REIM NA hOIBRE.

An Rolla.
Faisnéis Treóir na hAireachta.
Teachtaireacht chun na nÉireannach i gCéin.
Tairiscint fé na Geimhleachaibh Cogaidh agus Fuadach na Leanbh.
Tairiscint i gcoinnibh Coidirimh leis na Píléiríbh.
Chuaidh an Ceann Comhairle Ionaid (Seán Ó Ceallaigh, Co. Lúghmhaidhe) i gceannus na Dála ar 11.45 roimh neoin.
B'iad na Cléirigh a bhí i bhfeidhil Cléireacht na Dála ná
Diarmuid Ó hÉigceartaigh;
Pádruig Ó Síocháin;
Seán Ó Murthuile, agus
Seán Ó Núnáin.
Glaodhadh Rolla na Dála agus b'iad so leanas na Teachtaí a bhí i láthair:-
Art Ó Gríobhtha, Ce. Chabháin (thoir) is Thír Eoghain (thiar thuaidh)
Pól Ó Geallagáin, Ce. Chabháin (thiar).
Eamonn de Bhaléra, Ce. an Chláir (thoir) is Mhuigheó (thoir).
Brian Ó hUigín, Ce. an Chláir (thiar).
R. Ó Maolchatha, Cluain Tairbh (Áth Cliath).
P. Ó Máille, Cuan na Mara
Liam de Róiste, Cathair Chorcaighe
T. Mac Suibhne, Ce. Chorcaighe (meádh)
P. Ó Caoimh, Ce. Chorchaighe (thuaidh)
Eoin Mac Néill, Cathair Dhoire is an Oll-Sgoil Náisiúnta.
S. Ó Dochartaigh, Ce. Dhún na nGall
P. Mac an Bháird, Ce. Dhún an nGall (theas).
S. Mac Suibhne, Ce. Dhún na nGall (thiar).
S. Ó Mathghamhna, Ce. Fhearmanach (theas).
An Dr. Ciosóg, Ce. na Gaillimhe (thuaidh).
P. Ó Seanacháin, Roinn an Chuain (Áth Cliath).
P. Béaslaí, Ce. Chiarruighe (thoir)
D. Ó Buachalla, Ce. Chill Dara (thuaidh).
Art Ó Conchubhair, Ce. Chill Dara (theas).
Liam Mac Cosgair, Ce. Chill Choinnigh (thuaidh).
S. Ó Mara, Ce. Chill Choinnigh (theas)
S. Ó Dóláin, Ce. Liathdroma.
M.P. Collibhet, Cathair Luimnigh.
P. Ó Laoidhléis, Ce. Áth Cliath (thuaidh)
P. Ó Fathaigh, Ce. na Gaillimhe (theas)
An Dr. Ó hAodha, Ce. Luimnigh (thoir).
Con Ó Coileáin, Ce. Luiminigh (thiar).
S. Mac Aonghusa, Ce. Longphuirt.
Seán Ó Ceallaigh, Ce. Lughmhaighe.
E. Ó Dubhgáin, Ce. na Midhe (theas)
Earnán de Blaghd, Ce. Mhuineacháin (thuaidh).
Seán Mac an tSaoi, Ce. Mhuineacháin (theas).
D. Mac Gearailt, Pembroke (Áth Cliath).
Caoimhghin Ó hUigín, Cé Laoighse.
Count Plunkett, Ce. Ros Comáin (thuaidh).
Alasdair Mac Cába, Ce. Shligigh (theas).
Seosamh Mac Craith, Naomh Séamus (Áth Cliath).
Mícheál Mac Stáin, Naomh Michín (Áth Cliath).
Countess Markievicz, Naomh raig (Áth Cliath).
Tomás Ó Ceallaigh, Faithche Stiopháin (Áth Cliath).
S. A. de Búrca, Ce. Thiobraid Árann (meadh).
Seosamh Mac Donnchadha, Ce. Thiobraid Árann (thuaidh).
P. Ó Maoldhomhnaigh, Ce. Thiobraid Árann (theas).
Cathal Brugha, Ce. Phortláirge.
Labhrás Mac Fhionnghail, Ce. na hIarmhidhe
Seán Etchingham, Ce. Chill Mhantáin (thoir).
Énrí Ó Beoláin, Ce. Ros Comáin (theas).
An Dr. Ó Riain, Ce. Loch Garmain (theas).
Mícheál Ó Coileáin, Ce. Chorcaighe (theas).
R.C. Bartún, Ce. Chill Mhanntáin (thiar).

A dhaoine muinnteartha, fearaim fáilte ó chroidhe na Dála roimh gach duine atá i láthair anso indiu. Fearaim fáilte roimh na mnáibh maithe, Máithreacha, Inghíneacha agus Dearbhféireacha na laochra atá anois ar shlíghe na fírinne i ndiaidh an áir, i ndiaidh Coga na Cásga.

Fearaim fáilte Uí Cheallaigh roimh na mnáibh leis a bhí i n-uaigneasle bliadhain i gcarcaraibh Shasana, agus fearaim fáilte roimh ár gCómh-Theachtaibh a éaluigh as Carcar Áth Cliath le déanaidhe, agus molaim go hárd a gcródhacht agus a misneach.

