchta le linn na cruinnithe mar is féidir leis na gléasanna sin cur isteach ar chóras craolacháin, eagarthóirtheachta agus fuaime Thithe an Oireachtais. Tá an rogha ag comhaltaí freastal ar an gcruinniú go fisiciúil sa seomra coiste nó go fíorúil ar Microsoft Teams, ar an gcoinníoll, i gcás cruinnithe phoiblí, gur óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais a dhéantar sin. Is riachtanas bunreachtúil é sin. Nuair atá comhaltaí ag freastal óna n-oifigí, ba chóir dóibh a bhfíseáin a bheith ar siúl an t-am go léir agus iad ag labhairt linn. Baineann an choinníoll seo lies na finnéithe freisin agus iad ag freastal ar an gcruinniú go fíorúil. Meabhraím dóibh a chinntiú go bhfuil a micreafóin múchta nuair nach bhfuil siad ag labhairt.

Ba mhaith liom a chur ar aird na bhfinnéithe inniu go bhfuil siad, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíochta araon, faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada agus atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á thabhairt acu. Is fíric é nach féidir le finnéithe braith ar an gcosaint sin agus fianaise á thabhairt acu taobh amuigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Molaim d’fhinnéithe a bheith cúramach agus iad ag tabhairt fianaise agus má ordaíonn an comhchoiste dóibh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe, go ndéanfar amhlaidh láithreach. Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé ag an gcomhchoiste. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuir siad faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.

Fiafraítear d’fhinnéithe agus de chomhaltaí araon cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, fiafraítear dóibh gan aon rud a rá a d’fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfadh a ráitis a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordófar do na finnéithe éirí as na ráitis sin láithreach. Tá sé ríthábhachtach má eisítear ordú dá leithéid go ngéillfidh siad don ordú sin láithreach. Agus na rialacha ar fad léite agus pléite, glacaim leis go bhfuil siad aontaithe. Is féidir linn anois tús a chur leis an gcruinniú i gceart. Ar dtús báire iarraim ar an Dr. Victor Bayda a ráiteas tosaigh a thabhairt thar ceann Chiarraí theas.

Dr. Victor Bayda

Táimid fíorbhuíoch do baill an chomhchoiste as an deis seo ár dtuairimí faoi chúrsaí pleanála teanga laistigh den Ghaeltacht a roinnt leo agus a phlé inniu. Go háitiúil in Uíbh Ráthach, an fhadhb is mó atá ag múnlú cúrsaí pleanála teanga le 70 bliain anuas ná teorainn na Gaeltachta. Leagadh síoa na teorainneacha in 1956 gan aon aird ar an bpatrún sóisalta agus cumarsáide sa phobal - gan aird ar an bpobal, mar a deirfeá - agus níl aon chiall shóisialta leis na teorainneacha sin anois. Tá píosaí den Ghaeltacht ann nach bhfuil ach baile fearainn amháin ann. Níl aon shráidbhaile is fiú a lua fágtha sa Ghaeltacht. Tá scoil i gCathair Dónall 230 m ó theorainn na Gaeltachta ach ní féidir an scoil sin, a bhfuil leanaí ón nGaeltacht ag freastal air, a chlárú mar scoil Ghaeltachta. An scéal céanna sa Choireán, ach 1 km atá i gceist. Tá an séipéal sa Choireán sa Ghaeltacht ach níl an carrchlós atá laistiar de sa Ghaeltacht. Má tá tú ag taisteal ar an bpríomhbhóthar - mórchuaird Chiarraí, no an ring of Kerry - trasnaíonn tú teorainn na Gaeltachta deich n-uaire. Nuair a leagadh síos na teorainneacha in 1956, níor fágadh aon mheánscoil sa Ghaeltacht. Go dtí an lá inniu, níl meánscolaíocht go dtí an ardteist ar fáil trí Ghaeilge sa cheantar. In 1999 nuair a cuireadh le chéile na trí mheánscoil a bhí ann agus nuair a bunaíodh Coláiste na Sceilge, d’éirigh le gníomhaithe teanga sa cheantar aonad lán-Ghaeilge a bhunú ann. Go dtí sin ní raibh aon soláthar meánscolaíochta trí Ghaeilge sa cheantar.

Leis na constaicí seo ar fad, anuas ar titim daonra 40% le 50 bliain agus laigeachtaí eacnamaíochta ag dul siar níos faide ná sin, is míorúilt é go bhfuil aon Ghaeilge fágtha in aon chor in Uíbh Ráthach. In ainneoin na constaicí seo ar fad, ó tosnaíodh an próiseas pleanála teanga tá méadú 10% tagtha ar líon na gcainteoirí laethúla lasmuigh den chóras oideachais i gCiarraí theas, rud a léiríonn an tiomantas atá sa phobal don teanga má léirítear an aird is lú orthu. Ag eascairt as cás Uíbh Ráthaigh, tá ceist againn: más rud é go nglacfadh an pobal an fhreagracht as an teanga, an aidhm atá leis an gcóras pleanála teanga, cén fáth nach ar an bpobal atá na limistéir pleanála teanga bunaithe sa chéad áit? Faoi mar atá, níl iontu ach ceantair Ghaeltachta briste suas i bhfocheantair. Leagadh síos na teorainneacha Gaeltachta 70 bliain ó shin agus ní do chuspóirí pleanála teanga mar a thuigtear anois í a deineadh é.

Leis na blianta tá pobal Uíbh Ráthaigh ag iarraidh teacht ar réiteach éigin ar an fhadhb a cruthaíodh leis an teorainn, le deighilt an phobail. Tapaíodh an deis nuair a fógraíodh Cathair Saidhbhín mar bhaile seirbhíse Gaeltachta, mar is ansin atá na seirbhísí don chuid is mó. Mar atá léirithe, tá tábhacht ar leith le Coláiste na Sceilge, ina bhfuil aonad lán-Ghaeilge go dtí an teastas sóisearach. Ó ceadaíodh an plean agus an maoiniú do Chathair Saidhbhín i mí an Mheithimh 2023, táimid ag fanacht le 11 mí go bhfostófaí oifigeach pleanála teanga ann agus go dtosnódh cur i bhfeidhm an phlean teanga i gceart. Dhein an pobal féin gach a bhféadfaí chun go mbeadh sé á chur i bhfeidhm - cruinnithe, coiste, an comhfhreagras ar fad, an plean a chur le chéile agus a chur faoi bhráid an Aire - agus táimid buíoch gur glacadh leis an bplean. Tá an fanacht ar fad ag cur spiorad an phobail de dhroim seoil.

Le cúig bliana anuas tá sé tugtha faoi deara agam - tá sé ar an eolas ag daoine go háitiúil le blianta - nach dtuigtear na cúinsí stairiúla agus sóisialta seo ar fad lasmuigh den cheantar. Arís agus arís eile agus mé ag plé le heagraíochtaí teanga, bíonn orainn é seo ar fad a mhíniú dóibh. Tá dhá uair an chloig idir Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh agus Gaeltacht Chorca Dhuibhne. Is ionann é sin agus turas idir Luimneach agus Baile Átha Cliath, nó níos mó ná turas idir Baile Átha Cliath agus Béal Feirste. Ach mar gheall ar gur sa chontae céanna ar tharla dóibh a bheith, caitear leo mar aonad amháin. Dá mbeidís i ndá chontae, bheadh sé soiléir gur ceart go mbeadh beirt ionadaí ar bhord Údarás na Gaeltachta, mar shampla. Is mar gheall air sin nach nglacaimid leis an gcinneadh atá ann faoi láthair faoi struchtúr bhord Údarás na Gaeltachta. Ní struchtúr daonlathach atá ann sa mhéid is nach dtugann sé seans do mhuintir Uíbh Ráthaigh go toghfaí duine ón gceantar agus go gcuirfí a gcuid riachtanais san áireamh dá bharr. Is mar gheall air sin atáimid ag éileamh go mbeadh ionadaí ag Uíbh Ráthach ar bhord an údaráis seachas ar fochoistí réigiúnda nó a leithéid.

Ba mhaith liom díriú anois ar obair an oifigigh phleanála teanga agus roinnt rudaí a roinnt. Clúdaíonn gach plean teanga líon cuimsitheach réimsí saol an duine: teaghlach, óige, caitheamh aimsire, cúrsaí gnó, ealaín, spórt srl. Is post é seo ina bhfuiltear ag plé le gach grúpa sóisialta sa phobail: ag eagrú imeachtaí agus ócáidí dóibh; ag fáil áisitheoirí, teagascóirí, ealaíontóirí srl.; ag déanamh fógraí; ag riaradh na meáin shóisialta agus na suíomhanna Idirlín; agus ag déanamh grianghrafadóireacht agus scannánaíocht i gcomhair poiblíochta. Bíonn an t-oifigeach ag déanamh teagmháil le gníomhaireachtaí, Ranna agus rannóga, comhlachtaí agus grúpaí pobail. Bíonn sé mar fhreagracht ar an oifigeach pleanála teanga cruinnithe a eagrú, buiséad a bhainistiú, bileoga a dhearadh agus mar sin de. Bíonn air sonraisc a réitiú, cinntiú go n-íocfann na tuismitheoirí as na ranganna ceoil agus ag an am céanna bheith ag smaoineamh ar an bpictiúr mór – ar an mhéid atá ag tarlú sa phobal mór, ar pholasaithe an Stáit, agus ar cén tionchar a bheadh aige sin ar chúrsaí Gaeilge i do cheantar – agus gníomhú dá réir.

Baineann é seo ar fad do na réimsí ar fad a luaigh mé.

Ní féidir le duine amháin a bheith ag plé le gach rud atá luaite anseo, ní h-amháin ó thaobh chúrsaí ama de ach ó thaobh an tsaineolais de atá ag baint le réimse éagsúla. Nuair a deirim go bhfuil daoine sa bhreis ag teastáil chun an obair a dhéanamh i gceart, deirtear liom go bhfuil airgead agam sa bhuiséad chun áisitheoirí a fháil. Ach sin an easpa tuisceana atá luaite agam cheana féin. Tá sé fíordheacair. Uaireanta ní féidir áisitheoirí a fháil in áiteanna cosúil le hUíbh Ráthach mar is ceantar le dlús íseal daonra agus céatadán íseal cainteoirí Gaeilge é, agus níl aon suim ag daoine le saineolas i réimse áirithe agus le scileanna teanga i bpostanna páirtaimseartha.

An tslí a bhfuil post an oifigigh pleanála teanga leagtha amach faoi láthair, is eagrú imeachtaí den chuid is mó atá i gceist seachas comhordú a dhéanamh idir na heagraíochtaí agus na hacmhainní atá ann. Níl struchtúr comhtháite pleanála teanga ann. Níl coinníoll curtha i gconartha maoinithe na n-eagraíochtaí Stáit agus pobail go bhfuil dualgas orthu comhoibriú leis na hoifigigh pleanála teanga. Níl aon riachtanais fiú a bheith i dteagmháil leis an oifigeach pleanála teanga má eagraítear rudaí a mbeadh tionchar acu ar chúrsaí teanga.

Níl ról an oifigigh pleanála teanga scríofa isteach sa chóras. Dá bharr sin, mar shampla, le cúig bliana anuas níl aon chomhoibriú ag tarlú le Comhar Naíonraí na Gaeltachta in Uíbh Ráthach. Dá bharr sin, cé go bhfuil sé i bplean teanga Chiarraí theas, atá faofa ag an Aire, go bhfostófaí oifigeach óige le maoiniú ón mbord oideachais le maoiniú ón Roinn leanaí, diúltaíonn an Roinn leanaí dó sin. Ansin deir ionadaí an údaráis liom gur ceart dom tosnú ar an mbeart sin trí staidéar a dhéanamh ar an éileamh a bheadh ar a leithéid de ról. An chéad rud eile ná go dtagann Foróige, eagraíocht atá ag déanamh obair iontach, isteach sa cheantar agus faightear maoiniú do bheirt fhostaithe go lánaimseartha trí scéim de chuid an Roinn leanaí agus é seo ar fad i mBéarla. Is sampla soiléir é seo den easpa comhtháthaithe, easpa áite daingnithe don phleanáil teanga sa chóras pleanála agus riaracháin agus nach bhfuil aon ról ag an bplean teanga, ag pleanáil teanga nó leis na hoifigigh pleanála teanga sa chóras sin. Cén fáth nach bhfuil an phleanáil teanga mar chuid de phlean, straitéis agus polasaithe gach eagraíocht atá maoinithe ag an Stát?

Mr. Tomás Ó hÓgáin

Tá mé ag obair mar oifigeach pleanála teanga le Comhlucht Forbartha na nDéise, an ceanneagraíocht pleanála teanga i nGaeltacht na nDéise, Contae Phort Láirge. Ceapadh mé i mí Iúil 2023. In éineacht liom inniu tá Cabríní de Barra, bainisteoir forbartha an chomhlachta, agus Máire Seó Breathnach, rúnaí bhord an chomhlachta. Gabhaimid buíochas le baill an choiste as an deis seo a thabhairt dúinn teacht os a gcomhair.

De réir fhigiúirí an daonáirimh, tá ardú 16% tagtha ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge taobh amuigh den chóras oideachais i nGaeltacht na nDéise ó 2011. Ábhar dóchais agus misnigh é seo. Is fianaise é go bhfuil tionchar dearfach ag an bplean teanga ar úsáid na Gaeilge sa cheantar. Is fíor go bhfuil go leor buntáistí ag baint leis an gcóras pleanála teanga sa Ghaeltacht. Tá maoiniú agus acmhainní anois againn nach raibh riamh cheana a chuireann ar ár gcumas go leor de bhearta an phlean teanga a bhaint amach. Cé go bhfuil borradh agus fás tagtha ar infheictheacht agus úsáid na Gaeilge go poiblí trasna gach gné de shaol an phobail, níl a dhóthain foirne againn chun na réimsí ar fad den phlean teanga a chur i bhfeidhm mar ba mhaith linn agus díreoidh mé ar seo ar ball.

In ainneoin an mhéid atá bainte amach, agus atá á bhaint amach, againn, tá roinnt dúshlán fós os ár gcomhair. Is é an dúshlán is mó atá romhainn ná an t-easpa infheistíochta ón Stát chun na seirbhísí atá riachtanach dúinn mar phobal a chur ar fáil trí Ghaeilge go háitiúil. Tá fianaise ann anois go bhfuil lúb ar lár i gcuspóir 3 agus 4 den Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge nuair a thagann sé chuig Gaeltacht na nDéise. I gcuspóir 3, deirtear go gcuirfear réimse leathan seirbhísí ar fáil trí mheán na Gaelainne. I gcuspóir 4, deirtear go dtabharfar tacaíocht ar leith don Ghaeltacht mar cheantar labhartha Gaeilge. Faraor, níl oiread agus seirbhís Stáit amháin lonnaithe i nGaeltacht na nDéise anois ó dhún oifig an phoist na Rinne ar an 26 Aibreán. In ainneoin na gcuspóirí a leagadh amach sa straitéis 20 bliain, is cúlú agus meath atá tagtha ar sheirbhísí Stáit i nGaeltacht na nDéise, agus mar sin níl cuspóirí na straitéise á mbaint amach ag an Rialtas. Tá an fearann labhartha Gaeilge deireanach de chuid an Stáit caillte anois againn le dúnadh an oifig an phoist agus tá muintir na Gaeltachta níos boichte dá bharr.

Táimid i mbliain a sé dár bplean teanga anois agus é ag teacht chun deiridh ar an 31 Iúil 2025 agus gan aon scéal cloiste againn faoi cad atá i ndán dúinn ina dhiaidh san. An mbeidh orainn plean nua a scríobh nó an mbeidh síneadh ama á cur leis an bplean reatha? An mbeidh maoiniú ar fáil chun pé phlean a bheidh ann a chur i bhfeidhm? Ní heol dúinn. Más gá dúinn plean teanga nua a scríobh, ba cheart go mbeadh an próiseas sin tosnaithe cheana féin chun go mbeidh sé réidh le foilsiú agus le cur i bhfeidhm faoi lár na bliana seo chugainn. Tá an éiginnteacht seo ag cur as dúinn agus ní féidir linn pleanáil chun cinn mar ba cheart.

Tá srian ar an méid gur féidir linn a bhaint amach i bhfianaise a laghad foirne atá againn i gComhlucht Forbartha na nDéise. Tá mé féin agus mo bhainisteoir ag déanamh ár ndíchill chun an méid bearta agus is féidir ón bplean a chur i bhfeidhm, ach tá go leor eile sa phlean nach acmhainn dúinn tabhairt faoi, cheal ama agus acmhainní daonna. Tá grúpaí pobail agus institiúidí oideachais an cheantair go hiontach chun imeachtaí agus ócáidí dá gcuid féin a eagrú, ach ní féidir leo ach méid áirithe a dhéanamh. Tá géarghá le hoifigeach teaghlaigh agus óige a fhostú ar a laghad chun díriú go sonrach ar na bearta atá sa phlean a bhaineann leis na réimsí sin.

Chomh maith leis sin, bhí cúpla bliain deacair ag an gcomhlucht forbartha sna blianta tosaigh den bplean teanga. Bhí sé dian orainn oifigeach pleanála teanga a fhostú mar nach raibh na coinníollacha a bhain leis an bpost ró-tharraingteach agus ansan tháinig Covid-19 aniar aduaidh orainn, rud a chur stop le gníomhaíochtaí agus dul chun cinn ar feadh cúpla bliain. Is bocht an scéal é go bhfuil breis is scór oifigeach pleanála teanga tar éis a gcuid post a fhágáil le blianta beaga anuas agus is dúshlán mór é an síorathrú foirne seo do na coistí deonacha. Tá dúshlán sa bhreis ag na Gaeltachtaí beaga daoine a mhealladh chun teacht ag obair ar chúrsaí pleanála teanga muna bhfuil daoine áitiúla ann atá sásta cur isteach ar phost an oifigigh pleanála teanga. Tá an éiginnteacht a bhaineann le téarmaí agus coinníollacha an phoist, an éagsúlacht atá ann ó thaobh tacaíochta foirne agus coistí áitiúla, agus an t-ualach oibre atá ar dhuine amháin ar fad ag feidhmiú mar chonstaicí do tharraingteacht an phoist mar oifigeach pleanála teanga.

Tá an córas pleanála teanga bunaithe go huile agus go hiomlán ar ghréasán de choistí pobail deonacha atá ag feidhmiú sna limistéir pleanála teanga éagsúla. Braitheann rathúlacht na n-oifigeach pleanála teanga ar an bhfoireann atá timpeall orthu agus ar cheanneagraíocht éifeachtach, láidir a bheith mar chrann taca acu.

Deir an Rialtas i gcuspóir 13 den straitéis 20 bliain go n-aithníonn an Rialtas an ról fíorthábhachtach atá ag an earnáil dheonach Ghaeilge agus leanfar ag tabhairt tacaíochta di. In ainneoin an ráitis seo, tá córas pleanála teanga á chur i bhfeidhm ag an Rialtas a chuireann brú thar na bearta ar dhaoine deonacha atá ag gníomhú ar son a bpobail. Tá méid áirithe de fhreagracht an Stáit i leith na teanga agus na Gaeltachta iompaithe anonn ar na coistí deonacha seo agus gan na hacmhainní tacaíochta cuí tugtha dóibh chuige agus áirím níos mó ná airgead amháin leis seo. Anuas air seo, tá an Stát ag cúlú siar óna dhualgais maidir le seirbhísí Stáit trí mheán na Gaeilge sna ceantair Ghaeltachta a sholáthar, rud a chuireann tuilleadh brú ar na ceanneagraíochtaí pleanála teanga agus iad ag iarraidh phleananna teanga a chur i bhfeidhm trasna gach gné de shochaí na Gaeltachta. Ar na cúiseanna san, ní éireoidh leis an gcóras pleanála teanga seo sa mheán agus sa bhfad téarma, dar linn. Má tá an Stát dáiríre maidir leis an nGaeilge a thabhairt slán mar theanga labhartha laethúil sna Gaeltachtaí, ní mór an infheistíocht chuí a chur ar fáil.

