de'n Aire Airgid cé an fáth nár tugadh pinsean do Nioclás O Ceárnaigh, ex-R.I.C. (uimhir thagartha litreach P. 10/69/24) agus más fíor gur cuireadh rudaí ina leith an dtabharfar caoi dho na rudaí sin a bhréagú os comhair an choiste.
CEISTEANNA—QUESTIONS. ORAL ANSWERS. - EX-R.I.C. PENSION.
Do dhin an Coiste Fiosrúcháin um chásanna daoine d'eirigh nó do briseadh as Constáblacht Ríoghdha na hEireann cás Mhic Uí Cheannaigh do scrudú agus níor mholadar é toisc ná raibh ach tréimhse ghearr sheirbhíse curtha isteach aige eadhon, 3 blíana agus 5 mí. Tar éis dom féin gach a mbaineann leis an gcás d'athbhreithniú, ba léir dom ná féadfainn pinsean do'n duine seo d'údarú. Ba mhaith liom tagairt don litir a chuireas chun an Teachta an seú lá den mhí seo in ar luadhas an freagra a thugas ar cheist i dtaobh na bpinsean so a chuir an Teachta Liam O Daimhín sa Dáil an 5adh Mí na Samhna, 1924. Maidir le dara roinn na ceiste, níor cuireadh aon rud i leith Mhic Uí Cheannaigh nuair a bhí a chás dá phléidhe ós comhair an Choiste Fiosrúcháin.