Fearaim fíor-fháilte roimh ár gComh-Theachtaíbh a bhí fé ghlas is géibhinn ag an namhaid malluighthe le bliadhain, agus ná raibh anso againn an uair dheireannach a thángamar le chéile, agus gur áil linn go léir iad do bheith 'nár measc indiu.

Is truagh gur cailleadh duine dhíobh i gceann des na carcaraibh lobhtha sin, sé sin Piaras uasal Mac Canna, ar dheis Dé go raibh a anam indiu, agus gabhaimid comh-bhrón le na mhuinntir 'na dhiaidh.

Anois, a uaisle, beidh trí tionól puiblidhe den Dáil ann - tionól anois: tionól um thráthnóna: agus cruinniugha eile ambáireach. Ag an gcéad tionól beidh de chúram ar an bPríomh-Aire Cuspóir Treóir na hAireachta do luadhadh, agus beidh faisnéis an Phríomh-Airigh fé chonspóid ag lucht na Dála.

Iarraim anois ar an lucht éisteachta gan aon lúthgháir do dhéanamh, ná bualadh bas do bheith acu, le linn don Dáil bheith 'na suidhe.

Before I call on our President to read the ministerial statement of policy, I would like to say to the visitors present, who were not present at our first public session, that it is the desire of The Dail that there be no applause or demonstration during the proceedings of The Dail.

I now call on the President to make his statement.

A Chinn Chómhairle agus a lucht na Dála, an chéad rud atá orm a dhéanamh ná cúrsaí na hAireachta do chur os bhúr gcómhair. Tá fhios agaibh gurab é an chéad rud atá orainn le déanamh ná cur i n-iúil anso, agus do mhuinntir an domhain ar fad, ná fuil acht aon Riaghaltas amháin i nÉirinn, sé sin an Riaghaltas atá toghtha ag na daoinibh , agus curtha ar bun le toil na ndaoine.

Caithfimíd a rádh ná fuil aon Riaghaltas, acht an Riaghaltas san, dleaghthach. Níl aon úghdarás ag Riaghaltas an namhaid anso mar níl sé do réir tola muinntir na hÉireann, agus seasuighmíd go daingean i n-aghaidh an Riaghaltais bréige sin, toisc nár cuireadh ar bun é le toil na ndaoine anso i nÉirinn.

Tá rudaí anso agam as sgríbhinn an Cháirdinéil Mercier. Deir sé: -

"Ná fuil úghdarás ar bith ag na daoinibh a tháinig isteach le láimh láidir , nó cómhacht airm, aon dualgas d'éileamh ar na daoinibh sa tír a ghabhdar le cómhacht airm, agus ní hamháin gur cóir do na daoinibh gan an dualgas san do thabhairt dóibh, acht go bhfuil sé de dhualgas ar na daoinibh cur go fonnmhar 'na gcoinnibh. "

Ní Riaghaltas a cuireadh ar bun le láimh láidir an Riaghaltas seo againne. Is é an Riaghaltas Gallda Riaghaltas na láimhe láidre , níl an ceart ag baint leis, agus is cóir dúinne seasamh ar son an chirt, fé mar atáimíd a dhéanamh. Anois cad iad na rudaí atá ceapuighthe againn le déanamh? Tá thall agus sa bhaile daoine a cheapan agus a deirean gur cóir iomlán na Saoirse do thabhairt d'Éirinn, agus caithfimíd Toscaireachtaí do chur thar lear, go mór mhór go Paris agus do gach áit 'na gceaptar gur ceart an lámh láidir do bhriseadh chun innsint ansan cad é toil, agus cad é aigne mhuinntir na hÉireann.

Beidh na Toscairí ansan ag obair thar lear, agus beidh na Teachtaí ag obair sa bhaile, guala le gualainn leó so atá ag obair ar son na hÉireann. Anois tá ceist mhór eile ar ar mhaith liom trácht, ceist ana-thábhachtach iseadh í, agus sí sin ceist an airgid. Ní foláir dúinn cuid mhór airgid d'fháil chun na h-oibre seo go léir. Tá iasacht mhilliúin púnt uainn, agus táimíd réidh anois ar éileamh do chur amach, ar cheathramha mhilliúin chun na nÉireannach sa bhaile, agus ar cheathramha milliúin eile chun na nGaedheal thar lear.

Tá an sgéim dá réidhteach againn i slíghe is go bhfaighid na daoine bochta bheith páirteach ann chómh maith leis na daoinibh go bhfuil mórán airgid acu.

Our first duty as the elected Government of the Irish People will be to make clear to the world the position in which Ireland now stands.

There is in Ireland at this moment only one lawful authority, and that authority is the elected Government of the Irish Republic. Of the other power claiming authority we can say, adapting the words of Cardinal Mercier:—

The authority of that power is no lawful authority. Therefore in soul and conscience the Irish people owe that authority neither respect nor attachment, nor obedience. The sole authority in this country is the authority of the elected representatives of the Irish Nation. This authority alone has the rights to our affection and to our submission. ...The acts of the usurper have in themselves no authority, and such of those acts as affect the general interests and to which we may give ratification will have authority only in virtue of such ratification which alone gives them juridic value.

