den Aire Rialtais Aitiúla agus Sláinte Puiblí an bhfuil fhios aige go bhfuil dochtúir le toghadh le haghaidh Oileán Acaille, agus go ndubradh sa bhfógra go mbeadh an Ghaedhilg desirable; agus toisc an cheanntar so do bheith sa Ghaedhltacht an bhféachfaidh an tAire chuige go mbeidh an Ghaedhilg riachtanach i gcóir an toghacháin seo.
CEISTEANNA—QUESTIONS. ORAL ANSWERS. - DOCHTUIR DO THOGHA (OILEAN ACAILLE).
Is mar atáid luaidhte ag an Teachta atá an scéal. Maran rud é, maidir leis an té a molfar a cheapa, na deimhneoidh na Coimisineirí um Cheapacháin Aitiúla eolas do bheith aige ar an nGaedhilg is leor chun a chur ar a chumas a chuid dhualgaisi do chóliona go h-eifeachtúil trid an nGaedhilg tiocfaidh a chas fé thearmai an Orduithe a shighnigh mé ar an 6adh lá den mhí seo agus in a bhfuil na hAirtiogail seo leanas:—
Airtiogal 3. Duine a cheapfaidh údaras aitiúil tar éis data an Orduithe seo chun aon cheann de sna hoifigí no de sna feadhmanaisí atá leagtha amach sa chead sceideal a ghabhann leis an Ordú so agus na raibh i seirbhis an údarais aitiúla díreach roimh an cheapachán san ní leanfa sé de bheith i seilbh na hoifige no an fheadhmanais sin tar éis bheith caithte do thri bhliana o dhata an cheapacháin sin mas sa Ghaeltacht no in aon chuid di no maidir leis an nGaeltacht no le haon chuid di a bheidh dualgaisi na hoifige no an fheadhmanais sin no aon cheann de sna dualgaisí sin le cóliona mar an rud é go mbéidh an tAire sásta sul a bheas an t-am san caithte go bhfuil eolas ag an duine sin ar an nGaedhilg is leor chun a chur ar a chumas dualgaisi na hoifige sin agus an fheadhmanais sin do chóliona go heifeachtúil trid an nGaedhilg.
Airtiogal 4. Chun cricheanna an Orduithe seo, éinne a bhéidh cheaptha chun oifige no feadhmanais do réir molta a dhin na Coimisineirí um Cheapacháin Aitiúla fé Acht na nÚdaras nAitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926, is tré thuarasgabháil o sna Coimisineirí sin a shasóidh an tAire é féin i dtaobh an eolais ar an nGaedhilg atá ag an duine sin.