Mr. Ciarán Ó Tiarnaigh

Is mise an t-oifigeach pleanála teanga do Ghaeltacht an Eachréidh atá díreach taobh amuigh de chathair na Gaillimhe. Tá sé ar cheann de na Gaeltachtaí is laige sa tír. Clúdaíonn an limistéar pleanála teanga seo ceantair Bhaile Chláir na Gaillimhe, Eanach Dhúin agus an Carn Mór.

Is bailte satailíte iad i gcathair na Gaillimhe. Tháinig fás ollmhór orthu le blianta beaga anuas, go háirithe i mBaile Chláir na Gaillimhe. Tógadh meánscoil nua i mBhaile Chláir deich mbliana ó shin agus tá 1,300 dalta cláraithe ann.

Ní thuigeann go leor daoine timpeall chathair na Gaillimhe fiú gur cuid den Ghaeltacht iad Eanach Dhúin, an Carn Mór agus Baile Chláir. Creideann siad nach bhfuil an Ghaeilge mar theanga bheo ach i gConamara nó ar an taobh thiar den chathair. Ag lá gairme do dhéagóirí coicís ó shin i mBaile Locha Riach, mar shampla, ní raibh a fhios ach ag thart ar 10% de na daltaí a bhí i láthair go raibh Baile Chláir na Gaillimhe, díreach síos an bóthar, sa Ghaeltacht.

Bhí lúcháir orm an post a fháil mar oifigeach pleanála teanga an t-am seo anuraidh, tar éis dom an teanga a athfhoghlaim le linn dhá bhliain iontacha ag obair ar Inis Oírr. Roimhe sin, bhí mé i m’iriseoir Béarla ar feadh beagnach 30 bliain. Bhíodh mé ag labhairt Gaeilge gach lá le mo thiarna talún ar Inis Oírr, bean aosta ón oileán ó dhúchas. Gabhaim buíochas léi as grá dár dteanga dhúchais a thabhairt dom. Bhí sé i bhfad níos taitneamhaí dom an Ghaeilge a labhairt gach lá leis na comharsana ar an oileán, seachas a bheith ag plé leis an ngramadach, mar a rinne mé ar scoil i gcathair na Gaillimhe.

Roimh Covid-19, thairg coiste beag deonach an Eachréidh plean teanga cuimsitheach 188 leathanach. Cuireadh moill ar cheapachán an oifigigh phleanála teanga sa cheantar mar gheall ar Covid-19 agus bhí mise an chéad duine a d’fhostaigh an comhlacht nua a bunaíodh anuraidh. Bhí ar an gcoiste beag seo comhlacht nua a bhunú. Bím ag obair liom féin an chuid is mó den am. Nuair a thosaigh mé san Eachréidh anuraidh, ní raibh oifig, fón oibre ná cuntas bainc agam. Bhí orainn fanacht cúig mhí sular osclaíodh an cuntas bainc, rud a chuir go leor frustrachais orm agus mé ag iarraidh tosnú ar eagraíochtaí agus tionscadal a chur ar an bhfód. I mí Mheán Fómhair, bhog mé isteach in oifig nach bhfuil oiriúnach i ndáiríre do chiorcail chomhrá, ranganna Gaeilge agus araile. Tá triúr ar ár gcoiste stiúrtha deonach, agus caithfimid an coiste a neartú. Ní bhíonn siad páirteach i ndáiríre i mo chuid dualgas laethúil agus mothaím nach bhfuil fonn orm an iomarca brú a chur orthu mar is coiste deonach iad.

Ceann de na príomhspriocanna a bhí i mo phlean teanga ná cainteoirí dúchais an cheantair a thaifead sa chéad bhliain sa ról. Táim ag teacht ag teacht chun deiridh de mo chéad bhliain. In éineacht le Micheál MacAoidh ón mbruach thoir, d’fhostaíomar mac léinn óg a rinne na hagallaimh as Gaeilge le cúig mhí anuas. Táimid díreach críochnaithe leo. D’éirigh thar barr leis an tionscadal, ina thaifeadamar 20 cainteoir dúchais, deichniúr díobh ón dá limistéar pleanála teanga. Bhí go leor suime ann sna meáin áitiúla agus náisiúnta. Is féidir liom a rá gurb é an comhoibriú leis na hoifigigh phleanála teanga eile an rud is fearr ón gcéad bhliain sa phost mar ní bhfuair muid mórán treoracha ón ollscoil, ón údarás nó ó aon áit faoi conas an tionscadal seo a chur i bhfeidhm.

I mí an Mhárta 2024, d’fhoilsigh ceathrar againn timpeall na cathrach leabhar filíochta le 177 páiste ó chúig Ghaelscoil sna ceithre limistéir Gaeltachta timpeall chathair na Gaillimhe. D’éirigh thar barr leis an leabhar agus leis an seoladh i Maigh Cuillinn. Bhain na páistí an-taitneamh as na trí cheardlann sa scoil in Eanach Dhúin roimh an Nollaig, agus thug sé seo an-mhothúchán dom ar an bpoitéinseal atá sa phleanáil teanga, ach ní mhothaím mar sin i gcónaí.

Bhain mé an-taitneamh as bualadh le cainteoirí dúchais an cheantair. Tá siad uilig nach mór sna 80idí agus 90idí agus d'fhreastail siad ar na ciorcail chomhrá a bhí ann cheana sular thosaigh mé sa phost. Níl ach pobal beag díograiseach Gaeilge sa limistéar pleanála teanga ina bhfuil mise ag obair agus bainim taitneamh as imeachtaí a eagrú dóibh. Mar shampla, dhírigh mé ar ranganna Gaeilge sa pháirc chorparáideach mar léirigh cúpla gnólacht spéis sa teanga. Is dóigh liom nach bhfuil struchtúr ná tacaíocht iontach taobh thiar díom agus mé ag iarraidh plean teanga 188 leathanach a chur i bhfeidhm. Ag an am céanna, tá sásamh áirithe le baint as tionscadal a fheiceáil ag teacht chun críche freisin, ar nós leabhar filíochta a fhoilsiú nó Gaeilgeoirí sna 90idí a thaifead ar ceamara den chéad uair.

Chomh maith leis sin, tá seandaoine an cheantair brónach nach bhfaigheann siad an deis an Ghaeilge a labhairt gach lá, mar a bhíodh siad nuair a bhí siad óg. Caithfidh mé admháil go mbíonn frustrachas ollmhór orm sa phost uaireanta. Mar a dúirt Victor Bayda agus Tomás Ó hÓgáin, tá an oiread sin le déanamh againn. Éirím maidin Dé Luain ag a 9 a.m. agus tá 50 rud le déanamh agam agus níl mé in ann rud amháin a phiocadh amach. Tagann an abairt "ag snámh in aghaidh easa" chun cuimhne go minic sa ról seo. Is beag dul chun cinn atá déanta agam ó thaobh an Ghaeilge a láidriú sna clubanna spóirt áitiúla, mar shampla, nó ag obair le tuismitheoirí atá ag iarraidh a bpáistí a thógáil le Gaeilge. Cé go gcabhraíonn líonra neamhfhoirmiúil na n-oifigeach pleanála teanga timpeall chathair na Gaillimhe go mór liom, uaireanta ní bhíonn a fhios agam cén áit le dul chun tacaíocht a fháil. Tá na fadhbanna céanna againn mar níl an Ghaeilge chomh láidir sna ceithre limistéar pleanála teanga timpeall chathair na Gaillimhe.

Tá scileanna an-difriúil ag an gceathrar oifigeach pleanála teanga timpeall chathair na Gaillimhe. Mar shampla, is iriseoir Béarla mise agus mar sin tá scileanna sna meáin shóisialta agam. Mar a dúirt an Dr. Bayda, tá an méid sin rudaí le déanamh sa phost seo go bhfuil sé dochreidte. Is féidir linn cabhrú lena chéile go mór agus muid ag obair i dtionscadail le chéile leis an líonra atá againn, mar shampla, an leabhrán iontach seo a rinneamar mí ó shin. Ní bheinnse tar éis fanacht sa ról seo mura shíl mé gur obair an-tábhachtach í iarracht a dhéanamh ár dteanga álainn a shábháil. Go raibh míle maith agaibh as éisteacht liom inniu.

Mr. Micheál Mac Aoidh

Is oifigeach pleanála teanga mé sa bhruach thoir de chathair na Gaillimhe. Tá mé freagrach as an bplean teanga a chur i bhfeidhm i nGaeltacht oirthear chathair na Gaillimhe. Tagann mé leis an méid atá ráite cheana féin. In ionad athrá a dhéanamh ar an méid sin, is mian liom léargas beag a thabhairt ar an gcomhthéacs i nGaeltacht oirthear chathair na Gaillimhe. Tá an Ghaeilge á labhairt mar theanga dhúchais sa gceantar ar imeall thoir chathair na Gaillimhe le cuimhne na seacht sinsear. Tá an teanga anois an-lag sa cheantar agus níl sí a sheachadadh go forleathan i réimse an teaghlaigh. De réir an daonáirimh is déanaí, ní labhraíonn ach 193 duine an Ghaeilge go laethúil sa cheantar. Mar sin, tá baol mór ann go gcaillfear ár nasc sin lenár n-oidhreacht muna ndéantar iarracht faoi leith í a chaomhnú anois.

Ní hionann limistéar pleanála teanga oirthear chathair na Gaillimhe agus gnáthlimistéar pleanála teanga eile toisc go bhfuil go leor éagsúlachta ann ó thaobh daonra, topagrafaíochta agus stádas socheacnamaíochta de. Is Gaeltacht an-éagsúil í sa mhéid is go bhfuil an ceantar ar fad taobh istigh de theorainn chathair na Gaillimhe. D'fhéadfaí a rá gurb í an t-aon Ghaeltacht uirbeach oifigiúil sa Stát. Is bruachbhailte í den chuid is mó agus dar ndóigh tá ceantar tuaithe i Mionlach agus cuid den Chaisleán Gearr. Tá daonra mór sa limistéar pleanála teanga, thart ar 8,000 duine. Ní as Éireann 19% den daonra agus tá níos mó ná 38% den daonra faoi bhun 24 bliain d’aois, rud atá an-éagsúil ar fad.

Mar aon leis na limistéir phleanála teanga eile, tá dúshlán ar leith inár gceantar, mar atá sna ceantair Ghaeltachta imeallacha eile, áit a bhfuil an Ghaeilge ag meath. Airíonn muid faoi mhíbhuntáiste i nGaeltacht oirthear chathair na Gaillimhe. I bhformhór na limistéar pleanála teanga eile, is comharchumann nó cuideachta ghairmiúil atá ina ceanneagraíocht. Tá taithí agus saineolas ag aonad gairmiúil den saghas seo ar cúrsaí riaracháin, airgeadais, rialachais, foinsí maoinithe agus go leor eile. Dar liomsa, glacann siad orthu féin suas go 10% de ualach oibre na pleanála teanga. Is crann taca iad don oifigeach agus coistí pleanála teanga. Is coiste deonach atá i gceannas ar an bpróiseas inár limistéar pleanála teanga. Níl ceanneagraíocht ghairmiúil againn. Mar sin, titeann an t-ualach breise oibre sin orm, an t-oifigeach pleanála teanga, agus ar dhaoine ón choiste atá ag cuidiú linn ar bhonn deonach.

Chomh maith leis sin, níl bonneagar nó gréasán láidir Gaeilge nó Gaeltachta inár limistéar pleanála teanga, rud atá i bhformhór na gceantar Gaeltachta eile.

Is beag eagraíochtaí, grúpaí deonacha, eagraíochtaí pobail ná gnólachtaí Gaeilge nó Gaeltachta atá ag feidhmiú sa cheantar. Arís is aonaid den shaghas seo a dhéanann go h-indíreach go leor den obair a bhaineann leis an bpróiseas pleanála teanga. Lena hais sin, is beag gníomhairí Gaeilge nó Gaeilgeoirí ghairmiúla atá againn sa cheantar, an cineál duine a n-oibríonn go díograiseach in earnáil na Gaeilge nó raon na Gaeltachta agus a chuidíonn go mór leis an obair atá ar bun againn. Is é an toradh ar seo uile ná go dtiteann gach uile gné den ualach mór oibre orm féin, an OPT, agus ar na coistí deonacha. Go fadtéarmach, ní féidir linn an t-ualach oibre seo a sheasamh. Tá ár struchtur leochaileach agus bíonn an baol ann i gcónaí go dtitfidh an tionscnamh as a chéile agus go mbeidh muid ar ais arís ag bun an dréimire. In amanna, airíonn muid scoite amach ó choras, ó earnáil agus ó bhonneagar na Gaeltachta. Is geal le báidín beag bídeach muid atá imithe le sruth. Mar sin, tá sé rí-thábhachtach go gcuirfear tuilleadh tacaíochta, acmhainní agus comhairle ar fáil dúinn. Caithfear déanamh cinnte go bhfuil struchtúr agus coistí láidre agus buanseasmhacha againn. Tá tuilleadh acmhainní daonna ag teastáil go géar uainn freisin.

D’ainneoin na laigeachtaí atá ag an mBruach Thoir, creidim go bhfuil éacht á dhéanamh againn. Cuireadh tús leis an bpróiséas pleanála teanga sa cheantar dhá bhliain ó shin agus is mór an méid tionscadail agus tosaíocht teanga fiúntacha atá curtha ar an bhfód againn ó shin. Níos tábhachtaí fós, tá ag éirí linn cainteoirí laethúla Gaeilge a chothú agus tá Gaelphobal nó pobal teanga bheag, láidir á chothú againn sa cheantar.

Linn anseo inniu tá cainteoir dúchais as Mionlach, Pádraig Ó Fathaigh. Is a buí do Phádraic agus daoine eile mar é go bhfuil an Gaeilge beo fós i nGaeltacht oirthear chathair na Gaillimhe agus go bhfuil oidhreacht shaibhir, luachmhar againn le seachadadh ag an gcéad ghlúin eile. Roinnt blianta ó shin dúirt Pádraic an méid seo faoin bpróiséas pleanála teanga sa cheantar:

Táimid lag lúbach. Chomh lag le héan gé. Ach de laige muid, tá seans againn nach raibh againn riamh cheana. Tá áiseanna, tusicint agus tacaíocht nua ar fáil dúinn nach raibh againn riamh cheana. Tá daoine díograiseach, cróga linn nach raibh riamh linn cheana. Is é seo an dara leath den chluiche. Tá an ghaoth linn. Cuirfimid ar gcroíthe agus ár n-anamacha isteach sa rud seo agus má fhaigheann muid an tacaíocht ceart, beidh an lá againn.

Uaireannta sílim nach n-airítear an phleanáil teanga mar réimse thábhachtach de shaol na Gaeilge. Coinnítear ar an imeall muid. Níl muid i lár an aonaigh agus creid uaimse é, tá i bhfad níos mó ná poc gabhair le díol againne. Airím nach bhfuil céim nó stádas ceart ag na hoifigigh phleanála teanga agus nach dtugtar dóthain tacaíochta dúinn uaireanta, ná don phróseas féin. Airím freisin nach bhfuil tuiscint cheart nó tuiscint mhaith ag go leor daoine in earnáil na Gaeilge ar fheidhim nó fiúntas na pleanála teanga. Caithfear an meon sin a athrú. Creidim féin go bhfuil fiúntas ag baint leis an bpróséas pleanála teanga. Má tá an toil ann, má thógtar an struchtúr ceart, má chuirtear an tacaíocht ceart ar fáil agus má chuireann chuile duine ag gach leibhéal den Stát a gcroíthe agus a n-anamacha isteach sa rud seo, beidh an lá linn agus bainfidh muid rudaí iontacha amach. Dar liomsa, is é sin bun agus barr an scéil.

Gabhaim buíochas leis an gcoiste as ucht an deis a thabhairt dom labhairt anseo inniu.

Ms Ursula Ní Shionnain

I dtosach báire, gabhaim mo bhuíochas leis an gcoiste as ucht an gcuireadh labhairt anseo inniu faoin bpleanáil teanga sa Ghaeltacht. Tá sé i gceist agam díriú isteach ar cheisteanna a bhaineann le Gaeltacht na Mí go sonrach. Tá Gaeltacht na Mí eisceachtúil ar bhealach i gcomparáid le phobail Ghaeltachta eile, sa chaoi is go bhfuil sí ar nós cúpla oileán beag simplíthe ag pobail Bhéarla. Níl an fharraige ina teorainn ag ár nGaeltacht beag agus táimid suite beagnach i lár na tíre, neamhchosainte ó thaobh tionchar an Bhéarla de agus ar bhealach níos troime ná ceantair Ghaeltachta eile. Is míorúilt í go bhfuil áit ag an nGaeilge sna pobail seo go fóill agus go bhfuil sí fós beo in ainneoin easpa tacaíochta éifeachtach ón Stát.

Is í an sprioc atá ag plean teanga Ghaeltacht na Mí ná méadú 10% i líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge a bhaint amach taobh istigh de shaolré an phlean teanga. Faraor, ní bhainfear an sprioc seo amach. Léiríonn na staitisticí daonáirimh is déanaí go raibh laghdú i líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge i nGaeltacht na Mí ó 15.93% i 2016 go 13.87% i 2022. Gan smacht de shaghas éigin a bheith ag an bpobal ar na fachtóirí is mó a chuireann bac ar fhorbairt agus dul chun cinn an phobail Ghaeilge, ní fheicfear méadú suntasach i líon na gcainteoirí Gaeilge i nGaeltacht na Mí.

Mar is eol don choiste, bhí bua stairiúil ag Comharchumann Ráth Chairn san Ard Chúirt nuair a cuireadh cinneadh an Bhoird Phleanála i dtaobh 30 teach agus teach lóistín a thógáil sa Ghaeltacht bheag seo ar ceal toisc nár cruthaíodh gur chun leas na Gaeilge sa cheantar a bheadh an fhorbairt. Fós féin, níl aon athrú tagtha ar chúrsaí pleanála sa Ghaeltacht sa chaoi is nach bhfuil an Ghaeilge aitheanta mar riachtanas áitiúil chun teach a thógáil sa Ghaeltacht. Chun todhchaí na Gaeltachta a chinntiú, tuigeann muid ar fad go bhfuil innealtóireacht shóisialta de shaghas éigin ag teastáil chun an Ghaeilge a choinneáil i réim mar theanga an phobail. Diúltaíodh cead pleanála le déanaí do dhá theaghlach a bhfuil an Ghaeilge acu mar phríomhtheanga an tí teach a thógail i Ráth Chairn. Tacaíonn muidne go láidir le polasaí tithíochta Gaeltachta Chonradh na Gaeilge, go háirithe go gcaithfí le daoine go bhfuil leibhéal B2 acu i labhairt na Gaeilge ar aon dul le daoine a bhfuil riachtanais áitiúla acu ó thaobh cead pleanála de mar bheartas chun cur le líon agus le céatadán lucht labhartha na Gaeilge sa Ghaeltacht. Ar an mbonn céanna, is gá cur in aghaidh forbairtí móra a mbíonn de thoradh orthu go dtagann daoine nach spéis leo Gaeilge a labhairt isteach sa phobal agus go gcuirfí in aghaidh an iomarca tithe saoire in aon cheantar ar leith. Freisin, is gá beartas ar leith i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta chun tithíocht incheannaithe agus tithíocht shóisialta ar a mbeidh coinníollacha teanga dochta ceangailte leo a chur ar fáil i ngach ceantar Gaeltachta.