...Towards the persons of those who hold dominion among us by military force we shall conduct ourselves with all needful forbearance. We shall observe the rules they have laid upon us so long as those rules do not violate our personal liberty, nor our consciences, nor our duty to our country.

Our attitude towards the powers that maintain themselves here against the expressed will of the people shall then, in a word, be this: We shall conduct ourselves towards them in such a way as will make it clear to the world that we acknowledge no right of theirs. Such use of their laws as we shall make will be dictated solely by necessity and only in so far as we deem them for the public good.

In order to secure for our ownde jure government, and for the Irish Republic which the Irish people have willed to set up, the necessary international recognition, we shall send at once our accredited representatives to Paris to the Peace Conference and to the League of Nations. We shall give them all necessary authority, and that they may proceed there in a manner befitting their character as the representatives of a nation, we shall apply for the necessary safe conduct to enable them to pass through the naval and military cordons with which the power in occupation of our country has surrounded us.

We shall send also to other countries a number of duly accredited ambassadors and consuls to see that the position of Ireland is understood as it truly is, and not as English propaganda would represent it, and in general to see that the interests of Ireland in these countries are in no way neglected. We shall thus resume that intercourse with other peoples which befits us as a separate nation, that intercourse which it has been the chief aim of English statescraft to cut off and which indeed English power has succeeded in cutting off for over a century.

At the present time of general world-reconstruction it is most important that the material interests of this country at home be also looked after, and by Irishmen. It will be the duty of our Ministry to secure the co-operation and to co-ordinate the activities of the various bodies which have taken voluntarily to themselves the safeguarding and advancement of these interests. Towards English legislation interfering with these interests we shall act in accordance with the general principles I have already indicated, that is, we shall act as we think best for the general good.

To measures such as the English Ways and Communications Bill, designed, as regards Ireland, to prevent Irishmen from using the natural resources of their own country to benefit their own nation, handing over on set purpose to an English bureau complete control of the communications of this country, so that they may be used solely in the interests of England—to such measures we shall offer all the resistance we can command as being both injurious and unjust. It will be the especial duty of our Director of Trade to examine, in co-operation with public bodies, how best to make our resistance effective.

The Ministers and Directors at the heads of the other departments— Labour, Industries, Agriculture, Local Government—will similarly be charged with seeking co-operation with all interested in their departments. The Minister of National Defence is, of course, in close association with the voluntary military forces which are the foundation of the National Army.

It is obvious that the work of our Government cannot be carried on without funds. The Minister of Finance is accordingly preparing a prospectus, which will be shortly published, for the issue of a loan of one million sterling —£500,000 to be offered to the public for immediate subscription, £250,000 at home and £250,000 abroad, in bonds of such amounts as to meet the needs of the small subscriber.

I think that what I have said is a fair outline of our programme as it stands at present. An outline is all we are prepared to give, and so I have not attempted to go into details. The working out of the details will be the immediate concern of individual Ministers and of the Cabinet as a whole. When they are ready we shall bring them formally before you for your approval and sanction.

In asking the Dáil to approve of our programme as I have stated it, I feel that I need not remind you how short the term is that the present Ministry has been in office nor how our best energies are being absorbed with the international situation of the moment.

(Teachta Chuan na Mara) - A Chinn Chómhairle agus a lucht na Dála, is mian liom a thairiscint don Dáil go nglacfar leis an bhFaisnéis seo do chuir an Príomh-Aire os ár gcomhair, agus sílim gur cóir glacadh leis gan mórán do rádh 'na thaobh.

Tá an Riaghaltas nuadh so againn ag dul i bhfeidhil gnótha na tíre go dúthrachtach, chun rath agus séan do chur ar an dtír airís agus is cóir don Dáil agus don tír ar fad seasamh go dlúth taobh thiar don Aireacht i gcoinnibh an namhaid. Mar dubhairt an Príomh-Aire, seasann an Aireacht ar son an chirt, agus ba chóir do chuile dhuine againn bheith sásta dualgas do thabhairt don Aireacht.

Mhínigh an Príomh-Aire gnóthaí na tíre thar lear agus sa bhaile. Nuair a chruadhan an tslat is deacair í do chama, agus séard atá uainn, ná go bhfeicfeam briseadh, agus fán, agus réaba, meath, éag, agus sgaipe, ortha-san a bhí cionntach le sgaipe agus fán do chur ar Ghaedhealaibh.

Ba chóir dúinn bheith ana-bhuidheach go bhfuil Riaghaltas againn féin. Tá sé 'na chrann mhór áluinn agus tá sé de dhualgas orainn seasamh leis an Riaghaltas nuadh so againn. Níl sé abhfad ar bun acht tá mórán dá dhéanamh aige. Ar an adhbhar san tá súil agam go nglacfar le tuarascbháil an Phrímh-Airigh.

