Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 15 Nov 1922

Vol. 1 No. 28

CEISTEANNA—QUESTIONS. - REPORT OF INTERMEDIATE BOARD OF EDUCATION.

Chun a fhia-fruighe don Aire um Oideachas cad na thaobh nár cuireadh amach roimhe seo Tuairisg Bhuird an Oideachais Idirmheadhonaigh ar an tslighe 'nar roinneadh an Bronntanas i gcóir Tuarastail na Múinteoiri Idirmheadhonacha 1921-22, agus cathain a cuirfear amach an Tuairisg sin?

Ní h-iad an Bord Idirmheadhonach ach Fear Ionaid an Ríogh d'fhoillsigheadh, roimis seo, an Tuarasgabhail ar an geuma 'n-a roinntí Bronntanas Tuarastal na Múinteóirí Idirmheadhonach. Níor dheimhin cé air go mbeadh cúram a fhoillsithe i gcóir na bliadhna darab críoch Márta 31, 1922, agus b'shin é fé ndear an mhoill sa sgéal. Táthar ag féachaint chun na ceiste anois agus meastar gur gearr go mbeidh an Tuarasgabháil ar fághail.

Top
Share