Is cás ar leith é Ráth Chairn ó thaobh na staire agus na tíreolaíochta de agus pobal bríomhar Gaeilge ina chónaí ann. I gcás Bhaile Ghib, tá muid ag plé le hathbheochan na Gaeilge i measc an phobail, áit a bhfuil an scoil ina heiseamláir san obair seo mar scoil a bhfuil aitheantas Gaeltachta aici. Is ábhar mórtais dúinn mar choiste pleanála teanga gur éirigh linn freastal ar mhianta phobal Bhaile Ghib agus naíonra lán-Ghaeilge a chur ar bun ann de réir an phlean teanga againn. Ba mhaith liom gach aitheantas a thabhairt do Threasa Ní Ghairbhí as obair na gcapall a dhéanamh ina thaobh seo. Tá Baile Átha Buí agus an Uaimh ainmnithe ag Roinn na Gaeltachta mar bhailte seirbhíse Gaeltachta Chontae na Mí. Is ábhar díomá dúinn nach bhfuair muid go dtí seo ach an chluais bhodhair maidir lenár n-éileamh go n-aithneofaí Baile Átha Troim, baile atá fite fuaite le Gaeilge Ráth Chairn, mar bhaile seirbhíse Gaeltachta freisin. Ba fhusa i bhfad coiste agus plean a chur le chéile in Áth Throim mar go leor bailte eile ar fud na hÉireann ó thaobh an méid Gaeilge a bhíonn le cloisteáil ar an mbaile ó lá go chéile.

Tá cúrsaí oideachais sa Ghaeltacht seo an-chasta ar fad sa chaoi is go bhfuil na scoileanna ag freastal ar dhá phobal éagsúla – cainteoirí dúchais Gaeilge agus foghlaimeoirí na Gaeilge. Cuireann an cás seo brú ollmhór ar an gcóras sa Ghaeltacht a chinntiú go bhfuil sealbhú teanga éifeachtach i dtaobh na Gaeilge ar bun i dtaobh na gcainteoirí dúchais agus, ag an am céanna, go bhfuil na foghlaimeoirí ag foghlaim na teanga go héifeachtach chomh maith. Tá riachtanais iomlán éagsúla ag an dá dhream seo agus caithfear aghaidh a thabhairt ar an gceist seo ar bhonn práinneach. Airítear freisin na deacrachtaí a bhaineann le múinteoirí agus baill foirne eile a bhfuil Gaeilge líofa acu a earcú sna bunscoileanna Gaeltachta, chomh maith le foireann a earcú don ionad cúram leanaí i Ráth Chairn, gan trácht ar an deacracht atá ag Coláiste Pobail Ráth Chairn múinteoirí a aimsiú atá in ann ábhair éagsúla a mhúineadh trí mheán na Gaeilge. Teastaíonn sainchúrsa solúbtha oiliúna trí Ghaeilge sa luathoideachas chun soláthar a chinntiú don earnáil i nGaeltacht na Mí. Chomh maith leis sin, is gá a chinntiú go bhfuil pá agus coinníollacha na n-oibrithe seo ar a laghad ar chomhchéim le cúntóirí riachtanais speisialta sna bunscoileanna. Ar ndóigh, is minic a bhíonn gairmeacha gur mná is mó a bhíonn ag plé leo buailte le pá íseal agus coinníollacha nach bhfuil sásúil.

Moltar freisin an mháistreacht ghairmiúil san oideachas a bheith ar fáil in ollscoil éigin i mBaile Átha Cliath agus go mbeadh lóistín ar fáil sna scéimeanna cónaithe san ollscoil atá i gceist i ngeall ar an bpráinne a bhaineann leis an ngéarchéim seo.

Is i mBéarla amháin a phléann an chomhairle contae linn, idir sheirbhísí pleanála agus eile, seachas an leabharlann iontach atá lonnaithe i Ráth Chairn, atá ina heiseamláir ar an méid is féidir a dhéanamh má tá an toil ann. Mar phobal, ní bhraitheann muid go bhfuil pleanáil teanga ar bith ar siúl ó sheirbhísí poiblí maidir le cúrsaí leighis agus sláinte, An Garda Síochána ná seirbhís ar bith eile. Caithfidh an Stát caitheamh leis an nGaeltacht ó thaobh na Gaeilge de faoi mar a chaitheann sé le limistéir faoi chaomhnú speisialta ó thaobh na timpeallachta de agus rialacha soiléire a leagan síos a bheidh le cur i bhfeidhm ag gach seirbhíseach poiblí a bhíonn ag plé le ceantar nó le pobal Gaeltachta. Tacaím leis an méid atá ráite ag na hoifigigh phleanála teanga eile atá anseo inniu faoi na fadhbanna atá os ár gcomhair mar phobail theanga.

Mr. Stiofán Seoighe

I dtosach báire, gabhaim buíochas leis an gcomhchoiste as an gcuireadh chun cainte inniu agus as an deis a thabhairt dúinn cúrsaí pleanála teanga sa Ghaeltacht a phlé os a chomhair. Molaim an obair a dhéanann an comhchoiste seo chun ceisteanna móra Gaeilge agus Gaeltachta a bhrú chun cinn.

Is mise an t-oifigeach pleanála teanga do limistéar pleanála teanga Dhúiche Sheoigheach agus Tuar Mhic Éadaigh, ceantar fairsing, iargúlta, imeallach Gaeltachta a shíneann ón Mám i gContae na Gaillimhe, trí Chorr na Móna, an Chloch Bhreac, an Fhairche agus trasna na teorann isteach go Contae Mhaigh Eo agus ceantar Fionnaithe agus Thuar Mhic Éadaigh san áireamh chomh maith. Tá mise i mbun oibre sa cheantar seo le os cionn ceithre bliana anois, faoi stiúir na ceanneagraíochta a cheap Údarás na Gaeltachta in 2015, Comharchumann Dhúiche Sheoigheach Teoranta agus an coiste stiúrtha pleanála teanga. Tugaim ardmholadh don obair mhór dheonach atá déanta ag an gcoiste céanna le blianta fada anuas chun an Ghaeilge a chosaint agus a chur chun cinn sa cheantar. Is ag tógáil ar a chuid oibre atáim. Tá saibhreas teanga agus cultúir i gceantar Dhúiche Sheoigheach agus Tuar Mhic Éadaigh agus tá an pobal fíorbhródúil as an saibhreas sin. Is bunchloch luachmhar é sin don phleanáil teanga.

Is plean teanga seacht-mbliana atá á chur i bhfeidhm againn i gcomhar leis an bpobal. Táimid leath bealaigh tríd an cúigiú bliain den phlean reatha. Is plean le 11 réimse agus 46 beart é, gan trácht ar bhearta agus ar thograí nua a thagann chun cinn go rímhinic agus muid i mbun oibre leis an bpobal. Luaitear aidhmeanna uaillmhianacha sa phlean, líon na gcainteoirí Gaeilge a mhéadú 20% le linn saolré an phlean agus an Ghaeilge a normalú i measc daoine óga sa cheantar san áireamh.

Is léir, dar ndóigh, nach mbeidh méadú 20% i líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sa cheantar seo faoi dheireadh thréimhse an phlean. Léirigh na figiúirí daonáirimh a foilsíodh i dtreo dheireadh na bliana seo caite gur laghdaigh líon na gcainteoirí laethúla inár LPT féin idir na blianta 2016 agus 2022. Laghdú idir 2% agus 8%, laghdú níos lú ná mar a bhí ann idir na blianta 2011 agus 2016, a bhí i gceist in ocht gcinn den deich toghroinn atá sa limistéar. Méadú beag de 1% a bhí i dtoghroinn amháin agus ní raibh aon athrú ar bith sa cheann eile. Tá tátal idir dhearfach agus dhiúltach le baint ó na figiúirí sin ach braitheann muid go láidir go bhfuil sé i bhfad róluath sa phróiseas le bheith ag brath ar staitisticí cainníochtúla an daonáirimh amháin mar shlat tomhais ar dhul chun cinn na hoibre ar an talamh.

Mar atá ráite ag mo chomhghleacaithe, is obair mhall, chéimneach agus fhadtréimhseach í obair na pleanála teanga ach braithimid go láidir go bhfuil an próiseas sin i nDúiche Sheoigheach agus Tuar Mhic Éadaigh ag dul i bhfeidhm ar an bpobal de réir a chéile. Táimid ag cruthú deiseanna nua foghlama agus úsáide don Ghaeilge agus ag cinntiú go bhfuil an Ghaeilge níos feiceálaí mar theanga phobail agus go gcloistear níos minice í i réimsí éagsúla an tsaoil. Cuireann muid tacaíochtaí teanga ar fáil do theaghlaigh, coistí, cumainn, scoileanna, gnónna agus daoine aonair nach raibh ar fáil cheana sa limistéar seo. Tá deiseanna úsáide agus foghlama ann anois nach raibh ann cheana agus tá an pobal féin níos feasaí faoin obair atá ar bun againn, faoin tábhacht a bhaineann léi agus faoin tábhacht a bhaineann le stádas Gaeltachta don cheantar. Ó thaobh an chóras oideachais de, tá iarracht mhór curtha isteach ag na cúig bhunscoil agus an dá iarbhunscoil sa limistéar chun aitheantas mar scoileanna Gaeltachta a bhaint amach, agus is féidir toradh na hoibre sin a fheiceáil le glúin óg de chainteoirí cumasacha muiníneacha Gaeilge ag teacht ar an bhfód. Caithfear tógáil ar an obair seo, nach bhfuil ach ina tús i ndáiríre, sna blianta amach romhainn. Ní féidir an deis seo a chur amú. Ní féidir na maidí a ligean le sruth.

Is iomaí caipín a chaitheann an t-oifigeach pleanála teanga agus é nó í i mbun oibre ar an talamh. Ní mór duit a bheith i do bhainisteoir, cuntasóir, áisitheoir, aistritheoir, pointe teagmhála, teagascóir, oifigeach forbartha pobail, oifigeach margaíochta agus poiblíochta, teangeolaí, sochtheangeolaí agus síceolaí. Níl aon srian le hilghnéitheacht na hoibre ach is obair thábhachtach í agus ní mór a rá gur obair thaitneamhach í go minic. Tá an t-ádh ar phobail Ghaeltachta agus ar phobail na mbailte seirbhíse agus na líonraí Gaeilge go bhfuil daoine cumasacha, oilte agus díograiseacha fostaithe go lánaimseartha iontu chun pleananna teanga a chur i bhfeidhm.

Ní mór cinnteacht a bheith ann chomh maith faoi thodhchaí an phróisis pleanála teanga. Mar a dúirt mé, táimid féin sa chúigiú bliain de phlean seacht mbliana. Mar atá cloiste ag an gcoiste, tá comhghleacaithe liom i nGaeltachtaí eile atá anois sa séú bliain nó fiú ag dul isteach sa seachtú bliain. Ní léir dúinn céard a tharlóidh nuair a thagann deireadh leis na pleananna reatha. Cruthaíonn sé seo éiginnteacht ní hamháin do na hoifigigh phleanála teanga, ach do na pobail Ghaeltachta. Déanann an éiginnteacht seo dochar don phróiseas pleanála teanga trí chéile. Mar atá soiléir ón méid atá ráite inniu, tá mo chomhghleacaithe uilig tiomanta, ar bhonn gairmiúil agus pearsanta araon, do thodhchaí na Gaeilge agus na Gaeltachta. Caithfear éisteacht lenár dtuairimí agus lenár moltaí, atá bunaithe ar shaineolas agus ar thaithí phraiticiúil sa phleanáil teanga ar an talamh, agus aon phlean, pleananna nó straitéis nua á leagan amach. Tuigeann muid agus ár gcoistí na féidearthachtaí agus na dúshláin a bhaineann leis an obair.

Faraor, ní féidir linn ná leis na coistí deonacha lena mbíonn muid ag comhoibriú an obair ar fad a dhéanamh. Is duine amháin, nó beirt ar a mhéid, atá fostaithe go lánaimseartha chun an obair seo a dhéanamh i limistéir phleanála teanga na tíre. Ní leor é sin chun aidhmeanna uaillmhianacha na bpleananna teanga a bhaint amach. Dar ndóigh, is féidir linn tionchar a imirt ar réimsí áirithe den phleanáil teanga ach níl sé de chumhacht againn na bearnaí ar fad a líonadh. Ní féidir linn tithíocht inacmhainne a chur ar fáil do phobal na Gaeltachta ná treoirlínte pleanála a fhoilsiú a chinnteoidh gur féidir le muintir na Gaeltachta tithe a thógáil ina gceantair féin. Ní féidir linn múinteoirí le hardchaighdeán Gaeilge a chur ar fáil do scoileanna ná tacaíocht bhreise a chur ar fáil do scoileanna ina bhfuil an Ghaeilge faoi bhrú ag na teangacha éagsúla ar fad a labhraíonn na gasúir sa mbaile. Ní féidir linn seirbhísí poiblí riachtanacha trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil do phobal na Gaeltachta. Ní féidir linn infheistíocht a dhéanamh i gcruthú fostaíochta ná i bhforbairt fiontraíochta i bpobail Ghaeltachta. Gan phobal, ní bheidh ann don teanga agus, mar sin, ní mór don Stát seasamh lena fhocal agus a chuid den mhargadh a dhéanamh.

Anois, beidh deis againn roinnt ceisteanna a chur ar na finnéithe. Gabhaim buíochas leo as an méid atá roinnte acu linn cheana féin acu. Beidh sé i gceist againn tuairisc bunaithe ar an seisiún a bhí againn leo siúd atá ag déileáil le ceisteanna pleanála teanga lasmuigh den Ghaeltacht agus ar an méid atá cloiste againn inniu le chéile agus achainí éigin a dhéanamh ar an Rialtas, ar na páirtithe polaitiúla agus orthu siúd a bheidh san iomaíocht sa toghchán amach anseo chun go mbeidh cinnteacht éigin ann ó thaobh an dul chun cinn. Chuala mé faoin ngá le cinnteacht ó na finnéithe cheana féin. Tá ceisteanna eile roinnte acu linn freisin.

Fáiltím roimh na finnéithe go léir. Beidh orm rith. Gabh mo leithscéal as sin. Ba mhaith liom fanacht. Tá gach rud léite agam agus bhí mé ag éisteacht go géar. Ó thaobh na teachtaireachta atá ag teacht trasna, is é an téama atá ag teacht ó na finnéithe go léir ná nach féidir an t-ualach a sheasamh. Is míorúilt go bhfuil an Ghaeilge ann. Tá an focal sin úsáidte go mion minic sna ráitis tosaigh. Mar a dúirt Stiofán Seoighe, is iomaí caipín a chaitheann an t-oifigeach pleanála teanga. Luaigh sé deich ar a laghad. Tá gach saghas ról acu. Gabhaim buíochas leo. Ón tús, bhí laigí i gceist mar bhí an Rialtas i gcónaí an iomarca brú ar na hoifigigh phleanála teanga rudaí a dhéanamh go deonach. Anuas air sin, níl aon chinnteacht i gceist. Is é sin an teachtaireacht eile atá ag teacht trasna. Tá gá le cinnteacht.

Ar a laghad, tá athbhreithniú anois ar siúl. Tá deich limistéar pleanála teanga roghnaithe agus tá comhlacht príobháideach i mbun oibre faoi láthair.

An raibh na finnéithe bainteach leis seo? Is dóigh go raibh trí cinn de na Gaeltachtaí a bhfuil ionadaí uathu os ár gcomhair bainteach leis an bpróiseas comhairliúcháin sin. B'fhéidir go mbeidh na finnéithe in ann sonraí a thabhairt dúinn. An raibh deis ionraic nó réalaíoch acu déileáil leis na dúshláin atá luaite acu? Cuirim fáilte roimh na finnéithe go léir ach cuirim fáilte faoi leith roimh na hionadaithe ó Ghaillimh. Tá dhá Ghaeltacht anseo. Tá neart ceisteanna agam. Beidh orm teacht ar ais maidir leo toisc go bhfuil éagsúlacht faoi leith ag baint le gach Gaeltacht. Tá téamaí coitinne ag teacht suas ach, ag an am céanna, tá dúshláin faoi leith ann. Táim ag smaoineamh ar Uíbh Ráthach agus an méid uair a thrasnaigh muid teorainn na Gaeltachta nuair a bhíomar ann ar thuras. Mar atá luaite, téann tú isteach agus amach as an nGaeltacht deich n-uaire ar an mbóthar mór.

Ag an bpointe seo, táimid ag brath ar an tuarascáil atá le teacht ón gcoiste comhairliúcháin maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla. Táimid ag brath air sin. Anois, táimid ag brath ar an athbhreithniú atá i gceist. Tá neart ceisteanna curtha agam faoin uair a bheidh an próiseas sin críochnaithe agus níl freagra sásúil faighte agam. Táthar i mbun oibre. Is é sin an dá rud atáimid ag brath air ag leibhéal an Rialtais. An féidir tuilleadh sonraí a thabhairt dom faoin bpróiseas sin agus na deiseanna a bhí ag na finnéithe?

Ms Cabríní de Barra

Bhí deis dhearfach againn bualadh le Micheál Ó Duibh ó Bharr Feabhais, an comhlacht atá i mbun an athbhreithnithe. Thug sé cluas éisteachta iontach dearfach dúinn. Thugamar an-chuid eolais dó roimh ré sa tslí go mbeadh sé ar an eolas faoin méid a bhí ar siúl againn, na dúshláin a bhí ann agus an dul chun cinn a bhí déanta. Ba phróiseas iontach dearfach é. Mhothaíomar gur thuig sé na deacrachtaí agus go raibh sé ag éisteacht linn. Bhí mé i dteagmháil leis le déanaí agus, mar a thuigim é, bhí a thuairisc le dul os comhair na Roinne ag deireadh na míosa seo caite, mí Aibreáin. Déarfainn go bhfuil sé díreach ag an Roinn anois. Táim féin dóchasach ó thaobh an phróiseas de. Cheap mé gur phróiseas oscailte agus ionraic a bhí ann. Níor dúnadh síos aon cheist. Measaim go raibh tuiscint faoi leith aige faoi cad a bhí á rá againn. Tá súil agam go dtiocfaidh sé sin trasna sa tuairisc a chuireann sé os comhair an Rialtais.

Dr. Victor Bayda

Tagaim le Cabríní de Barra mar gheall ar an gcomhrá. Bhí comhrá an-deas againn le Micheál Ó Duibh. Bhí deis againn bualadh leis, labhairt leis agus cur i láthair a dhéanamh mar gheall ar an gceantar, na dúshláin atá ann, na rudaí atá bainte amach agus mar sin de. Ní bheinn cinnte mar gheall ar na focail "próiseas" agus "córas" mar ní raibh sé soiléir roimhe sin conas go díreach a bheadh an t-athbhreithniú seo ar siúl. Bhí tuiscint againn go mbeadh comhrá againn leis an duine. I ndáiríre, níl tuiscint agam conas a bheidh an t-athbhreithniú seo ar siúl ina dhiaidh sin. Bhí comhrá againn agus chuireamar an t-eolas ar fad ar fáil dó ach go minic, nuair a thosaím ar rud éigin, deirtear liom go gcaithfear staidéar a dhéanamh, féachaint ar na fíricí agus rudaí mar sin. Cad iad na fíricí agus na rudaí a bhfuil staidéar laistiar dóibh gur mar seo a bheadh an cur chuige ag an athbhreithniú sin? Tá an t-athbhreithniú seo ar siúl ach nílim cinnte mar gheall ar an gcur chuige. Ní dúirt aon duine liom cén cur chuige atá ag an athbhreithniú sin, cad iad na fíricí nó staidéir ar a bhfuil sé bunaithe, conas a bheidh an rud seo á eisiúint don phobal nó, an rud is tábhachtaí, cén chumhacht a bheidh ag an athbhreithniú sin ar an tuairisc seo. B'fhéidir go mbeidh an tuairisc seo ann agus fíricí agus rudaí eile ann ach an mbeidh aon chumhacht ag na rudaí seo a dúramar agus a léiríomar sna comhráite sin ar an gcóras amach anseo?