A Chinn Chómhairle agus a lucht na Dála, is mór an t-áthas atá ormsa cuidiúgha leis an bhFaisnéis seo ag an bPríomh-Aire. Is mó rud tábhachtach ráidhte ag an bPríomh-Aire agus ní nach iongnadh tá uaidh dualgas agus congnamh ó'n nDáil chun iad do chur i bhfeidhm.

Geobhfar san mar is Riaghaltas dleaghthach atá dá chur i bhfeidhm, Riaghaltas atá ar thoil mhuinntir na hÉireann. Ní Riaghaltas úghdarásach é do réir dlighe na nGall acht is cuma san dúinne, agus do mhuinntir na h-Éireann, agus do lucht na h-Éireann i gcéin chomh maith.

Tá an lá imthighthe go brách nuair a gheobhadh aon dream láidir dlighe do chur i bhfeidhm i n-aimhdheóin na ndaoine laga. Tuigean na h-Éireannaigh sa bhaile agus thar lear é sin, agus tuigean siad leis go bhfuil san i n-aigne gach dreama atá fé smacht ar fuid an domhain fé láthair.

Níl éinní chomh láidir le toil na ndaoine; tá san againn sa Riasghaltas seo againne agus tá súil againn ná beidh aon mhearathal orainn á chur san i n-iúil.

Rud eile anois. Ceist an airgid. Rud ana-thábhachtach iseadh ceist an airgid agus deallruighean sé go bhfuil mórán de ag teastabháil ó'n Aireacht chun na gnóthaidhe seo atá ar a n-aigne aca do chur i bhfeidhm. Caithfidh muinntir na hÉireann cuidiúgha leis an Riaghaltas san rud sin chómh maith leis na rudaíbh eile.

Deirtear linn go bhfuil toscaireacht ceapuighthe le dul ag triall ar Chúirt na Síothchána, má's fiú san do ghlaodhach air, agus measaim go gcuirfidh cómhacht na nGaedheal iachall ortha dlighthe macánta do chur ar bun sa chúirt sin.

Aontuighim go fonnmhar le Faisnéis an Phrímh-Airigh agus is áthas liom cuidiúgha leis i láthair na Dála.

- A Chinn Chomhairle agus a Uaisle, neosaidh mé scéal díbh. Scéal fíor iseadh é. D'innis bean riaghalta i gClochar na Trócaire i gCionn tSáile dhom é . Tráth éigin anuraidh do chuaidh sagart isteach i scoileanna na mban riaghalta. Do thosnuigh sé ar cheisteanna a chur i dtaobh seanachuis na hÉireann ar ghearrachaile sa cheathramha ranng sa scoil. "-Ar airighis trácht riamh an Bhrian Bhóirimhe?" do cheistigh an sagart. "D'airigheas athair, " arsan cailín beag. "Agus cad a dhein sé ar son na hÉireann?" arsan sagart. "Dhein sé troid i gcath Chluain Tairbh sa bhliadhain míle agus a ceathair déag," ar sise. "Cé fuair an buadh?" arsan sagart. "Fuair na hÉireannaigh an buadh athair," arsan cailín. "Go maith," arsan sagart. "Agus ar airighis trácht riamh ar Éamon de Bhaléra?" "D'airígheas athair, " arsan cailín, "do dhein seisean troid ar son na hÉireann i gcath Bhaile Átha Cliath sa bhliadhain míle naoi gcéad agus a sé déag." "Cé fuair an buadh ann?" arsan sagart. Do stad an cailín ar feadh tamaill. Níor mhaith léi a rádh nár bhuaidh na hÉireannaigh. Do las a haghaidh sa deire. "Níl deire leis an dtroid fós athair," ar sise. "Agus a ndeirean tú liom," arsan sagart, "go bhfuil De Bhaléra ag troid fós." "Tá," arsan cailín, "tá sé ag troid ar son na hÉireann thall i bpríosún i Sasana."

Bhí an ceart ag an gcailín úd. Níl deire leis an dtroid fós, a bhuidhe le Dia, tá De Bhaléra agus a chómhphríosúnaigh 'nár measc arís chun troda a dhéanamh ar son na hÉireann anso i nÉirinn fós.

Níl aon dabht ná gur chuir óráid ár dtaoisigh áthas agus bród orainn go léir. Is cuimhin liomsa go maith nuair a thosnuigheamair ar obair Shinn Féin fiche bliadhain ó shin - bhí cuid againn an-óg an uair úd - go mbíodh súil againn go dtiocfadh taoiseach mór éigin a threóróch sinn ar bhóthar na saoirseachta. Níor chuireas féin aithne ar Éamon de Bhaléra go dtí aimsir an toghadh in Oirthear Chláir, acht ó sin i leith Is minic minic a dubhart liom féin - - sin é taoiseach na nGaedhal, siné an taoiseach go rabhamair ag brath ar a theacht, sin é an taoiseach a thuigean anam na nGaedhal, an duine a bhfuil an éirim aigne aige i dtreo is go mbailighean sé smaointe na nGaedhal isteach in a aigne féin agus go bhfuil 'na chumas aige na smaointe sin a nochtadh go beacht agus go soiléir ós comhair an domhain. Go mbuainighidh Dia é.

