Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 27 Feb 1929

Vol. 28 No. 4

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Feilm do Roinnt.

D'fhiafruigh

den Aire Tailte agus Iascaigh cé an fáth nár deineadh feilm Ath Tiomáin i gCo. na Gaillimhe, do roinnt—sí sin an fheilm gur socruigheadh cúis dlige ina taoibh ráithe ó shoin—agus cathoin a roinnfar í.

Is tuigthe do Choimisiún n-a Talmhan go ndéanfar an gnáthiarratas a heilitear fé Rialacha Choimisiún na Talmhan do lóisteáil a iarraidh ortha deighleáil leis na tailte seo fé alt 42 den Acht Talmhan, 1927. Is tuigthe dhoibh fós nách féidir an t-iarratas so do dhéanamh go dti go ndéanfar Ordú o Bhreitheamh an tSeansailéara, a rinneadh Mí na Nodlag so caithte, do thabhairt amach agus do chólíona.

Nuair a gheobhfar an t-iarratas deighleálfar leis chó tapaidh agus is féidir é. Fé láthair níl aon léas in aon chor ag Coimisiún na Talmhan sna tailte agus níl aon údaras aca ina dtaobh.

Ag eirigh as an bhfreagra a fuaireas o'n Rúnaidhe Pairliminte, an ndéarfaidh sé a bhfuil aon bhunudhas leis an ráfla atá ag dul thart i gContae na Gaillimhe nách roinnfear an fheilm seo go dtí Mí na Samhna atá romhainn.

Ceist eile isea í sin.

Top
Share