Ar ghlac aon duine eile páirt ann?

Mr. Stiofán Seoighe

Ba iad na deich bplean a bhí i gceist ná na chéad deich bplean a faomhadh de réir an amscála ach bhí deis ag na hoifigigh phleanála teanga agus ionadaithe ó chuid de na coistí nach raibh san áireamh sna deich bplean sin. Bhí comhthionól againn i mBéal Feirste mí Dheireadh Fómhair seo caite agus bhí Micheál Ó Duibh é féin i láthair. Ní raibh sé ach ag tús a phróiseas ag an bpointe sin. Bhí sé tar éis labhairt le cúpla coiste. I gcead dó, bhí deis ag na coistí agus na hoifigigh phleanála teanga eile nach raibh san áireamh sna deich bplean sin ár dtuairimí agus smaointe a chur ar aghaidh chuige le cur san áireamh. Ní raibh muid ar an eolas faoi sin go dtí gur labhair muid leis. Ní raibh a fhios againn go mbeadh an deis sin againn ach mhínigh sé dúinn go raibh fáilte romhainn smaointe agus moltaí a chur aige ag an bpointe sin.

Ar chuir na finnéithe aighneachtaí scríofa isteach?

Mr. Stiofán Seoighe

Chuir. Ní raibh aon struchtúr foirmiúil ag baint leis sin ach fuair muid seoladh ríomhphoist le teagmháil a dhéanamh amach anseo dá mba rud é go raibh cuid de na coistí nach raibh san áireamh ag iarraidh tuairimí a léiriú.

Ms Máire Seosaimhín Breathnach

Ritheann rud liom. Ní fheadar, mar chuid den athbhreithniú sin, ar labhair sé nó éinne eile leis na heagraíochtaí pobail eile atá ag feidhmiú sna limistéir phleanála teanga ag cur na bpleananna teanga i bhfeidhm. Áirím leis seo coistí Chumann Lúthchleas Gael, scoileanna na gceantar, coistí bailte slachtmhara agus na coistí eile a bhraitheann muidne sna Gaeltachtaí beaga ach go háirithe go mór orthu chun gníomhú agus bearta an phlean a chur i bhfeidhm dúinn. Táimid ag obair i gcomhar leo agus ag tabhairt tacaíocht maoinithe agus riaracháin dóibh. Mar chuid den athbhreithniú, bheadh sé tábhachtach a dtuairimí siúd a bhailiú. Ní dóigh liom go raibh sé sin san áireamh sa chur chuige ach, mar a dúirt Victor Bayda, níor míníodh go hiomlán dúinn riamh cad é an cur chuige ná an cruth a bhí leis ó thús deireadh. Is dóigh liom gur ceart go mbeadh guth an ghnáthphobail, ní hamháin guth sinne atá ag feidhmiú sna ceanneagraíochtaí pleanála teanga agus na comhlachtaí forbartha, san áireamh. Cad a cheapann siadsan faoi phleanáil teanga na gceantar?

Tá sé sin suimiúil. Tá sé sin thar a bheith tábhachtach toisc gurb iad sin na téamaí atá ag teacht trasna. Ní féidir le hoifigigh phleanála teanga oibriú ina n-aonar. An raibh téarmaí tagartha i gceist? An bhfaca na finnéithe téarmaí tagartha an athbhreithnithe seo? An bhfuair siad aon rud réamhghníomhach ón gcomhlacht atá i mbun oibre?

Dr. Victor Bayda

Más buan mo chuimhne, fuaireamar glaoch nó ríomhphost, b'fhéidir an dá rud, ó Mhicheál Ó Duibh féin ag rá go mbeadh sé ag teacht agus go mbeadh comhrá againn. Ní cuimhin liom go díreach ach ceapaim go raibh sé soiléir ón tús go mbeadh sé oscailte ó thaobh na ndlínsí agus na gceantar.

Is rud amháin é a bheith oscailte ach tá tábhacht thar na bearta ag baint leis an bpróiseas seo agus leis na moltaí a eascraíonn as. Is rud amháin é comhrá deas agus is rud dearfach é sin ach-----

Ms Cabríní de Barra

Ní dóigh liom gur chomhrá amháin a bhí ann. Ní fheadar céard a rinne gach duine eile ach thugamar pacáiste eolais dó chomh maith. Ba chuid de sin na pleananna atá againn, na gníomhaíochtaí atá ann agus an plean oibre atá againn. Ní hamháin go bhfuil plean teanga againn ach bíonn plean oibre againn gach uile bhliain chomh maith. Thugamar dó pé cáipéisí gur féidir linn sa bhreis ar an bplean teanga chun go dtuigfeadh sé an cur chuige a bhí againn. Fiú amháin, mhíníomar dó an cur chuige a bhí againn ó thaobh an bhoird agus conas mar a bhíomar ionadaíoch ar an bpobal mar tá an t-ádh linn i gComhlucht Forbartha na nDéise gur dhá leath-pharóiste atá ann. Ar an mbord, tá ceathrar ó pharóiste amháin, ceathrar ón bparóiste eile agus duine neamhspleách mar rúnaí. Bíonn daoine tofa ó dhá choiste pobail deonacha sa cheantar.

Thugamar an t-eolas sin dó. Shíl mé nach leor go raibh sé ag teacht isteach maol. Dá réir, sheolamar an t-eolas seo chuige sular tháinig sé chun labhairt linn. Thugamar cuireadh do dhaoine teacht agus tháinig cúpla duine agus bhí roinnt daoine ón mbord, atá go léir ann mar dhaoine deonacha agus mar dhaoine den phobal.

Mar fhocal scoir, chomh maith leis na cúrsaí pleanála agus tithíochta, agus na téamaí ceannann céanna, is é an rud eile a léimeann amach ná an rud a dúirt an Dr. Bayda, is é sin nach bhfuil an phleanáil teanga neadaithe sna conarthaí eile a thugann an córas áitiúil nó an Rialtas do dhaoine. Léim sé sin amach, chomh maith leis na téamaí ceannann céanna. An féidir rud a rá faoi sin?

Mr. Mícheál Ó Leidhin

Tá fíorthábhacht leis an bpointe sin. Ba mhaith liom moladh a chur ar aghaidh go bhféachfaí as an nua ar ról agus ar stádas an oifigigh phleanála teanga, go mbeadh sé mar dhualgas ar eagrais agus ar eagraíochtaí eile atá bainteach le cúrsaí teanga aitheantas a thabhairt do ról an oifigigh phleanála teanga agus go mbeadh dualgas orthu comhoibriú leis an oifigeach. Mar a dúirt an Dr. Bayda, ní chóir go mbeadh Comhar Naíonraí na Gaeltachta, mar shampla, ag obair go neamhspleách ar an bpróiseas ar fad atá ag gabháil timpeall orthu i dtaobh cúrsaí óige agus na scéimeanna eile. Ba cheart go dtuigfeadh siad, ós rud é go bhfuil stádas an phróisis faighte ag pé Gaeltacht atá i gceist, go bhfuil dualgas orthu aitheantas faoi leith a thabhairt don stádas sin agus go ndéanfaidís comhoibriú leis an oifigeach. Chabhródh sé sin go mór leis an oifigeach sa mhéid is go mbeadh an dualgas ar na daoine sin teacht i dtreo an oifigigh.

Éistfidh mé siar ar an taifeadadh ach táim ag rith. Gabh mo leithscéal.

Dr. Victor Bayda

B’fhéidir go bhfuil baol ann go bhfuil laghdú stádais, nó níos lú suime, ag teacht ar chúrsaí pleanála teanga nó ar na hoifigigh pleanála teanga agus na pleananna teanga sa Ghaeltacht. Léirigh an cruinniú is déanaí a bhí againn - an tionól i gCorca Dhuibhne ar phleanáil teanga - é sin dom. Bhíodh rudaí mar seo ag tarlú thar na blianta. Ní raibh Aire Stáit nua na Gaeltachta i láthair ag an gcruinniú sin, agus ní raibh ceannasaí Údarás na Gaeltachta ann ach an oiread. Níor pléadh na rudaí atá i mbéal an phobail anois ó thaobh cúrsaí struchtúrtha agus córasacha a bhaineann leis an nGaeltacht; mar shampla, ceist toghcháin Údarás na Gaeltachta no na treoirlínte tithíochta sa Ghaeltacht. Níor pléadh na rudaí seo ar fad. Ní raibh léiriú ann ag an gcruinniú sin go mbaineann stádas áirithe leis an bpost sin agus leis an bpleanáil teanga sa Ghaeltacht i gcoitinne. Cím ó lá go lá go bhfuil saghas laghdaithe ag teacht. Ag an tús, nuair a bhí na pleananna teanga ag teacht ar an bhfód - faomhadh plean, ceadaíodh an t-airgead agus ansin fostaíodh duine - b'fhéidir go raibh sé éasca a thaispeáint don phobal go raibh an próiseas pleanála teanga ar siúl. Tá na pleananna sa séú nó sa seachtú bliain anois, áfach, agus tá sé deacair a léiriú cad atá ar siúl. B'fhéidir go dtabharfaidh an t-athbhreithniú deis dúinn a léiriú cad atá ar siúl. Braithim go bhfuil meath ag teacht ar an tsuim atá sa phleanáil teanga sa Ghaeltacht.

Mr. Micheál Mac Aoidh

Cuirfidh mé leis an méid a dúirt an Dr. Bayda. Mar a dúirt mé nío luaithe, ní dóigh liom go bhfuil an stádas nó an chéim cheart againn. Níl guth, glór nó tionchar againn ar an bpróiseas pleanála teanga ag leibhéal áirithe. Tá, b'fhéidir, ag an leibhéal áitiúil. Deir na saineolaithe uilig gur próiseas ón mbun aníos atá ann, ach tá sé go hiomlán ón mbarr anuas. Níl tionchar, guth nó glór againn. Uaireanta, ní éistear linn agus ceapaim gur deacracht mhór é sin. Is é an focal atá ag teacht suas go minic ná “comhtháthú”. Níl comhtháthú á dhéanamh ag na leibhéil níos airde ná muid. Tá daoine ag obair go neamhspleách agus níl siad ag obair linn.

An bhfuil aon duine eile ag iarraidh labhairt?

Ms Úna Ní Fhaircheallaigh

Tacaím leis an méid atá ráite. Tá géarghá go mbreathnódh na heagraíochtaí Stáit agus na heagraíochtaí áitiúla ar an luach a bhaineann leis an nGaeilge agus leis an bpleanáil teanga. Mar shampla, bhíomar ag rá go bhfuil leabharlann iontach againn i Ráth Chairn. Tá, mar go raibh suim ag an leabharlannaí contae sa Ghaeilge agus ní toisc go raibh suim ag an údarás áitiúil sa Ghaeilge nó sa phleanáil teanga. Is duine amháin a bhí taobh thiar de sin. Ní féidir seirbhísí poiblí a chur ar fáil trí Ghaeilge mura bhfuil luach ag na seirbhísí iad féin ar an nGaeilge agus ar an bpleanáil teanga. Déantar straitéis gach trí bliain sna Ranna Stáit agus sna comhairlí contae faoi na luachanna agus na polasaithe atá acu. Ba chóir go mbeadh an phleanáil teanga agus an Ghaeilge fite fuaite trí na polasaithe sin ach ní fheictear iad sna polasaithe sin. Cuirtear an straitéis ar fáil trí Ghaeilge, sa mhéid is go ndéantar aistriúchán air, ach níl aon rud faoin nGaeilge í féin ná faoin bpleanáil teanga curtha mar rud luachmhair sna straitéisí nó sna polasaithe sin.

Mr. Joe Kavanagh

Próiseas pleanála teanga, is é sin bád a sheol Tithe an Oireachtais. Tá sé ag dul ar aghaidh. Is fiú struchtúr foirmiúil a bheith ann chun aiseolas a chur ar ais go húinéirí an phlean sin, an tOireachtas. Dá mbeadh struchtúr foirmiúil ann chun aiseolas a fháil ó na daoine proifisiúnta seo gach bliain nó gach dara bliain, beadh siad in ann a dtuairimí a chur in iúl d’úinéirí an phlean?

Iarraim ar an Seanadóir Kyne anois.

Cuirim fáilte roimh na finnéithe go léir chuig an gcoiste seo. Léigh mé óráidí ár bhfinnéithe roimh ré agus bhí mé anseo do chuid acu. Ar dtús báire ó thaobh na hoibre atá á déanamh acu, cé chomh tábhachtach is atá na scoileanna áitiúla, na bunscoileanna áitiúla go mór mór, sna pleananna atá acu agus do thodhchaí na Gaeilge? Tá a fhios agam go rabhamar ag plé leis an Dr. Bayda roinnt blianta ó shin faoi fhadhbanna. Tá dea-scéal i Mionlach go bhfuil an scoil áitiúil ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge. Is fíor é sin freisin i gcás Scoil Bhaile Nua i mo cheantar féin i Maigh gCuilinn. Tá scoileanna eile, b'fhéidir, nach bhfuil. Cruthaíonn sé sin fadhb ó thaobh na teanga de. Ba mhaith liom tuairimí ár n-aíonna a fháil faoi sin, lena dtoil.

Ms Ursula Ní Shionnain

Tá sé riachtanach, i ndáiríre. Tá an t-ádh linn go bhfuil príomhoide Scoil Ultain Naofa ar an gcoiste pleanála teanga. Tá príomhoide Scoil Uí Ghramhnaigh agus príomhoide na meánscoile i Ráth Chairn ar an gcoiste chomh maith. Chun an fhírinne a rá, bheadh sé thar a bheith deacair teacht ar dhaoine óga gan rannpháirtíocht na bpríomhoidí sin mar is iad na scoileanna an bealach is fearr teacht ar dhaoine óga. Tá na príomhoidí féin thar a bheith spreagtha i leith na Gaeilge má táimid ag eagrú imeachtaí clubanna óige nó rudaí mar sin. Táimid ag brath orthu siúd chun poiblíocht a dhéanamh dúinn. Tá an comhoibriú sin riachtanach. Ní dóigh liom go mbeimis in ann a bheith ag obair leis an óige ar bhealach éifeachtach ar chor ar bith gan na príomhoidí sin. Tá sé thar a bheith tábhachtach agus is léir dom go bhfuil muid spleách ar na príomhoidí agus ar na múinteoirí scoile chun an teagmháil sin a chruthú idir muid féin agus lucht óige na Gaeltachta.

Sula thosaíonn éinne eile, caithfidh mé an cruinniú a chur ar fionraí mar go bhfuil vóta sa Dáil. Is féidir leis na finnéithe sos a ghlacadh ar feadh 15 nóiméad nó mar sin.

Chuaigh an suí ar fionraí ar 2.49 p.m. agus cuireadh tús leis arís ar 3.09 p.m.

Ní bheidh vóta eile sa Dáil. Níl a fhios agam faoin Seanad ach ní bheidh sé ina suí go ceann 20 nóiméad eile.

Chuir an Seanadóir Kyne ceist díreach roimhe seo. An bhfuil aon duine eile ag iarraidh freagra a thabhairt ar an gceist sin? Thug Ursula Ní Shionnain freagra cheana féin.

Ms Máire Seosaimhín Breathnach

Maidir leis na scoileanna, dar lion bhí sé luaite againn. Murach iad, ní bheimis ag cur an plean teanga i bhfeidhm go háitiúil. Ní bheadh trian den mhéid imeachtaí agus ócáidí eagraithe againn. Is dóigh liom, ar shlí agus gan a bheith ró-shoiniciúil mar gheall air, ach tá an maoiniú agus an tacaíocht atá ar fáil ó na pleananna teanga ina thacaíocht sa bhreis do na scoileanna, rud nach bhfuil siad ag fáil ón Roinn Oideachais ó thaobh imeachtaí breise de a eagrú agus imeachtaí seach-churaclam, go háirithe.

Ó thaobh na meánscolaíochta de, tá meánscoil lán-Ghaeilge againn sa Rinn agus tá cúpla ócáidí iontacha eagraithe againn le turais atá tógtha ag na déagóirí ar Ghaeltachtaí eile agus cinn atá eagraithe ag Cumann Lúthchleas Gael, mar shampla, agus iad ag dul go Múscraí agus ag bualadh leis an gCumann Lúthchleas Gael ansin. Tá naisc cothaithe ag na scoileanna lena chéile. Is iontach an deis í do dhéagóirí go háirithe an Ghaelainn a úsáid agus a chloisteáil lasmuigh den seomra ranga. Is Gaeltacht an-bheag sinn, agus sa mheánscoil seo againne, tá roinnt mhaith páistí ag freastal ar an meánscoil nach as an nGaeltacht dóibh ach tá siad ag baint leas as turais, ócáidí agus imeachtaí seach-churaclam trí Ghaeilge. Tá sé sin an-thábhachtach. Is áiteanna thar a bheith tábhachtach agus lárnach iad na scoileanna i gcur i bhfeidhm na bpleananna teanga, ar ndóigh.

Mr. Mícheál Ó Leidhin

Baineann an fhadhb sin go sonrach le hUíbh Ráthach. Mar atá luaite ansin ag an Dr. Bayda, tá dúshlán faoi leith tíreolaíochta ag baint le Gaeltacht Uíbh Ráthaigh. Nuair a tosaíodh i dtosach ar chúrsaí pleanála teanga, bunaíodh an próiseas ar fad ar na teorainneacha Gaeltachta. Ní oireann an prionsabal sin leis an gcás atá againn in Uíbh Ráthach. Tá na pobail Ghaeltachta atá againn in Uíbh Ráthach scoite óna chéile. Má tá bonn fadtéarmach le bheith faoin bpróiseas, caithfidh an próiseas a bheith bunaithe ar phobail nádúrtha agus go mbeadh bonn teangeolaíoch faoin bpróiseas sin. Ní féidir linn é sin a dhéanamh in Uíbh Ráthach leis na cúinsí mar atá siad.

Nílimid ag moladh ag an bpointe seo go ndéanfar athrú ar theorainneacha na Gaeltachta mar ní tharlóidh sé sin go deo, nó i mo shaolré ar aon nós. Ach, is é atá i gceist againn ná go mbeadh moladh láidir ann go mbreathnófaí ar an bpobal nádúrtha atá sa cheantar. Agus tá sé againn ansin in Uíbh Ráthach, ó Na Cealla go Cuan an Chaisleáin. Is ionann é agus scoilcheantar Coláiste na Sceilge atá lonnaithe i gCathair Saidhbhín. Tá píosa den scoilcheantar sin sa Ghaeltacht - limistéar mór - agus cuid de lasmuigh den Ghaeltacht. Sa tslí sin, tuigfí na dúshláin sin agus cuirfí iachall ar na heagraíochtaí Stáit teacht le chéile agus comhtháthú a dhéanamh. Tá réiteach ansin agus tá deis againn anois nach raibh againn go dtí seo. Chaithfí brú a chur ar Údarás na Gaeltachta agus ar Fhoras na Gaeilge teacht le chéile agus féachaint conas is féidir bonn nádúrtha teangeolaíoch a chur faoin bpróiseas in Uíbh Ráthach agus iachall a chur orthu oibriú as a chéile ar mhaithe leis na riachtanais a bhaineann le slánú na teanga: riachtanais scoile, riachtanais teaghlaigh, agus amhlaidh.

Tóg an cás atá anois againne, mar a luaigh an Dr. Bayda ansin. Tá scoil i gCathair Dónall atá díreach lasmuigh den teorainn agus ní aithnítear í mar scoil Ghaeltachta. Tá an rud céanna sa Chorrán. Má thógaimis é, níl ach aon iarbhunscoil i gceantar Uíbh Ráthaigh lonnaithe istigh i gCathair Saidhbhín atá ag freastal an nGaeltacht agus níl aitheantas Gaeltachta ag an scoil sin. Dá bharr, níl na tacaíochta ba chóir dóibh a bheith acu. Is iad sin na laigí a gcaithfimid díriú orthu má táimid chun bonn fadtéarmach agus slánú na teanga a chur in áiteanna cosúil le hUíbh Ráthach.