Tá náimhde na nGaedhal ag obair go fíochmhar indiu. Gach aon cham-chleas a bhí acu riamh tá sé á imirt acu indiu. Táid a' déanamh a ndíchill chun muinntir na hÉireann a choimeád fé chois agus chun a thaisbeáint do'n tsaoghal mór gur dream gan chiall, gan tuigsint, gan charthannacht, gan ghrádh Dé ná ghrásta Dé muintir na hÉireann. Táid na seana-chlis á n-imirt ages na Sacsanaigh fé láthair. Aon dream daoine ar thalamh an domhain atá i gcoinnibh Shasana, daoine gan chiall, gan tuiscint iseadh iad dar leis na Sasanaigh. Na Spáinnigh, na Franncaigh, na Búraigh san Aifric theas, na hAmericánaigh, na Rúiseánaigh, na h-Almánaigh, nuair a bhíodar a' troid i gcoinnibh na Sasanach, nuair a bhí aon iarracht acu á dhéanamh chun cosc a chur le réim Sheáin Bhuidhe ar fuid an domhain, daoine gan chiall, gan tuiscint, gan léighean, gan chreideamh, san síbhialtacht, daoine barbardha, fiadhaine, uathbhásacha a b'eadh iad, dar leis na Sasanaigh. Acht daoine breághtha macánta tuiscionacha a b'eadh iad nuair a thógadar páirt le Seán i gcogadh. Acht tá seana-fhuath istigh i gcroidhe Sheáin do Ghaedhlaibh mar is iad na Gaedhil an dream is treise i gcoinnibh a réim leis na céadtaibh bliadhan. Do cheil sé an seana-fhuath i dtosach an chogaidh mhóir. Bhí cleas le h-imirt aige. Bhí Éire 'na h-aon bhall geal. Do theastuigh congnamh na nGaedhal uaidh. Tháinig Asquith anso agus do mhol sé sinn. Do labhair sé go breágh bog réidh linn. Chuir sé dalladh púicín ar chuid d'ár muintir-ne. Seana-chleas a b'eadh é. Do theip ar an gcleas san sinn a mhealladh. Tá Éire na ball dubh dorcha aige Seán indiu. Acht tá sí go geal, go breágh, go hiongantach, go haoibhneach ag na Gaedhlaibh. Tá clis eile á n-imirt aige Seán fé láthair. Tá an lámh láidir aige i nÉirinn féin agus na breaga á n-insint thar lear 'nár leith aige. Do theip air sinn a mhealladh leis a bplámás. Tá ag teip air sinn a bréagnú thar lear. Tá glór na nGaedhal imthighthe thar bóchna. Táid na daoine ins na tíorthaibh thar sáile ag éisteacht linne indiu. Tuigeann siad ár scéal-na. Tuigean siad gur náisiún fé leith Éire. Tuigean siad cad tá a' teasdáil uainn - saor-stát a bheith againn i nÉirinn agus gan bheith ceangailte le Sasana ná le hÍmpireacht Shasana. Tuigean ár muintir féin i nAmerica, i nAstralia, i dTír an Airgid, ins gach aon bhall ar fuid a'domhain in a bhfuil na hÉireannaigh cad tá ag teasdáil uainn anois. Tuigean na Francaigh agus na Spáinnigh agus na Rúiseánaigh agus na náisiúin eile cad tá ag teasdáil ó mhuinntir na hÉireann. Tá a' teip ar Sheán Bhuidhe sinn a bhréagnú thar lear indiu. Agus teipfidh ar an gcleas deireanach atá aige - ar an bhforlámhas i nÉirinn. Mar má tá aonnídh cinnte ar an saoghal so tá an méid seo cinnte, gur treise toil náisiúin ná cómhacht airm.

Le toil mhuintire na hÉireann do cuireadh an Dáil seo ar bun. Má bíon muintir na tíre seo dílis do'n Dáil agus d'Aireacht na Dála, má bhíd chómh láidir chun é chosaint agus a bhíodar i gcoinnibh na Presála cuirfear cómhacht airm Shasana ar neamhnidh. Chomh fada agus a thuigimse sidé an gairm scoile atá á chur amach againn indiu ó'n Dáil seo- táimíd ag glaodhach ar mhuintir na hÉireann bheith dílis do'n Dháil, táimíd a rádh leo gur Párliméad Náisiúnta - National Parliament- an Dáil seo, agus gur ceart agus gur cóir dóibh bheith dílis d'á bPárliméad féin agus gan bheith ag brath ar aon Phárliméad ná ar aon Fheis eile chun dlighthe a chur i bhfeidhm d'Éirinn. Tá cuid d'ár muintir-ne fós a' féachaint anonn ar an bPárliméad i Lúndain. Táimíd ag iarraidh ortha gan bheith ag féachaint anonn ansúd a thuille. Táimíd ag iarraidh ortha cabhrú linn-ne sa tír seo, cabhrú linn chun an chirt a chur i bhfeidhm i nÉirinn agus troid a dhéanamh i gcoinnibh an nirt anso i nÉirinn féin. Táimíd ag iarraidh ortha bheith dílis do'n Dáil i dtreo is go gcuirfimís Saor-Stát ag obair anso i nÉirinn gan mhoill. Táimíd ag iarraidh ar mhuintir na hÉireann a dtoil do neartú, a gcroidhe d'árdú, agus an chómhacht a ghlacadh in a lámhaibh féin fé stiúrú na Dála so i dtreo is go ndéanfaimís ár ndícheal chun saoghail mhaith a bhaint amach do gach duine sa tír seo agus go mbrisfimís cómhacht na nGall - an chomhacht atá d'ár milleadh agus d'ár gcéasadh leis na céadtaibh bliadhan.

