Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 20 Nov 1930

Vol. 36 No. 2

CEISTEANNA—QUESTIONS. ORAL ANSWERS. - Congnamh do Cheilpeadóirí.

D'fhiafraí

den Aire Tailte agus Iascaigh an bhfuil fhios ag an Aire go dtiocfadh le lucht ceilpe san iarthar agus i dTír Chonaill dhá oiread ceilpe dhéanamh dá mbéadh gléas aca an léathach agus na slata mara thriomughadh i gceart san Gheimhreadh agus an mbeádh an tAire toilteanach scatháin triomuighthe a thógáil cois cladaigh fá choinne na hoibre seo.

Tá leabhar á ullamhú ina inneosfar conus is fearr leathach agus slata mara do thiormú agus beidh an leabhar san ar fáil gan ró-mhoill. Ní ceaptar fé láthair aon ghá do bheith le haon ghléas ná fuil ag na ceilpeadóirí cheana féin.

Top
Share