Mr. Micheál Mac Aoidh

Ós rud é nach bhfuil an seachadadh teanga ag tarlú i réimse an teaghlaigh chomh forleathan is a bhíodh, dá bharr, tá ról suntasach ag an mbunscoil Ghaeltachta agus ag Scoil Bhríde Mionloch. Is é sin an áit a bhfuil na páistí ag tógáil nó ag sealbhú na teanga. Is é an ról atá againne ná luach breise a chur leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag an scoil ó thaobh na Gaeilge de. Ardaíonn sé sin an cheist maidir leis na cúntóirí teanga go bhfuil i bhfad níos mó uaireanta uathu. Tá siad ag déanamh a ndícheall ach níl a dhóthain uaireanta acu maidir le cúntóirí teanga. Tá an ceart ag an Seanadóir mar inár gceantar - deirim go bhfuil sé mar an gcéanna sa Scoil Bhaile Nua i Maigh Cuilinn chomh maith - go bhfuil ról iontach tábhachtach ag na bunscoileanna Gaeltachta sa phróiseas.

Céard faoin gceantar ina bhfuil Ciarán Ó Tiarnaigh ag feidhmiú? Cé chomh dúshlánach is atá rudaí mar gheall ar na scoileanna náisiúnta atá ag feidhmiú trí mheán an Bhéarla?

Mr. Ciarán Ó Tiarnaigh

Is rud bunúsach é i mo phlean go neartaíonn muid an Ghaeilge sa bhunscoil in Eanach Dhúin mar go ndéanann siad chuile rud suas go rang 4 trí Ghaeilge. Mar shampla, san fhéile filíochta a rinneamar, rinneadh í le Scoil Bhaile Nua i gceantar an tSeanadóra mar ní mhothaíonn siad ina n-aonar ansin. Is rud deacair é sin freisin.

Tá níos mó deacrachtaí agam, b'fhéidir, le meánscoil chomh hollmhór sin is atá i mBhaile Chláir, mar, de réir mar a luaigh mé níos túisce, tá 1,300 dalta ann agus tá an méid sin spóirt agus imeachtaí ar siúl. B'fhéidir go ndéanann siad dearmad go bhfuil oifigeach pleanála teanga, OPT, ann mar is rud chomh nua dóibh é, cé go raibh imeachtaí agam sa scoil.

Braitheann sé go mór freisin ar an méid spáis atá ag na múinteoirí nó ag na príomhoidí don teanga, agus níl sé sin le feiceáil i gcónaí i ngach uile scoil. Tá obair iontach á dhéanamh acu in Eanach Dhúin, áit a bhfuil stair agus seandaoine fós ann ag labhairt Gaeilge. Táimid ag obair le chéile go rialta agus tá mo chathaoirleach ina múinteoir sa scoil agus léiríonn sé sin an spéis atá aici sa phleanáil teanga.

Tá an cheist ó thaobh tithíochta pléite go minic againne. An féidir le Stiofán Seoighe labhairt faoi sin? Is ceantar álainn é agus b'fhéidir go bhfuil sé deacair teach a cheannach nó b'fhéidir nach bhfuil siad ar fáil, agus go bhfuil suim ag daoine teach a cheannach mar dara teach nó teach saoire. Tá radharc álainn ann trasna na lochanna agus tarlaíonn sé sin in áiteanna eile freisin cosúil le Cois Fharraige. Cé chomh deacair is atá ceist na tithíochta chun daoine nua a mhealladh isteach i do cheantar, fiafraím de Stiofán Seoighe?

Mr. Stiofán Seoighe

Tá sé cloiste ag an gcoiste gurb í sin ceann de ceisteanna agus na dúshláin is mó atá roimh na pobail Ghaeltachta uilig. Go háirithe, ag breathnú ar an liosta de na limistéir atá anseo, táimid ar fad scoite amach go tíreolaíoch ó cheantair Ghaeltachta eile. Má tá tú i gCois Fharraige, ar an gCeathrú Rua, i Leitir Móir, i gConamara Láir, i gCnoc na Cathrach, nó i mBearna, tá limistéir eile buailte leat. Má théitear, soir nó siar, tá tú i bpobal Gaeltachta, ach níl sé sin amhlaidh inár gcás féin den chuid is mó. Tá sé tábhachtach go mbeimid in ann pobal Gaeilge agus Gaeltachta a chruthú agus a láidriú. Níl aon deacracht ar leith againne nach bhfuil in áiteanna eile, ach nuair a chuaigh mé chomh fada le mo choiste féin an tseachtain seo caite agus an ráiteas á ullmhú agam, mhol siad é sin a lua mar bhí siad ag iarraidh go bhfeicfear go bhfuil na dúshláin chéanna againne is atá in áiteanna eile. Tá tithe folmha, tithe saoire, deacrachtaí pleanála, tithe inacmhainne gan trácht ar mhorgáistí agus mar sin de. Tá sé fíorthábhachtach agus, mar a dúirt mé, is rud é sin gur féidir linn brú a chur ann agus tá obair iontach ar siúl ag brúghrúpaí, a leithéidí BÁNÚ, an mheitheal pleanála teanga náisiúnta a bunaíodh le déanaí.

Ní féidir linn ach brú a chur ar na heagrais Stáit agus ar na húdaráis.

Is deacracht é trasna na gceantar Ghaeltachta. Bhí mé i Ros Muc inné agus i rith na seachtaine ag canbhasáil agus bhí an iomarca tithe folamh. Cé go bhfuil deontais ar fáil, b'fhéidir go bhfuil tithe fágtha do dhaoine thar lear nó go bhfuil fadhbanna leis an gníomhas teidil nó rud éigin mar sin, ach tá tithe ann. Tá tithe sna háiteanna sin cosúil le Camas, Carna agus Cill Chiaráin. B'fhéidir nach bhfuil na féidearthachtaí céanna ann ó thaobh fostaíochta agus is ceist eile í sin.

Mr. Stiofán Seoighe

Is dócha go bhfuil baint aige sin le ceist na scoileanna chomh maith mar táimid ag labhairt ar cé chomh tábhacht is atá na bunscoileanna Gaeltachta ach go háirid. Tá an t-ádh orainn go bhfuil cúig bhunscoil inár gceantar féin agus iad ar fad ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge. Tá sé ráite ag muintir na háite go bhfuil difríocht ollmhór feicthe acu i measc na ndaoine óga ó thaobh leibhéal Gaeilge. Feiceann siad cé chomh muiníneach is atá siad agus an tuiscint atá acu ar an nGaeilge, rud nach raibh ann deich nó 15 bliain ó shin. Ach tá na scoileanna faoi bhrú ó thaobh uimhreacha de. Bhí feachtas iontach ar siúl ag an scoil náisiúnta ar an gCloch Bhreac anuraidh, agus bhí sé ar siúl i gcúpla Gaeltacht eile chomh maith. Bhí an t-ádh orthu gur chuir cúpla duine áitiúil teach ar fáil dóibh le ligint amach ar cíos do theaghlach le gasúir bhunscoile agus d'éirigh leo leis an bhfeachtas sin. Murach an feachtas sin, agus is í an scoil féin a chur tús leis agus thacaigh an comharchumann agus coistí áitiúla léi, bheadh an scoil sin i mbaol múinteoir a chailliúint agus b'fhéidir faoi cheann cúpla bliain eile go mbeadh sé dúnta ar fad. Níl aon rud sa phobal ach bunscoil.

Is deas é sin a chloisint. Tá sé sin fíorthábhachtach. Tá scoil lán-Ghaeilge ann freisin agus molaim an Teachta Ó Cuív as an obair atá déanta aige.

Mr. Stiofán Seoighe

Is teaghlach as an Spáinn a bhog isteach sa teach agus tá siad ag freastal ar imeachtaí Gaeilge. Tá na tuismitheoirí ag freastal ar ranganna Gaeilge agus mar sin de.

Cloistear na rudaí sin ó thaobh na hÚcránaigh a tháinig isteach in áiteanna freisin, go bhfuil siad ag foghlaim Gaeilge ag an mbunleibhéil agus ag súgradh agus ag spraoi trí mheán na Gaeilge leis na páistí eile. Is deas é sin a fheiceáil agus a chloisint. Tá sé sin tábhachtach. Is léir go bhfuil an deis sin ann do chuile páiste. Dá mbeadh na deiseanna céanna ag páistí Éireannacha chuile áit sa tír, bheadh siad in ann Gaeilge a fhoghlaim i scoileanna beaga le múinteoirí a bheadh sásta chuile ábhar a mhúineadh trí Ghaeilge dá mbeadh sé ar a gcumas. Tá a lán le plé agus a lán le déanamh ar an ábhar seo.

Ar mhaith leis an Teachta Ó Cuív teacht isteach?

Mo leithscéal go bhfuil mé deireanach. Tá go leor rudaí ar bun inniu agus iad ar fad ag tarlú ag an am céanna. Tá mé ag breathnú ar rud atá scríofa ag Stiofáin Seoighe sa ráiteas tosaigh. Rud nár tuigeadh nuair a bunaíodh an Stáit, agus b'fhéidir nach dtuigtear anois, ná gur obair mhall, céimneach, fhadtréimhseach atá i gceist. Éinne a cheapann go n-athrófar nósanna teanga thar oíche, tá dul amú orthu.

An rud eile gur cheart dúinn a dhéanamh agus a cheadh spéis agam ann ná tuilleadh iniúchadh a dhéanamh ar an ndaonáireamh faoi céard atá ag tarlú. Níl aon amhras in áiteanna áirid, ag braith ar struchtúr an daonra, abair in áiteanna cosúil le Uíbh Ráthach agus mar sin de, go mbeadh go leor seandaoine le Gaeilge ag fáil bháis. Ní hé go bhfuileadar ag athrú teanga ach tá an bás dá scuabadh de réir a chéile. An cheist atá ann ná cé chomh maith is atá ag éirí linn leis an aos óg. Tá dhá cheist ansin. Cén chaoi gur sealbhóidh siad an Ghaeilge agus go bhfanfaidh siad san áit? Baineann sé sin le tithíocht agus fostaíocht. Má tá daoine meánaosta ann, b'fhéidir go bhfoghlaimeodh siad roinnt bheag Gaeilge ach tá sé deacair, de réir mar a théann tú in aois. Ní athróidh tú béasa teanga. Bheadh sé cuidiúil dá ndéanfaí níos mó anailís proifisiúnta ar an daonáireamh, ceantair ar cheantair, le feiceáil céard atá ag tarlú agus go mór mhór an bhfuil ag éirí linn dul i gcion ar an óige? Tá a fhios agam i nDúiche Sheoigheach go bhfuil daoine a labhraínn Gaeilge ach ní shin a bhí ag a muintir rompu, aisteach go leor, agus tá daoine ar an mbealach eile, is é sin go raibh Gaeilge ag a muintir rompu agus ní sé acu féin. Caithfimid breathnú ar an gceist sin. Tá ceist faoi leith agam ar Stiofán Seoighe as Dúiche Sheoigheach.

Imagine that.

Is ceist an-sonrach í. Is cur chuige a theastaíonn uaim. Tá moladh ann go mbeidh toghchán ag Údarás na Gaeltachta agus is é ceantar Dúiche Sheoighneach agus Tuar Mhic Éadaigh an t-aon ceantar pleanála teanga a théann thar teorann contae. Ardaíonn sé sin ceist mhór. Ar fearr do mhuintir Thuar Mhic Éadaigh a bheith ag vótáil le Conamara nó bheith ag vótáil le tuaisceart Mhaigh Eo?

Mr. Stiofán Seoighe

Tuigim sin. Bhí ormsa a bheith an-chúramach i bPáirc an Phiarsaigh ar an Domhnach chomh maith agus gan ligint don-----

Tuigim é sin. Caithfear a chuimhniú go bhfuil cuid de mo Dáilcheantar féin faoi láthair i gContae Mhaigh Eo.

Mr. Stiofán Seoighe

Cinnte.

An cheist atá ann, agus is ceist í nach féidir le héinne a fhreagairt ach muintir dheisceart Mhaigh Eo, ná má fhágtar deisceart Mhaigh Eo le tuaisceart Mhaigh Eo, agus bhí aiféala orm cheana gur fhág mé é mar a bhí sé, beidh ionadaíocht acu thuas in Iorras mar is é sin an áit a bhfuil an pobal is láidre. Dá mbeadh siad istigh le Dúiche Sheoigheach, bheadh an duine i bhfad níos giorra don bhaile. B'fhéidir gur Gaillimheach a bheadh ann ceart go leor agus bheadh deacrachtaí móra leis sin. Tuigim é sin. Cén chaoi is fearr a fháil amach ón bpobal cé acu ab fhearr leo?

Mr. Stiofán Seoighe

Is ceist mhaith í sin. Aontaím leis an moladh i bprionsabal agus sílim go n-aontódh an chuid is mó de dhaoine san áit leis sin mar bheadh seans i bhfad níos fearr go mbeadh ionadaí - bíodh an t-ionadaí sin as Gaillimh, b'fhéidir - i bhfad níos giorra den mbaile acu. Ach nuair a léigh mé an píosa, rith an cheist liom maidir le cén bealach is fearr an tuairim sin a bhailiú go hoifigiúil nó go foirmiúil. D'fhéadfaí teagmháil a dhéanamh le coistí, deis a thabhairt do choistí forbartha agus coistí pobal sa cheantar aighneachtaí a chur i scríbhinn agus ar an gcaoi sin é a dhéanamh tríd na coistí pobal a bheith mar ionadaithe ar na ceantair éagsúla.

Baineann sé leis an gceantar ó thuaidh. Ní bhaineann sé leis an gceantar ó dheas.

Mr. Stiofán Seoighe

Sin é.

Tá sé sin le Conamara. Rith rud amháin liom go minic. Bhí fear as Corr na Móna, Seán Ó Tuairisc, ar bhord an údaráis cheana. Bhí sé ina chónaí i gCois Fharraige ach b'as Corr na Móna dó. Bheadh seans i bhfad níos fearr go dtarlódh sé sin, go mbeadh duine as an gceantar sin ar bhord an údaráis ón taobh ó dheas, ná mar a bheadh go dtoghfaí duine as Tuar Mhic Éadaigh agus é istigh le Chontae Mhaigh Eo. B'fhéidir go bhféadfadh Stiofán Seoighe a bheith ag machnamh ar an gceist sin.

Mr. Stiofán Seoighe

Ghlac siad liomsa mar Ghaillimheach mar OPT. Mar sin ní dóigh liom go mbeadh aon deacracht acu glacadh le Gaillimheach mar ionadaí ar bhord an údaráis.

Rinne mise ceann níos fearr ná Stiofán Seoighe, mar nuair a tháinig mise anuas mar bhainisteoir ar an gcomharchumann, ghlac siad liomsa mar Dub - i nGaillimh agus i Maigh Eo.

Mr. Stiofán Seoighe

Sin scéal eile ar fad.

Gabhaim buíochas le gach éinne as ucht na cuir i láthair inniu. Ní pictiúr iontach dóchasach atá leagtha amach ag na hoifigigh pleanála teanga ach is é sin an scéal mar atá sé faoi láthair. Gabhaim buíochas leo as an bhfírinne a leagan os ár comhair amach. Chualathas frása anseo nár chuala mé riamh i nGaeilge, cé gur chuala mé roimhe seo i mBéarla é, agus is é sin "innealtóireacht shóisialta". Tá an cheart ag na finnéithe. Má táimid macánta faoin dúshlán atá romhainn ó thaobh na Gaelainne, táimid ag caint faoi innealtóireacht shóisialta mar tá an brú damanta sin ag teacht ón mBéarla. Tá sé le fáil i ngach áit, agus i ngach áit laistigh den Ghaeltacht freisin. Má táimid dáiríre faoin Gaeilge agus faoi todhchaí na teanga, caithfimid dul i mbun innealtóireacht shóisialta, go háirithe ó thaobh na tithíochta de. Caithfimid a chinntiú go bhfuil na coinníollacha teanga sin ann. Tuigimid go rímhaith i nGaeltacht na nDéise an brú atá ag teacht isteach ó thaobh costas tithíochta sa cheantar.

Tá gnáth-theach sa Rinn ar díol ar Daft.ie ar €500,000 agus níos mó ná sin. Mar sin, caithfimid innealtóireacht shóisialta a dhéanamh má táimid dáiríre faoi seo. Caithfimid na coinníollacha teanga sin a fheiscint chomh luath agus is féidir.

Caithfidh mé an obair atá idir láimhe ag Cabríní de Barra agus Tomás Ó hÓgáin le Comhlucht Forbartha na nDéise, agus an tacaíocht a fhaigheann siad ón gcomhairle contae agus Máire Seó Breathnach ach go háirithe, a mholadh. Cé gur Dáilcheantar Gaeltachta é Port Láirge, is fíorannamh a chloistear Gaeilge sa chomhairle contae. Is fíorannamh a bhíonn daoine ag caint faoi chúrsaí Gaeilge agus cúrsaí Gaeltachta ag cruinnithe sa chathair ar an dtaobh iomlán eile den chontae. Is mór an trua é sin i ndáiríre.

Ba mhaith liom an buille tubaisteach a fuair an ceantar le cúpla seachtaine anuas, nuair a dúnadh an oifig an phoist, a nótáil. Is seirbhís amháin eile é seo sa Ghaeltacht a bhí ar fáil do mhuintir na Gaeltachta trí mheán na Gaeilge agus anois atá caillte. Is mór an trua é sin.

Bhí Tomás Ó hÓgáin agus Stiofán Seoighe ag caint faoin ualach oibre atá le déanamh ag an oifigeach pleanála teanga. Ar an dtaobh eile den scéal, ciallaíonn na coinníollacha fostaíochta atá ann go bhfuil sé an-deacair daoine a mhealladh isteach sa phost. Is áit é sin gur chóir tosú. Táimid ag caint faoi infheistíocht an-bheag má táimid ag caint faoi choinníollacha fostaíochta. Níl an t-uafás daoine ag obair san earnáil seo agus is cinnte gur féidir linn, mar Rialtas, beagáinín níos mó a chur isteach chun daoine a mhealladh. An bhféadfadh siad beagáinín níos mó a rá faoi cé chomh deacair is atá sé daoine a mhealladh isteach ar na coinníollacha fostaíochta atá ar fáil faoi láthair?

Ms Máire Seosaimhín Breathnach

Cinnte. Mar is eol don Teachta, ón ár dtaobh féin, is é Tomás Ó hÓgáin an ceathrú oifigeach pleanála teanga atá fostaithe ag Comhlucht Forbartha na nDéise le sé bliana anuas. Bhí cúinsí pearsanta áirithe i gceist agus Covid-19 agus gach aon rud eile, ach é sin ráite, beag beann air sin, tá sé thar a bheith deacair, go háirithe ar na Gaeltachtaí beaga imeallacha, mar a dúirt Stiofán Seoighe, daoine a mhealladh. Arís, tagann sé thar n-ais an-chuid den am do cheist tithíochta. Muna bhfuil duine áitiúil agat de bhunú na háite a bhfuil tigh acu nó tigh teaghlaigh, tigh comharsan nó pé rud é, má tá tú ag iarraidh daoine a mhealladh ón dtaobh amuigh tá sé thar a bheith dian. Ós ag caint ar Bhaile Átha Cliathaigh ag dul siar go dtí Gaillimh agus Gaillimhigh ag dul go Maigh Eo atáimid, bhí áthas orainn sna Déise fáilte a chur roimh Ghaillimheach eile anuas chugainn féin. Bhí baol ann ag an tús. Ní raibh sé coicís sa phost nuair a bhí sé ag cuimhneach ar filleadh arís ar an nGaillimh mar nach raibh aon áit le cónaí á fháil aige sa cheantar. Tar éis cúpla mí, bhí an t-ádh dearg air tigh a fháil istigh i nDún Garbhán, nó i nDún na Mainistreach chun a bheith 100% cruinn mar gheall air.