- A Chinn Chomhairle agus a mhuinntir na Dála, tá fhios againn go léir ná raibh mórán aimsire ag an Aireacht fós ar rudaí do leagadh amach i gceart, agus rud eile dhe is deacair don Aireacht rudaí do chur chun cinn fé mar ba mhaith leótha é mar tá arm Gallda anso againn i nÉirinn.

Rud eile níl an chómhacht cheart ag an Aireacht go fóil, agus níl na daoine ar fad i nÉirinn sásta ar dhul do réir dlighe na Dála go fóil, acht dá mbeadh an t-arm Gallda curtha amach do bheadh na daoine ar fad dílis. Tá sé abhfad níosa oireamhnaidhe dhóibh bheith dílis don Dáil, agus don Aireacht, ná do Shasana.

Caithfear géilleadh don Dáil. Éinne ná géillfidh tá sé ag cur i gcoinnibh dlíghe na hÉireann, agus níl san ceaduighthe dhó.

Ní ceart cur i gcoinnibh dlíghe na Dála, ní ceart foidhneamh leis an nduine a chuirfidh na choinnibh, pé olc maith leis é caithfidh sé géilleadh.

I dtaobh an Oideachais. Ní féidir le haon dream eile an cheist sin do shocrugha agus caithfidh an Dáil tabhairt fé, acht caithfeam foidhne do bheith againn, beidh ar an Aireacht dul chun cinn go mall réidh.

I dtaobh an Airgid. Beidh cuid mhór de ag teastabháil. Ní féidir dul ar aghaidh gan é. Is fiú airgead an tsaoirse, cailleadh mórán daoine i gcúis Saoirse na hÉireann, tá mórán eile sásta anois bás d'fhagháil ar son na Saoirse, agus má tá ionntaoibh ag na daoinibh as an Aireacht ní ceart dóibh bheith sprionnluighthe.

- A Chinn Chómhairle agus a lucht na Dála, is mian liom-sa cuidiugha leis an dtairiscint seo ós ár gcómhair, sé sin go nglacfaí le faisnéis an Phrímh-Airigh. Bhí áthas orm an fhaisnéis do chloisint, agus tuigfidh muinntir na hÉireann go bhfuil Riaghaltas Poblachta na hÉireann acu ar a riarú féin, agus beidh fhios acu go gcaithfear pé airgead a gheobhfar anso nó i gcéin mar mhaithe le hÉirinn.

An dá nídh is mó anois go bhfaighmís trácht ortha isiad Saoirse na Farraige, agus Fíor-Chonnradh na Náisiún. Muna gcuirfear an Connradh san ar bun, agus Éire do bheith páirteach ann mar Náisiún, ní bheidh saoirse na farraige ann, agus ní bhfaighfí Connradh na Náisiún do chur ar bun i gceart, an fhaid ná beadh an fhairrge saor, no an fhaid a bheadh Éire fé nasg ag na Gallaibh , acht dá ndeintí Éire do sgaoileadh, do ghlacfadh sí leis an gConnradh, agus sheasóchadh sí imeasc na náisiún.

- A Chinn Chómhairle agus a lucht na Dála, tá árd-áthas orainn go léir gur labhair an Príomh-Aire linn mar a labhair sé. An rud ba thábhachtaighe ar ar thrácht sé 'na fhaisnéis, ná Cúirt na Síothchána, dubhairt sé rud a shásóchadh an uile dhuine go mbeadh fonn na saoirse air.

Tá an Aireacht, agus an Dáil ar fad, dáiríribh, agus fonn oibre ortha acht tá ana-chuid oibre rómhainn amach, ana-chuid ar fad le déanamh.

Bhí súil ag cuid againn go gcloisfimís níos mó i dtaobh ceisteanna tábhachtacha eile ó'n bPríomh-Aire, ní maith liom-sa aon locht d'fhagháil ar fhocal an Phríomh-Airigh, acht ar son go leanaimíd an Aireacht agus go ngéillimíd dó, támíd freagarthach do na daoinetáimíd freagarthach do na daoine, agus don tír, agus an lá ná beidh an Dáil dílis don Aireacht ní eireóchaidh leis an Aireacht.

An fhaid is a leanfaimíd do réir tola na ndaoine ní bheidh baoghal orainn. Tá Aireacht againn anois go bhfuil iontaoibh againn asta, agus atá i bhfonn chun na hoibre. Tuigid go bhfuil freagarthach, acht beidh orainne fanacht ortha mar sin féin, mar beidh muinntir na hÉireann ar fad ag faire ortha go géar. Toghadh sinne i gcóir Dáil Éireann agus gach duine go bfhuil post úghdarásach aige, beidh air gan éinní do cheilt orainn.

