SCEAL O DHAIL EIREANN CHUM SAOR-NAISIUN AN DOMHAIN.

Do Náisiúnaibh an Domhain : Beatha agus Sláinte.
Tá Náisiún na hÉireann tar éis a saoirse do fhorfhógairt, tá a teachtaí toghtha tar éis teacht i ndáil chómhairle i bpríomhchathair na tíre an t-aonmhadh lá fichead de mhí Eanair, 1919. Tríotha súd, chum Saorstát Éireann do chothughadh, iarrann sí ar gach náisiún dílis náisiúntacht Éireann féin do admháil agus a bheith de bhuaidh aici an náisiúntacht soin do dheimhniughadh i láthair Comhdhála na Síothcána.
I gcúrsáibh náisiúntachta, tá deighilt ó bhonn idir Éire agus Sacsa i dtaoibh cineadh is teangan, béas is nós is seanchus. Náisiún de na náisiúnaibh is ársa 'san Eóraip uile is eadh Éire, agus na tréithe is dual di táid slán iomshlán aici fós i n-aindeoin an fhóiréigin Ghallda atá ag brughadh uirthe le seacht gcéad bliadhain. Níor scaoil sí riamh uaithe na buadha is dúthchas di, agus níor leig sí riamh do ré dul thairste gan an náisiúntacht is dual di féin an leithligh do dhearbhadh go dána ó Ghabháltas Gall i leith go dtí an tráth is déadhnaighe dár ghlac sí claidheamh go cródha i mbliadhain a 1916.
I gcúrsaíbh eadarnáisiúntachta, is í Éire geata na Fairrge Móire; is í Éire daingean deiridh na hEórpa á'n Iarthar; ionad is eadh í mar a dhruideann raona tráchtála le chéile ó Oirthear agus Iarthar : is éigean di bheith neamhspleádhach i gcómhair Saoirse na Fairrge; is éigean a cuanta bheith ar oscailt i gcómhair gach uile náisiún i n-ionad a mbeith fé smacht Shacsan féin amháin. Táid na cuanta úd follamh díomhaoin le fada de bhrígh gurab é meón Shacsan agus lucht treórtha a loingis Éire do choimeád mar sciath chosanta i gcómhair móruighthe Shacsan agus a hImpreachta. Dá réir sin, i n-ionad buntáiste agus cosaint do theacht don Eóraip agus do Aimeirce de bharr dealuighthe an oileáin seo is amhla bhaintear feidhm aisti chum an domhan mór do choimeád fé chomhacht Shacsan ar leithligh.
Tá Éire ag aithdhearbhadh don domhan nuadh so atá ag á scaoileadh féin ón gcogadh go mbaineann náisiúntacht ársa léi, agus is móide a dóchas go ngéillfear dá scéal de bhrigh go gcreideann sí gur Saoirse agus ceart atá mar bhun ar Dlighe na Náisiún; gur cóir do phobalaibh cuidiughadh le chéile, ós árd, ar son an Chirt is i gcoinnibh gach buadha dá dtéigheann go dlúth leis an tíoránacht; gur deimhin nach de bharr buansmacht arm ar mhaithe le impreacht a bhuanóchar an tsíothcháin 'san Eóraip acht de bharr smacht riaghaltais a cheapfar i ngach tír le saorthoil saerchine ; agus gur deimhin fós ná cuirfear deireadh choidhche leis an síorchogadh so idir Éire agus Sacsa chum go nglanfaidh lucht airm Shacsan as talamh na hÉireann go bráth na breithe.
Dá mbrígh so uile, agus de bhrígh, mór-mhór, gur "Sinn Féin Sinn Féin" soiscéal an tsaoghail indiu is go bhfuil réim na Saoirse láimh linn do réir gach geallamhna, tá ceaptha go daingean diongbhálta ag Éirinn gan géilleadh choidhche do smacht eachtrannach. Ar an adhbhar soin iarrann sí ar gach náisiún dílis cuidiughadh léi san éileamh atá curtha aici roimpe, 'sé sin Saoirse i n-iomshlán agus Saorstát Gaedhlach. Níl ceart ná cóir ag Riaghaltas Shacsan i nÉirinn, ní raibh de bhun riamh le smacht Sacsan i nÉirinn ach calaois. ní féidir a bhuanughadh ná a choimeád ar siubhal féin, gan arm uathbhásach. Dá dheascaibh sin is mian le hÉirinn seasamh i láthair Sacsan ag Cómhdháil na Náisiún i dtreo go bhfeicfidh an saoghal an scéal atá eadartha, go ndéanfaidh an domhan mór breitheamhnas ar an éagcóir atá ar siubhal ag Sacsaibh agus an ceart atá ag dul do Éirinn is go ngeallfar do mhuinntir na hÉireann pé congnamh a theastóchaidh uatha chum a saoirse do bhuanughadh do dheoin Dé.

Iarraim ar an dTeachta ó Thuaisceart Roscomain an sceul do léigheadh dhúinn insa bhFraingcis.