Mr. Tomás Ó hÓgáin

Caithfimid a bheith cruinn.

Caithfidh tú bheith cúramach faoi sin.

Ms Máire Seosaimhín Breathnach

Tá sé ar an taobh eile den droichead. Léiríonn sé seo arís an cheist bhunúsach maidir le cúrsaí tithíochta agus na coinníollacha poist. Tá feabhas áirithe tagtha ar rudaí ó bunaíodh an córas pleanála teanga sa mhéid is go bhfuil scéim pinsin anois ann do na oifigigh pleanála teanga. Tháinig méadú áirithe ar an dtuarastal ach ní gan dua, straein agus troid. Déanann sé i bhfad níos deacra é daoine maithe a mhealladh. Tá an t-ádh linn go bhfuil daoine iontacha proifisiúnta againn anseo, ach don obair a dhéanann siad agus don ualach oibre atá orthu, ní dóigh liom go bhfuil na coinníollacha maith go leor. Luamar san aitheasc an éiginnteacht atá ann ó thaobh an phróisis. An mbeidh plean againn, agus buiséad pleanála teanga againn, faoi cheann dhá bhliain? N’fheadar. Níl a fhios againn. Ní féidir linn a rá le Tomas Ó hÓgáin go mbeidh sé fostaithe linn i gceann dhá bhliain nó trí bliana, agus go leor daoine eile anseo nach é.

Más féidir liom rud éigin a chaitheamh thar n-ais ar an dtaobh eile, luaigh baill an choiste ar fad cúrsaí tithíochta. Tá Teachtaí Dála anseo ó na páirtithe Rialtais. An bhfuil aon dóchas acu go mbeidh géarchéim tithíochta na Gaeltachta san áireamh sna treoirlínte nua pleanála seo, pé am a thagann siad amach? Táimid blianta ag fanacht orthu anois. Tuigim nach bhfuil na Teachtaí ag obair sa Roinn áirithe sin go díreach, ach muna rachfaí i ngleic leis an dúshlán sna treoirlínte sin beidh an-chuid am amú á chaitheamh againn ar chúrsaí pleanála teanga. Tá glúin iomlán caillte againn i nGaeltacht na nDéise de lánúin óga atá ina gcónaí i nDún Garbhán, Dún na Mainistreach, cathair Phoirt Láirge agus cathair Chorcaí mar nár féidir leo tithe a fháil fiú amháin ar cíos sa cheantar.

Tá ceist gairid agam faoi na lánúin sin. Iad siúd atá ag fágáil na Gaeltachta, an bhfuil siad ag tógáil a gcuid clainne le Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht anois?

Ms Máire Seosaimhín Breathnach

Tá cuid acu go bhfios dom. Ní féidir liom gealltanas a thabhairt go bhfuil gach duine acu, ach tá roinnt mhaith á gcur a gcuid páistí go Gaelscoileanna. Bheadh níos mó eolas ag Cabríní de Barra air sin.

Ms Cabríní de Barra

Rinneamar suirbhé beag le déanaí mar bhíomar ag iarraidh cruthú go raibh daoine gur lucht Gaeltachta iad a bhí ag lorg tithíocht sa Ghaeltacht ar phraghas réasúnta agus nach bhféadfadh fanacht ann agus fuaireamar freagraí ó thart ar 30 teaghlach éagsúla. Bhí cuid acu gan páistí agus bhí páistí ag roinnt eile. Bhí gach duine a bhí páistí acu, seachas teaghlach amháin, ag tógáil a gcuid páistí le Gaelainn agus iad taobh amuigh den Ghaeltacht. Bhí cuid acu, mar a dúirt siad, in áiteanna iargúlta chomh gar is go bhféadfadh siad a bheith don Ghaeltacht ach bhí cuid eile acu thar lear fiú amháin agus gan deis acu teacht abhaile mar níl aon áit acu chun fanacht nuair a thagann siad.

Luaigh an Teachta Ó Cathasaigh costas tithíocht €500,000. Bhí sé an-dheas ag rá sin. Níl mórán tithe a díoladh i nGaeltacht na nDéise anuraidh a bhí faoi bhun €600,000. B’fhéidir nár mórán é sin i mBaile Átha Cliath ach is an t-uafás airgid é i gContae Phort Láirge. Níl an t-airgead ag éinne do mhorgáiste dá bhrí sin. Mar a lua Tomás Ó hÓgáin níos luaithe, tá líon na gcainteoirí laethúla Gaelainne ardaithe 16% ó 2011 ach táimid ag snámh in aghaidh easa mar tá líon na ndaoine sa phobal ag ardú an t-am ar fad de bharr daoine ag bogadh isteach chuig an gceantar. Tá daoine nach ón gceantair iad ag céannacht tithe nach féidir le muintir na háite a cheannach. Níor luamar é inár gcur i láthair ach ceann de na bunchlocha oibre atá againn i nGaeltacht na nDéise le fada an lá ná an stocaireacht atá déanta againn le hÚdarás na Gaeltachta agus leis an gcomhairle áitiúil ó thaobh cúrsaí tithíochta. Gan deis ag pobal óg Gaeltachta fanacht i nGaeltacht na nDéise, tá an cath caillte.

An bhfuil aon duine eile ag iarraidh teacht isteach ansin?

Dr. Victor Bayda

Tiocfaidh mé thar n-ais chuig an gceist a bhí ag an Teachta Ó Cathasaigh mar gheall ar an deacracht atá ann daoine a fhostú sna postanna seo. Baineann cuid den fhreagra leis an easpa soiléireachta mar gheall ar an bpost féin agus mar gheall ar an gcóras pleanála teanga. Luadh rudaí éagsúla anseo mar gheall ar an easpa comhtháthú atá sa chóras agus mar sin de. Nuair a thagann oifigeach pleanála teanga isteach sa phost, ní bhíonn a fhios aige nó aici cad í an mheicníocht atá ann nó na huirlisí gur féidir leat a úsáid. Fuair mise amach go tapa nach raibh aon uirlisí agam seachas focail. Is féidir liom labhairt, mar a dúirt Stiofán Seoighe anseo. Ní féidir linn ach brú a chur ach níl a fhios agam an féidir linn aon bhrú a chur ar éinne. Níl aon chumhacht againn. Is féidir linn a bheith ag labhairt le daoine, a bheith ag impí ar dhaoine agus litreacha agus ríomhphoist a scríobh agus mar sin de. Níl aon rud seachas sin gur féidir linn a dhéanamh. Sin rud amháin.

An dara rud ná go bhfuil cúlra an-difriúil ag gach pleanálaí teanga chomh maith, agus táimid ar fad ag gníomhú dá réir. Chun go mbeadh córas ann, má táimid ag caint ar chóras, ciallaíonn sé sin go bhfuil riachtanais aitheanta agus go bhfuil na daoine atá sa phost ag díriú ar na riachtanais sin. Mar a dúirt mé cheana, ní féidir le duine amháin é sin a dhéanamh agus aontaímid ar fad leis seo. I mo thuairim, an líon is lú daoine atá ag teastáil ná ceathrar.

I gceantair Ghaeltachta áirithe, bheadh níos mó ag teastáil chomh maith ná mar atá faoi láthair. Ní féidir dul síos níos lú ná ceathrar mar tá réimse difriúil ann agus tá solúbthacht ar fáil. Is é an rud ba cheart go mbeadh ann, i mo thuairimse, ná go mbeadh ceathrar ann agus an t-airgead ar fáil. Fiú leis an airgead atá sa bhuiséad, tá coinníoll ann nach féidir le duine, nó i gceantair áirithe, beirt a fhostú leis an airgead sin. Is féidir é sin a chlúdach trí áisitheoirí a fháil ach, mar a dúirt mé, ní féidir áisitheoirí a fháil mar níl aon suim ag daoine sna píosa seo den obair.

Tá ceathrar ag teastáil agus tá a fhios agam gur tháinig Conradh na Gaeilge amach le plean nó moladh go mbeadh ceathrar ann. I mo thuairim, bheadh struchtúr eile maidir leis na dualgais a bheadh ag na daoine, ach, is cuma. Is é sin rud eile. Dá mbeadh solúbthacht ann in gach ceantar Gaeltachta le ceathrar iontu, bheadh sé faoi na limistéir pleanála teanga áirithe na ceithre post a roinnt de réir na riachtanas a bheadh ann mar tá riachtanais iomlána ann.

Bhí muid ag caint ar Dhúiche Sheoighe agus an ceantar sin. Níl aon cheantar eile ina bhfuil dhá chontae. Níl a fhios agam conas atá siad á roinnt. Tá sé sin deacair. Tá scéal eile sna Déise agus in áiteanna eile i gConamara. Tá na céatadáin difriúil ó thaobh chainteoirí laethúla Gaeilge de. Níl dhá cheantar cosúil lena chéile. Ní ghlactar leis an solúbthacht sin ó 1953 nuair a cuireadh na pleananna le chéile. Bhí dhá sceideal ann ó thaobh na gceantar Gaeltachta. Mhol Bord na gCeantar Cúng an uair sin go mbeadh dhá sceideal ann go nglacfaí leis go raibh fíorGhaeltachtaí agus breacGhaeltachtaí ann agus go raibh difríocht ar a laghad mar seo ann idir na ceantair Ghaeltachta. Tháinig an staidéar cuimsitheach ansin inar luadh gur cheart go mbeadh ceantair Ghaeltachta A, B agus C éagsúla ann. Dhéanfaí sé sin le go mbeadh tuiscint ann go bhfuil riachtanais ar thrí leibhéal difriúil, ar a laghad. Nuair a cuireadh na teorainneacha le chéile, bhí caint ann maidir le freastal ar leith a bheith ann do na ceantair láidre Gaeltachta agus do na ceantair nach raibh chomh láidir sin. Níor tharla sé riamh. Tá an córas ar fad a bunaíodh bunaithe ar na ceantair láidre. Cé gur maith an rud é sin, ciallaíonn sé sin nár freastalaíodh ar na ceantair níos laige Gaeltachta agus ba bheag nár cailleadh iad.

Tá muid anois ag plé le teorainneacha a bhaineann le 70 bliain ó shín. Cén fáth? Bhí deis ann in 2012, nuair a cuireadh an comhrá faoin phleanáil teanga ar bun, féachaint air seo anuas ar an gcóras Gaeltachta atá ann. Ní an córas Gaeltachta a athrú a bhí i gceist, ach na limistéir phleanála teanga a aithint ar bhonn pobail. Is é an t-úsáid a bhaineadh as na teorainneacha a leagadh i 1956 ná chun tacaíocht pearsanta a thabhairt do dhaoine cosúil le deontais agus scéim na ndeich punt chun an tigh a dheisiú agus mar sin de. Tá córas go hiomlán difriúil ansin agus ní oireann na teorainneacha. Tá prionsabail difriúla faoin gcóras pleanála teanga anois atá pobalbhunaithe. Caithfidh muid a bheith ag plé le scoileanna, le hionaid phobail agus mar sin de. Níl meánscoil i mo limistéar pleanála teanga. Nuair a thosaigh mé sa chóras, dúirt mé nach raibh meánscoil sa phlean teanga. Conas is féidir liom an teanga a chur chun cinn agus daoine a ghríosadh agus mar sin de mura bhfuil meánscoil sa Ghaeltacht? Dúradh liom gan bacadh leis sin mar tá Cathair Saidhbhín aitheanta mar bhaile seirbhíse Gaeltachta agus bheadh plean teanga ann agus ba iad a bheadh ag plé leis sin. Cúig bhliain níos déanaí, níl an plean ann. Rinne an pobal i gCathair Saidhbhín an obair ach níl an plean ann. Ní féidir teacht ar réiteach chun pleanálaí teanga a fhostú. Tá an plean ann agus é curtha le chéile ag an bpobal ach níl duine fostaithe chun sin a dhéanamh. Tá fadhbanna córasacha ann. Is cúig bhliain é sin agus tá glúin bheag i bpobal Uíbh Ráthaigh a chaill an deis cur leis an gcóras meánscolaíochta sa cheantar.

Ag teacht thar n-ais go dtí an bhuncheist agus an bhunrud, is é sin, an plean teanga fhéin, tá dóiléireacht a bhaineann leis an gcóras ar fad. Tá plean teanga luaite in Acht na Gaeltachta, 2012. Tá mise ag tuairisciú don údarás, ní ar bhonn plean teanga ach ar bhonn clár oibre bliantúla. Is é sin an bhuncháipéis mar a dhearfá. Ní luaitear clár bliaintiúil san Acht. Faighim amach sa cheathrú bliain d’fheidhmiú an phlean teanga go bhfuil dhá bheart sa phlean teanga atá faofa ag an Aire. Ghlac mé leis gurbh féidir na rudaí ar fad atá scríofa ansin a chur i bhfeidhm. Faighim amach sa cheathrú bliain go bhfuil dhá bheart sna bearta atá sa phlean nach bhfuil cead agam cur i bhfeidhm. Tá muid ag caint ar an gcóras. Conas a tharla sé sin? Cé a thabharfadh freagra dom ar an gceist seo? Is é sin an rud atá ann. Luaigh muid an plean teanga agus na bearta pleanála teanga ach tá dhá bheart, mar a dúirt mé, sa phlean teanga. Conas a tharla sé sin? Is ceist í sin mar gheall ar an gcóras, agus mar a dúirt mé, tá míshoiléireacht ag baint leis an bpost, na dualgais agus dualgais an Stáit agus na n-eagraíochtaí ar fad ar cheart dóibh a bheith páirteach sa phleanáil teanga ach nach bhfuil. Faighim Foróige ag teacht isteach ach ní féidir liom aon rud a rá leis go gcaithfidh sé, nó go bhfuil dualgas air, rudaí a chur ar fáil trí Ghaeilge agus go mbeadh sé sin mar chuid den bheart atá sé ag déanamh san áit mar tá Gaeltacht mar chuid de. Ní féidir liom é sin a dhéanamh mar níl aon dualgas ann.

Ms Ursula Ní Shionnain

Is mian liom tacú leis an méid atá ráite ag Victor Bayda agus na hoifigigh pleanála teanga maidir leis an ról féin. Tá mé tosaithe sa phost. Níl mé sa phost ach ar feadh cúig mhí anuas ach feictear dom go bhfuil an ról thar a bheith leathan. I ndáiríre, má tá obair éifeachtach le cur ar bun i dtaobh pleanála teanga, tá foireann íoctha ag teastáil. Mar a luaigh Victor Bayda, tá daoine breise ag teastáil le dul i mbun oibre sa réimse seo. Tá gnéithe éagsúla ag baint leis an bpleanáil teanga. Tá obair óige agus teaghlaigh i gceist. Tá codanna éagsúla don phobal ann. I ndáiríre, má tá obair éifeachtach le cur ar bun, tá foireann níos leithne atá íoctha ag teastáil chun an obair éifeachtach sin a dhéanamh.

I nGaeltacht na Mí, bhí mé ag léamh roinnt staitisticí maidir leis na daoine a úsáideann Gaeilge. Luaigh an Teachta Ó Cuív cúpla nóiméad ó shín go bhfuil gá le briseadh síos níos fearr ar na staitisticí atá ar fáil. Tá a fhios againn go bhfuil 12% de theaghlaigh i nGaeltacht na Mí a labhraíonn Gaeilge go laethúil. Is mionlach thar a bheith beag é sin. Muna bhfuil daoine ag tógáil clainne le Gaeilge sa Ghaeltacht, tá sí thart; tá na Gaeltachtaí críochnaithe. Caithfidh muid aghaidh a thabhairt air sin ar bhonn práinneach. Sa chomhthéacs sin, céard atá ag teastáil? Tá duine éigin lánaimseartha ag teastáil chun dul isteach, féachaint ar bhonn acadúla, an obair cheart a chur ar bun chun teaghlaigh a spreagadh, na tacaíochtaí atá ag teastáil ó theaghlaigh a oibriú amach, féachaint go fadtéarmach maidir leis na rudaí atá ag teastáil ó dhaoine, an taighde ar fad a dhéanamh agus, mar a dúirt an Teachta Ó Cuív, an briseadh síos ceart a dhéanamh ar na grúpaí éagsúla a labhraíonn Gaeilge chun tuairim cheart a thabhairt dúinn cé leo lena bhfuil muid ag obair.

Bhunaigh muid seirbhís tacaíochta teaghlaigh i Ráth Chairn cúpla seachtain ó shín agus tá tábhacht léi. Caithfidh muid aghaidh a thabhairt ar an laghdú sin atá ag tarlú i líon na dteaghlach atá ag tógáil clainne le Gaeilge mar tá sé práinneach ag an bpointe seo. Má tá oifigeach pleanála teanga amháin sa phobal agus caithfidh an duine sin fógraíocht a dhéanamh, na meáin shóisialta a riaradh, oibriú leis an óige agus teaghlaigh, agus an leath eile den phost lena n-áirítear a bheith ag dul amach chun siopadóireacht a dhéanamh, le haghaidh imeachtaí éagsúla agus mar sin de, tá an tseachtain imithe. Tá an tseachtain imithe ag díriú isteach ar rudaí éagsúla mar sin. Is í an argóint atá agam ná má tá obair éifeachtach le déanamh againn, tá foireann cheart ag teastáil. Beidh sé sin difriúil ó cheantar go ceantar, mar a luaigh Victor Bayda, agus ó phobal go pobal mar tá gach pobal éagsúil. Tá tosaíochtaí againn i dtaobh na pleanála teanga agus tá an fhoireann ag teastáil chun an obair sin a dhéanamh go héifeachtach.

Mr. Micheál Mac Aoidh

Cuirfidh mé leis an méid sin. Tá ualach ollmhór ann agus níl struchtúr gairmiúil nó cuideachta gairmiúil i gceannas i ndáiríre. Inár gcás, sa Ghaeltacht an Eachréidh, níl fiú cuideachta gairmiúil, ceanneagraíocht nó coiste deonach. Níl sé féaráilte go gcaithfidh coiste deonach an rialachas agus an t-airgead agus gach rud a bhaineann le heagraíocht agus le hualach ollmhór oibre a láimhseáil é féin.

Ag dul ar ais chuig an cheist a chuir an Teachta Ó Cathasaigh maidir leis na coinníollacha agus ról an phleanáil teanga, tá sé uaigneach agus thar a bheith dúshlánach. Uaireanta, airím mar trádálaí aonair ag iarraidh siopa ollmhargadh a reáchtáil. Tá sé dúshlánach. Is éard atá uainn ná oifig agus eagraíocht le struchtúr ceart le hacmhainní daonna ceart, mar atá ag gach pleanáil teanga. Le hacmhainní daonna mar atá, tá an obair tábhachtach agus tá ualach mór oibre i gceist leis.

Mr. Ciarán Ó Tiarnaigh

I mo chás, bhí mé ag fanacht cúig mhí le haghaidh chuntas bainc. Ní raibh mé in ann íocaíocht a ghlacadh d’aon rud. I mo chéad bhliain, bhí a lán rudaí sa phlean nach raibh mé in ann tosú orthu ar chor ar bith. Mar a dúirt Micheál Mac Aoidh, is post an-uaigneach é uaireanta. Buíochas le Dia go bhfuil 30 bliain de thaithí agam ó thaobh iriseoireachta agus saor-iriseoireachta de agus a bheith ag obair i m’aonair. Murach an líonra atá agam leis na hoifigigh pleanála teanga eile, bheinn imithe as. Tá aithne agam ar Mhicheál Mac Aoidh leis na blianta fada trí scoil agus rudaí eile. Tá mé in ann glaoch a chur ar na oifigigh pleanála teanga eile timpeall na Gaillimhe le ceist a chur orthu cad a dhéanaim i gcás áirithe mar níl treoracha leagtha amach.