Ní theastuigheann ó'n Aireacht éinní do cheilt, nílid acht ag tosnugha, caithfidh siad feuchaint rómpa go bhfeicfidh siad an bóthar rómpa, agus tá súil againn go mbeidh siad aireach i gcómhnuidhe agus ullamh chun tairbhe do bhaint as gach aon ócáid, agus má thuigeann siad an chómhacht atá acu ní bheidh aon bhaoghal orainn.

B'oth liom nár dhein an Príomh-Aire níos mó tagairt do mhionrudaí, bhí a fhaisnéis beagáinín neamh-chruinn im thuairimse acht go h-áirighthe. Tá na rudaí go bhfuilim ag tagairt dóibh fé sgrúdugha acu san Aireacht is dóigh liom, acht ba mhaith liom go ndeunfaidhe tagairt dóibh.

Do dhein an Príomh-Aire dian-mhachtnamh ar cheist an Oideachais is doigh liom, agus beidh an obair sin fé stiúrugha aige. Ceist ana-thábhachtach iseadh an cheist sin bun-phréamh ár náisiúntachta mar deurfá- an fhaid is atá sé fé stiúrugha ag na Sasanaigh d'imrigheadh cos ar bolg, agus lámh láidir ar ár n-anamnachaibh, agus ar ár n-aignibh. Caithfear Oideachas Gallda do chur ar ceal anso agus Oideachas Gaedhealach do bhunugha agus do bhuanugha 'na ionad.

I dtaobh na teangan, deirtear liom ná fuil baoghal uirthi; tá furmhór na dTeachtaí anso go cliste sa Ghaedhilg is ar éigin atá éinne aca ná fuil a bheag nó a mhór de'n Ghaedhilg aige acht mar sin féin, nílim-se sásta ná fuil aon bhaoghal uirthi, agus caithfimíd-ne ár gcroidhe dícheall do dhéanamh ar eagla go ndéanfaidhe faillighe uirthi.

Ní féidir an Ghaedhilg do chur ar cáirde, agus caithfeam féachaint chuige go bhfaighidh sí cothrom na féinne, agus gheobham san do dhéanamh gan a lán dá dhuadh d'fhághail. Tá fhios agam ná déanfaidh an Príomh-Aire faillighe uirthi. Aireacht dhá-theangthach agus Dáil dhá-theangthach atá againn agus ba chóir go bhfaigheadh sí ceart agus cothrom ó chách.

Maidir le feabhasú saoghail an lucht oibre, ghlacamar go fonnamhar agus d'aon toil leis an gclár oibre is tairbhidhe a cuireadh ar bun i n-aon tír ar domhan, agus nuair a cuireadh os comhair na Comhdhála i mBern é bhí iongnadh an domhain ortha so a léigh é, agus thuigeadar ansan cad é an sort Riaghaltais a bhí againn i nÉirinn anso.

Rud ana-thábhachtach iseadh é gur chuir Riaghaltas Shasana cosg le n-a fhoillsiú, bhí eagla ortha é sgaoileadh os comhair an tsaoghail; taisbeánan san nach gádh do'n Phríomh-Aire mórán do rádh 'na thaobh, agus sásóchaidh an clár san -- an clár poblacánach san - - an lucht oibre.

Anois i dtaobh Óglaigh na hÉireann. Ní móide gur misde tagairt do dhéanamh dóibh, agus is dócha go ndéanfaidh an tAire a labharfaidh ar ball an tagairt sin. Isiad Arm na hÉireann iad, agus má bhíonn siad fé smacht ag an Riaghaltas ní foláir nó beidh ortha bheith dílis do'n Aireacht.

Dubhradh leis na Beilgigh go bhfaighdís foidhneamh leis an Arm Iasachta an fhaid is ná beidhfí ag cur isteach ar a n-anamnachaibh. Is féidir linne bheith ró-fhoidhneach. Tá ana-ionntaoibh againn as an Aireacht, agus tá súil agam ná beidh siad ró-fhoidhneach, ró-fhullaingeach leis an Arm Gallda tá anso 'nár measg.

Díolfaidh siad so fós as ár ndaoine do chur chun báis. Caithfear pionós do chur ar an bhfealltóir, agus beidh ughdarás agus dualgas ó'n Dáil ag na hAirigh chun toil na hAireachta do chur i bhfeidhm.

Is dócha gur ghearr an Príomh-Aire an gad ba ghiorra do'n sgórnaigh ar dtúis, acht tá súil agam go gcuirfear i gcoinnibh comhacht an ghléis Ghallda agus an Airm Ghallda. Deirim arís go bhfuilimíd go hana-mhuinghineach as an Aireacht.