Luaigh Stiofán Seoighe an méid dualgas atá againn. Seachas an síceolaíocht, rinne mé gach rud eile. Tá a lán le déanamh. Iarrtar orainn a bheith i mbun Facebook agus Twitter agus rudaí a chur suas ar an suíomh Idirlín. Tá rudaí sa phlean cosúil le club óige a bhunú ach b’fhéidir nach bhfuil aon suim ag na daoine áitiúla i gclub óige ar chor ar bith. Cuirtear cúpla mí isteach ag déanamh taighde air agus níl aon aiseolas dearfach ag teacht ar ais agus bogtar ar aghaidh go dtí rud éigin eile. Tá an obair an-shuimiúil ach ní raibh struchtúr ceart ann ó thosaigh muid. Bheadh sé an-deacair do dhuine atá díreach tar éis an ollscoil a fhágáil dul isteach i ról mar sin gan na treoracha a bheith scríofa amach dó nó di.

Mr. Mícheál Ó Leidhin

Cad a dhéanfar leis na moltaí atá déanta againn inniu? Cad é an céad céim eile? Cad é an saghas cumhachta atá ag an gcomhchoiste Dála? An féidir iad a bhrú ar aghaidh i dtreo is go mbeidís mar chuid de mholtaí an Rialtais?

Ní féidir liom moltaí an Rialtais a eagrú faoi láthair, ach b’fhéidir an bhliain seo chugainn.

Ms Cabríní de Barra

Faoi láthair.

Mar a rinne muid le gnéithe eile a bhfuil muid tar éis díriú isteach orthu, cuirfidh muid tuairisc le chéile - tá sé tosaithe cheana - agus déanfaidh muid an tuairisc sin a chur faoi bhráid an Aire. Anois is arís, tagann Aire os ár gcomhair nuair atá tuairisc foilsithe againn. Tá súil againn, roimh dheireadh na míosa seo, go mbeidh an tAire, an Teachta Catherine Martin, os ár gcomhair maidir le tuairisc a chuir muid le chéile faoi cheist na foilsitheoireachta. Déanfaidh muid an rud céanna sa chás seo. Beidh moltaí againn agus déanfaidh muid iarracht iad a bhrú chun cinn. Tá ceisteanna ag gach uile duine anseo. Bhí mé ag glacadh nótaí agus na finnéithe ag caint chun ceisteanna a chur ar an Aire nuair a bheidh an deis agam sa Dáil. Cuirfidh mé ceist uirthi cén fáth nach bhfuil rudaí áirithe déanta agus cén fáth nach bhfuil an t-athbhreithniú foilsithe go fóill. Is féidir liom rudaí mar sin a dhéanamh chun cuidiú leis na finnéithe brú ar aghaidh.

Tá gach duine anseo ó pháirtithe difriúla. Tá toghchán ag teacht. Glacaim leis go bhfuil daoine ag éisteacht le cad atá á rá ag na finnéithe agus go mbeidh na Gaeilgeoirí laistigh de na páirtithe ag déanamh stocaireachta laistigh dá bpáirtithe féin ionas go mbeidh cur chuige níos fearr ann. Is í an cheist is práinní a thóg mé as seo go dtí seo, seachas an cheist tithíochta atá muid tar éis dul tríd sin agus tá muid fós ag fanacht leis na treoirlínte, ná deireadh a chur leis an éiginnteacht atá i gceist maidir leis seo ionas go mbeidh a fhios ag na finnéithe go leanfaidh an córas seo. Glacaim leis go leanfaidh sé ach níl sé sin cinntithe.

Is féidir linn ceist a chur ar an Aire chomh maith. Labhróidh mé leis an gcléireach chun nóta a chur le chéile maidir leis an bpróiseas athbhreithnithe le fáil amach cad iad go díreach na téarmaí tagartha a bhí i gceist. Cuirfidh mé ansin ceisteanna ar an Aire maidir le cad atá i gceist leis sin. Brú breise is ea é, b’fhéidir. Is í sin an chumhacht atá againn. Nuair atá tuairisc foilsithe againn, tá deis againn é a chur faoi bhráid na Dála agus díospóireacht a bheith sa Dáil uirthi. Ní fhaigheann muid an deis sin go minic. Cuirtear isteach i lotto é agus uaireanta bíonn díospóireacht mar thoradh air sin. Déanfaidh muid amhlaidh leis seo.

Mr. Mícheál Ó Leidhin

Ba mhaith liom a rá gur dea-rud é go bhfuil próiseas pleanála teanga ann agus tá deiseanna ann anois nach raibh ann deich mbliana nó 15 bhliain ó shin. Is dóigh liom go dtugann sé deiseanna agus oscailt dúinn rudaí a bhrú ar aghaidh. Mar a luaigh an Dr. Bayda agus na hoifigigh pleanála teanga eile, is ceist acmhainní agus airgid í ach tá rudaí eile ann cosúil le riaracháin agus maorlathas. D’fhéadfaí iad a chur ina gceart dá mbeadh an toil ann nó an chomhoibriú atá de dhíth idir na heagraíochtaí atá sáite sa phróiseas. Is dóigh liom go dtagann sé sin ó na ceanneagraíochtaí féin. Is mian liom é a chur faoi bhráid an choiste go bhfuil rudaí go bhféadfaí iad a chur ina gceart gan airgead. Is é sin go bunúsach é.

Tuigim. Beidh Aire Stáit nua na Gaeltachta, an Teachta Thomas Byrne, os ár gcomhair laistigh de mhí. Is féidir linn a lán de na ceisteanna seo a chur air, go háirithe na cinn praiticiúla atá i gceist ag Mícheál Ó Leidhin ar féidir leigheas a dhéanamh orthu trí chinneadh ón Aire. Maidir le ceisteanna ó thaobh airgid de, níl an chumhacht sin ag an Aire Stáit, an Teachta Thomas Byrne. Tá an chumhacht sin ag an Aire, an Teachta Catherine Martin, nó ag an Roinn Airgeadais.

Glacaim leis gurb é an rud is tábhachtaí ná go mbeidh leanúnachas leis an bpleanáil teanga. Is é an dara rud is tábhachtaí ná acmhainní, rud a bhíonn ann i gcónaí. An bhfuil an ceart agam gurb é an tríú ceann is tábhachtaí ná fadhb tithíochta na Gaeltachta?

Mar bhall de Fhianna Fáil, tá mise ag obair ar an trí leibhéal sin leis an Aire. Tá na treoirlínte i ndáil a bheith réidh; tá a fhios agam é sin. Tá súil agam go mbeidh na treoirlínte Gaeltachta foilsithe go fíorluath. Níl ach próiseas beag bídeach amháin le déanamh.

An dara rud, san Acht nua, beidh ar na comhairlí contae plean Gaeltachta sonraí a dhéanamh amach. Tá sé sin tábhachtach mar tá an patrún lonnaíochta sna Gaeltachtaí difriúil ón phatrún bailte atá sa chuid eile den tír. Tá tábhacht ollmhór ag baint leis sin.

An tríú rud, tá mé tar éis labhairt leis an Aire Stáit, an Teachta Thomas Byrne. Is buntáiste domsa go pearsanta é agus mé ag iarraidh rudaí a bhrú ar aghaidh mar baineann sé le mo pháirtí féin agus tá sé thar a bheith gníomhach agus tá tuiscint aige ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht. Tá mé ag labhairt leis maidir le cumhachtaí sonracha a thabhairt don údarás le plé le cúrsaí tithíochta, ní mar údarás tithíochta ná go mbeidh sé ag tógáil áit an chomhairle contae, ach go mbeidh cead aige mar shampla a voluntary housing body a bhunú agus dul ag plé le tithíocht ar an mbealach sin. Beidh cead sonrach aige talamh a cheannach agus a dhíol ar mhaithe le tithíocht. Is rudaí sonracha iad.

Is é an rud amháin atá foghlamtha agam thart anseo ná gur fearr liosta de cheithre nó cúig rud a chur le chéile ná míle rud agus gan rud ar bith a fháil. Díríonn tú isteach ar rudaí agus nuair atá siad faighte, téann tú ar aghaidh chuig an céad rud eile.

Mar a luaigh mé, tá eolas maith agam ar na Gaeltachtaí. Luaigh Ursula Ní Shionnáin rud amháin ach is féidir breathnú ar rudaí a bheith an-dona nó gan a bheith chomh dona. Braitheann sé ar cén caoi a bhreathnaíonn tú air. Má théim siar go bunú Ráth Chairn agus an ceantar atá go hoifigiúil sa Ghaeltacht i gContae na Mí, cén céatadán den phobal a bhí ag labhairt Gaeilge sa bhaile an t-am sin? Bhí sé i gcónaí beag. Tá stráicí móra de Ghaeltacht na Mí nach raibh Gaeilge riamh ag na teaghlaigh de bhunú na háite. Is dóigh liom go gcaithfidh muid tógáil ar an áit a bhfuil muid. Caithfidh mé a rá go bhfuil mé 20 mbliain i nDúiche Sheoigheach agus is Gaeltacht cineál gioblach go maith í sa mhéid is go bhfuil an Béarla in uachtar ar an taobh thiar agus thoir di ach go bhfuil an Ghaeilge réasúnta láidir sa phíosa sa lár ag dul ó theas agus ó thuaidh. Dá ndearfaí liomsa 50 bliain ó shín go mbeadh sé chomh maith is atá sé, bheinn sásta. Is an rud céanna é le Gaeltacht na nDéise. Sílim go bhfaca mé áit éigin nach raibh ach 26 theach ag labhairt na Gaeilge in 1926. Bhí sé an-bheag agus tá teacht aniar aisteach déanta.

Dar liomsa, go mórmhór i gcás na nDéise agus i gcás Ráth Chairn, gur fiú scrúdú a dhéanamh ar céard iad na rudaí a rinne an difríocht. Dar liomsa, is iad an mheánscoil, an comharchumann ar ndóigh roimhe sin agus rudaí áirithe. Sna Déise, dar liomsa, ba institiúidí é. Ba shin rud nach raibh in Uíbh Ráthach. Ní raibh na hinstitiúidí. Bhí Coláiste na Rinne agus bhí an mheánscoil láidir. Ansin tháinig Nemeton, a thosaigh tionsclaíocht trí Ghaeilge. Caithfimid breathnú ar sin agus a rá gurb ea sin an rud a chroch Uíbh Ráthach, mar shampla. Tá an-tábhacht le hinstitiúidí Gaeilge agus tá mé i gcónaí ag rá seo. Bhí riail ann, agus is dóigh liom go mba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar seo, go gcaithfeadh an t-údarás 30% den bhuiséad forbartha tionsclaíochta nó fostaíochta a chaitheamh ar thionscail teanga-lárnaithe ionas gur féidir linn rófhostaíocht buan a chruthú agus is fostaíocht é a chuidíonn leis an teanga, mar is é an teanga an rud atá sa Ghaeltacht nach bhfuil áit ar bith eile ar domhan. Dar liomsa, ba cheart go ndéanfaí staidéar i ndeisceart Chonamara, mar shampla, de na topaicí Raidió na Gaeltachta, TG4, an t-údarás, an Coimisinéir Teanga, an Roinn í féin agus mar sin de. Tá tionchar ag na hinstitiúidí Gaeilge ar an bpobal mar tá daoine ag obair sna tionscadail a bhfuil ag labhairt Gaeilge sa mbaile agus tionchar acu ar na clubanna agus mar sin de. Tá go leor rudaí dóchasacha ann, dar liomsa.

Tá sé thar a bheith tábhachtach go bhfaigheann muide aisfhreagra nó feedback uaidh na finnéithe. Cuirfidh muid tuarascáil le chéile. Oibríonn muid i dteannta a chéile, ach chomh maith leis sin, tá muid cosúil le barántas bainc a oibríonn neamhspleách ar a chéile trínár bpáirtithe féin. Beidh Sinn Féin ag cur polasaí mór láidir Gaeilge chun cinn ag an gcéad toghchán eile agus sáróidh muide iad le cúnamh Dé. Déanfaidh an Seanadóir Seán Kyne iarracht muid uilig a shárú agus is nádúr maith é sin le polaitíocht, go bhfuil an choimhlint sin ann. Ní drochrud é sin mar spreagann sé muid. Ach tá rudaí áirithe ag tarlú agus más é an rud is mó faoi láthair ná leanúnachas nó poist agus an phleanáil teanga agus tuilleadh acmhainní againn, agus dá mbeadh an dá mholadh sin sa tuarascáil againn agus é a bhrú go láidir sa cheantar, dhéanfadh sé difríocht.

Gabhaim buíochas leis na finnéithe as teacht inniu agus a dtuairimí a roinnt linn mar gheall ar an bpleanáil teanga. Tá sé an-shoiléir go bhfuil an-chuid ar siúl agus feicim go laethúil é chomh maith.

Sa bhaile, tá an t-ádh linn go bhfuil Eibhlín Ní Lionáird an-ghníomhach i gceantar Mhúscraí. Tá sí an-ghnóthach agus torthaí maithe aici. Cloisim ó na finnéithe chomh maith agus caithfidh mé a lua mar gheall ar chuid den obair atá ar siúl ann, mar shampla, an mórmhaisiú gur deineadh le déanaí i gCúil Aodha. Féachann sé b'fhéidir mar rud éigin beag ón taobh amuigh, ach is mór an ní é i measc an phobail. Ceann de na rudaí eile atá bainteach leis ná go gcuireann sé an teanga agus filíocht os comhair daoine. Samhlaigh go bhfuil daoine nach as an gceantar dóibh ag gabháil tríd agus a bhfuil ag féachaint air agus tá daoine fiosrach agus ag fiafraí cad is brí leis nó cad atá ann. Tá sé ag cur na teanga, ealaíne agus filíochta os a gcomhair. Tá an-chuid oibre á déanamh i slite difriúla.

Luaigh na finnéithe go bhfuil riachtanais dhifriúla sna pobail dhifriúla agus ceann de na pobail ná daoine óga agus go mbeadh b'fhéidir club óige agus mar sin de ag teastáil. Chuala mé an pointe a bhí ag finné mar gheall ar an dúshlán ansan. Tá oifigeach óige ag Muintearas agus ag an t-údarás ach níltear scaipthe go cothrom ar fud na tíre. N'fheadar cén teagmháil a bhí ag na finnéithe mar oifigigh pleanála teanga lena leithéid de Mhuintearas agus an t-údarás mar gheall air sin chun cinntiú go mbeadh freastal ar a bpobail féin nó an mbeadh deiseanna ansan. Bheadh suim agam cloisteáil ó na finnéithe faoi sin.

Chomh maith leis sin, dar ndóigh ní mhaireann an Ghaeltacht ina haonar. Táimid ag brath ar an bpobal lasmuigh chomh maith agus na bailte seirbhíse ach go háirithe chun iad sin a thabhairt chun cinn. N'fheadar cén teagmháil a bheadh ag na hoifigigh pleanála teanga. An bhfuil samplaí ag na finnéithe de slite gur féidir tabhairt faoi sin nó dea-shamplaí ar shlí gur féidir linn foghlaim chun rudaí a thabhairt chun cinn ansan leis na bailte seirbhíse? Cén plé atá ag na finnéithe leo?

Baineann an tríú pointe atá agam leis na coláistí samhraidh. Samhlaím go bhfuil na coláistí an-thábhachtach i gcomhar pobail. Tá saghas stádas nó aitheantas ann chomh maith. Dar ndóigh cuireann sé ardú meanman ar aghaidh sa dúthaigh ach tá coláistí atá faoi bhrú. Feicim coláiste i mo cheantar féin agus níl a fhios againn an bhfuilimid ag teacht nó imeacht. An bhfuil a leithéid de sin feicthe ag na finnéithe? An mbíonn teagmháil ag na finnéithe le coláistí a bhíonn faoi bhrú agus réiteach b'fhéidir feicthe ag na finnéithe ar conas a thabharfaí é sin chun cinn nó conas b'fhéidir ceannaireacht nua a fháil isteach i gcoláiste atá faoi bhrú? Bheadh suim agam cloisteáil ó na finnéithe faoi sin.

Tá sraith ceisteanna ansin. Cloisfimid ó Victor Bayda ar dtús.

Dr. Victor Bayda

Is féidir liom an cheist mar gheall air oifigeach óige a fhreagairt mar is é sin atá sa phlean teanga againn, go bhfostófaí óifigeach óige trí Kerry ETB le maoiniú ón Roinn leanaí. Luaigh mé é sin agus ní rachaidh mé isteach sa scéal mórán. Go dtí seo, níor éirigh linn an t-airgead a fháil ón Roinn leanaí mar níl an t-airgead sa plean teanga féin. Fiú dá mbeadh, mar a luaigh mé cheana tá coinníoll ag baint leis an mbuiséad pleanála teanga nach féidir ach duine amháin, inár gcás féin, a fhostú, mar sin ní fhéadfaimis é a dhéanamh leis an airgead sin.

An é sin duine a bheadh neamhspleách ón gcóras atá ann faoi láthair le Muintearas agus an t-údarás?

Dr. Victor Bayda

Bheadh sé sin difriúil. Ag an bpointe sin, ní raibh a leithéid de rud is Muintearas ann. An rud a bhí i gceist le Muintearas ná oifigeach réigiúnach a bheadh don deisceart ar fad. Ar ndóigh ní fhéadfadh an duine seo mórán a dhéanamh i gcásanna mar seo. Tá sé an-mhaith gur éirigh le Tuismitheoirí na Gaeltachta cás a dhéanamh agus beidh níos mó oifigigh aige. Tá rudaí á bplé againn faoi láthair. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí agus go háirithe Seamus Whitty, an t-oifigeach óige atá aige. Thug sé an-chluas éisteachta dúinn agus táimid anois ag comhoibriú, Muintearas san áireamh. An rud atá tábhachtach ná go bhfuil Muintearas ag ullmhú plean don Ghaeltacht ar fad chun go mbeadh córas ann agus go mbeadh na hoifigigh níos áitiúla, más féidir é sin a rá, agus go mbeidís ag díriú ar na ceantair faoi leith. Níl a fhios againn cathain go nglacfar leis seo, go mbeidh cruth curtha ar an gcóras sin agus go mbeidh an córas sin ann, ach tá sé soiléir go bhfuil na riachtanais sin aitheanta. Idir na riachtanais a bheith aitheanta agus an córas a bheith ann, beidh blianta ann nuair nach mbeidh na riachtanais sin á chomhlíonadh. An rud atá ag teastáil ná réiteach éigin idirthréimhseach nó sealadach agus táimid ag obair le Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí i gcomhar le Muintearas agus le Tobar Dhuibhne ar réiteach mar seo de Chiarraí. I ndáiríre, táimid thar n-ais go dtí pointe a náid. Nuair a tháinig mé cúig bliana ó shin, bhí an rud céanna á dhéanamh againn agus diúltaíodh dúinn an uair sin. Cífimid an uair seo an éireoidh linn. Tá sé fíorthábhachtach.

Tá an rud a phléamar ag an gcruinniú cúpla seachtain ó shin, gur cheart go mbeadh beirt ann, fíorthábhachtach. Ba cheart inár gcás, mar shampla, go mbeadh duine i gCorca Dhuibhne agus duine in Uíbh Ráthach inár gcás. Féachtar ar Chiarraí mar Ghaeltacht amháin, fiú sa CSO. Tá roinnt den eolais atá ar fáil ansin do Ghaeltachtaí Chiarraí ach níl aon eolas istigh ann. Tá sé cosúil le Ráth Chairn agus Baile Ghib, abair. Tá dhá ionad difriúla ann agus caithfear féachaint orthu. Tá an rud céanna anseo in Uíbh Ráthach agus tá mé cinnte go bhfuil sé mar an gcéanna i gceantair eile. Tá sé fíorthábhachtach go nglacfaí leis sin. Dá mbeadh duine amháin ann, abair oifigeach óige do Chiarraí ar fad, déarfainn go mbeadh sé lonnaithe i gCorca Dhuibhne ach is cuma cá mbeadh sé lonnaithe, tá dhá uair a chloig nó dhá uair a chloig go leath ag braith ar conas a bhíonn tú ag tiomáint, idir an dá cheantar. Ní fhéadfadh an duine seo é sin a dhéanamh.

Chomh maith leis sin, caithfidh an duine seo a bheith lonnaithe sa cheantar. Caithfidh sé nó sí a bheith fréamhaithe agus tuiscint aige nó aici. Dá mbeinn i dTrá Lí, ní fhéadfainn an pleanáil teanga a dhéanamh in Uíbh Ráthaigh nó i gCorca Dhuibhne mar ní bheinn ag éisteacht le daoine an t-am ar fad. Tá sé fíorthábhachtach go mbeidh an duine ann agus caithfidh an t-oifigeach óige a bheith fréamhaithe san óige san áit.

I mo thuairim, mar a dúirt mé cheana, caithfidh oifigeach teaghlaigh a bheith ann, bíodh sé sin trí Thuismitheoirí na Gaeltachta, trí Mhuintearas nó fostaithe ag an bpleanáil teanga féin. Is cuma conas atá sé. Tá sé fíorthábhachtach go mbeadh siad go háitiúil in gach limistéar pleanála teanga. Níl a fhios agam ach ceapaim gur cheart go mbeadh siad in gach limistéar pleanála teanga. Níl mórán airgid á chaitheamh faoi láthair ar phleanáil teanga, má smaoinítear air. Tá €100,000 sa bhliain don cheantar ar fad agus ní mórán airgid é sin.

Mar a dúirt an Teachta Ó Cuív, is teanga í seo nach bhfuil ar fáil in aon áit eile ar domhan. Is féidir liom a rá gur teanga fíoreisceachtúil í. B’fhéidir nach dtuigtear é seo ach is teanga fíoreisceachtúil í an Ghaeilge. Is fiú go mór í a chóiméad ar siúl. Mar sin, is fiú go leor airgid an teanga seo.

Déanfaidh mé tagairt ghearr do bhailte seirbhíse Gaeltachta. Is í an fhadhb is mó a fheicim ná, ó tháinig mé le hoibriú anseo cúig bhliain ó shín, go bhfuil an plean curtha le chéile ag an bpobal coiste agus mar sin de ach go bhfuilimid ag fanacht le beagnach bliain le go bhfostófaí an duine. Tá fadhbanna áirithe ann ó thaobh chúrsaí riaracháin. Cén fáth go bhfuil bliain ag teastáil chun na fadhbanna riaracháin seo a réiteach? Tá sé faoi bhonn córas Stáit ar fad.

Baineann na bailte seirbhíse Gaeltachta leis an nGaeltacht agus le Tomás Ó hÓgáin agus Bróna Coleman. Tá Bróna Coleman i nDún Garbhán agus tá Tomás Ó hÓgáin sa Ghaeltacht. Má dhéanann siad tuairisciú agus má chuireann siad cheist, caithfidh Tomás Ó hÓgáin dul i dteagmháil le hÚdarás na Gaeltachta agus caithfidh Bróna Coleman dul i dteagmháil le Foras na Gaeilge. Cén fáth go bhfuil sé déanta mar seo? Is baile seirbhíse Gaeltachta atá ann agus tá sé ag freastal ar an nGaeltacht. Cén fáth nach bhfuil baint ann agus cén fáth nach bhfuil bailte seirbhíse Gaeltachta faoi Údarás na Gaeltachta? Tá cuid acu. Arís, níl aon aontas ann ó thaobh cur chuige de. Tá Daingean Uí Chúis faoi Údarás na Gaeltachta mar tharla dó go raibh sé laistigh de na teorainneacha a leagadh síos i 1956.

An bhfuil aon duine ag iarraidh é sin a leanúint?

Mr. Micheál Mac Aoidh

Chun cur leis an méid a dúirt Victor Bayda, tá géarghá le chomhtháthú agus chomhordú ar an bpróiseas seo uilig. Níl muid ag obair ar ár gceirtlín féin agus is é an t-aon fáth go mbíonn muid ag obair le chéile ná gur iad na hoifigigh pleanála teanga a chruthaigh na gréasáin. Is muid a chothaigh scáth-eagraíocht ionas go mbeadh muid ag chomhordú agus ag comhoibriú lena chéile. Tá géarghá, ag leibhéal níos airde ná muid, go ndéanfar chomhtháthú ar an bpróiseas le go mbeadh muid uilig ag obair le chéile. Tá easnamh ann ó thaobh chomhordaithe. Tá muid cineál ag obair as ár stuaim féin gan tacaíocht nó gan aon treoir ag teacht ó leibhéal níos airde.

Mr. Mícheál Ó Leidhin

Is mian liom aontú leis sin. Tá gá leis.

Ms Cabríní de Barra

Níl argóint ar bith agam le haon rud atá ráite ag duine ar bith. Is dócha go bhféadfainn a rá, sna Déise, tá an t-ádh dearg linn go bhfuil dlúthbhaint idir an dá eagraíocht, is iad sin, Dún Garbhán le Gaeilge agus Comhlucht Forbartha na nDéise. Tá daoine ón dá chomhlacht ar an dá eagraíocht. Bíonn maorlathas á fháil ag an dá cheann acu uaimse. Is rud é sin a rinneamar go háitiúil. Ní dhearna aon duine eile é sin. Is muid a rinne é sin go háitiúil mar thuigeamar go raibh sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh tacaíocht ar fáil ag gach uile duine. Tá sé de chead agus de cheart ag daoine go mbeadh tacaíocht ann agus deis acu chomhoibriú lena chéile. Bíonn an beirt acu taobh amuigh agus taobh istigh den Ghaeltacht ag comhoibriú lena chéile go laethúil. Bíonn cruinnithe againn go seachtainiúil. Tá féile bheag teaghlaigh agus pobail ar siúl idir an mbeirt acu. Tá dhá ócáid ag deireadh na míosa seo. Tá dhá ócáid i nGaeltacht na nDéise agus dhá ócáid i nDún Garbhán. Ag deireadh an lae, is an pobal ceannann céanna muid. Níl muid ag brath ar an Stát chun é sin a dhéanamh. Is muid a rinne é sin ach ní bheadh aon argóint agam ó thaobh an chórais ar a bhfuil muid ag freagairt, is é sin, go bhfuil dhá boss éagsúil ann.

Ms Máire Seosaimhín Breathnach

Chun cur leis sin, mar mhíniú ar an méid atá ag ráite ag Cabríní de Barra, ní bheadh sé sin tarlaithe mura mbeadh Cabríní de Barra í féin sásta an ualach breise oibre a thógáint uirthi féin, i ndáiríre. Níl mé á rá sin díreach de bharr go bhfuil suite in aice liom. Is fíor é. Níor cheart, i slí amháin, go mbeadh uirthi.

Tuigim an méid atá á rá ag ár gcairde ar imeall chathair na Gaillimhe. Tá Bróna Coleman, atá mar oifigeach pleanála teanga i mbaile Dhún Garbhán mar bhaile seirbhíse Gaeltachta, sa staid céanna leo sa mhéid is nach raibh aon cheanneagraíocht nádúrtha i nDún Garbhán a ghlacfadh cúraimí na pleanála teanga uirthi. Bhí ar thriúr nó ceathrar againn, atá ag plé leis an bpleanáil teanga sa Ghaeltacht ar feadh an tsaoil agus a bhí sásta teacht le chéile, coiste deonach a bhunú i nDún Garbhán. Rinne muid an maorlathas ar fad a bhaineann le cuideachta a bhunú chun go bhféadfadh muid í a fhostú. Arís, níl bainisteoir ar an dtalamh. Is daoine deonacha atá ar an gcoiste stiúrtha. Bhí Cabríní de Barra sásta seasamh isteach sa bhearna baoil agus na cúraimí breise sin a thabhairt uirthi mar thuigeamar gur ar mhaithe linn féin ar fad a bhí sé.

Maidir leis an taithí atá agam, tá mé mar rúnaí ar bhord na ceanneagraíochta sa Ghaeltacht ó bunaíodh é. Cruthaíodh an córas pleanála teanga seo. Bhí sé uaillmhianach agus tá sé go hiontach go bhfuil sé ann ach tá iarracht déanta ag na húdaráis ó shin an córas a lúbadh isteach sna córais fadbhunaithe atá ann ó thús an Stáit go bunúsach beagnach, agus faoi na limistéir mar a dúirt Victor Bayda. Tá na limistéir chomh as dáta agus níl aon aird á tabhairt ar nádúr an phobail nó ar nádúr na gceantar. Níl aon iarracht á dhéanamh féachaint air i slí réasúnta réalaíoch seachas díreach ó thaobh na gcóras.

Ba mhaith liom arís tacú le pointe faoi leith a luaigh Victor, ar eagla go sleamhnófaí tharais. Níl sé scríofa síos againn sa tuairisc againn. Luaim an sáinn ina bhfuil na ceanneagraíochtaí pleanála teanga. Ar thaobh amháin, tá an Stát ag rá leo gur fúthu atá sé na limistéir pleanála teanga a shlánú agus gur fúthu atá na dualgais, an ualach oibre agus gach a bhaineann le OPT a fhostú, iad a riaradh, agus an maorlathas a bhaineann le cúrsaí airgeadais. Ní thuigim conas a dhéantar é le coiste deonach. Ar a laghad, i gcás Thomáis Uí Ógáin anseo agus Victor Bayda agus dreamanna eile, tá leath-rúnaí againn agus bhíomar blianta ag troid leis an údarás chun cead a fháil cúpla pingin a fháil ar rúnaí a fhostú ar feadh dhá la sa tseachtain agus bainisteoir forbartha. Bhí an struchtúr foirne sin ann. Níl muid leath chomh maith as is atá Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne, mar shampla, agus na dosaen daoine fostaithe aige chun tabhairt faoin maorlathas seo ar fad agus an ualach ama a thógann sé tuairisciú agus na rudaí sin ar fad. Tá an t-údarás ag rá linn ar an dtaobh amháin go bhfuil muid maith go leor chun na cúraimí seo ar fad a thógaint orainn féin ach níl aon chead á thabhairt dúinn aon chinneadh a thógaint €10,000 den plean teanga a chur i dtreo rud faoi leith atá beartaithe sa phlean. Inár bplean, tá rudaí beartaithe agus a cheadaigh an tAire agus anois tá sé ráite linn nach féidir linn na beartais sin a chur i bhfeidhm mar nach bhfuil cead againn pingin a chaitheamh ar oifigeach óige nó oifigeach teaghlach a fhostú, nó aon airgid caipitil a chaitheamh.

Níor mhaith liom é a rá sa mhéid is gur suarach na pinginí atá againn ach bheimis in ann níos mó airgid a chaitheamh dá mbeadh na hacmhainní daonna againn chun tabhairt faoi. Níl ach méid áirithe airgid gur féidir le hoifigeach pleanála teanga amháin a chaitheamh. Tá airgead eile againn agus táimid fonn fíochmhair é a chaitheamh ar rudaí a thuigimid atá ag teastáil sa cheantar agus níl cead againn é a dhéanamh. Luaim réimsí cosúil le teaghlaigh agus an óige, go háirithe nuair nach bhfuil meánscoil sa cheantar. Mar a dúirt mé cheana, tá an t-ádh linn go bhfuil meánscoil againn. Níl an cead sin againn mar cheanneagraíochtaí agus na dualgais eile ar fad atá orainn. Táimid báite ag an maorlathas agus tá na srianta i bhfad ró-dhian ar fad. Tá fís ag teastáil ón údarás, ón bhforas agus ón Rialtas chun féachaint conas gur féidir linn na hiallacha a scaoileadh beagáinín chun ligint don chóras seo feidhmiú mar is ceart dó. Tá an-chuid snámh in aghaidh easa ar siúl againn. Is é sin an impí eile a bheadh agam.

Tá ceist amháin agam. Tá go leor ceisteanna agam ach níl an t-am agam iad a chur. Luaigh duine éigin go bhfuil fadhb ann leis na clubanna spóirt, an Cumann Lúthchleas Gael, clubanna rugbaí, clubanna sacair, is araile, nach bhfuil siad tiomanta agus go bhfuil deacrachtaí ann leo ar an gcaoi sin. Níl fhios agam cé a bhí ann ach dúradh nach bhfuil clubanna spóirt chomh tiomanta nó chomh cuidiúil is ar chór dóibh a bheith.

Mr. Ciarán Ó Tiarnaigh

Chuir mé an oiread sin béime ar na cainteoirí dúchais nach bhfuil aon obair déanta agam leo. Níl sé éasca teacht ar na háiseanna atá ar fáil. Ceapann roinnt clubanna gur féidir leis an OPT míorúilt a dhéanamh. Táim ag bualadh leo le haghaidh cruinnithe agus níl aon tuairimí agam féin conas gur féidir liom cuidiú leo. Tá cuid den locht orm féin ó thaobh sin de toisc nár chur mé béim air ón tús.

Ms Úna Ní Fhaircheallaigh

Tá trí club CLG inár gceantar agus braitheann sé ar na daoine ar na coistí agus an bhfuil suim acu sa Ghaeilge. Tá ceann amháin atá láidir go maith agus ag déanamh ciorcail comhrá a eagrú agus clubanna óige a reachtáil trí Ghaeilge i rith an tsamhraidh, ach níl an suim céanna sa dhá cheann eile toisc nach bhfuil ceannródaithe ar na coistí le suim acu sa Ghaeilge. Tá an-chuid ag braith ar dhaoine aonair agus oibrithe deonacha le rudaí a bhrú ar aghaidh. Tá sé deacair. Tá oifigeach óige inár bplean agus níl cead againn é a fhostú. Bheadh duine mar sin ábalta dul ag obair leis na clubanna spóirt le Gaeilge a chur chun cinn, ach níl muid in ann é a dhéanamh.

An bhfuil Pádraig Ó Fathaigh ag iarraidh aon rud a rá? Tá sé ciúin.

Mr. Pádraig Ó Fathaigh

Níl, a dhuine uasal, go raibh maith agat.

An bhfuil tú cinnte? Ní ghnáth duit bheith chomh ciúin seo.

Mr. Pádraig Ó Fathaigh

Ceapaim gurb é an fadhb tithíochta an rud is measa, ag éisteacht le Raidió na Gaeltachta i gCiarraí, i gConamara agus gach uile áit. Murar coinnítear daoine in áit agus murar féidir leo tithe a thógáil san áit inar tógadh iad, cén chaoi a mhealltear na daoine óga leis an bpobal sin a láidriú?

Dr. Victor Bayda

Ó thaobh cúrsaí spóirt de, ní cheapaim go bhfuil mórán clubanna CLG, mar shampla, athraithe ó Bhéarla go Béarla le 100 bliain anuas. Tá Gaeilge mar chroílár an Cumann Lúthchleas Gael, mar a deirtear, ach is cosúil nach bhfuil i gceist leis sin ach go mbeadh na cluichí trí Ghaelainn agus an traenáil trí Ghaelainn. Tá moladh ollmhór tuilte ag na Gaeil Óga a bhunaíodh mar chlub Ghaelainn, ach caitear club a bhunú as an nua agus a choimeád go daingean trí Ghaelainn le go mbeidh sé ag feidhmiú trí Ghaelainn. Tá acmhainní cruthaithe ag Breacadh. Tá siad tar éis rud an-mhaith a dhéanamh. Tá liostaí le pictiúirí agus tá siad ar fáil ar líne. Tá tearmaíocht ann don fheirm, mar shampla, mar aon le rudaí don teaghlach. Tá rudaí ar fáil chomh maith uaidh Tús Maith agus Tuismitheoirí na Gaeltachta. Tá Gaschaint ar líne anois agus tá na focail, na phrásaí agus na físeáin faoi conas rudaí a rá go léir ar fáil.

Ach más traenálaí nó tuismitheoir mise, b'fhéidir go bhféachaim ar na rudaí seo ach níl na scileanna ná an t-eolas agam conas tosú leis na rudaí seo a chur i bhfeidhm go praiticiúil. Abair gur traenálaí mé agus tá an téarmaíocht ar fáil agam. Conas a thosóidh mé á úsáid? Ní féidir liom suí síos, gach aon rud a fhoghlaim agus ansin dul ar an bpáirc agus é sin a úsáid. Tá traenáil don traenálaí ag teastáil. Is é sin atá in easnamh ón gcoras ar a bhfuilimid ag caint. B'fhéidir gur bac é seo a bhraitheann daoine ach nach ritheann sé leo gurb é sin an bac. Is gá ceangail a dhéanamh idir na hachmhainní - na frásaí agus na focail agus gach uile rud - atá ann, ar líne, ar pháipéar nó priontáilte amach, agus conas gur féidir le duine aonair, le club nó le teaghlach iad a chur i bhfeidhm. Caithfimid cabhrú le daoine na hacmhainní atá ann a úsáid, céim ar chéim, de réir a chéile. Caithfear traenáil a thabhairt do na tuismitheoirí agus na traenálaithe chun na rudaí seo a úsáid.

Mr. Mícheál Ó Leidhin

An bhféadfainn rud a rá go h-an thapa?

Lean ar aghaidh.

Mr. Mícheál Ó Leidhin

Is rud praiticiúil é. Dá bhféadfá mar Chathaoirleach an moladh sin a chur faoi bhráid an Aire, bheimís buíoch. Táimid sa bhád céanna. Tá airgead againn sa chiste agus ní féidir linn an t-airgead sin a chaitheamh ar na rudaí a dteastaíonn uainn. Dá bhféadfaí an laincis sin a scaoileadh go práinneach, ba mhór an chabhair a bheadh sé agus bheadh toradh fónta ar an méid atá ráite againn inniu.

Tá na nótaí seo ar fad glactha. Caithfidh mé críoch a chur leis seo sula mbeidh na leaids istigh ansin ag gearán liom go bhfuil mé imithe thar am. Gabhaim buíochas an choiste leis na finnéithe ar fad atá tar éis páirt a ghlacadh sa chruinniú seo, le Victor Bayda, Mícheál Ó Leidhin, Cabríní de Barra, Máire Seó Breathnach, Tomás Ó hÓgáin, Ciarán Ó Tiarnaigh, Joe Kavanagh, Micheál Mac Aoidh, Pádraig Ó Fathaigh, Úna Ní Fhaircheallaigh, Ursula Ní Shionnain agus Stiofán Seoighe, agus as an gcuidiú ar thug siad dúinn inniu. Níl aon ghnó eile againn. Beidh an chéad cruinniú eile ar siúl i seisiún poiblí ar 1.30 p.m. Dé Céadaoin seo chugainn, 15 Bealthaine 2024 i seomra coiste 4, nuair a phléfar an t-ábhar, an t-éileamh ar an nGaelscolaíocht ag leibhéal na hiarbhunscoile agus bunscoile nach bhfuil á shásamh ag an Stát, le hionadaithe uaidh na feachtais le Gaelcholáiste agus Gaelscoileanna a bhunú sna ceantair seo i gcathar agus i gcontae Átha Cliath: Baile Átha Cliath 2, 4, 6 agus 8; Baile Átha Cliath 10 agus 12; deisceart chathair Bhaile Átha Cliath; tuaisceart chathair Bhaile Átha Cliath; agus Sord Cholm Chille i gContae Bhaile Átha Cliath. Tá an cruinniú anois ar athló go dtí 1.30 p.m. ar an 15 Bealtaine 2024.

Cuireadh an comhchoiste ar athló ar 4.27 p.m. go dtí 1.30 p.m., Dé Céadaoin, an 15 Bealtaine 2024.
Top
Share