- A Chinn Chómhairle agus a mhuinntir na Dála, tá gach aon rud a bhí le rádh agamsa ráidhte ag na Teachtaíbh a labhair romham, agus dá bhrigh sin ní bhead ag coimeád moille oraibh. Tá an buadh againn beagnách anois, agus tá comhacht ár namhaid beagnách briste; tá Párliméad áluinn, léigheanta againn, agus taoisigh agus arm atá go calma glic; tá ár muinntir chomh dílis le haon dream daoine ar thalamh an domhain agus táid ag cabhrú linn agus ag guidhe ar son Éireann; daoine iseadh iad nár theip riamh ar Éirinn agus ná teipfidh an fhaid a bheimídne dílis.

Níl an buadh againn ar fad fós; níl comhacht na nGall briste ar fadh fós, agus tá conntabhairt romhainn. Acht féach ar leanbhaí na hÉireann, na páisdí beaga agus an sprid iongantach atá ionnta. Do las Pádraig Mac Piarais agus a chomráduighthe an sprid sin; b'fhéidir gur teine lag í, nó b'fhéidir gur teine láidir í, acht lasadh um Cháisc í agus ní múchfar í go bráth.

- Sul a nglaodhfad ar an Aire Cosanta freagra do thabhairt ar son na hAireachta ba mhaith liom fhios a bheith agam ar mhian le Teachta ar bith eile labhairt.

- A Chinn Chomhairle, sprioc cainnt an Teachta as Oirthear Chiarruidhe mé. Tuigimíd go léir an mór-chúram atá ar an Aireacht; agus tuigimíd ná féadfadh an Príomh-Aire gach nidh d'innsint agus do chur i n-iúil dúinn. Ní gléas cainnte acht gléas oibre an Aireacht. Muillean iseadh é chun aigne na tíre do mheilt agus an toradh do thabhairt dúinn.

Tá orainne an t-adhbhar meilte do thabhairt do'n mhuillean agus cabhrú leis an toradh do bhaint as. Sgiobadh cuid d'ár nAireacht uainn cheana; b'fhéidir go sgiobfaidhe arís iad, agus dá bhrigh sin, caithfeamna bheith ullamh chun seasamh na n-ionad. Ba chóir go mbeadh gach duine sa Dáil seo 'ghá ullamhú féin chun cúram Príomh-Airigh do ghlacadh air féin.

Thagair Teachta Iar-Chláir do leanbhaí na hÉireann agus do'n Phiarsach. Cá bhfios dúinn cia h-é an duine anso bheadh 'na Thaoiseach nó 'na Árd-Thaoiseach ar ball?

:- A Chinn Chomhairle agus a Uaisle, b'áthas liom éisteacht leis an gcainnt a rinneadh anso. Thugas fé ndeara gur thuig na cainnteoirí go léir deacaireacht oibre na hAireachta. Tá an obair roinnte eadrainn, agus duine a thuigeann gnóthaí a choda féin i mbun gach coda..

Tá níos mó ranna againn ná mar tá luaidhte, agus tá an t-oideachas de chúram orainn leis, acht níl an roinn sin ullamh fós againn. Ní gádh d'éinne aon eagla do bheith air ná tabharfar aire do'n oideachas mar féachfar 'na dhiaidh go cúramach.

I dtaobh na Gaedhilge, caithfear as so amach an Ghaedhilg do bheith dá múineadh do gach leanbh i nÉirinn. Raghaimíd i gcomhairle le Connradh na Gaedhilge mar gheall air seo. Beidh Aire againn i bhfeidhil oideachais, agus raghaidh sé siúd i gcomhairle leis an gCoiste Gnótha i dtaobh cúrsaí na teangan agus an oideachais.

Féachfaimíd i ndiaidh déantúsaí na hÉireann leis, agus déanfaimíd úsáid, an fhaid is is féidir linn é, de'n airgead atá ins na banncanaibh, chun na ndéantús do chur ar mbonnaibh. Gach déantús a chuirfear ar bun caithfidh an lucht oibre cuid de'n sochar d'fhághail a maraon le na bpágh.

B'iad an lucht oibre na daoine ba dhílse i gcomhnuidhe. Gheobhaidís cur isteach go mór orainn sa togha deirionnach dá mba mhaith leo é. Seasochaimídne le lucht oibre na hÉireann feasta.

Maidir leis na hÓglaigh táid níos treise anois ná riamh. Tá Comhdháil na Síothchána le bheith ar siubhal go fóill, agus tá súil againn a ceart féin d'fhághail d'Éirinn dá barr. Na daoine gur dhóigh le duine ar a gcainnt ná beadh gádh le cogadh feasta, má táid siúd dáiríribh is maith an scéal é; ach muna bhfuilid, bíodh fhios aca go bhfuil Óglaigh na hÉireann anso agus iad ullamh má bhíon gádh leo.

:- Anois a Uaisle, sgurfaidh an Dáil agus tiocfaimíd le chéile arís ar a 3.30 a chlog; agus ansan, leagfaidh Teachta Dhoire Cholm Chille Teachtaireacht chum na nÉireannach i gCéin os ár gcomhair. Sul a sgarfaimíd cuirim Faisnéis an Phríomh-Airigh fé bhrághaid na Dála. An méid gur toil leo glacadh leis abraidís "Is toil." Do glacadh leis d'aon toil.